Acht do dhéanamh socrú maidir le haosaigh a ghlacadh isteach in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe, agus a urscaoileadh astu, in imthosca áirithe, agus maidir le haosaigh, is aosaigh a chomhlíonann na critéir chun bheith glactha isteach in ionaid den sórt sin ar bhonn ainneonach, a ghlacadh isteach ar bhonn ainneonach; do dhéanamh socrú maidir leis na critéir chun aosaigh a ghlacadh isteach in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe ar bhonn ainneonach, agus maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an nglacadh isteach sin; agus, chun na gcríoch sin, do dhéanamh socrú maidir le boird athbhreithnithe meabhairshláinte a bhunú; do dhéanamh socrú maidir le cúram agus cóireáil a thabhairt d’aosaigh in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe agus do dhéanamh socrú nach dtabharfar cóireáil d’aosaigh gan toiliú a thabhairt le haghaidh na cóireála sin, seachas in imthosca teoranta áirithe; do dhéanamh rialáil, in imthosca teoranta áirithe, ar chleachtais srianta a chur i bhfeidhm maidir le haosaigh a ghlactar isteach in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe; do dhéanamh socrú maidir le leanaí a ghlacadh isteach in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe, agus a urscaoileadh astu, ar bhonn saorálach agus le toiliú tuismitheora; do dhéanamh socrú maidir le leanaí, is leanaí a chomhlíonann na critéir chun leanaí a ghlacadh isteach in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe ar bhonn ainneonach, a ghlacadh isteach in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe ar bhonn ainneonach, agus a urscaoileadh astu, ar mhodh iarratas chun na Cúirte Dúiche; do dhéanamh socrú maidir leis na critéir chun leanaí a ghlacadh isteach in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe ar bhonn ainneonach, agus maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an nglacadh isteach sin; do dhéanamh socrú maidir le cóireáil a thabhairt do leanaí in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe agus do dhéanamh socrú nach dtabharfar cóireáil do leanaí gan toiliú a thabhairt le haghaidh na cóireála sin, seachas in imthosca teoranta áirithe; do dhéanamh rialáil, in imthosca teoranta áirithe, ar chleachtais srianta a chur i bhfeidhm maidir le leanaí a ghlactar isteach in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe; do dhéanamh socrú maidir le hiarratais a dhéanamh chun na cúirte d’fhonn socrú a dhéanamh maidir le teidlíochtaí daoine a ghlactar isteach in ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe; do dhéanamh socrú maidir leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte agus maidir leis an gCigire Seirbhísí Meabhair-Shláinte a choimeád ar marthain; do dhéanamh socrú maidir le clár d’ionaid ghéar-mheabhairshláinte, clár d’ionaid mheabhairshláinte phobail, agus clár de sheirbhísí meabhairshláinte pobail le haghaidh na n-ionad agus na seirbhísí sin a chláraítear faoin Acht seo agus dá réir, a bhunú agus a chothabháil; do dhéanamh socrú maidir le rialáil seirbhísí meabhairshláinte, lena n-áirítear ionaid ghéar-mheabhairshláinte chláraithe, ionaid mheabhairshláinte phobail chláraithe agus seirbhísí meabhairshláinte pobail cláraithe; do dhéanamh socrú maidir leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte do dhéanamh faireachán ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta seo agus d’fhorfheidhmiú chomhlíonadh fhorálacha an Achta seo; d’aisghairm an Achta Meabhair-Shláinte, 2001 agus achtacháin áirithe eile; do dhéanamh socrú maidir leis an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 agus achtacháin áirithe eile a leasú; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.
Nuashonraithe go deireanach: 5 Feabh 2025
Stair an Bhille seo
Tá an bille seo os comhair Dháil Éireann, sa Tríú Céim faoi láthair
5 Feabh 2025
Dáil Éireann
Seanad Éireann
-
An Chéad Chéim – An Dáil
31 Jul 2024
An Chéad Chéim – An Dáil
Cuireadh tús leis an mBille nó cuireadh faoi bhráid an tí é
31 Jul 2024
Críochnaithe
-
An Dara Céim – An Dáil
19 Sep 2024
An Dara Céim – An Dáil
Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille
19 Sep 2024
Críochnaithe
-
An Tríú Céim – an Dáil
5 Feb 2025
An Tríú Céim – an Dáil
Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air (Tugtar Céim an Choiste air seo)
5 Feb 2025
Céim Reatha
-
An Ceathrú Céim – An Dáil
n/a
An Ceathrú Céim – An Dáil
Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste (Céim na Tuarascála mar a thugtar uirthi freisin)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Cúigiú Céim – An Dáil
n/a
An Cúigiú Céim – An Dáil
Déantar ráitis deiridh ar an mBille agus leagtar síos é i gcomhair an Dara Céim sa Seanad (Tugtar an Chéim Dheiridh air seo freisin)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Chéad Chéim – an Seanad
n/a
An Chéad Chéim – an Seanad
Meastar gur phasáil an Bille an Dara Céim sa Seanad
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Dara Céim – An Seanad
n/a
An Dara Céim – An Seanad
Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Tríú Céim – An Seanad
n/a
An Tríú Céim – An Seanad
Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air (Tugtar Céim an Choiste air seo)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Ceathrú Céim – An Seanad
n/a
An Ceathrú Céim – An Seanad
Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste (Céim na Tuarascála mar a thugtar uirthi freisin)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Cúigiú Céim – An Seanad
n/a
An Cúigiú Céim – An Seanad
Déantar ráitis deiridh ar an mBille (Tugtar an Chéim Dheiridh air seo freisin)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
Achtaithe
n/a
Achtaithe
Síníonn an tUachtarán an Bille ina dhlí
n/a
Céim Níos Déanaí
31 Iúil 2024
Mar a tionscnaíodh
An Bille Meabhair-Shláinte, 2024
B'fhéidir nach bhfuil an liosta díospóireachtaí seo iomlán. Féadfaidh tú cuardach díreach a dhéanamh ar an mBille seo freisin laistigh den rannán Díospóireachtaí.
Díospóireachtaí
19 MFómh 2024
Dáil Éireann
Mental Health Bill 2024: Referral to Select Committee
19 MFómh 2024
Dáil Éireann
Mental Health Bill 2024: Second Stage (Resumed)
18 MFómh 2024
Dáil Éireann
Mental Health Bill 2024: Second Stage (Resumed)
18 MFómh 2024
Dáil Éireann
Mental Health Bill 2024: Second Stage