Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Pa Daly agus na Seanadóirí Rónán Mullen, Niall Ó Donnghaile agus Barry Ward. Tá a fhios ag daoine na rialacha faoi achar sóisialta a choimeád agus nuair atá daoine ag labhairt is féidir an púicín a bhaint agus labhairt gan é ach ina dhiaidh sin é a chur ar ais más féidir.