Is í Seirbhís Thithe an Oireachtais (‘an tSeirbhís’) an riarachán parlaiminteach a chuireann seirbhísí comhairle agus tacaíochta ar fáil:
Tá tuairim is 440 státseirbhíseach lánaimseartha, idir státseirbhísigh ghinearálta, ghairmiúla agus theicniúla, ag obair ar fhoireann na Seirbhíse. Gníomhaíonn an Coimisiún mar chomhlacht rialúcháin na Seirbhíse. Féach Cairt EagraíochtaCairt EagraíochtaCairt Eagraíochta Sheirbhís Thithe an Oireachtais.
Tugann Cléireach na Dála comhairle don Cheann Comhairle agus do chomhaltaí uile Dháil Éireann maidir le nósanna imeachta agus cleachtais na parlaiminte. Tugtar Ard-Rúnaí na Seirbhíse ar Chléireach na Dála freisin. Is é nó í príomhfheidhmeannach Choimisiún an Oireachtais agus tá freagracht air nó uirthi maidir leis na nithe seo a leanas i measc nithe eile:
- an tSeirbhís a bhainistiú,
- beartais de chuid an Choimisiúin is iomchuí maidir leis an tSeirbhís a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh orthu, agus
- torthaí a sheachadadh de réir mar a chinneann an Coimisiún.
Bíonn cúnamh á thabhairt do Chléireach na Dála ag beirt Rúnaí Cúnta a bhfuil freagracht orthu maidir leis na réimsí seo a leanas:
For more information on public servants employed by the Houses of the Oireachtas who are Designated Public Officials for the purposes of section 6 (1) (f) of the Regulation of Lobbying Act 2015, click here.
Déanann Cléireach an tSeanaid comhairle maidir le nósanna imeachta agus cleachtais pharlaiminteacha a thabhairt do Chathaoirleach Sheanad Éireann agus do chomhaltaí uile an tSeanaid. Is é príomhról Oifig an tSeanaid tacaíocht a thabhairt do shuíonna agus gnó an tSeanaid agus a chuid Coistí.
Leagtar amach róil, feidhmeanna agus freagrachtaí an Choimisiúin agus na Seirbhíse sa reachtaíocht seo a leanas:
An informal administrative is available. [Please note: the consolidation remains a practical summary and description of the current statute law; it does not purport to be an official version or restatement of the legislation.]