Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Thursday, 20 Apr 2023

Leithdháileadh Airgid ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht agus Buiséad TG4: An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Tá na finnéithe atá os ár gcomhair lonnaithe sa seomra coiste, maraon leis na comhaltaí ar fad atá linn go dtí seo. Fearaim fáilte roimh na comhaltaí, roimh aon chomhalta eile a dhéanfaidh freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe atá le labhairt os ár gcomhair inniu agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Fearaim fáilte roimh an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, agus roimh oifigigh a Roinne: Katherine Licken, Ard-Rúnaí; Tríona Quill, rúnaí cúnta; Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge; agus Eoin Ó Droighneáin, príomhoifigeach. Táimid anseo i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais. Toisc gur Comhalta Thithe an Oireachtais í an tAire, ceapaim nach gá na gnáthrialacha i dtaobh finnéithe a léamh amach. Tá siad ar eolas againn ar fad. Ní rachaidh mé tríothu ar fad. Agus é sin ráite, meabhraím d'fhinnéithe déanamh cinnte de go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar cuireann siad as don chóras taifeadta atá ar siúl.

Is iad an dá ábhar atá le plé againn inniu ná leithdháileadh airgid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht agus buiséad TG4. Molaim go dtógfar an dá ábhar le chéile mar ní fheicim go mbeidh mórán comhaltaí ann. Tá súil agam gur féidir le daoine déileáil le ceisteanna ar na hábhair sin atá leagtha amach: an leithdháileadh airgid agus buiséad TG4. Anois déanfaimid ár mbreathnú ar na hábhair seo. Is féidir leis an Aire a ráiteas tosaigh a thabhairt.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as cuireadh a thabhairt dom teacht os a gcomhair inniu chun labhairt faoi TG4 agus faoi dháileadh allúntas airgeadais mo Roinne. Glacaim leis go mbeidh muid ag díriú ar chlár C, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, ach go háirithe. Le cúig bliana anuas, tháinig méadú os cionn €35.7 milliún, nó 59%, ar mhaoiniú chlár Gaeltachta mo Roinne. I gcomhthéacs bhuiséad 2023, méadaíodh leithdháileadh maoinithe 2023 don chlár Gaeltachta faoi thart ar 11% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Maidir le TG4, le cúig bliana anuas, tháinig méadú €16 milliún, nó 44%, ar mhaoiniú don stáisiún.

Cuirtear maoiniú ar fáil do TG4 trí réimse clár craolacháin agus meán faoi láthair trí fhomhír E5 de chuid mo Roinne. Léiríonn an leithdháileadh do TG4 meánmhéadú bliain ar bhliain de 8% ó 2019. Áirítear sa mhéadú is mó, méadú de €7.3 milliún in 2023, maoiniú chun tacú le seoladh cainéal nua tiomnaithe do leanaí.

Mar léiriú eile ar thiomantas an Rialtais i dtaca leis an dea-obair uile atá á déanamh sa réimse seo, dhíreoinn aird na gcomhaltaí ar an gcistíocht méadaithe de bheagnach €95 milliún atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don bhliain seo i mbuiséad 2023. De thoradh an chiste bhreise do chlár C, tá líne bhuiséid nua de €1 milliún oscailte chun dlús a chur le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 d’fhonn spriocanna uaillmhianacha an Achta a bhaint amach. Beidh €1.75 milliún de leithdháileadh breise ar fáil do scéimeanna tacaíochta Gaeilge na Roinne, ag tacú le cur i bhfeidhm an phlean dhigitigh don Ghaeilge agus straitéis do na healaíona teangabhunaithe, atá le teacht. Beidh €2.5 milliún de mhaoiniú breise ann do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta na Roinne a úsáidfear do thionscnaimh éagsúla, lena n-áirítear tacaíocht bhreise a sholáthar d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge, agus chun bearta cuimsithe sóisialta a bhaineann leis an teanga a leathnú. Tá pleananna ar bun againn chun buiséad méadaithe a chur ar fáil i mbliana ar mhaithe le seirbhísí óige a fhorbairt tuilleadh sa Ghaeltacht, áit a bhfuil géarghá lena leithéid. Cheana féin i mbliana, táimid tar éis an t-allúntas bliantúil d’Ealaín na Gaeltachta a mhéadú faoi 200%, rud a chuirfidh ar chumas na heagraíochta a cuid seirbhísí a leathnú amach ar fud na Gaeltachta. Beidh €1.3 milliún san iomlán de mhaoiniú méadaithe ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge le haghaidh obair na n-eagraíochtaí seo a thacaíonn le hearnálacha phobal na Gaeltachta agus na foilsitheoireachta Gaeilge faoi seach.

Maidir le TG4, cabhróidh an t-airgead breise atá á fháil aige le daingniú na Gaeilge mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta agus leis na hiarrachtaí í a chur á labhairt ar fud na hÉireann trí chéile. Cabhróidh an ciste breise sin le dlús agus treisiú breise a chur le feidhmiú an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge agus an raon bearta atá leagtha amach ann mar bhonnlíne gníomhaíochtaí. Tá ról lárnach ag TG4 san obair seo ach tá ról le himirt ag na hearnálacha eile atá faoi mo chúram sa Roinn chomh maith. Cuireann an Chomhairle Ealaíon, mar shampla, maoiniú de €700,000 ar fáil go bliantúil d’Ealaín na Gaeltachta. Anuas air sin, is tionscnamh comhpháirtíochta de chuid TG4, Fhís Éireann agus Choimisiún na Meán é Cine4 chun fadscannáin bhunaidh i nGaeilge a fhorbairt. De bharr an chur chuige seo, cabhrófar le forbairt a dhéanamh ar fhadscannáin Ghaeilge a bhfuil luachanna ardléiriúcháin ag baint leo agus a bhfuil rath náisiúnta agus idirnáisiúnta orthu. Tá scannáin ar nós "Arracht", "Black 47", "An Cailín Ciúin", "Foscadh" agus "Róise & Frank" ríthábhachtach chun úsáid na Gaeilge a leathnú taobh istigh agus taobh amuigh den Stát.

Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Cé go raibh dúshláin faoi leith ann le trí bliana anuas, tá dóchas romhainn ag bun na spéire anois agus an t-airgead breise ar fáil ar mhaithe leis an teanga a fhorbairt. Mar Aire atá freagrach as an réimse cúraimí seo, táim ag súil go mór le bheith in ann leanúint orm ag cur lena bhfuil bainte amach ag mo Roinn ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.

Tá sé anois oscailte do chomhaltaí roinnt ceisteanna a chur ar an Aire. Ba í an chéad duine a chur a lámh in airde ná an Teachta Connolly.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir agus fáilte faoi leith roimh an Aire. An é sin an chéad uair nó an dara huair atá sí os ár gcomhair?

An dara huair. Fáilte ar ais. Táim féin faoi bhrú agus beidh mé ag rith. Níl aon drochmheas i gceist. Beidh mé sa Chathaoir. Gabh mo leithscéal go mbeidh mé ag fágáil an chruinnithe, cé go raibh mé ag tnúth leis. Gabhaim buíochas as an dul chun cinn atá déanta ag an Roinn ó thaobh airgead breise a chur ar fáil do TG4 agus do na himeachtaí uilig ar an talamh. Agus é sin ráite, díreoidh mé isteach ar na fadhbanna a fheiceann mé féin.

Ní fheicim an teilifís go minic ach, oíche aréir, chonaic mé an clár faisnéise maidir le coláistí samhraidh. Gan dabht, tá géarchéim i gceist ó thaobh líon na mban tí atá ag fágáil na hearnála. Níl i gceist anseo ach cúpla líne. Beidh €2.5 milliún á chur ar fáil, lena n-áirítear tacaíocht bhreise a sholáthar d'earnáil na gcoláistí samhraidh i measc rudaí eile. An nglacann an Roinn agus an Aire go bhfuil géarghá anois i gceist ó thaobh an méid atá cloiste againn ó na dreamanna a tháinig os comhair an choiste seo ar son na mban tí? Ní dóigh liom go raibh aon fhear tí i gceist ag an am. Chuir siad in iúl na fadhbanna ar an talamh. Ó shin, chuir an clár faisnéise an rud céanna in iúl. Chuaigh an clár ó Oileán Thoraí síos go dtí An Rinn, Contae an Chláir agus Oileán Chléire i nGaillimh ag cur in iúl go bhfuil na coláistí dúnta nó ar tí dúnadh agus go bhfuil géarchéim i gceist toisc nach bhfuil a dhóthain ban tí ann. Is é sin an chéad cheist. An bhfuil straitéis ann? An nglacann an Roinn go bhfuil géarchéim ann anois? Cad atá i gceist aici ó thaobh na hearnála sin?

Déanaim comhghairdeas agus gabhaim buíochas leis an Roinn agus leis an Aire as ucht an tsárobair atá déanta acu ó thaobh Choláiste Lurgan, a bheidh i seilbh an Stáit. Tá neart réimsí ar siúl ansin. Thóg sé a lán ama agus is iontach an rud é ach, ar an lámh eile, d'fhreastail mé ar chruinniú dearfach i Maigh Cuilinn sa Ghaeltacht le déanaí. Tá dul chun cinn déanta. Ní mór dom an Seanadóir Kyne agus an méid oibre atá déanta aige a lua anseo. D'fhreastail muid go léir ar chruinnithe ó thaobh ionad pobail. Tá mé ag teacht go dtí an pointe anois. I lár na Gaeltachta, níl ionad pobail ann. Tá na daoine ansin ag streachailt le breis agus 20 bliain. Tá dul chun cinn déanta. Tá siad i mbun na pleananna a sheoladh isteach. Thug mé suntas do rud éigin. Bhí Údarás na Gaeltachta agus ionadaithe ó Roinn an Aire ann. Bhí siad an-dearfach. Bhí Údarás na Gaeltachta sásta ceannródaíocht a ghabháil ar an togra seo. Is maith an rud é sin ach dúradh linn nach raibh an t-údarás in ann pingin rua a thabhairt don ionad pobail toisc nach bhfuil a dhóthain airgid aige agus, leis an méid atá aige, tá sé ag díriú isteach ar chaoi a chur ar na monarchana agus foirgnimh folmha ar fud na tíre. Níl sé in ann aon airgead a thabhairt d'ionaid phobail, mar shampla. Chuir sé sin iontas orm. Is é an pointe atá á dhéanamh agam ná go bhfuil trí ról ag Údarás na Gaeltachta. Ní fheidhmíonn sé mar Enterprise Ireland nó an IDA. Tá trí ról aige, ó thaobh fostaíochta, pobal agus teanga de. De bharr brú airgid nó easpa airgid, tá sé ag díriú isteach ar ghné amháin seachas an dá ghné eile. Tá siad go léir fite fuaite le céile. Cad iad tuairimí an Aire faoi sin?

Bhí rud amháin eile le rá agam. Baineann sé leis an oidhreacht. B'fhéidir go ndéarfaidh an tAire nach mbaineann sé seo leis an rud atá faoi chaibidil inniu. Más é sin a freagra, glacfaidh mé leis. Ó thaobh oidhreacht chathair na Gaillimhe mar cultural capital agus an oidhreacht atá fágtha, bhí €1 milliún i gceist. Cén sórt anailíse atá déanta ó thaobh na hoidhreachta de maidir le tograí ar an talamh ar fud na Gaeltachta agus i nGaillimh ach go háirithe? Táim ag smaoineamh ar ionad oidhreachta i Leitir Mealláin nach bhfuil in ann pingin rua a fháil. Tá €1 milliún i gceist. Dé réir mar a thuigim, tá an €1 milliún seo faoi chomhlacht nua nach bhfuil baint ar bith aige leis sin. Tá sé seo tábhachtach dom. Baineann sé leis an Aire agus tuigim go bhfuil an-suim aici sa cultural capital. Tá dearmad déanta agam ar an nGaeilge. B'fhéidir go mbeidh an Dr. Mac Cormaic in ann aistriúchán a thabhairt dom.

Tuigeann an tAire pointe atá á dhéanamh agam. Tá oidhreacht agus €1 milliún i gceist agus tá sé faoi chomhlacht nua. Cén anailís atá déanta ó thaobh oidhreachta de ar fud na Gaeltachta i gConamara? Tá Gaeltacht sa chathair freisin. Táim ag smaoineamh go háirithe ar ionad oidhreachta, agus iad ag streachailt ó lá go lá ó thaobh acmhainní de. Cén anailís a rinneadh? An bhfuil an tAire in ann a insint dom cén anailís a rinneadh ó thaobh teanga agus oidhreachta de go fadtéarmach ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de?

Tá an chéad cheist faoi earnáil na gcoláistí samhraidh. Níl aon bhunús leis an méid atá á mhaíomh, go bhfuil géarchéim in earnáil na gcoláistí samhraidh. Tacaíonn an Roinn le hearnáil na gcoláistí samhraidh agus leis an earnáil tráchtála. Déanann sé é sin go príomha trí fhordheontas laethúil a chur ar fáil atá iníoctha do theaghlaigh Gaeltachta cáilithe a chuireann lóistín ar fáil do na 40 coláiste nó mar sin atá ag feidhmiú ar fud na Gaeltachta faoi láthair. In 2022, chuaigh an tacaíocht seo, atá bunaithe ar éileamh, chun tairbhe don 495 teaghlach Gaeltachta a chuir lóistín ar fáil do bhreis is 25,000 mac léinn ar cheann de na 245 nó mar sin de chúrsaí a d'aithin an Roinn in 2022.

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don earnáil, tá an Roinn tar éis roinnt bearta breise a thionscnaimh le tamall anuas chun tacaíocht breise a thabhairt d'fhorbairt na hearnála. Airítear leis na príomhbhearta méadú 20% ar an deontas laethúil atá iníoctha faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Tháinig méadú de beagnach 20% ar an deontas laethúil atá iníoctha le teaghlaigh óstaigh a sholáthraíonn lóistín ó thús na bliana 2022, ag dul ó €10 go dtí €12 anuraidh. Luaim sampla de 16 mac léinn ar feadh 22 lá ag trí cúrsa. Sa chás sin bheadh méadú €1,056 arb ionann é agus €12,672 san iomlán i deontais ón Roinn faoin scéim. Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil an t-ioncam seo díolmhaithe ó cháin ioncam sa bhreis ar an íocaíocht a fhaigheann teaghlaigh ó na coláistí iad féin. Méadaíodh an deontas aon-uaire go €6,000 do ghnólachtaí nua. Méadaíodh an deontas aon-uaire do theaghlaigh nua atá ag lorg aitheantais faoin scéim-----

Gabh mo leithscéal as cur isteach ar an Aire ach tá a fhios agam é sin agus fáiltím roimh an dul chun cinn atá déanta. Tá a fhios againn ó cheisteanna atá curtha againn an méid dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Roinn. Ag an am céanna, tá sé ráite go neamhbhalbh aréir ar an gclár faisnéise ar TG4 go bhfuil géarchéim i gceist agus go bhfuil laghdú suntasach ar líon na mban tí. Bheinn buíoch dá bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil sí ag glacadh leis sin agus cad iad na réitigh. Luaigh an clár go speisialta an easpa deontais ón Roinn Oideachais, rud nach mbaineann linne. Áfach, an bhfuil aon idirghabháil á dhéanamh leis an Roinn Oideachais? Táim ag díriú ar an méid atá tagtha chun solais os comhair na coiste seo agus ar an gclár faisnéise.

Tá an méid atá le rá agam ábharach agus tá mé ag iarraidh é a chur ar an taifead mar níl aon bhunús leis an méid atá á mhaíomh, go bhfuil géarchéim in earnáil na gcoláistí samhraidh. Ba mhaith liom dul tríd na príomhbhearta-----

Ligfidh mé don Aire é sin a dhéanamh gan cur isteach uirthi, ach an nglacann sí leis go bhfuil géarchéim ann nó nach nglacann sí?

Ní ghlacaim agus tá mé chun críochnú, le do thoil.

Okay. Dúnfaidh mé mo bhéal.

Méadaíodh an deontas aon-uaire faoi 300% go déanach in 2022, ó €2,000 go €6,000, do theaghlaigh nua atá ag lorg aitheantais faoin scéim, agus leathnaíodh feidhme an deontais freisin chun costas tosaithe riachtanacha amhail leapacha bunc agus tochtanna a chlúdaigh. Níos luaithe i mbliana, leathnaigh an tAire Stáit, an Teachta O'Donovan, scóip an deontais chun soláthraithe lóistín ar mhian leo filleadh ar an scéim tar éis íosmhéid cúig bliana as láthair a chur san áireamh. Méadaíodh uaslíon na mac léinn in aghaidh na teaghlaigh ó 12 go 16. Le seachtainí beaga anuas méadaíodh an t-uaslíon mac léinn a cheadaítear laistigh de gach teaghlach faoi scéim na Ranna ó 12 go 16 freisin. Dírítear sa bheart seo ar theaghlaigh atá ann cheana chomh maith le teaghlaigh nua. Go dtí seo, rinneadh 77 teaghlach atá cláraithe faoin scéim cheana féin iarracht mic léinn breise a choinneáil. I dteannta le teaghlaigh nua a chláraíonn faoin scéim go 2023, meastar go bhféadfadh an beart seo 400 leaba breise a sholáthar sa bhliain reatha.

Tagraím don scéim scoláireachtaí deiseanna Gaeltachta. Faoi láthair déanann an Roinn maoiniú ar thionscnaimh deiseanna Gaeltachta a riarann Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin thar cheann na Ranna. Tá 400 scoláireachta in aghaidh na bliana do mhic léinn sna 235 iar-bhunscoil DEIS ar fud na hÉireann ar mhian leo freastail ar choláistí samhraidh Gaeltachta. Tugtar deis sa scéim do go leor mac léinn nach mbeadh in ann ar shlí eile freastail ar chúrsa samhraidh Gaeltachta agus fanacht le teaghlach aitheanta Gaeltachta. Ríomhtar luach na scoláireachtaí seo mar seo a leanas: cúrsa trí seachtaine suas go huasmhéid €850; cúrsa dhá sheachtain suas go 85% nó €722 de luach na scoláireachta nó de phraghasliosta an chúrsa roghnaithe, cibé acu is ísle; agus Árainn Gaeltachta, a chuireann tionscnaimh maoiniú níos mó ná €150,000 ar fáil in aghaidh na bliana chun tacú le suas le 30 dalta iar-bhunscoile in aghaidh na bliana ar mhian leo bliain iomlán a chaitheamh ag freastail ar aon cheann de na hiar-bhunscoileanna ar na hoileáin Árann agus cónaí le teaghlach aitheanta Gaeltachta ar feadh na scoilbhliana ar an oileán.

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chur i bhfeidhm na gníomhartha seo agus chun íocaíochtaí a bhrostú faoi raon na mbearta tacaíochta, cuireadh le chéile foireann breise le déanaí de rannóg na coláistí samhraidh Gaeilge laistigh den Roinn. Leis na leapacha breise istigh sna tithe i mbliana de bharr bearta na Ranna atá leagtha amach agam, beifear in ann freastail i mbliana ar thart ar an líon céanna scoláirí is a bhí ann in 2018 agus beifear in ann freastail ar níos mó scoláirí ná mar a bhí ann in 2017. Tá sin in ainneoin líon na mban tí atá tar éis na hearnála a fhágáil. Áfach, idir seo agus an samhradh, scrúdóidh an Roinn go gníomhach an bhféadfaí bearta breise a thabhairt isteach chun soláthar lóistín nua a spreagadh san earnáil.

An gá don Teachta Connolly imeacht?

Tá nóiméad amháin eile agam.

Bhí ceisteanna eile le freagairt.

Ar bhonn ginearálta, mar a bhaineann leis an gciste a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta, déantar na pointí seo a leanas. Ó tháinig an Rialtas seo isteach in oifig, ceadaíodh maoiniú breise d'Údarás na Gaeltachta mar chuid de cheannscríbe poist i mí Iúil 2020, ina raibh soláthar caipiteal suas le €8 mhilliún breise ar fáil don údarás chun uasghrádú riachtanais a dhéanamh ar an stoc foirgnimh agus ar chóras cóireála uisce. Údar sásaimh is ea é dá réir go bhfuil ardú 70% san iomlán curtha ar an tsoláthar caipiteal atá ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ó 2020, i gcomparáid leis an mbunlíne caipiteal de €8.5 milliún in 2019.

Níor mhiste a chur san áireamh chomh maith go bhfuil fáil ag an údarás ar fhoinsí eile maoinithe de chuid mo Roinne, beag beann ar an tsoláthar thuasluaite. Sa chomhthéacs sin, luafainn an ciste a bheidh á chur ar fáil ag mo Roinn ó chlár tacaíochtaí pobail agus teanga na Roinne, fomhír C3, chun a chumasú don údarás roinnt tograí caipiteal faoi leith sa réimse oideachais óga agus turasóireachta cultúrtha a fhorbairt sna blianta amach romhainn. In éindí le foinsí maoinithe mo Roinne, níor mhiste a lua chomh maith go bhfuil foinsí maoinithe eile ag an údarás ar nós an ciste um athghiniúint agus forbartha tuaithe chomh maith leis an gciste um forbairt fiontraíochta-----

Gabh mo leithscéal as cur isteach ar an Aire arís. Tá orm an cruinniú a fhágáil ach níl mé sásta leis an bhfreagra. Tuigim go bhfuil méadú suntasach i gceist ó thaobh caipitil de mar tá an Roinn ag teacht ó chéim an-bhunúsach. Fágfaidh mé an cheist seo a leanas. Dúirt an t-údarás go neamhbhalbh nach raibh pingin rua aige chun dul i dtreo ionaid pobail. Tá míthuiscint áit éicint anseo mar sin.

An dara rud ná an oidhreacht ar an talamh, ó thaobh an ionaid oidhreachta i gConamara, mar shampla.

Tiocfaidh mé ar ais ag an Teachta.

Sula dtosaíonn an Teachta Ó Muimhneacháin, feicim go bhfuil an Seanadóir Clifford-Lee istigh ar an gcruinniú anois go fíorúil. Má tá sí ag iarraidh ceisteanna a chur, iarraim uirthi a lámh a chur in airde agus tiocfaimid chuici.

Táim buíoch as an gcur i láthair agus an t-eolas ann agus, gan dabht, as an airgead breise atá á chur ar fáil agus an dul chun cinn. Táim chun díriú ar ábhar amháin nó dhó mar gheall ar na meáin. Luaigh an tAire “An Cailín Ciúin” níos luaithe. Sampla maith é an scannán sin a léiríonn an tslí go bhfuil an Ghaelainn á cur os comhair slua níos mó, daoine níos forleithne agus teicneolaíocht dhifriúil á úsáid an t-am ar fad. Ní aon rud nua an scannánaíocht ach tá ardáin dhifriúla á n-úsáid an t-am ar fad. Tá éileamh ann i gcónaí. Tá an-chuid de na cainéil raidió agus theilifíse ag bogadh ar líne agus tá éileamh ann i gcomhair na hardáin sin a chur in úsáid. Tá éileamh ó ghrúpaí difriúla, in ainneoin an jab mhóir atá á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta agus TG4, mar shampla, thar na blianta. Tá an-chuid déanta acu. Tá éileamh i gcomhair cainéil do dhaoine óga. Ní fheadar an bhfuil aon dul chun cinn déanta chun seirbhís raidió a chur ar fáil i gcomhair dhaoine óga. Bhí plé faoi Cúla4 a bhrú ar aghaidh chomh maith. An bhfuil aon dul chun cinn maidir leis sin? Tá sé an-tábhachtach go mbeadh na hardáin go léir go bhféadfaí úsáid beo agus in úsáid chun an Ghaelainn a chur os comhair an méid daoine gur féidir leo. Tá éileamh maith ar theilifís, raidió agus go leor eile ar na hardáin éagsúla. Tá sé sin pléite againn anseo ag cruinnithe éagsúla. An bhfuil aon dul chun cinn ansin? An féidir a léiriú cad atá á dhéanamh chun úsáid a bhaint as na hardáin éagsúla agus chun go mbeadh an deis sin ag daoine óga?

Ar dtús, tabharfaidh mé eolas faoi Cúla4. Tuigim go bhfuil Cúla4 faoi réir le seoladh i mí Mheán Fómhair. In éineacht leis an gcoiste, táim ag súil leis an tseirbhís nua seo do dhaoine óga. Bhí seoladh Cúla4 mar chuid thábhachtach den tiomantas a leagadh amach i straitéis iar-Covid TG4 chun tacú le breis rannpháirtíochta le lucht féachana níos óige agus ábhar a chur ar fáil dóibh. Tarraingíonn na tuarascálacha a thug Údarás Craolacháin na hÉireann agus mo Roinn chun críche aird ar thogra Cúla4, ag rá go gcruthóidh an tseirbhís nua luach don phobal agus go dtabharfaí aghaidh ar réimse tábhachtach de chraoltóireacht seirbhísí pobal. Leagfar béim air sna tuarascálacha go mbeidh tionchar dearfach ag Cúla4 mar go gcuirfidh sé tuilleadh ábhar Gaeilge ar fáil do lucht féachana níos óige. Baintear úsáid cheana féin as ábhar TG4 i go leor scoileanna ar fud na tíre agus cuirfidh an tseirbhís nua leis an acmhainn thábhachtach oideachais seo. Féachann mo pháistí féin ar TG4 nuair atá siad ar scoil agus tá mé ag súil go mór mar thuismitheoir go mbeidh siad ag féachaint ar Cúla4. Tá áthas orm go mbeidh sé sin ar fáil do dhaltaí sna scoileanna ó Mheán Fómhair.

Cé gur tagraíodh sa tuarascáil do lucht féachana sách beag a mheallfaidh an tseirbhís nua, bheifí ag súil leis an toradh sin agus aghaidh á thabhairt ar riachtanais chainteoirí Gaeilge. Ní thugann figiúirí féachana léargas ar an lucht féachana iomlán ná ar an luach atá ag an bpobal ar an gcainéal, i bhfianaise na húsáide a bhaintear go forleathan as an ábhar sin i scoileanna. I bhfianaise stádas TG4 mar fhoilsitheoir-craoltóir, beidh sé mar thoradh ar an tseirbhís nua go ndéanfar tuilleadh infheistíochta in earnáil an léiriúcháin Ghaeilge.

Maidir le seirbhís raidió do dhaoine óga a chur ar fáil, tá sé ar an taifead gur mhaith liom, más féidir, an cineál seo seirbhíse a fheiceáil i bhfeidhm do dhaoine óga. Tá Coimisiún na Meán mar an rialtóir craolacháin neamhspleách anois atá freagrach as seirbhísí craolacháin raidió neamhspleácha a cheadú in Éirinn. Is é Coimisiún na Meán, agus ní mise mar Aire, a thionscnaíonn an próiseas ceadúnaithe do sheirbhísí raidió. Faoi láthair, tá 22 seirbhís phobail, phobal-leasaithe nó shainspéise ar an aer. Mar a leagtar amach sa reachtaíocht, tá próiseas foirmiúil reachtúil rialála againn maidir le seirbhís nua a thabhairt isteach a dhéanann an rialtóir neamhspleách, Coimisiún na Meán. Ní mór dó go leor gnéithe a chur san áireamh, lena n-áirítear na himpleachtaí a bhaineann cúnamh Stáit. Ní mór dó a chur san áireamh freisin an leibhéal de bhandaleithead FM atá fágtha sa tír. Mar a dúirt mé, ba mhaith liom, más féidir, an cineál seo seirbhíse a fheiceáil i bhfeidhm do dhaoine óga.

Aontaím go láidir leis an Aire mar gheall ar Cúla4, an t-éileamh agus an tairbhe a bhainfeadh leis. Is dea-scéal é go bhfuil an tAire dírithe ar Mheán Fómhair. Fáiltím roimhe sin. Maidir leis an raidió, tá sé luaite go bhfuil sé mar chuid de cheadúnas na gcainéal éagsúil ach táimid tar éis taighde a dhéanamh air sin cheana féin anseo. Bhí finnéithe anseo linn agus is beag iarracht, is baolach, atá an-chuid de na cainéil raidió éagsúla commercial ag déanamh ar fhreastal ar phobal na Gaelainne. Tá Raidió na Gaeltachta ag déanamh gaisce ag freastal ar an bpobal sin ach níl na cainéil eile. Tá bearna ann agus tá éileamh ann. Más féidir in aon slí brostú ar aghaidh nó brú a chur in aon áit chun é sin a bhrú ar aghaidh, bheadh fáilte roimhe. Ba chóir go mbeadh cainéal dírithe ach go háirithe ar riachtanais dhaoine óga, ní hamháin ceol ach scéalta tráthúla, current affairs, agus aon rud eile go mbeadh suim ag daoine óga ann. Más féidir in aon slí bhrú a chur ar aon eagraíocht chun é sin a thabhairt chun cinn, bheadh sé an-tairbheach agus bheadh fáilte roimhe.

Mar a dúirt mé cheana, más féidir an tseirbhís seo a chur ar fáil ba mhaith liom é sin a dhéanamh. Mar sin féin, ní ceist shimplí í seo maidir le maoiniú a chur ar fáil d’eagraíocht seirbhísí. Tá próiseas ceadúnaithe reachtúil le leanúint agus is é Coimisiún na Meán an rialtóir neamhspleách a dhéanann maoirseacht ar an bpróiseas seo. Tá sé deimhnithe acu go leagfaidh siad amach na chéad chéimeanna eile ina gclár oibre atá le teacht agus táim ag súil go bhfoilseoidh siad é sin i mí na Bealtaine.

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. Tosóidh mé le cúrsaí na meán i dtosach báire. Admhaím go bhfuil an soláthar atá an tAire ag déanamh do TG4 feabhsaithe go mór ó tháinig sí mar Aire. An bhfuil sé sásúil? Sin ceist eile. B’fhéidir go bhféadfadh sí an cheist seo a fhreagairt. De réir mar a thuigim, tagann airgead an cheadúnais ar fad isteach sa Státchiste agus ansin dáiltear amach é. Téann cuid chuig an BCI – nó an BAI nó cibé leagan atá air sin anois - ach an chuid eile téann sé go RTÉ. Cé mhéad airgid a thugtar go RTÉ go díreach i bhfoirm airgead ceadúnais in aghaidh na bliana le hais, mar shampla, an airgid a chuirtear ar fáil on Státchiste le haghaidh TG4?

Fan nóiméad, caithfidh mé na figiúirí a sheiceáil. An cheist atá á chur ná cé mhéad atá á fháil ag TG4, is it?

Cé mhéad á fhaigheann TG4 ón státchiste, sé sin ón gceadúnas? TG4 a fhaigheann airgead ón státchiste ach RTÉ a fhaigheann maoiniú ó airgead an cheadúnais.

Ní fhaigheann TG4 aon rud ón gceadúnas.

Cé mhéad a fhaigheann TG4 ón státchiste mar sin?

Bhronn mé maoiniú breis agus €52 milliún ar TG4 don bhliain seo. An é sin atá-----

Cé mhéad a bheidh RTÉ ag fáil ón gceadúnas i mbliana, nó ón státchiste mar téann airgead an cheadúnais isteach sa státchiste agus ansin dáileann Roinn an Aire amach é?

Beagnach €200 milliún.

An bhféadfadh an tAire a rá liom, ag glacadh leis go bhfuil cainéal amháin ag feidhmiú i mionteanga, rud a chuireann costais leis, an bhfuil modheolaíocht neamhspleách agus atá bunaithe ar chóras cinnte ann faona leagtar amach gur mar sin gur cheart an cothromas a bheith? Tá stáisiún amháin atá ag feidhmiú sa mhórtheanga, áit gur féidir go leor fógraíochta a mhealladh chuige, ag fáil ceithre oiread an ceann eile.

Tá tuarascáil an Choimisiún um Thodhchaí na Meán againn. Tá glactha ag an Rialtas i bprionsabal le 49 as an 50 moladh a rinne an choimisiún. Dhiúltaigh an Rialtas don mholadh aistriú go samhail a bheadh á maoiniú go hiomlán ag an státchiste. Rinneadh sin go príomha ar mhaithe le ceangal díreach a choinneáil idir na meáin agus an pobal ar a mbíonn siad ag freastal, agus chun an baol a laghdú go mbeadh tionchar á imirt ag an bpolaitíocht ar neamhspleáchas na meán, nó go measfaí go mbeadh. Bhunaigh an Rialtas meitheal oibre theicniúil chun roghanna a mheas maidir leis an gceadúnas teilifíse a leasú. Is ceist chasta í seo ach tá obair na meithle tagtha chun críche anois agus tá tuarascáil curtha ar aghaidh aici. Cuirfidh mé an tuarascáil sin faoi bhráid an Rialtais sna seachtainí atá amach romhainn.

Ní fhreagraíonn sé sin an cheist. An cheist atá agamsa ná an bhfuil critéir oibiachtúla ann faona leagtar amach go bhfaigheann cainéal náisiúnta amháin €50 milliún agus go bhfaigheann an bealach eile teilifíse €200 milliún, cé go bhfuil buntáistí ag an gceann atá ag fáil an €200 milliún.

Is é sin mar a leagtar amach é i dtuarascáil an Choimisiún um Thodhchaí na Meán.

Cén chaoi a dtáinig sé ar an gcothromas sin idir-----

Cuirtear maoiniú ar fáil do TG4 trí réimse cláir craolacháin agus meán, faoi láthair trí fhomhír E5 deontas i leith theilifís na Gaeilge. Léiríonn an leithdháileadh do TG4 meánmhéadú bliain ar bhliain de 8% ó 2019 agus sa mhéadú is mó de €7.3 milliún, in 2023; áirítear anseo maoiniú chun tacú le seoladh cainéal nua tiomnaithe do leanaí.

Mar a deirim, thug mé moladh don Aire ar an bpointe sin. An rud atá mé ag iarraidh a fháil amach, agus téann sé seo siar roimh a hamsa, cén bunús oibiachtúil nó cén critéir oibiachtúla atá á úsáid ag Coimisiún na Meán agus ag an Aire dá bharr, má tá sí le glacadh lena chuid moltaí, le teacht ar fhigiúr go bhfaigheann stáisiún amháin atá ag craoladh sa mhórtheanga domhanda, ceithre oiread leis an stáisiún eile.

Rinne Coimisiún um Thodhchaí na Meán moltaí anuraidh mar gheall ar RTÉ agus TG4. Rinne an taskforce sin scrúdú ar an dá sheirbhís agus ghlac an Rialtas i bprionsabal le 49 moladh as 50. Rinne siad scrúdú ar an dá chainéal, RTÉ agus TG4, agus ghlac an Rialtas leis seo. Tá sé sin déanta. Tá airgead á bhronnadh agam freisin sa scéim fuaim agus físe don na meán araon. Mhol Coimisiún um Thodhchaí na Meán go ndéanfaí an leibhéil maoinithe seo do chláir Ghaeilge a choinneáil ar a laghad, nó a mhéadú más féidir. Aontaím leis an moladh seo agus tá a fhios agam go bhfuil Coimisiún na Meán tiomanta do leibhéil tacaíochta a choinneáil agus maoiniú a mhéadú más féidir. Trí mhaoiniú bhreise ón státchiste a chuir mé ar fáil don scéim fuaime agus físe, osclaíodh babhta coimisiúnaithe tiomnaithe don Ghaeilge anuraidh, rud atá an-thábhachtach, le leithdháileadh maoinithe beagnach €2 mhilliún chun tacú le 15 tionscadal nua raidió agus teilifíse i nGaeilge. Freagra díreach atá ar cheist an Teachta ná go ndearna Coimisiún um Thodhchaí na Meán scrúdú ar RTÉ agus ar TG4 agus ghlac an Rialtas lena mholtaí.

Níl fios againn fós - nó má tá, níl sé á roinnt liomsa - cén chaoi a dtáinig sé ar na moltaí a bhí aige ag úsáid critéir oibiachtúla. Is í sin an cheist. Bogaimid ar aghaidh ar aon chuma mar ní choinneoimid ró-fhada na finnéithe.

Maidir leis na cláracha sin a luaigh an tAire ar ball agus an t-airgead atá le haghaidh cláracha Gaeilge atá ag an gcoimisiún le roinnt, an bhféadfadh an tAire a rá liom an bhfuil cead ag RTÉ cur isteach ar an gciste sin freisin?

Ní do TG4 é sin, bímis soiléir. Sin deireadh leis an gceist sin.

Rinne mé dearmad a rá go bhfuil sé molta ag an gcoimisiún athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an soláthar Gaeilge laistigh de 18 mí mar aitheantas ar an tábhacht atá leis an nGaeilge agus ar an gcastacht a bhaineann leis an mbealach is fearr í a chur chun cinn. Díreofar san athbhreithniú ar na róil atá ag TG4, ag RTÉ agus ag Raidió na Gaeltachta, maraon le soláthraithe eile ábhar i dtaobh ábhar Gaeilge a chur ar fáil. Is é Coimisiún na Meán a thabharfaí faoin athbhreithniú agus ba chóir go ndéanfaí deiseanna comhoibrithe i measc soláthraithe éagsúla ábhar a fhiosrú le linn an athbhreithnithe sin. Ba chóir go ndéanfaí deiseanna earcaithe agus do nuálaíochtaí digiteacha a fhiosrú chomh maith. Chas mé le duine de na coimisinéirí le gairid atá ag cur clabhsúir faoi láthair ar an gclár oibre don bhliain atá romhainn. Tuigim go bhfuil Coimisinéir Forbartha na Meán i mbun athbhreithnithe agus é ag iarraidh tús a chur leis an obair seo chomh luath agus is féidir. Ní dóigh liom go mbeadh sé ceart teacht roimh obair Choimisiún na Meán ina leith seo nó roimh aon mholtaí a chuirfidh siad ar aghaidh. Is athbhreithniú tábhachtach é seo atá le déanamh ag Coimisiún na Meán.

An bhfuil sé i gceist cinnte a dhéanamh go mbeidh airgead a dhóthain ag TG4 le hardán digiteach a fhorbairt?

Is ceist í sin do TG4.

An bhfuil i gceist ciste a chur ar fáil le go mbeidh sé ar a chumas é sin a dhéanamh? Tá a fhios againn go maith, mar dúirt a chuid ionadaithe linn é, go raibh siad ag iarraidh é sin a dhéanamh. An mbeidh an tAire ag cur airgead ar fáil le go mbeidh siad in ann é a dhéanamh? Is í sin an cheist.

I bhfianaise an neamhspleáchais a bhronntar ar TG4, níl aon ról agam, mar Aire, i ngníomhaíochtaí an stáisiúin ó lá go lá, lena n-áirítear na ceisteanna a bhaineann le buiséid agus cláir. Is í an tosaíocht a cinntíodh ar dtús ná go bhfuair TG4 an méadú a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán le go gcuirfeadh sé sin ar chumas TG4 dul i ngleic le roinnt de na tosaíochtaí atá ag an stáisiún. D’iarr TG4 go sonrach méadú maidir le cainéal nua do leanaí, Cúla4, agus rinneadh an aighneacht riachtanach chugamsa chun an t-airgid breise a bhí ag teastáil chuige sin a lorg.

Mar a deirim arís, i bhfianaise an neamhspleáchais a bhronntar ar TG4, níl aon ról agam í ngníomhaíochtaí an stáisiún ó lá go lá.

Ar iarr siad airgead le haghaidh ardán digiteach?

Is ceist í sin, mar a dúirt mé ar dtús, do TG4.

An bhfuil a fhios ag an Aire ar iarr an stáisiún é sin nó nár iarr siad an t-airgead sin lena aghaidh?

Tá straitéis ag an gcainéal agus is féidir liom níos mó eolais i scríbhinn a chur ar fáil don Teachta tar éis chruinniú an choiste seo.

Okay. I bhfianaise na caoi gur theip ar RTÉ a dhualgas a chomhlíonadh maidir leis an nGaeilge, agus gur thuairisc an Coimisinéir Teanga é sin mar thug sé breithiúnas maidir leis sin, an bhfuil sé i gceist ag an Aire an dlí a athrú sa chaoi is má dhéantar a leithéid arís, go laghdófaí an méid airgid a bheadh ar fáil sa chás go bhfaigheann an coimisinéir amach arís go bhfuil sárú ann arís? Is í an cheist mar sin an laghdófaí an t-airgead a bheadh ar fáil ón gceadúnas go dtí go mbeadh an stáisiún ag comhlíonadh an dlí? Níl sé ceart go mbeadh airgead an Stáit agus na gcáiníocóirí á thabhairt do dhream atá ag sárú an dlí.

Fáiltím roimh thiomantas RTÉ a chinntíonn go bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh agus lárnach ar fud an ardáin agus tugaim faoi deara gur thug an Coimisinéir Teanga aitheantas don dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas.

Do bhliain 2022, chraol RTÉ 1,075 uair a chloig d'ábhair Ghaeilge ar fud na gceithre seirbhísí líneacha teilifíse sa bhreis ar an aitheantas a bhí ina phlean Gaeilge 2020 do 2022. Thiomsaigh RTÉ plean Gaeilge nua trí bliana don Choimisinéir Teanga i mí na Nollag seo caite a chlúdaíonn na blianta 2023-25. Cuireadh fáilte mhór roimh phlean Gaeilge 2023-25, ag tógáil ar an bplean a bhí ann roimhe seo agus gealltar ann go méadófar na huaireanta craolta Gaeilge íosta ar gach ceann de chuid na trí bliana eile. Díreofar isteach go sonrach sa phlean ar thiomantas RTÉ do chúrsaí reatha Gaeilge i sraith nua cúrsaí reatha, fóram a thosóidh ar theilifís RTÉ1 go luath.

Faoi 2025, beidh méadú de níos mó ná 100,200 uair a chloig d’ábhair Gaeilge á chraoladh ar RTÉ ó 2027 i leith thar roinnt seánraí, lena n-áirítear drámaíocht, daoine óga, spórt, faisnéis nuachta, agus cúrsaí reatha.

Mar is eol don Teachta, cheap mé cathaoirleach ar RTÉ le déanaí agus Coimisinéir um Fhorbairt na Meán agus tá an bheirt acu líofa sa Ghaeilge. Sílim go bhfuil sé sin an-tábhachtach maidir leis an ábhar seo.

Ach níor fhreagair an tAire an cheist maidir le reachtaíocht. Is í an cheist atá agam ná ba léir go raibh an reachtaíocht ró-lag nuair a bhí ar chumas RTÉ neamhaird a dhéanamh ar a gcuid dualgais reachtúla. Is é sin a bhí i gceist le tuarascáil an choimisinéara, nach raibh aon phionós ag gabháil leis sin. Is í an cheist atá agamsa nó an bhfuil sé i gceist ag an Aire an reachtaíocht a láidriú lena dhéanamh cinnte de go gcomhlíonann RTÉ an dlí.

Níl aon phlean agam chun é sin a dhéanamh.

Go raibh maith ag an Aire.

Maidir le daoine a éisteann le Raidió na Gaeltachta, bíonn sé soiléir go bhfuil easpa maoinithe go mór mór ann. Nuair a thagann an Nollaig, an samhradh, agus mar sin de, ní bhíonn an cainéal in ann réimse iomlán clár a chur ar fáil, go háirithe cláir i gcúrsaí reatha a chosnaíonn airgead. An bhfuil sé i gceist ag an Aire reachtaíocht a thabhairt isteach a dhéanfaidh cinnte de go bhfaigheann Raidió na Gaeltachta sciar ceart airgid agus maoinithe agus go mbeidh cothromas pá ann freisin d’fhoireann Raidió na Gaeltachta mar chomhlacht RTÉ?

Is ceist í seo do Choimisiún na Meán mar rialtóir neamhspleách agus is ceist í freisin do RTÉ, sílim.

I ndáiríre, nach bhfuil aon ról mar sin ag an Aire sna gnóthaí seo chun aidhmeanna náisiúnta a chur chun cinn?

Bhuel, maidir leis an stáisiún raidió agus a chuid gealltanas i leith na Gaeilge, is ceist í sin do Choimisiún na Meán mar rialtóir neamhspleách. Mar sin féin, mhéadaigh mé an maoiniú d'ábhair raidió agus teilifíse go suntasach tríd an scéim fuaime agus físe, mar a dúirt mé cheana, le roinnt blianta anuas, lena n-áirítear babhtaí speisialta d’ábhair Ghaeilge. Méadaíonn sé seo an leibhéal d'ábhair Ghaeilge is féidir a bheith i láthair ar an raidió, go háirithe, do lucht éisteachta.

Níl sé sin ag tarlú. Aon duine a éisteann ar Raidió na Gaeltachta, má tá sé nó sí ag cuardach cláir nuachta, níl an stáisiún in ann iad a chraoladh, mar shampla, sa samhradh. Tá cuid acu ann ach cuid eile nach mbíonn ann. Ach tarlaíonn nuacht i gcaitheamh na bliana ar fad.

Thug an Coimisinéir Teanga aitheantas don dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas.

Ach bhain sé sin le RTÉ1, an cainéal teilifíse. Fágfaimid an t-ábhar sin mar atá sé mar tá ábhair eile againn agus níl mé ag iarraidh an coiste a choinneáil ró-fhada aige seo.

Maidir le maoiniú na Gaeilge ag an Roinn go ginearálta, agus an mhír sin di a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht atá sna Meastacháin, tá ceann ann freisin, sílim, d’ealaín agus cultúr. An bhféadfadh an tAire a rá liom, deirim idir airgead agus céatadán, cén t-ardú a tháinig ar an leithdháileadh le haghaidh na Gaeilge do na blianta 2021, 2022 agus 2023, is é sin an céatadán agus an t-airgead? Fiafraím an rud céanna di maidir leis an leithdháileadh do na healaíona agus don chultúr.

Táim anseo inniu chun plé a dhéanamh ar an maoiniú don Ghaeltacht agus don Ghaeilge agus sa chomhthéacs sin, is mian liom mo thiomantas mar Aire do na réimsí sin a athdhearbhú agus leanúint lena chinntiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil dóibh. Tá mhéadú os cionn €35.75 milliún nó 39% tagtha ar mhaoiniú don réimse clár na Gaeltachta le cúig bliana anuas. Níl an maoiniú don Ghaeltacht teoranta do Chlár C de Vóta mo Roinne. Áirítear TG4 faoi Chlár E, na meáin, arb ionann é agus €32.2 milliún in 2023, agus méadú €16 milliún nó 44% i gcomparáid le leithroinnt 2019.

Faoi mhaoiniú faoi Chlár B, na healaíona agus cultúr, cuirtear tacaíocht ar fáil do roinnt tionscnaimh Ghaeilge, lena n áirítear Cruinniú na nÓg faoin gclár ar ildánach, Cine4, agus roinnt clár sna forais náisiúnta chultúrtha, an taispeántas RADHARC i nGailearaí Ealaíne Crawford san áireamh, agus maoiniú d’Ealaín na Gaeltachta agus do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.

Ní hí sin an cheist a chuir mé ar chor ar bith. D'iarr mé ar an Aire cén t-ardú a tháinig ar an allúntas do na ceannteidil a thagann as Gaeilge agus Gaeltacht agus cé mhéad airgead atá i gceist don Ghaeilge agus Gaeltacht in 2021, 2022 agus 2023. Thosaigh an tAire in 2020 agus táim ag iarraidh a fháil amach, mar shampla, má thosaímid ar 2023, cé mhéad airgead atá ag dul don Ghaeilge agus Gaeltacht istigh sna Meastacháin in airgead tirim.

Tiocfaidh mé ar ais leis na figiúirí sin. In 2019, sa bhliain sular ceapadh mé i m’Aire, ba ionann an maoiniú don Ghaeltacht agus don Ghaeilge agus beagán os cionn €60 milliún, arbh ionann é agus 7% den Vóta ag an am. Ba é sin Vóta de €800 milliún a bhí i bhfad níos lú ná mar atá sé anois. Inniu-----

Is figiúr €60 milliún atá luaite ansin ag an Aire. Cé mhéad atá ann in 2023?

Inniu in 2023, is díreach faoi bhun €96 milliún atá an leathroinnt chomhfhreagrach arb ionann é agus 8% den leithroinnt Vóta atá i bhfad níos mó, is é sin, €1.166 milliún.

Cé mhéad a bhí ann d'ealaín agus cultúr in 2019?

Níl na figiúirí anseo agam mar gur cheap mé go raibh mé anseo chun plé a dhéanamh ar mhaoiniú don Ghaeltacht agus an Ghaeilge.

Is ea ach ní féidir maoiniú don Ghaeltacht a phlé gan breathnú ar an tortóg iomlán.

Caithfimid breathnú ar an bpióg iomlán agus caithfimid é a oibriú amach. Faigheann an tAire maoiniú áirithe ón Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe agus ansin déantar leithdháileadh idir Ghaeilge, ealaíon, chultúr agus mheáin. Dúirt an tAire go raibh €60 milliún ann agus go raibh sé imithe go €96 milliún, don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá mé ag iarraidh an rud céanna a fháil amach don ealaín agus cultúr. Tá sé i leabhar na Meastachán.

Bhuel, níl na figiúirí sin agam anseo mar shíl mé gur-----

Thuig mise go rabhamar anseo leis an gceist seo a phlé, is é sin, cé mhéad airgid a bhí ar fáil as na cistí ar fad.

Bhí mé anseo chun plé a dhéanamh ar mhaoiniú don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Ní raibh mé anseo chun plé a dhéanamh ar ealaín.

Is ea ach is maoiniú don Ghaeltacht agus don Ghaeilge é amach as an iomlán airgid atá ag an Roinn.

Ní féidir liom cuntas a thabhairt ar chinntí maoinithe a rinne aon duine de mo réamhtheachtaí ach-----

-----ach sa bhliain 2019, is é sin, a bhliain sular ceapadh i m’Aire mé-----

Gabhaim mo leithscéal. Níl mé ag iarraidh ar an Aire a bheith freagrach as maoiniú 2020 ach oiread mar ní raibh an tAire ann nuair a rinneadh na cinntí maidir le 2020. Tá mé ag iarraidh na figiúirí a fháil maidir le 2020 i gcomparáid le 2021, 2022 agus 2023.

Tá dhá ábhar i gceist. Is é an chéad cheann ná buiséad TG4 agus is é an ceann eile ná leithdháileadh airgead na Roinne. Is é sin é. Is leithdháileadh é. Rinneamar déileáil leis an Aire Stáit, an Teachta O'Donovan, faoin mbriseadh síos laistigh den chlúdach sin a bhí ann don Ghaeltacht, ach ba é an rud a bhí á lorg againn ó thús ná conas ar thángthas ar an gcinneadh maidir leis an méid a bheadh an Ghaeilge, an spórt, na meáin agus rudaí eile ag fáil. Tá an Teachta Ó Cuív i gceart ag cur na gceisteanna.

Is féidir le m'oifigigh na figiúirí sin a sheoladh chuig an Teachta tar éis an chruinnithe. Tá brón orm ach shíl mé go raibh mé anseo chun plé a dhéanamh ar mhaoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Nuair a bhíonn Aire i mbun Roinne, tá ionchur an-mhór ag an Aire ar an gcaoi a ndéantar leithdháileadh den mhaoiniú ar fáil a chuirtear ar fáil don Roinn, idir na cinntí ar fad agus cé orthu a chuirtear béim ó thaobh airgid de. Go hiondúil, bíonn an tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe ag iarraidh a fháil amach céard é atá an tAire ag dul ag caitheamh ach ag deireadh an lae, is é an bhunlíne a bhíonn ag cur as dóibh siúd seachas an mion bhriseadh síos taobh istigh den leithdháileadh. Tá tionchar ollmhór ag an Aire ar bhreis airgead a thabhairt do na healaíona, don chultúr nó don Ghaeilge. Thuig mise gurbh é sin an rud a raibh an coiste ag iarraidh a fháil amach.

Tiocfaidh mé ar ais air sin. Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil méadú tagtha ar an maoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Vóta ó ceapadh mé mar Aire. Tá méadú os cionn €35.7 milliún nó 50% tagtha ar mhaoiniú do réimse clár na Gaeltachta le cúig bhliain anuas. Tá sé tábhachtach é sin a rá. Léiríonn na méaduithe sin cé chomh tiomanta agus atá mé don Ghaeilge agus do phobal na Gaeltachta. Is rud tábhachtach é sin a rá. Léiríonn na méaduithe é sin. Mar Aire, tá orm cothromaíocht a bhaint amach idir brú an chaiteachais agus tosaíocht beartas i ngach réimse clár i gcónaí, lena n-áirítear idirbheartaíocht agus leithroinntí buiséid. Léiríonn na méaduithe atá déanta i réimse clár na Gaeltachta, le cúig bhliain anuas, cé chomh tiomanta agus atá mé don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Leanfaidh mé leis an tiomantas seo sa tréimhse atá amach romhainn. Beidh mé ag moladh chun acmhainní breise a fháil nuair is gá, laistigh de chlár na Gaeltachta, le súil leanúint leis an maoiniú méadaithe le cúig bliana anuas, a mhéid agus is féidir.

Ag fágáil as an nGaeltacht, tar éis airgead Údarás na Gaeltachta agus an t-airgead Gaeltachta a chaitear sa Ghaeltacht, cén méadú a tháinig ar an gcaiteachas faoi na fomhíreanna Gaeilge amhail Foras na Gaeilge agus na scéimeanna taobh amuigh den Ghaeltacht? Cén méadú a tháinig air sin sa tréimhse chéanna?

Le cúig bliana anuas, tháinig méadú os cionn €9.9 milliún nó 66%, leithdháiltí 2019 i gcomparáid le 2023, ar mhaoiniú de scéimeanna tacaíochta Gaeltachta agus Gaeilge.

An bhfuil an Ghaeltacht istigh ansin?

An féidir linn an Ghaeltacht a bhaint as?

Beidh orm é sin a threisiú amach.

Céard faoi Fhoras na Gaeilge?

Tháinig méadú os cionn €5.21 milliún nó 39% ar an maoiniú le haghaidh comhar tras-Teorann faoi fho-cheannteideal C9, Foras Teanga, roimhe seo go dtí Meastachán Athbhreithnithe 2021, thar an tréimhse ó 2019 go dtí seo.

Cé mhéad airgid-----

Tá na figiúirí go léir briste amach anseo agus is féidir liom é a thabhairt don Teachta.

Má tá siad ag an Aire, is féidir léi iad a rá liom. Cé mhéad airgid atá ag Foras na Gaeilge, mar shampla, i mbliana?

I mbliana, tá soláthar iomlán os cionn €18 milliún i Meastacháin mo Roinne do chomhoibriú tras-Teorann, lena n-áirítear leithdháileadh os cionn €17 milliún chun tacú le hobair an Fhorais Theanga, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud an oileáin agus chun feasacht agus úsáid níos leithne na hUltaise agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn, chomh maith le maoiniú chun gealltanas Gaeilge a chomhlíonadh faoi New Decade, New Approach.

Méadaíodh an maoiniú d'áisíneachtaí an Fhorais Theanga, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise in 2021 agus arís in 2022. Anuraidh, chuir mo Roinn maoiniú breise de €700,000 ar fáil do chomhoibriú tras-Teorainn in earnáil na dteangacha. De thairbhe nach raibh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann ag suí agus nár reáchtáladh cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, CATT, le linn 2022, níorbh fhéidir leis na Ranna aontú ar ardú, de thairbhe nár reáchtáladh cruinniú de chuid na comhairle in earnáil na dteangacha le go bhféadfaí an buiséad a mhéadú. Caithfear aontú na Roinne Pobail sa Tuaisceart a fháil maidir le buiséad an Fhorais Theanga agus faomhadh CATT dá réir. Ceall Feidhmeannas an Tuaiscirt a bheith ag suí, beidh soláthar an Fhorais Theanga don bhliain seo, 2023, amhail buiséad na bliana 2022. Tá an soláthar d’Fhoras na Gaeilge os cionn €12 milliún, nó 75% d’ollbhuiséad CATT. Is os cionn €760,000 atá buiséad Ghníomhaireacht na hUltaise, nó 25% de bhuiséad CATT.

Tá fadhb ann. Sé sin, tá an tAire ceangailte le gníomhaíochtaí an Fheidhmeannais. Dá mbeadh an Feidhmeannas ag feidhmiú, b’fhéidir nach bhfaigheadh an Rialtas mórán airde uaidh ach oiread mar nach bhfuil mórán airgid sa Tuaisceart. Táthar gann ar airgead le haghaidh chuile shórt. Cuireann sé sin srian ar an méadú caiteachais ar an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar an oileán seo, Thuaidh agus Theas. Bhí moladh sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge maidir leis seo. Dá gcuirfí i bhfeidhm é, thabharfadh sé cead don Stát airgead a thabhairt don údarás le caitheamh ar fud an oileáin nó in áit ar bith ar domhan, go deimhin, le nach mbeadh muid sáinnithe le heaspa maoinithe ón Tuaisceart. An bhfuil aon rún ag an Aire é sin a chur i bhfeidhm?

Sílim nár glacadh leis an moladh sin.

Bhí sé glactha ag an Rialtas a bhí ann ag an am, mar bhí mé ann nuair a glacadh leis. Tá an Rialtas seo ag dul siar air.

Tháinig Rialtas eile isteach tar éis sin agus níor ghlac sé leis.

Is í an tAire an chéad Aire a d’admhaigh nach bhfuil siad ag cur an straitéis 20 bliain i bhfeidhm. Céard atá i gceist ag an Aire a dhéanamh? Má leanann an Tuaisceart ar aghaidh a bheith gann ar airgead agus gan Feidhmeannas ag feidhmiú, nó fiú má bhíonn an Feidhmeannas ag feidhmiú agus fós tá ganntanas airgid ó Thuaidh, an bhfuil an tAire chun airgead na Gaeilge a choinneáil siar de bharr nach bhfuil an cómhaoiniú ar fáil ón Tuaisceart? An bhfuil i gceist aici feithicil éigin a chur ar fáil le gur féidir linne mar Stát airgead a chur ar fáil don Ghaeilge ar fud na tíre, nó ar fud an domhain nó áit ar bith a shocróidh muid, chun nach mbeimid ag brath ar na Tuaisceartaigh agus an easpa airgid acu siúd?

Tá maoiniú breise curtha ar fáil ag mo Roinn do thionscail agus cláir nach dtagann faoi scáth an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Mar shampla, cuireadh €300,000 breise ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge mar chuid de bhuiséad 2023 agus fógraíodh €300,000 breise d’Fhoras na Gaeilge ag tús na bliana chun tacú le hearnáil na foilsitheoireachta. Chomh maith leis sin, fógraíodh go raibh €300,000 eile curtha ar fáil ag mo Roinn do thionscadal foclóireachta de chuid an fhorais. Fágann sé seo go bhfuil €900,000 breise curtha ar fáil ag mo Roinn go díreach chuig Foras na Gaeilge le tamall beag anuas.

Ní miste a lua go bhfuil mo Roinn an-ghníomhach maidir leis na hiarrachtaí atá ar bun aici teacht ar bhealaí eile chun tacú tuilleadh le pobal na Gaeilge ar fud na tíre, i gcomhar le ceanneagraíochtaí Fhoras na Gaeilge chun go mbeadh sé ar a gcumas an teanga a chur chun cinn agus a threisiú. Chuir mo Roinn €150,000 ar fáil do Chonradh na Gaeilge anuraidh mar chiste spreagtha i gcomhar le Seachtain le Gaeilge, agus tá €200,000 eile ceadaithe le déanaí mar chiste 2023. Chomh maith leis sin, cuireadh €280,000 ar fáil don chonradh chun feachtas gluaiseachta a reáchtáil le dhá bhliain anuas leis an aidhm daoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus eolas a thabhairt dóibh faoi dheiseanna fostaíochta leis an teanga san Eoraip agus anseo in Éirinn.

Tá maoiniú de €325,000 ceadaithe don togra Baile Átha Cliath le Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge don tréimhse 2022 go 2024. Tá €290,000 eile curtha ar fáil d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus don scéim teanga tí atá á reáchtáil ag na ceanneagraíochtaí Glór na nGael agus Gaeloideachas Teoranta. Fógraíodh ag tús na bliana €80,000 d’Oireachtas na Gaeilge le tús a chur le forbairt áiseanna cartlanna i gcomhpháirtíocht le Fiontar agus scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh an maoiniú seo mar thaca don oireachtas le clár iomlán a fhorbairt chun cartlann nua dhigiteach a chur ar fáil ar líne sna blianta amach romhainn. Tá pleananna againn do mhaoiniú suntasach breise i scéim Gaelbhratach.

Tá an tAire ag caint ar na céadta míle. Mar a dúirt Ard-Rúnaí Roinn eile inné, sin mionairgead. Ní déarfaidh mé níos mó.

Tá os cionn €1 milliún ansin.

Tá a fhios agam. Buille os cionn €1 milliún. Céard a dúirt an tArd-Rúnaí inné faoi €1 milliún? Sin mionairgead.

Ní féidir liom aon rud a rá faoi cad a dúirt sé inné. Tá mé ag tabhairt-----

Bhíodh an fear seo i gceannas ar airgead Stáit agus sin a thug sé air – mionairgead.

An bhfuil ceist dhíreach ag an Teachta?

Níl. Sin mo chuidsa deiridh.

Tá roinnt ceisteanna agamsa. Ní fheicim go bhfuil aon duine eile ag teacht isteach ag an bpointe seo. Measaim go bhfuil sé ceart go ndéanaimid comhbhrón le clann agus comhghleacaithe Sheán Ó Tuairisg, atá imithe ar shlí na fírinne. Suaimhneas síoraí dó. Duine de cheannródaithe raidió Gaeilge in Éirinn, a bhí gafa le Saor Raidió Chonamara ar dtús báire agus ansin le Raidió na Gaeltachta, ab ea é. Ina dhiaidh, bhí sé bainteach leis an ngluaiseacht do chearta sibhialta. Measaim go bhfuil sé ceart, agus muid ag caint faoi na meáin Ghaeilge, an deis sin a thapú.

Tá cúpla ceist agam maidir leis na meáin agus ceann nó dhó eile. Ceist nach bhfuil freagartha ach b’fhéidir gur féidir roinnt suntais a thabhairt di agus í a ardú le Coimisiún na Meán ná cad go díreach is clár Gaeilge ann. Tá a fhios againn cad is clár Béarla ann ach ó thaobh an BAI níl sé soiléir go díreach cad is clár Gaeilge ann. Cé mhéad Gaeilge ar gá a bheith ann agus cé mhéad Béarla atá inghlactha ann? Bíonn Béarla go minic le cloisteáil agus níl aon chéatadán ann ó thaobh an Bhéarla de. Caithfidh sé a bheith soiléir cad é clár dátheangach, mar shampla. Tá roinnt acu atá dátheangach agus tá siad thíos mar chlár Gaeilge agus ag fáil íocaíocht mar chlár Gaeilge ach bíonn an oiread céanna Béarla ann agus atá Gaeilge.

Bhí muid ag caint faoi níos luaithe faoi mhaoiniú TG4. Sin an cheist a bhí anseo. Tá a fhios agam go bhfuil Coimisiún na Meán ann agus gach rud eile, ach ó thaobh TG4 de, fáiltím roimh an ardú suntasach thar na blianta do TG4. Is léir ón obair atá á dhéanamh acu go bhfuil siad ag caitheamh an airgid sin i gceart agus nach bhfuil sé ag dul isteach i bpoll slogaidí. Measaim gur €52 milliún an fhigiúir faoi láthair, ach nuair a chuirtear i gcomparáid le S4C é, mar shampla, tá dhá oiread airgid á fháil ag S4C agus atá á fháil ag TG4. Nuair a bhí an tAire ag freagairt maidir leis an bplean digiteach agus an plean maidir le Cúla4, is léir go bhfuil siad ag pleanáil ar an ngannchuid, in ainneoin an ardaithe atá faighte.

Bhí TG4 agus dreamanna ó na meáin Ghaeilge anseo os ár gcomhair agus is léir gur ghá fós leanúint leis an ardú suntasach ionas go sroichfimid, ar a laghad, comhréir le stáisiúin cosúil le S4C nó, fiú amháin, an staisiúin teilifíse i dTír na mBascach, áit atá siad ag streachailt leis an sórt fadhbanna céanna is atá againn mar theangacha mionlaigh i ndomhan Béarla nó teanga eile atá i bhfad níos láidre nó an teanga mionlaigh sin.

Tá ceist eile agam, agus tá a fhios agam go bhfuil ról ag Coimisiún na Meán ann, ach amach anseo, cuirim ceist faoi stáisiún raidió do dhéagóirí agus a leithéid. Bíonn daoine ag caint faoi stáisiún Raidió Rí-Rá, mar is é sin an cineál choincheapa maidir leis na meáin atá ann atá dírithe orthu siúd atá óg. Tá na meáin mar seo in ann craoladh i mbealaí difriúla chun an lucht éisteachta sin a shroicheadh.

Fad is atáimid ag caint faoi na meáin i gcoitinne, agus tá gach rud eile sórt ceangailte, tá fíorbheagán airgid, maoinithe nó deontas ar fáil do na meáin chlóite nó nuachta eile ar nós Tuairisc.ie, Nós.ie, Peig.ie nó a leithéid chun dul in iomaíocht leis na nuachtáin Bhéarla ar fad. Tá súil agam go mbeidh an tAire ag díriú isteach ar an gcaoi is féidir breis maoinithe a fháil do na meáin chlóite nó ar líne atá ann anois. Tá irisí ar líne, tá nuachtáin ar líne agus tá géarghá cuidiú leo ionas go mbeidh siad in ann a bheith ar chomhchéim lena leithéid i mBéarla. Mar shampla, chonaiceamar an fógra an tseachtain seo caite ó Mediahuis, an dream atá i gceannas ar an Irish Independent agus a leithéid, go mbeidh an comhlacht sin críochnaithe le clóbhualadh nuachtán faoi 2030 mar go dtuigeann sé go bhfuil na nuachtáin ag dul ar líne. Chun go mbeadh na heagrais, na nuachtáin, nó na tréimhseacháin Ghaeilge in ann dul san iomaíocht leo siúd ar líne, caithfear airgead a bheith ar fáil dóibh.

Tá ceist dheireanach agamsa maidir leis na meáin, is é sin faoin gCoimisinéir Teanga. Táimid anois gan Choimisinéir Teanga agus tá an tuarascáil is déanaí foilsithe ag oifig an choimisinéara inniu, is dóigh liom, mar a tuairiscíodh sna nuachtáin. Tá fadhb ann mar go raibh an folúntas ann ach nach raibh an córas nó an feachtas ceapacháin tosaithe a luaithe agus a bhí a fhios ag an Aire go raibh an folúntas sin le líonadh. Bheadh an t-eolas sin ag an Aire níos tapúla ná mar a bheadh sé ag an gcuid eile dínn. Rinne an iarchoimisinéir, Rónán Ó Domhnaill, sárobair nuair a bhí sé ina choimisinéir agus roghnaigh an tAire é mar cheann de na coimisinéirí i gCoimisiún na Meán nua. Bheadh a fhios ag an Aire láithreach, dá réir, nuair a ghlac Rónán Ó Domhnaill an cinneadh sin go raibh gá le duine a roghnú nó a fhostú chun teacht i gcomharbas air. An bhfuil aon mhíniú ag an Aire maidir leis sin, lena toil?

Tá ceist dheireanach eile anois agam mar bhí na ceisteanna ar fad eile a chuir mé cheana féin ceangailte le chéile. Tá an cheist dheireanach seo ar ábhar iomlán difriúil, is é sin faoin a laghad airgid a cuireadh ar fáil Údarás na Gaeltachta i mbliana. D'ardaigh mé an cheist seo leis an Aire Stáit, an Teachta O’Donovan, agus níor thug sé aon fhreagra chuí dúinn faoin a laghad airgid bhreise a tugadh don údarás. Bhí an Teachta Connolly ag labhairt faoi nach raibh airgead breise ag an údarás chun caitheamh ar chaiteachas caipitil togra amháin. Mura bhfuil airgead breise ag an údarás ag an am i láthair chun caitheamh ar obair caipitil chun comhlachtaí nó a leithéid a mhealladh isteach sa ceantar nó do scéimeanna eile atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta, is siar atá an t-údarás agus muid féin ag dul. Is iad sin mo cheisteanna don Aire, lena toil.

Bhí an chéad phointe a rinne an Teachta faoi chláir dhátheangacha seachas cláir Ghaeilge. Creideann go leor daoine go bhfuil gá leanúint leis an dtacaíocht a thabhairt do sholáthar níos mó ábhair Ghaeilge sna meáin trí chéile chun an teanga a chur chun cinn. Ó rinneadh Aire díom, tá an maoiniú sin sa bhreis á chur ar fáil agam do scéim fís agus fuaim. Chumasaigh an maoiniú breise seo anuraidh babhta maoinithe ar leith d'ábhair Ghaeilge, agus faoin mbabhta sin, leithroinneadh beagnach €2 milliún chun tacú le forbairt 15 tionscadal nua raidió agus teilifíse i nGaeilge. Is faoi Choimisiún na Meán agus Údarás Craolacháin na hÉireann roimhe seo atá cinntí maidir le maoiniú a bhronntar faoin scéim fís agus fuaim déanta, agus is gné thábhachtach chun tacú le hábhair Ghaeilge maidir le maoiniú ar fad is ea an scéim fís agus fuaim. Tá gealltanas tugtha faoin scéim seo go mbronnfar idir 20% agus 25% den mhaoiniú ar ábhar Gaeilge agus táim sásta go bhfuil an gealltanas sin á chomhlíonadh agus, go minic, go dtéitear thar leibhéal an ghealltanais sin.

Maidir le TG4, admhaím nach bhfuil aon oibleagáidí ar leith air líon socraithe de chláir Ghaeilge a chraoladh. Ceanglaítear ar TG4 cláir atá i nGaeilge go príomha a chraoladh agus a fhreastalaíonn, ní hamháin orthu siúd arb iad an Ghaeilge is fearr leo a labhair, ach orthu sin freisin a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. Tá sé tábhachtach, dá réir, go gcuirfeadh TG4 an chothromaíocht cheart ar fáil agus go bhféachfadh an stáisiún leis an lucht féachana is leithne agus is féidir a mhealladh agus a chinntiú freisin go leanfaidh sé le cláir chuimsitheacha a chraoladh. Creidim go gcomhlíonann TG4 an ról sin.

Maidir leis an gceist eile faoi Raidió Rí-Rá, mar a dúirt mé leis an Teachta eile, ba mhaith liom, más féidir, an cineál seo seirbhíse i bhfeidhm do dhaoine óga a fheiceáil ach tá Coimisiún na Meán, atá ina rialtóir craolacháin neamhspleách, freagrach as seirbhísí craolacháin ar stáisiúin raidió neamhspleácha a cheadúnú in Éirinn. Is é Coimisiún na Meán, agus ní mise mar Aire, a thionscnaíonn an próiseas ceadúnaithe do sheirbhísí raidió. Mar a leagtar amach sa reachtaíocht, tá próiseas foirmiúil reachtúil rialála ann maidir le seirbhísí a thabhairt isteach a dhéanann an rialtóir neamhspleách, agus ní mór dó go leor gnéithe a chur san áireamh, lena n áirítear na himpleachtaí a bhaineann le cúnamh Stáit.

Tabharfaidh Coimisiún na Meán aghaidh ar na chéad chéimeanna eile ina chlár oibre atá á ullmhú aige faoi láthair, mar a dúirt mé leis an Teachta eile. Go ginearálta, beidh na nithe seo a leanas i gceist leis an bpróiseas: straitéis nó plean ceadúnaithe a ullmhú ina leagtar amach líon, cineál agus ré na gconarthaí craolacháin a bheartaíonn an t-údarás a dhéanamh; measúnú ar an tionchar earnála a dhéantar i gcás conarthaí tráchtála; iarratais nó léirithe spéise a lorg agus gach iarratas a mheasúnú de réir fhorálacha an Achta Craolacháin, 2009; agus dul i dteagmháil le ComReg agus a bheith freagrach as spás speictrim a leithdháileadh ar gach seirbhís craolacháin. Tá sé seo tábhachtach é seo a thabhairt faoi deara go háirithe i gcomhthéacs soláthar teoranta speictrim do stáisiúin náisiúnta FM eile. Mar a dúirt mé, más féidir an tseirbhís seo a chur ar fáil, ba mhaith liom é sin a dhéanamh ach ní ceist shimplí é maidir le maoiniú a chur ar fáil d'eagraíocht seirbhíse agus an próiseas ceadúnaithe reachtúil a leanúint.

Tuigtear dom go bhfuil trí scéim ar leith á reáchtáil ag Foras na Gaeilge faoi láthair le tacaíocht a chur ar fáil do na meáin scríofa i nGaeilge. Tá scéim do nuachtáin ar líne faoina fhaigheann Tuairisc.ie tacaíocht, tá scéim d’irisí Gaeilge faoina fhaigheann Comhar tacaíocht, agus tá scéim d'irisí stíl mhaireachtála faoina fhaigheann Nós.ie maoiniú. Is scéimeanna cúig bliana atá sna trí scéim seo agus cuirfear suas le €2.5 milliún ar fáil do na trí fhoilseachán seo thar tréimhse na scéime. Rithfidh na conarthaí maoinithe seo ó 1 Iúil 2020 go dtí 30 Meitheamh 2025.

Maidir le Tuarisc.ie, beidh deontas ar luach €1.7 milliún á íoc do thréimhse cúig bliana go Meitheamh 2025. Is deontas bliantúil é sin atá os cionn €300,000. Bhí beagnach milliún cuairteanna ar shuíomh Tuairisc.ie sa bhliain 2022 agus líon iomlán de 357 úsáideoirí ar leith le linn na bliana. Faoi láthair, níl aon rún ag Foras na Gaeilge na scéimeanna seo a leathnú amach, ach mar is eol don choiste, tá deiseanna nua ar fáil do na meáin Ghaeilge de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tá sé mar fhoráil san Acht go bhfuil sé de dhualgas ar gach comhlacht poiblí sa Stát 5% de bhuiséid bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge. Leis an airgead breise seo ar fáil d’earnáil na meáin Ghaeilge, tiocfaidh deiseanna gnó chun cinn do na meáin Ghaeilge, nuachtán agus irisí, ar líne agus clóite san áireamh, chun tuilleadh airgead tráchtála a shaothrú gan a bheith ag braith ar mhórdheontais Stáit le leanúint de bheith ag trádáil. Tá poitéinseal sa chur chuige nua seo borradh a chur faoi earnáil sna blianta amach romhainn, rud a chruthóidh spéis agus deiseanna nua i measc iriseoirí, scríbhneoirí agus fiontraithe a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Maidir leis na meáin clóite, d’éirí liom €6 milliún a fháil le haghaidh dhá scéim nua maoinithe meán, sé sin, tuairisciú ar na cúirteanna agus tuairisciú ar an daonlathas áitiúil. Beidh na scéimeanna seo neodrach ó thaobh ardán de agus beidh Tuairisc.ie i dteideal iarratas a dhéanamh. Déanfaidh Coimisiún na Meán na scéimeanna seo a riaradh níos déanaí i mbliana.

Mar is eol don choiste, d’éirigh Rónán Ó Domhnaill as a ról mar Choimisinéir Teanga ar 12 Feabhra 2023 lena ceapadh i ról nua mar Choimisinéir um Fhorbairt na Meán i gCoimisiún na Meán. Ar mhaith le leanúnachas a chinntiú i bhfeidhmiú cúramaí Oifig an Choimisinéara Teanga agus tar éis dó comhairle dlí a fháil ar an ábhar, tá feidhmeanna an Choimisinéara Teanga á dtarmligean chuig stiúrthóir na hoifige, Séamas Ó Concheanainn, faoi mar a cheadaítear faoi mhír 19 den Dara Sceideal d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Tá na feidhmeanna sin á dtarmligean aige ón 12 Feabhra go dtí go gceapfar Coimisinéir Teanga nua. Tá an Roinn ag tabhairt socruithe chun críche leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun comórtas a fhógairt do phost an Choimisinéara Teanga, agus táimid ag súil go n-eiseofar an fógra go gairid.

Tá soláthar do mhaoiniú ós cionn €14 milliún curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta i mbliana i gcomhar riarachán pá agus pinsin. Is méadú ós cionn €1 mhilliún é sin ar bhuiséid 2022. D’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta a ráiteas deireadh bliana le déanaí agus léirítear ann gur coinníodh fostaíochtaí Gaeltachta ag leibhéil seasmhach le linn 2022 agus go raibh fás suntasach i roinnt earnálacha tábhachtacha. Bhí 8,235 de na poist seo i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2022, i gcomparáid le 8,084 in 2021. Cruthaíodh líon suntasach poist in earnálacha na ndéantúsaíochtaí nideoige turasóireachta agus na teanga agus léiríodh seasmhacht agus buanadas i margadh fostaíochta na Gaeltachta. Nuair a thugtar laghdú poist san áireamh, feictear glanmhéadú do 151 poist ina iomláine agus ardú ar an líon fostaíocht i bhformhór na ceantair Ghaeltachta.

Ó thaobh na réigiún de, tá sé luaite sa ráiteas go raibh cúrsaí fostaíochta an-dearfach i gCiarraí, áit a raibh glanmhéadú de 83 post, sé sin, méadú 13% i gcomparáid le 2021. Bhí an fhostaíocht láidir freisin i bPort Láirge agus i gContae na Mí. Tar éis deacrachtaí na paindéime Covid-19, bhí dúshláin eacnamaíochta le sárú ag comhlachtaí le linn 2022, go príomha i dtaobh ardaithe ar chostais – costais fuinneamh go háirithe – agus timpeallacht leochaileach trádála go idirnáisiúnta de bharr coinníollacha geopholaitíochta. Tá seasmhacht léirithe ag comhlachtaí Gaeltachta agus téarnamh áirithe feicthe sa bhfostaíocht atá á thiomáint ag nuálaíocht na gcomhlachtaí.

Níl sé fíor a rá nach bhfuil airgead caipitil ag Údarás na Gaeltachta. Ní raibh an Teachta Connolly ach ag caint faoi thogra amháin, Ionad Pobal Mhaigh Cuilinn. Beidh airgead ar fháil ó fhoinsí eile don togra sin, mo Roinn féin agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ina measc. D’fhéadfadh airgead a bheith ar fáil don údarás do thograí Mhaigh Cuilinn sna blianta amach romhainn, ag braith ar an Meastachán sna blianta sin. Níl an togra sin ach sa staid pleanála faoi láthair.

Sílim go bhfuil gach rud ansin.

Is é an rud a bhí i gceist agam ná nach raibh aon airgid caipitil breise tugtha don údarás. Ní raibh sé díreach ar an togra sin. Bhí airgead breise ann don riarachán agus pá agus a leithéid agus itheadh a lán de sin suas ag ardú pá agus ardaithe ó thaobh pinsin de. I gcomparáid leis an IDA nó Fiontair Éireann, bhí fíor-bheagáin d’ardú ann don údarás.

I dtaca leis ceann de na ceisteanna a chur mé, an rud a bhí i gceist agam ná de réir Údarás Craolacháin na hÉireann, BAI, caithfear 30% de chlár a bheith i nGaeilge le bheith sainithe mar chlár dhátheangach ach níl aon sainmhíniú atá chomh soiléir céanna ar ceard atá i gceist le clár Gaeilge. Dar leis an BAI, is féidir leis an mBéarla a bheith fite fuaite tríd an gclár, nó a bheith fánach nó riachtanach. Níl sé soiléir an gá go mbeadh 80% nó 90% den chlár a bheith i nGaeilge; níl aon sainmhíniú ann. B’fhéidir gur rud é seo gur féidir díriú isteach ar.

Breathnóidh mé ar sin.

Níl mé ag súil go mbeadh freagra ag an Aire díreach anois, ach tá gá le sainmhíniú a bheith ann. Cuireann sé as do a lán Gaeilgeoirí atá ag féachaint ar chlár nuair atá an an iomarca Béarla fite fuaite sa chlár agus go bhfuil buntáiste á bhaint acu siúd atá ag déanamh an chlár tríd é a bheith ainmnithe mar chlár Gaeilge.

Breathnóidh mé ar an bpointe sin agus tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta má tá sé sin ceart go leor.

Dúirt an tAire go bhfuil próiseas ar bun le duine a cheapadh mar Choimisinéir Teanga agus go bhfuil an tSeirbhís um Ceapacháin Phoiblí á úsáid. Níl aon riachtanas ann go dtarlódh sin san Acht, go bhfios domsa. Cén fáth nach gcinnteoidh an tAire agus an Rialtas ag deireadh an lae gurb é an tUachtarán a dhéanfadh an ceapachán ar an gCoimisinéir Teanga? Cén fáth nach bhfágfaí aige an cinneadh a dhéanamh ar cé a bheadh ina choimisinéir, mar a tharla cheana?

An dara cheist ná an bhfuil barántas faighte go n-eagróidh an tSeirbhís Ceapacháin Phoiblí an earcaíocht go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Cinnte don dara cheist. Maidir leis an gcéad cheist, sílim gur gnáth rud é sin inniu. Caithfear é sin a dhéanamh i spiorad na gcothromaíochta.

Glactar leis nach bhfuil aon soláthar dá leithéid san Acht agus nuair a bhí Teachtaí ag dul tríd anuraidh, dá gceapfadh sibh go raibh a leithéid inmholta, cén fáth nár cuireadh san Acht é? Níl sé san Acht. Tá sé go hiomlán faoin Aire, duine a mholadh don Rialtas agus ansin go mholfadh an Rialtas don Uachtaráin duine a cheapadh. Is é sin mo chuimhne ar an rud.

Níl sé san Acht. Is sean-Acht é.

Ní sean-Acht é. Leasaíodh anuraidh nó arú anuraidh é.

Tá an chuid sin dó sa tsean-Acht.

Leasaíodh an tAcht, mar sin aon rud a bhí ró-shean nó gur ceapadh nach raibh feidhm leis, bhí sé ceaptha a bheith leasuithe. Níl sé sean. Is 2003 a bhí i gceist dála an scéil, agus tá go leor Achtanna fós ag dul siar go dtí an t-am sin.

Is gnáth nós é don Rialtas agus tá próiseas ar siúl anois.

Sin é; táimid i dteagmháil leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun tús a chur leis an phróiseas gan mhoill.

Nach bhfuil sé tosaithe fiú?

Níl sé foilsithe fós.

Cén fáth nach bhfuil sé foilsithe fós? Táimid ag dul ar an mbóthar fadálach seo. Feicimid é seo an t-am uilig; cuirtear moill ar chuile shórt agus cuirtear moill leis an obair. Tá a fhios agam go bhfuil duine sealadach ceaptha ach ní bhíonn duine sealadach riamh mar a chéile le duine buan. Cén fáth, an lá dár gcionn, nach rabhthas in ann dul ag an tseirbhís agus a insint dó é seo a fhógairt láithreach in ainm Dé?

Tá an Roinn ag tabhairt socraithe chun críche leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun comórtas do phost an Choimisinéara Teanga a fhógairt. Táthar ag súil go n-eiseofar an fógra go gairid agus tá seans ann go dtógfaidh sé suas le trí mhí chun iarrthóir a roghnú ó dháta an fhógra agus go bhféadfaí go mbeadh lár an tsamhraidh ann sula mbeidh duine nua tosaithe sa phost. Áfach, tá na feidhmeanna ar mhaithe le leanúnachais á gcinntiú i bhfeidhm i gcúraimí oifig an Choimisinéara Teanga agus tar éis dó comhairle dlí a fháil ar an ábhar tá feidhmeanna an Choimisinéara Teanga á dtarmligean chun stiúrthóir na hoifige, Séamas Ó Concheanainn, faoi mar a cheadaítear faoi mhír 9 den Dara Sceideal d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus tá na feidhmeanna sin á dtarmligean aige ón 12 Feabhra 2023 go dtí go gceapfar Coimisinéir Teanga nua.

Sé mhí a bheidh ann ó a d'éirigh an Coimisinéir Teanga as go dtí go mbeidh ceann nua ann.

Cén dáta ar éirigh sé as an obair sin?

Ar an 12 Feabhra.

D'éirigh Rónán as ar an 12 Feabhra.

Cén mhí a cheapann an tAire go mbeidh duine ceaptha?

I lár an tsamhraidh.

Trí mhí tar éis an-----

Ach go hiondúil ní bhíonn aon chruinniú Rialtais idir dheireadh mí Iúil agus mí Meán Fómhair nó deireadh mí Lúnasa.

Seacht mhí a bheadh ansin.

Tá Séamas Ó Concheanainn ansin.

Tá a fhios agam agus is fearr an-bhreá ar fad é ach ní shin an pointe; ní hé an Coimisinéir Teanga é.

Táimid ag súil go bhféadfaí go mbeadh lár an tsamhraidh ann sula mbeidh an duine nua tosaithe sa phost agus beidh cruinniú an Rialtais i mí Iúil.

Ní lár an tsamhraidh é mar ní bheidh sé ann i mí an Mheithimh. Sin an samhradh. Críochnaíonn an samhradh ar mo lá breithe. Am éigin san fhómhair a bheidh sé ann.

Ba mhaith liomsa cur leis an gcomhbhrón a rinne an Cathaoirleach le muintir Uí Thuairisg; fear an-bhreá a bhí ann. Bhí aithne mhaith agam air agus rinne sé a chuid féin don Ghaeilge; níl amhras ar bith faoi sin. Go ndéana Dia grásta air.

Tacaím leis an chomhbhrón sin freisin.

Glacaim leis go bhfuilimid ar fad den tuairim céanna toisc na hoibre breá a rinne sé thar na blianta. Chas sé linn uilig mar an céanna nuair a rinne sé agallamh orainn. Ní raibh cairde aige nuair a bhí muid os a chomhair; bhí sé dian go leor orainn ar fad.

Agus é sin ráite, cuirfidh mé clabhsúr leis an gcruinniú. Gabhaim buíochas leis an Aire agus le hoifigigh na Roinne - Katherine Licken, Tríona Quill, Aodhán Mac Cormaic agus Eoghan Ó Droighneáin - as a bheith linn chun an cur i láthair a dhéanamh agus na ceisteanna a fhreagairt.

Tá sé i gceist againn go mbeidh an chéad chruinniú poiblí eile den chomhchoiste ar 1.30 p.m. an Céadaoin seo chugainn anseo i seomra coiste 4, nuair a dhéanfar grinnscrúdú réamhreachtaíochta ar cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022. Beidh ionadaithe anseo thar cheann Women for Election agus déanfaimid plé ar na forálacha nó na ceannteidil atá sa Bhille sin ag an am sin.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.14 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 26 Aibreán 2023.
Top
Share