Tugann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde (SL&T) seirbhísí faisnéise agus taighde do Chomhaltaí den Oireachtas. Is é ár misean cur le parlaimint atá ar an eolas.
Cuireann an leabharlann pharlaiminteach seirbhísí faisnéise ar fáil, agus bainistíonn sí bailiúchán d'ábhair chomhaimseartha agus stairiúla ar mhaithe le freastal ar riachtanais ár n-úsáideoirí. Cuireann an tseirbhís taighde pharlaiminteach seisiúin eolais taighde neamhchlaonta ar fáil chun tacú le hobair na dTithe, na gcoistí agus na gComhaltaí aonair.
Taighde agus anailís
Doiciméid Leagtha
Bainistímid an bailiúchán de dhoiciméid agus de dhoiciméid arna leagan go foirmiúil roimh Thithe an Oireachtais. Féadfaidh gníomhaireachtaí agus Ranna Rialtais doiciméid a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais trínár bhfeidhmchlár ar líne le haghaidh Doiciméad Leagtha.
Catalóg
Síneann ár mbailiúcháin ón 16ú haois go dtí an lá atá inniu ann. Cuardaigh ár gcatalóg ar líne chun teacht ar ár mbailiúchán de Dhoiciméid Leagtha agus ár mbailiúchán stairiúil.
Amharcléiriú agus anailís sonraí
Faigh rochtain ar ár n-acmhainní amharcléirithe sonraí idirghníomhacha agus statacha go léir, mar aon leo siúd a d’fhoilsigh an Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OBP) in aon áit amháin.
Sonraí dáilcheantair
Déan iniúchadh ar na sonraí maidir le do dháilcheantar trínár gCláir Eolais Dáilcheantair. Chun léargas tapa a fháil, íoslódáil ár ndoiciméid próifíle dáilcheantair ar leith.
Bibleagrafaíocht na Parlaiminte
I mBibleagrafaíocht na Parlaiminte in Éirinn dár gcuid, liostaítear saothair a bhaineann leis an bparlaimint in Éirinn ó bunaíodh Dáil Éireann in 1919. Is féidir leat an bhibleagrafaíocht a úsáid chun tagairtí a chruthú chuig foinsí mar leabhair, ailt irise, leathanaigh ghréasáin agus páipéir chomhdhála.
Le haghaidh Taighdeoirí
Ar mhaith leat eolas a bheith agat faoin gcaoi lenár mbailiúcháin agus seirbhísí a úsáid i gcomhair do thionscadail taighde? An bhfuil spéis agat i sparánachtaí agus i gcomhaltachtaí? Foghlaim tuilleadh ar ár leathanach tiomnaithe do thaighdeoirí.
Doiciméid stairiúla
Tá bailiúchán d’ábhar stairiúil againn ag dul siar go dtí an 16ú haois. Féadfaidh tú an bailiúchán tábhachtach seo a fhiosrú trínár dtaispeántais dhigiteacha a bhrabhsáil nó trínár gcatalóg ar líne a chuardach.
Taiscí Leabharlann an Oireachtais
Thugamar cuireadh d’aoichoimeádaithe féachaint ar na seoda sa bhailiúchán sin againne agus na cinn is fearr leo a roghnú, chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain bhunú na Chéad Dála. Brabhsáil ár ngailearaithe íomhánna, físeán agus téacs chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár mBailiúcháin Speisialta agus cuardaigh catalóg ár leabharlainne go bhfeice tú a bhfuil ann!

Scannán beoite
Stair na Seirbhíse Leabharlainne agus Taighde
Féach ar an scannán gearr beoite seo ina n-insítear scéal Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais ó 1922 go dtí an lá atá inniu ann.
Téigh i dteagmháil leis an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
An Lárdheasc Fiosruithe
(01) 618 4701