Gearrthreoir Faoin tSlí a bhFeidhmíonn an tOireachtasTithe an Oireachtais

Maidir leis an Oireachtas

Daonlathas parlaiminteach is ea Éire. An tUachtarán agus dhá Theach atá sa Pharlaimint Náisiúnta (An tOireachtas) – Dáil Éireann agus Seanad Éireann, a ndíorthaíonn a gcuid feidhmeanna agus cumhachtaí ón mBunreacht a d’achtaigh an Pobal an 1 Iúil, 1937. Tá Tithe an Oireachtais suite i dTeach Laighean, Baile Átha Cliath.

Cuireadh Gearrthreoir Faoin tSlí a bhFeidhmíonn an tOireachtas ar fáil chun an chaoi a n-oibríonn Dáil Éireann, Seanad Éireann agus na Coistí Oireachtais a mhíniú. Tugtar míniú inti ar roinnt de na téarmaí agus den fhriotal a úsáidtear san Oireachtas ar bhealach simplí.


Le Bunreacht na hÉireann, tugtar cumhacht do gach Teach a chuid Buan-Orduithe (Rialacha) féin a dhéanamh agus tá sé de chumhacht ag gach Teach acu pionós a cheapadh do lucht a sáraithe sin.

Is don Oireachtas a dhílsítear an t-aon chumhacht eisiach chun dlíthe a dhéanamh faoi réir na n-oibleagáidí a ghabhann le comhaltas Comhphobail mar a fhoráiltear sa Bhunreacht.

Aithnítear príomhaíocht Dháil Éireann maidir le saolré na parlaiminte sa mhéid is nach foláir olltoghchán do Sheanad Éireann a reáchtáil tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis lánscor do Dháil Éireann.

Foráiltear sa Bhunreacht nach féidir le Seanad Éireann moill gan teorainn a chur le reachtaíocht atá ag gabháil tríd an Oireachtas. Is i nDáil Éireann amháin is ceadmhach Billí Airgid agus Billí chun an Bunreacht a leasú (.i. reachtaíocht airgeadais) a thionscnamh.

Féadfaidh Seanad Éireann moltaí (ach ní leasuithe) a dhéanamh i dtaobh Billí Airgid agus ní foláir dóibh sin a bheith déanta laistigh de thréimhse 21 lá seachas laistigh de 90 lá mar atá i gcás Billí Airgid.

I dteannta na feidhme reachtúla atá aige, féadfaidh gach Teach beartas agus riaradh an Rialtais a scrúdú agus a bheachtú. Mar sin féin, is as measc chomhaltaí Dháil Éireann a roghnaítear comhaltaí den Rialtas (an Feidhmeannas) agus is don Teach sin a bhíonn an Rialtas sin freagrach.

I gcás nach leanann tromlach na gComhaltaí i nDáil Éireann de bheith ag tacú leis an Rialtas, is féidir, mar thoradh air sin, an Dáil a lánscor agus olltoghchán a reáchtáil nó Rialtas comharbais a chruthú.

Ról agus Cumhachtaí

Tá cumhachtaí comhlántacha ag na Tithe i réimsí áirithe, e.g. an tUachtarán, breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt nó an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chur as oifig, staid éigeandála a dhearbhú agus a fhoirceannadh, dlí a dhéanamh agus Ionstraimí Reachtúla a chur ar neamhní (.i. cumhacht reachtúil arna tarmligean d’Airí).

Tá cumhachtaí príomhaíocha agus eisiacha ag Seanad Éireann in dhá réimse, áfach:

  • Teorainn a chur leis an tréimhse ar laistigh di is féidir leis an Uachtarán Bille a shíniú chun é a achtú ina dhlí (rud ar a dtugtar Tairiscint i leith Síniú níos Luaithe nó Tairiscint Luathshíniúcháin).
  • Achainí a chur chun an Uachtaráin á iarraidh air nó uirthi diúltú a lámh a chur le Bille(é a shíniú) go dtí go ndéanfaidh an pobal an ní a chinneadh i reifreann (ní mór tromlach an tSeanaid agus céatadán nach lú ná aon tríú cuid den Dáil a bheith ag tacú le hachainí den sort sin).
An tUachtarán, an Dáil agus an Seanad

Tig leis an Uachtarán, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, teachtaireacht nó aitheasc a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais i dtaobh aon ní a bhfuil tábhacht náisiúnta nó tábhacht phoiblí leis.

Coistí

Tá féiniúlacht bhunreachtúil dá chuid féin ag gach Teach. Le blianta beaga anuas, áfach, bunaíodh córas dea-eagraithe Comhchoistí (.i. Coistí den dá Theach ag suí agus ag vótáil le chéile) rud a fhágann go mbíonn deiseanna breise ag Comhaltaí ón dá Theach páirt níos mó a ghlacadh i sainobair pharlaiminteach. Folaíonn an obair sin na réimsí seo a leanas: Gnóthaí Eachtracha, Gnóthaí na hEorpa, An Ghaeilge, Fiontraíocht Stáit, Cearta na mBan, Gnóthaí Teaghlaigh, Forbairt Inmharthana agus Seirbhísí Mionghnóthaí.

An Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach

Tá Ceann Comhairle Dháil Éireann agus Cathaoirleach Sheanad Éireann ina gcomhaltaí ex officio den Chomhairle Stáit a thugann cabhair is comhairle don Uachtarán maidir le feidhmiú agus comhlíonadh cumhachtaí áirithe dá cuid, agus is iad na hoifigigh sin i dteannta an Phríomh-Bhreithimh, an Coimisiún a ghníomhaíonn i gcás an tUachtarán a bheith as láthair nó a bheith éagumasach go sealadach nó go buan.

An Teilifís agus an tOireachtas (Craolachán)

Déantar imeachtaí na dTithe agus na gcoistí Oireachtais a chraoladh ar an teilifís. Déanann an craoltóir náisiúnta, Raidió Teilifís Éireann, na himeachtaí a chraoladh beo le linn ócáidí tábhachtacha e.g. Toghadh an Cheann Comhairle agus an Taoisigh agus comhaltaí eile den Rialtas, Ráitis Bhuiséid, aitheasc foirmeálta don dá Theach ag an Uachtarán nó ag Ceann Stáit nó Rialtais atá ar cuairt chun na tíre.

Ina theannta sin, baineann RTÉ leas suntasach as ábhar craolta na n-imeachtaí le linn a chuid cláracha nuachta agus polaitíochta a chlúdaíonn gnó an Oireachtais (lena n-áirítear Coistí).