Rannóg an Aistriúcháin
Is iad na príomhchúraimí atá ar Rannóg an Aistriúcháin:
- Na tiontuithe oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais a sholáthar
- Seirbhís Aistriúcháin Chomhuainigh a chur ar fáil do Thithe an Oireachtais
- Ábhar a aistriú le haghaidh Riar na hOibre (an páipéar gnó laethúil) don dá Theach.
Ina theannta sin, cuireann an Rannóg na seirbhísí seo a leanas ar fáil:
- Bainistiú ar An Caighdeán Oifigiúil, 2017
- Bainistiú ar Scéim Teanga Sheirbhís Thithe an Oireachtais
- Seirbhís Aistriúcháin Comhfhreagrais do Chomhaltaí
- Seirbhísí aistriúcháin ilghnéitheacha do Sheirbhís Thithe an Oireachtais
- Na leaganacha oifigiúla Gaeilge de theidil comhlachtaí Stáit, de scéimeanna oifigiúla agus de nithe eile a dtagraítear dóibh sa reachtaíocht a sholáthar
- Liostaí a fhoilsiú de théarmaí as Achtanna an Oireachtais.
Sonraí Teagmhála:
Ríomhphost: rannog@oireachtas.ie
Guthán: 00 353 1 6183922