Bille dá ngairtear Acht do dhéanamh socrú chun go leanfar de rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar bhonneagar airgid thirim a sholáthar do phearsana aonair agus do FBManna; do dhéanamh socrú maidir le critéir i ndáil le rochtain ar airgead tirim; do dhéanamh socrú maidir le creat chun athruithe sa todhchaí ar rochtain ar bhonneagar airgid thirim a bhainistiú ar mhodh cóir, cothromasach agus trédhearcach agus, chun na críche sin, do dhéanamh socrú maidir leis na critéir i ndáil le rochtain ar airgead tirim a athbhreithniú agus a leasú agus maidir le heasnaimh áitiúla i rochtain ar bhonneagar airgid thirim a shainaithint agus maidir le bearta a bheidh le déanamh chun na heasnaimh sin a leigheas, agus a chinntiú go gcomhlíonfar na critéir i ndáil le rochtain ar airgead tirim; do dhéanamh socrú maidir le heintitis a shainainmniú, is eintitis a gcuirfear oibleagáidí áirithe orthu maidir le heasnaimh áitiúla a leigheas agus maidir lena chinntiú go gcomhlíonfar na critéir i ndáil le rochtain ar airgead tirim; do dhéanamh socrú maidir le faireachán a dhéanamh ar oibleagáidí arna bhforchur ar eintitis shainainmnithe agus maidir le forfheidhmiú na n-oibleagáidí sin; do dhéanamh socrú maidir le Banc Ceannais na hÉireann do bhailiú agus d’fhoilsiú faisnéis áirithe; do dhéanamh socrú maidir le Banc Ceannais na hÉireann do rialáil lucht curtha i ngníomh uathmheaisíní bainc agus soláthraithe airgid thirim faoi bhealach agus, chun na críche sin, do dhéanamh socrú maidir le lucht curtha i ngníomh uathmheaisíní bainc agus soláthraithe airgid thirim faoi bhealach a chlárú; do dhéanamh socrú maidir le formhaoirsiú ar oibritheoirí uathmheaisíní bainc agus ar sholáthraithe airgid thirim faoi bhealach agus maidir le Banc Ceannais na hÉireann d’fhorfheidhmiú chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Acht seo ag oibritheoirí uathmheaisíní bainc agus ag soláthraithe airgid thirim faoi bhealach; do dhéanamh socrú maidir le comhroinnt faisnéise agus comhar idir Banc Ceannais na hÉireann agus an tÚdarás Slándála Príobháidí; chun na gcríoch sin agus chun críoch eile, do leasú Acht an Bhainc Cheannais, 1942, an Achta um Athchóiriú an Bhainc Ceannais, 2010, Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú), 2013 agus Acht na gCuideachtaí, 2014; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.
Nuashonraithe go deireanach: 30 Aib 2025
Stair an Bhille seo
Tá an Bille seo críochnaithe i nDáil Éireann, an Cúigiú Céim
2 Aib 2025
Dáil Éireann
Seanad Éireann
-
An Chéad Chéim – An Dáil
31 Jul 2024
An Chéad Chéim – An Dáil
Cuireadh tús leis an mBille nó cuireadh faoi bhráid an tí é
31 Jul 2024
Críochnaithe
-
An Dara Céim – An Dáil
26 Sep 2024
An Dara Céim – An Dáil
Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille
26 Sep 2024
Críochnaithe
-
An Tríú Céim – an Dáil
2 Apr 2025
An Tríú Céim – an Dáil
Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air (Tugtar Céim an Choiste air seo)
2 Apr 2025
Críochnaithe
-
An Ceathrú Céim – An Dáil
2 Apr 2025
An Ceathrú Céim – An Dáil
Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste (Céim na Tuarascála mar a thugtar uirthi freisin)
2 Apr 2025
Críochnaithe
-
An Cúigiú Céim – An Dáil
2 Apr 2025
An Cúigiú Céim – An Dáil
Déantar ráitis deiridh ar an mBille agus leagtar síos é i gcomhair an Dara Céim sa Seanad (Tugtar an Chéim Dheiridh air seo freisin)
2 Apr 2025
Críochnaithe
-
An Chéad Chéim – an Seanad
n/a
An Chéad Chéim – an Seanad
Meastar gur phasáil an Bille an Dara Céim sa Seanad
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Dara Céim – An Seanad
n/a
An Dara Céim – An Seanad
Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Tríú Céim – An Seanad
n/a
An Tríú Céim – An Seanad
Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air (Tugtar Céim an Choiste air seo)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Ceathrú Céim – An Seanad
n/a
An Ceathrú Céim – An Seanad
Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste (Céim na Tuarascála mar a thugtar uirthi freisin)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Cúigiú Céim – An Seanad
n/a
An Cúigiú Céim – An Seanad
Déantar ráitis deiridh ar an mBille (Tugtar an Chéim Dheiridh air seo freisin)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
Achtaithe
n/a
Achtaithe
Síníonn an tUachtarán an Bille ina dhlí
n/a
Céim Níos Déanaí
2 Aib 2025
Mar a rith Dáil Éireann
An Bille Airgeadais (Rochtain ar Bhonneagar Airgid Thirim a Sholáthar), 2024
31 Iúil 2024
Mar a tionscnaíodh
An Bille Airgeadais (Rochtain ar Bhonneagar Airgid Thirim a Sholáthar), 2024
Leasuithe
1 Aib 2025
Committee Stage
Numbered List [Dáil]
B'fhéidir nach bhfuil an liosta díospóireachtaí seo iomlán. Féadfaidh tú cuardach díreach a dhéanamh ar an mBille seo freisin laistigh den rannán Díospóireachtaí.
Díospóireachtaí
30 Aib 2025
Seanad Éireann
Finance (Provision of Access to Cash Infrastructure) Bill 2024: Second Stage
2 Aib 2025
Dáil Éireann
Finance (Provision of Access to Cash Infrastructure) Bill 2024: Committee and Remaining Stages
26 MFómh 2024
Dáil Éireann
Finance (Provision of Access to Cash Infrastructure) Bill 2024: Referral to Select Committee
26 MFómh 2024
Dáil Éireann
Finance (Provision of Access to Cash Infrastructure) Bill 2024: Second Stage