An bhfuil tú ag foghlaim nó ag teagasc faoi Pharlaimint na hÉireann? Gheobhaidh tú ár gcuid acmhainní oideachais uile anseo.
Fan i dteagmháil linn
Tá clár oideachais gníomhach againn; ina measc tá seimineáir ghréasáin do mhúinteoirí, glaonna físe Ceann-go-Ceann le scoláirí, agus neart eile. Má tá tú ag iarraidh an t-eolas ar fad agus is nuaí a fháil, cláraigh chun ríomhphoist a bhaineann le cúrsaí oideachais a fháil uainn.
An daonlathas a fhiosrú
Má tá tú ag teagasc OSSP na sraithe sóisearaí i mbliana, féach ar ár sraith nua ar An daonlathas a fhiosrú. Tá pleananna ceachta, seónna sleamhnáin agus tionscadail ghníomhaíochta ann le cabhrú leat snáithe 3 den churaclam OSSP nua a chlúdach.
Aimsigh do leibhéal
Tá ár n-acmhainní oideachais leagtha amach le haghaidh leibhéil dhifriúla. Aimsigh do cheannsa anseo.

clár faisnéise
In our own words
Dírítear sa chlár faisnéise seo ar an scéal a bhaineann le streachailt mhná na hÉireann ar son an chomhionannais agus na hionadaíochta sa réimse polaitiúil, a insítear go heisiach trí scéalta pearsanta na mban a bhaineann leis an scéal.

Dáil100
Dáil Day One
Insítear scéal na gcúinsí a spreag comhaltaí na Chéad Dála chun parlaimint neamhspleách a bhunú in 1919 sa ghearrscannán beoite seo.
Foilseacháin oideachasúla le déanaí
Déar, 23 Iúil 2020
Seicliosta ceachta | An Daonlathas a fhiosrú
OSSP na sraithe sóisearaí: Cúrsa ar an tSaoránacht | An Daonlathas a fhiosrú | Seicliosta ceachta agus gníomharta daonlathais
Aoine, 20 Márta 2020
In Our Own Words - Women in Oireachtas Éireann
Junior cycle / senior cycle worksheet: Watch the documentary In Our Own Words and fill in this worksheet
Déar, 19 Márta 2020
Oireachtas website treasure hunt
Junior cycle / senior cycle worksheet: Find the answers to these questions on www.oireachtas.ie

Dáil Éireann
Tabhair turas trí nóiméad ar Dháil Éireann.

Seanad Éireann
Tabhair turas trí nóiméad ar Sheanad Éireann.
Dáil100
Bhí an chéad suí poiblí ag an Dáil i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath, ar an 21 Eanáir 1919. Le foghlaim faoi bhunúis Pharlaimint na hÉireann agus chun pleananna ceachta, foinsí príomhúla agus nithe inphriontáilte a fháil, tabhair cuairt ar an rannán oideachais ar shuíomh gréasáin tiomanta Dáil100.
Acmhainní eile
An bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi na comhlachtaí eile a mbíonn tionchar acu ar an gcaoi a rialaítear Éire? Tá rogha nasc curtha i dtoll a chéile againn chuig eagraíochtaí a mbíonn tionchar acu ar na beartais agus na dlíthe a gcloímid ar fad leo.
Sonraí teagmhála
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
Éire