Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Friday, 8 Mar 2024

Cathair na Gaillimhe, Cathair na Gaeilge: Plé

De réir Airteagal 15.1.3° den Bhunreacht, tá cinneadh déanta ag Dáil Éireann agus Seanad Éireann go bhféadfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge teacht le chéile i gcathair na Gaillimhe, ar an 8 Márta 2024, ionas gur féidir leis cloisteáil ó ghrúpaí pobail agus ó phobail chathair na Gaillimhe, ar an láthair, ar oibriú beartas náisiúnta agus áitiúil, de réir mar a imríonn siad tionchar ar phobal chathair na Gaillimhe. Tá sé seo ag tarlú ar an gcoinníoll, de bhun Bhuan-Ordú 82(3), go bhféadfaidh comhaltaí páirt a ghlacadh i gcruinniú den sórt sin ó thearmann an Oireachtais trí úsáid a bhaint as an ardán fís-chomhdhála a ndearna Coimisiún Thithe an Oireachtais faomhadh air agus a sholáthraíonn sé.

Má tá aon chomhalta de Thithe an Oireachtais ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chruinniú, ní mór dó nó di a bheith i láthair go fisiciúil laistigh de phurláin Chomhairle Chontae na Gaillimhe nó laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais i mBaile Átha Cliath. Níl cead acu páirt a ghlacadh sa chruinniú ó áit ar bith eile. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 12 meánlae más gá. Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste roimh comhaltaí eile atá ag freastal ar an chruinniú seo agus roimh an lucht féachana san Áiléar Poiblí agus ar theilifís an Oireachtais chomh maith.

Tógfaidh mé an deis seo anois chun fáilte a fhearadh roimh chathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Liam Ó Chonghaile. Déanfaidh sé cúpla focal a rá leis an choiste.

Mr. Liam Ó Conghaile

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach. Cuirim céad míle fáilte roimh na Teachtaí Dála, na Seanadóirí, comhairleoirí, foireann Thithe an Oireachtais agus daoine uaisle chuig an ócáid speisialta seo inniu. Is mór an phribhléid go bhfuil comhdháil de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag cur na hócáide seo ar siúl ó hÁras Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Is iontach go bhfuil an comhdháil á reáchtáil i nGaillimh le linn Sheachtain na Gaeilge ó chroílár an chontae ina bhfuil an ceantar Gaeltachta is mó sa tír agus atá suite ar thairseach na Gaeltachta. Is iontach go bhfuil an comhchoiste anseo chun tuairimí an phobail a nochtadh agus a chíoradh agus go mbeidh an pobal ábalta iad a chur faoi bhráid an Rialtais. Tá súil agam go mbainfidh gach duine sásamh as an chomhdháil agus go n-éireoidh go geal le gach duine go léir.

Gabhaim buíochas le Liam Ó Chonghaile. Go n-éirí go geal leis agus leis an chomhairle amach anseo.

Anois, leanfaidh muid leis an chuid eile den chlár. Is mian liom fáilte a fhearadh roimh ár bhfinnéithe anseo chun an t-ábhar atá os ár gcomhair inniu a phlé; is é sin conas cathair na Gaillimhe, mar chathair na Gaeilge, a fhorbairt agus conas nasc a chruthú idir an cathair agus ceantair Ghaeltachta an chontae. Ag cuidiú leis an chomhchoiste inniu tá Bríd Ní Chonghóile; príomhfheidhmeannach Gaillimh le Gaeilge; Róisín Ní Chinnéide, bainisteoir abhcóide le Conradh le Gaeilge; Caroline Ní Fhlatharta, oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe; Orlaith Ní Mheachair, oifigeach Gaeilge in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh; Marcus Ó Conaire, oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; agus Darach Ó Tuairisg, stiúrthóir bainistíochta An Fíbín sa Taibhdhearc.

Is mian liom a chur ar thaifead go bhfuil na finnéithe seo ag freastal go fisiciúil ar an chruinniú laistigh den sheomra ina bhfuil an cruinniú ar siúl. Is ócáid stairiúil í seo agus comhaltaí chomhchoiste na Gaeilge ag bualadh le pobal na Gaeilge i gcathair na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge. Is mian liom an deis seo a thapú chun buíochas ó chroí a ghabháil le Comhairle Chontae na Gaillimhe; leis an phríomhfheidhmeannach, Liam Conneally; leis an oifigeach Gaeilge sa chomhairle contae, Máirtín Ó Donnchadha; agus leis an chathaoirleach, atá díreach tar éis labhairt linn, Liam Ó Conghaile.

Ní mór dom na rialacha seo a léamh amach chun na finnéithe ar an eolas fúthu. Sula leanann muid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an chruinniú seo. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as don chóras craolacháin. Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais, nó sa seomra seo, agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais nó áit éigin eile seachas an áit seo. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach. Aontaímid leis na rialacha sin.

Anois, díreoidh muid isteach ar ábhar an chruinnithe seo; is é sin ná cathair na Gaillimhe mar chathair na Gaeilge, conas an cathair a fhorbairt agus conas nasc a chruthú idir an cathair agus ceantair Gaeltachta an chontae. Ar dtús báire, iarraim ar Bhríd Ní Chonghóile, ceannaire na bhfinnéithe ag an chruinniú seo, an ráiteas tosaigh thar ceann Gaillimh le Gaeilge a léamh.

Ms Bríd Ní Chonghóile

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach. Thar ceann bhord stiúrtha Gaillimh le Gaeilge, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an gcuireadh a thug sé chun labhairt leis inniu chun ár gcuid tuairimí a thabhairt dó maidir le cathair na Gaillimhe mar chathair na Gaeilge, conas an cathair a fhorbairt agus conas nasc a chruthú idir an cathair agus na ceantair Ghaeltachta sa chontae. I dtosach, is mian liom buíochas a ghabháil leis na finnéithe go léir atá anseo i mo theannta chun ár gcuid smaointe agus ár gcuid moltaí a roinnt leis an choiste mar chuid den phlé ar an ábhar sin. Tá siad ainmnithe ag an Chathaoirleach cheana féin. Is mian liom an deis seo a thógáil chun comhghairdeas a dhéanamh leis an Taibhdhearc agus An Fíbín as an maoiniú ar thug an tAire Stáit, an Teachta Patrick O’Donovan, a bhfuil cúram na Gaeltachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí air, dóibh inné. D’fhógair sé é sa Taibhdhearc. Guím gach rath ar a gcuid oibre.

Bunaíodh an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge le dearbhú go leanfadh an buntáiste mór geilleagrach don chathair a ghabhann leis an nGaeilge. Ó bhunú na heagraíochta, tá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge infheictheacht na Gaeilge a mhéadú, agus úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn agus a threisiú sa chathair. Seo a leanas roinnt de na tograí a bhíonn idir lámha againn go bliantúil: Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i gcomhar leis an Galway Advertiser, TG4 agus le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe; coiste logainmneacha na Gaillimhe i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe; an tseirbhís An Ghaeilge sa Ghnó; agus cairde Ghaillimh le Gaeilge.

Déantar an obair ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn agus ár stádas oifigiúil mar chathair dhátheangach a threisiú.

Ó 2022 ar aghaidh, ghlac 250 gnólacht agus eagraíocht éagsúil ó réimse leathan earnálacha i gcathair na Gaillimhe páirt i ngradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus tá 99% de na heastáit tithíochta nua ainmnithe i nGaeilge i gcathair na Gaillimhe. I mí na Bealtaine 2017, fógraíodh go mbeadh Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus páirtithe leasmhara eile, sa stiúir maidir le plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do chathair na Gaillimhe.

Moltar sa phlean Áis ar Líne eolaire gnó a fhorbairt a thabharfadh eolas faoi sheirbhísí Gaeilge na cathrach mar aon le suaitheantais chun cainteoirí Gaeilge a aithint. Tá os cionn 100 fostaí sa chathair cláraithe anois ar an eolaire agus tá eolas ar fáil freisin maidir le himeachtaí Gaeilge a bheidh ag tarlú sa chathair. Comhthreomhar le seoladh an eolaire, sheol Ollscoil na Gaillimhe suaitheantais nua chun freastal níos fearr agus níos leithne a dhéanamh ar phobal Gaeilge na hollscoile. Tá na suaitheantais seo á scaipeadh ar fhostaithe na cathrach atá in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Sa phlean teanga, agus nuair a bhí straitéis nua á réiteach againn dár n-eagraíocht, luadh go minic go raibh gá le himeachtaí sóisialta as Gaeilge agus go dátheangach a eagrú sa chathair. Dá réir sin, d’eagraigh muid an fhéile is nua i gcathair na Gaillimhe, Tonnta, den chéad uair i mbliana le linn deireadh seachtaine na féile Bríde. D’fhreastail 5,700 duine ar na 31 imeachtaí dátheangacha a bhí ar siúl sa chathair le linn na féile trí lá. Bhí an fhéile cómhaoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fáilte Ireland, RTÉ agus Gaillimh le Gaeilge. Mar chuid d’ainmniú na Gaillimhe mar chathair chultúir agus mar chathair oifigiúil dhátheangach, bunaíodh comhpháirtíocht freisin le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe agus cuireadh tacaíocht den scoth ar fáil ó Fíbín sa Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

I measc na dtosaíochtaí nua i straitéis na heagraíochta do na blianta 2023 go 2026, tá stádas mar bhaile seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach do Ghaillimh, ar mhaithe leis an gcathair a threisiú mar chathair dhátheangach. Lena chois sin, tá sé beartaithe againn lárionad cultúrtha Gaeilge a éascú sa chathair. Tá lárionad cultúrtha Gaeilge a bhunú sa chathair agus deiseanna sóisialaithe teanga a chur ar fáil ar cheann de na príomhthéamaí a tháinig chun cinn i bplean teanga na cathrach. Rinne Gaillimh le Gaeilge tuarascáil, An Staidéir Féidearthachta–Lárionad Cultúrtha Gaeilge, a choimisiúnú i mí na Samhna 2023, le tacaíocht ón Roinn na Gaeltachta, agus bronnadh é trí thairiscint phoiblí ar CHL & Associates. Beidh tionchar dearfach féideartha ag an lárionad seo ar shaol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na cathrach agus ar na limistéir pleanála teanga, agus na líonraí Gaeilge sa chathair agus sa chontae. Beidh an Ghaeilge i gcroílár na forbartha agus leagfar béim ar chur chun cinn na teanga sa bhforbairt. Deirtear go mbíonn gá le pobal nó lucht féachana sula ndéanfar láthair den chineál seo a bhunú. Shoiléirigh an fhéile nua, Tonnta, dúinn arís go bhfuil dúil agus an-suim ag an bpobal ina leithéid d’ionad chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge, agus ar an stádas oifigiúil atá againn mar chathair dhátheangach.

Maidir leis an téama seo atá á phlé againn inniu, ar dtús, is mian liom tagairt a dhéanamh do naisc atá cruthaithe cheana féin idir an chathair agus na ceantair Ghaeltachta sa chontae. Tá céimeanna feidhmithe á bhforbairt ag cathair na Gaillimhe mar bhaile seirbhíse Gaeltachta do na limistéir pleanála teanga seo a leanas i gcontae na Gaillimhe: Oileáin Árann; Ceantar na nOileán; An Cheathrú Rua; Conamara Láir; Dúiche Sheoigheach; Cois Fharraige; agus Maigh Cuilinn. Tá limistéir Ghaeltachta chathair na Gaillimhe ann, lena n-áirítear Bearna; Mionlach; An Caisleán Gearr; Baile an Bhriotaigh; agus Cnoc na Cathrach. Tá líonra Gaeilge i gcontae na Gaillimhe chomh maith, is é sin baile Locha Riach.

Tá fianaise láidir le fáil sna tuairiscí taighde éagsúla a chuir Gaillimh le Gaeilge ar fáil ó 1987 ar aghaidh faoin ról suntasach atá ag cathair na Gaillimhe maidir le gach gné de shaol na limistéar Gaeltachta. Léirigh an taighde Buntáistí Geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe, ón bhliain 2009, an leibhéal úsáide a bhaineann teaghlaigh agus cuideachtaí Gaeltachta as earraí agus as seirbhísí na cathrach. Chaith teaghlaigh Ghaeltachta, ina measc iad siúd atá sa chuid sin de Ghaeltacht na cathrach, nach mór €400 milliún, is ionann sin agus €500 milliún in airgead an lae inniu, ar sheirbhísí agus ar earraí miondíola i gcathair na Gaillimhe. Chaith teaghlaigh Ghaeltachta tuaithe €187 milliún de seo, agus is ionann sin agus €234 milliún inniu. Chaith cuideachtaí Gaeltachta €305 milliún sa chathair ar cheannach earraí agus seirbhísí gurb ionann €381 milliún in airgead an lae inniu. Léirigh fianaise starógach go ndéanann teaghlaigh Ghaeltachta cuid shuntasach dá gceannach sa chathair, áit a bhfuil an-tóir ar ilollmhargaí móra don bhulc-cheannach. Baineann gnó agus fiontar atá lonnaithe sa Ghaeltacht tairbhe as an gcathair freisin mar gheall ar an mbonneagar, ar lucht oibre oilte, ar shaineolas tríú leibhéal, agus ar thacaíochtaí eile a bheith ar fáil inti. Déanann cathair na Gaillimhe freastal ar Ghaeltachtaí eile chomh maith, Gaeltachtaí Mhaigh Eo agus Thír Chonaill mar shampla, ó thaobh cúram sláinte de. Tagann líon suntasach mac léinn ó Ghaeltachtaí uile na tíre go Gaillimh chun a gcuid oideachais tríú leibhéal a fháil.

Tá pobal na Gaeltachta lárnach i saol na Taibhdheirce. Bíonn siad páirteach i gcuid mhaith de na léirithe a tharlaíonn sa Taibhdhearc agus tá cuid shuntasach de lucht féachana na Taibhdheirce comhdhéanta de phobal na Gaeltachta. I measc na gcúraimí a bhíonn ar fhoireann Chonradh na Gaeilge, atá lonnaithe i Sráid Dhoiminic, tá ranganna Gaeilge agus ranganna ceoil trí Ghaeilge a eagrú. Ligtear Áras na nGael amach ar cíos do ghrúpaí éagsúla pobail. Sa mhullach air sin, freastalaíonn muintir na Gaeltachta ar chluichí peile i bPáirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá i nGaillimh agus ar chluichí de chuid Gaillimh Aontaithe agus foireann rugbaí Chonnachta.

Tá go leor bealaí ar féidir linn na naisc réamhbhunaithe idir an chathair agus na ceantair Ghaeltachta sa chontae a fhorbairt agus a threisiú amach anseo. Tá an Ghaeltacht is mó sa tír againn in iarthar na hÉireann. Tá sé riachtanach go dtugtar cosaint níos láidre don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go ndéanfar feabhas agus forbairt i gcónaí ar na seirbhísí agus ar na háiseanna atá de dhíth chun pobal a chumasú agus a spreagadh inti. Mar is eol dúinn uilig, is é an pobal cuisle agus croílár na Gaeltachta. Tá gá le lárionad cultúrtha Gaeilge sa chathair chun freastal a dhéanamh ar Ghaeilgeoirí na cathrach agus an chontae. Tá níos mó deiseanna ann leas a bhaint as ár n-oidhreacht Cheilteach Ghaelach chun críocha na turasóireachta. Creideann muid i nGaillimh le Gaeilge go bhfuil go leor deiseanna ó thaobh na turasóireachta tuaithe ag baint leis na ceantair Ghaeltachta atá suite faoin tuath den chuid is mó. Is féidir saoire gníomhaíochta a cheangal le foghlaim teanga agus gníomhaíochtaí cultúrtha. Leagann go leor turasóirí luach ar thaithí a bhíonn difriúil agus uathúil. Ní féidir aithris a dhéanamh aon áit eile ar domhan ar fhairsinge agus ar shaibhreas cultúrtha na Gaeilge san iarthar agus i gceantar na Gaillimhe ach go háirithe. Creideann muid go bhfuil deis mhór ann fostaíocht agus maoin a chruthú mar thoradh ar fhorbairt agus margaíocht a dhéanamh ar tháirgí turasóireachta atá fréamhaithe sa Ghaeilge, sa cheol, san amhránaíocht, san amharclannaíocht, agus sa rince. Tagann daonra aosach na tíre seo, i dteannta leis na milliúin duine ar fud an domhain a éilíonn go bhfuil fréamhacha Éireannacha acu, chun cuimhne láithreach mar mhargaí a d’fhéadfadh a bheith brabúsach. Trí thacaíocht oifigiúil ag leibhéal an Rialtais, na n-údarás áitiúil agus n-eagraíochtaí turasóireachta, cosúil le Fáilte Ireland, d’fhéadfaí feabhas a chur ar an deis an ghníomhaíocht eacnamaíochta luaite a choimeád agus a neartú chun tairbhe na Gaeltachta agus chathair na Gaillimhe araon.

Tugann teicneolaíochtaí nua deiseanna nua do Ghaillimh, don réigiún agus don tír maidir le forbairt na turasóireachta cultúrtha. Tá an Ghaeilge á múineadh i roinnt mhaith ollscoileanna ar fud an domhain mhóir anois. D’fhéadfadh go n-eascródh deiseanna eacnamaíocha don iarthar as ár naisc leis na hollscoileanna sin.

Mar fhocal scoir, d’fhéadfadh na Ranna Stáit, na húdaráis áitiúla agus institiúidí eile éileamh mór a ghiniúint ar sheirbhís trí Ghaeilge, agus ar an gcaoi sin tionchar dearfach a imirt ar úsáid na teanga sa chathair agus sa chontae, ach glacadh le beartas chun tacú le gnólachtaí agus eagraíochtaí a úsáideann agus a thacaíonn leis an nGaeilge i nGaillimh. Mar shampla, d'fhéadfaí biachlár dátheangach a iarraidh le haghaidh ócáidí oifigiúla in óstáin agus i mbialanna agus seirbhís trí Ghaeilge a iarraidh agus sinn ag déileáil le soláthraithe seirbhíse.

Thar ceann bhord stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge, tá muid buíoch den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, príomh-mhaoinitheoirí Ghaillimh le Gaeilge, as ucht an mhaoinithe a chuireann siad ar fáil dúinn gach bliain tríd an gcrannchur náisiúnta. Is mór an cúnamh dúinn é chun ár gcuid seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na Gaillimhe. Le cúnamh Dé, beidh ardú ag teacht ar an maoiniú sin sna blianta amach romhainn. Tá muid faoi chomaoin agus buíoch de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus scéim chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe, a chuireann tacaíocht leanúnach ar fáil. Go raibh míle maith agaibh go léir.

Go raibh maith agat. Is gá an micreafón sin a mhúchadh. Níl na milliúin sin agam le tabhairt amach, ach tagann rudaí as an nua go minic. Tá toghcháin os ár gcomhair agus mar sin, measaim go mbeidh a lán Smarties le tabhairt amach. Tá súil agam go mbeidh lucht na Gaeilge ag fáil a lán dóibh. Glaoim anois ar Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh le Gaeilge.

Ms Róisín Ní Chinnéide

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Níl ráiteas tosaigh réitithe agam mar an tuiscint a bhí agam ná go mbeadh ceisteanna ar rudaí faoi leith, ach rith cúpla rud liom agus mé ag éisteacht le Bríd Ní Chonghóile. Luadh an gá atá ann lárionad Gaeilge nua a fhorbairt don chathair. Bheadh sé iontach dá mbeadh an tseirbhís sin curtha ar fáil ach an buairt a bheadh orainn ná go bhfuil lárionad againn cheana féin, Áras na nGael, atá ag titim as a chéile le blianta. Tá infheistiú ollmhór ag teastáil chun an foirgneamh sin a thabhairt thar n-ais chuig barr a réime. Tá deacrachtaí leanúnacha i gceist le comhaontú a oibriú amach idir bhord an árais agus Roinn na Gaeltachta chun an infheistíocht sin a fháil. Leis an bhfoirgneamh mar atá, is dócha go bhfuil teip orainn an soláthar ceart a chur ar fáil do Chlub na Gaeilge. Mar shampla, bhí orainn Club Áras na nGael a dhúnadh cúpla mí ó shin mar gheall nach raibh sé sábháilte don phobal teacht isteach ann. Tá sé tagtha go pointe práinneach. Cé nach bhfuilim i nGailimh ach le cúpla bliain, tuigim an tábhacht stairiúil a bhaineann leis an áras, ní hamháin do phobal na Gaeilge sa chathair ach don chontae ar fad. Bheadh sé an-díomách murar thabharfar aghaidh air sin.

Rud atá ceangailte le cúrsaí maoinithe ná go bhfaigheann Áras na nGael maoiniú ó Fhoras na Gaeilge mar chuid de scéim forbartha líonraí Gaeilge. Tá troid leanúnach idir lámha ag an gconradh le blianta ag iarraidh an maoiniú sin a chur ina ceart, ní don fhoras amháin ach freisin do scéimeanna forbartha líonraí Gaeilge ar fud na tíre - Thuaidh agus Theas - nach bhfuil an maoiniú ceart á fháil acu. Gealladh níos mó maoiniú dóibh ach nuair a chuireadh pleananna i bhfeidhm níor tugadh an maoiniú sin dóibh. Tá folúntas san fhoras faoi láthair d'oifigeach forbartha. Tá an scéim reatha atá againn ón bhforas ag teacht chun críche ag deireadh 2024. Mar sin, ní féidir ach conradh go dtí deireadh 2024 a thairiscint. Tá sé an-deacair teacht ar dhaoine agus tá sé deacair daoine a choinneáil ní hamháin i róil san fhoras maidir le scéimeanna forbartha líonraí Gaeilge ach chomh maith céanna i róil mar oifigigh pleanála teanga sa Ghaeltacht. Baineann an fhadhb seo le daoine atá ag plé le hearnáil na pleanála teanga i gcoitinne ó thaobh na coinníollacha pá agus na socruithe oibre atá acu. Is fadhb í sin go forleathan ní amháin sa chathair ach ar fud na tíre chomh maith. Sin an dá rud a theastaíonn uaim aird a tharraingt orthu. Tá gá le infheistíocht cheart sna scéimeanna seo sa chathair agus sa Ghaeltacht chomh maith.

Ms Caroline Ní Fhlatharta

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na finnéithe eile as ucht deis cainte a thabhairt dúinn inniu. Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil deis againn ár gcuid smaointe agus moltaí a chur i bhur láthair. Tá mise ag feidhmiú mar oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe le beagnach dhá bhliain anois agus thosaigh mise díreach i ndiaidh an chéad straitéis Gaeilge a bheith foilsithe san ollscoil. Tá dul chun cinn mór déanta againn ach táimid thar a bheith coinsiasach go bhfuil neart eile le déanamh fós. Tá ról lárnach ag an ollscoil i dul chun cinn na Gaeilge sa chathair. Is ionann 20% de phobal na cathrach agus mic léinn na hollscoile; mar sin, tuigimid an dualgas atá orainn. Tá sé iontach go bhfuilimid luaite i bplean teanga chathair na Gaillimhe agus tá sé iontach gur féidir linn a thuairisciú go bhfuil na gníomhartha ar fad atá luaite linn déanta nó ar bun. Mar sin, tá dul chun cinn ar bun.

Ó thaobh na rudaí atá bainte amach agam i mo ról féin san ollscoil, tá scéim chónaithe na Gaeilge forbartha arís san ollscoil. Thosaíomar é le 16 duine dhá bhliain ó shin agus leathnaíomar é anuraidh agus tá 32 scoláire ó 16 chontae ar fud na tíre ag cur fúthu i mbloc na Gaeilge ar champas na hollscoile. Tá tionchar ollmhór ag an ngrúpa sin ar an nGaeilge i measc na mic léinn san ollscoil. Is dul chun cinn iontach é sin. Táimid ag tairiscint cúrsaí agus módúil sna coláistí ar fad agus san ollscoil i nGaeilge ach tá obair le déanamh ansin freisin, go háirithe anois agus deiseanna ag teacht chun cinn, ina measc an dualgas a bheidh ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbeidh 20% dá mball foirne ábalta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Bheadh muid ag moladh go láidir go ndéanfaí taighde i measc an aos óg sna meánscoileanna le go bhfeicimid céard iad na héilimh agus na riachtanais atá acu agus go gcuirfí maoiniú ar fáil agus na cúrsaí sin a thomhais le cinntiú gur féidir an soláthair sin a chur ar fáil agus a fhorbairt sna hollscoileanna ar fad. Táimid uathúil in Ollscoil na Gaillimhe sa mhéid is go bhfuil ionaid Ghaeltachta againn agus péire de na hionaid sin anseo i gContae na Gaillimhe, ceann ar An gCeathrú Rua agus ceann i gCarna. Tá deiseanna iontacha ansin. Tá taithí againn de bheith ag cur seimeastar Gaeltachta ar fáil le haghaidh mic léinn tríú leibhéal. Caitheann siad seimeastar iomlán 12 sheachtain sa Ghaeltacht. Bíonn siad tumtha go hiomlán i saol na Gaeltacht agus i saol na Gaeilge. Feictear gur féidir deiseanna a chruthú a thacódh leis an Stáit an dualgas 20% a bhaint amach. Tá na háiseanna agus an saineolas againn agus is cinnte go mbeadh sé indéanta na hionaid Gaeltachta a úsáid le tacú leis an Stáit leis an dualgas seo agus deis a thabhairt do na daoine atá ag obair sna comhlachtaí poiblí ar fud na tíre feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus tuiscint níos fearr a fháil ar shaol na Gaeltachta agus ar shaol na Gaeilge a bhaint amach.

Mr. Darach Ó Tuairisg

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an deis teacht anseo inniu. Tá go leor ráite ag Bríd Ní Chonghóile cheana féin faoin nasc atá idir an Gaeltacht agus a cathair féin i nGaillimh agus tá sé sin curtha i láthair go maith. Táimse ag teacht ó chúlra na healaín. Táimid tar éis trí bliana a chaitheamh sa Taibhdhearc. Is comhlacht Gaeltachta muid. Tá taithí againn de bheith istigh sa chathair. Ó thaobh na healaín de, an rud is fearr agus is cumhachtaí go bhféadfaí a dhéanamh ná go mbeadh an teanga feiceálach sa chathair. Tá taithí mhaith againn de bheith ag obair le daoine óga, le scór bliain táimid ag plé le Fibín agus feicimid go rí-mhaith an gríosú a thugann sé do ghasúir Gaeltachta nuair a thagann daoine isteach ón taobh amuigh is go gcuireann siad suim sa Ghaeilge bhreá atá acu mar dhaoine óga. Tugann sé gríosú dóibh tuilleadh a labhairt. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil na healaín le feiceáil go láidir, go bhfuil comharthaíocht le feiceáil, go bhfuil sí os comhair an phobal. Le tréimhse ró-fhada tá sí ar leataobh, go háirithe ó thaobh na hEalaín sa chathair de. Ba cheart tús áite níos fearr a thabhairt dí agus í a chur amach ansin. Tá USP an-láidir ag an nGaeilge agus tá sé sin cruthaithe go maith ag TG4 tríd "An Cailín Ciúin" agus Kneecap thuas i mBéal Feirste, gur féidir leis an teanga taisteal timpeall an domhain, go bhfuil lucht féachana agus lucht éisteachta dí. Go bhféadfaí díriú isteach uirthi i bhfad níos mó agus muintir na Gaeltachta a shnaidhm isteach níos fearr.

Is é sin an méid atá agamsa.

Iarraim ar Mháirtín Ó Donnchadha ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe cúpla focal a rá.

Mr. Máirtín Ó Donnchadha

Tá mise ag feidhmiú mar oifigeach forbartha Gaeilge le Comhairle Chontae na Gaillimhe. Bíonn muid ag déanamh iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn chomh maith agus is féidir. Faoi láthair, tá ranganna Gaeilge á gcur ar fáil againn don fhoireann. Tá meascán de trí chatagóir difriúla de ranganna ar fáil a bhfuil beagnach 100 duine ag freastail orthu. Chomh maith céanna, bíonn scéim scoláireachtaí Gaeltachta againn áit a dtugtar deis do dhaltaí dara leibhéal freastal ar cheantar Ghaeltachta ar feadh trí seachtaine sa samhradh. Bíonn na scéimeanna tacaíochta pobal agus na scéimeanna ealaíona ann le cuidiú leo chomh maith céanna. Bímid ag iarraidh a bheith ag feidhmiú faoi na dualgais atá orainn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla freisin, agus chomh maith agus is féidir iad a bhaint amach, ach tá dúshlán ag baint le sin chomh maith céanna. Teastaíonn tuilleadh maoinithe uainn agus tuilleadh cúnaimh ar an talamh. Faoi láthair, níl ag feidhmiú ach duine amháin sa ról le haghaidh an chontae ar fad agus tá sé beagnach dodhéanta spriocanna a bhaint amach agus iarracht a dhéanamh an teanga a chur chun cinn, í a neartú agus a spreagadh tuilleadh.

Ta guaillí móra millteacha agat mar sin beidh sé ceart go leor. Beidh tú in ann an t-ualach ar fad a thógaint ort féin. Tuigim duit áfach. Beidh deis ag na comhaltaí ceisteanna a chur chun léiriú níos fearr a fháil ar roinnt de na fadhbanna atá agat agus ag daoine eile.

Tugaim cuireadh anois do Mharcas Ó Conaire labhairt ar son Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Mr. Marcus Ó Conaire

Ag teacht leis an méid a dúirt Máirtín Ó Donnchadha, tá na tosaíochtaí agus ár dtriail mórán cosúil leis an gcomhairle contae. Arís, tá an-bhéim ar sheirbhíse Gaeilge agus ina measc sin, seirbhísí Gaeilge taobh istigh de Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá ranganna Gaeilge don fhoireann mar chuid de sin, ach tá feasacht agus normalú mar chuid lárnach de ról na comhairle cathrach mar gheall go bhfuil ní hamháin Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach freisin plean teanga na cathrach, i gceist. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh freisin go bhfuil stádas ag cathair na Gaillimhe ina iomláine mar chathair Gaeltachta. Lena chois siúd, tá aon trian de chathair na Gaillimhe féin san áireamh i nGaeltacht na hÉireann. Is jab mór é sin. Tá an feasacht agus an feiceálacht ann agus tá na polasaithe ar fad foilsithe go comhuaineach leis an mBéarla. Tá sé sin go maith ach arís tá go leor le déanamh. Tá éileamh ar i bhfad níos mó. Tá go leor le déanamh agus go leor á dhéanamh agus táimid ag súil go méadófar an cur isteach agus líon na ball foirne le Gaeilge sa chomhairle cathrach as seo amach.

Cé eile atá ar an liosta agam? Is í Orlaith Ní Mheachair, oifigeach Gaeilge le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh an chéad cainteoir eile.

Ms Orlaith Ní Mheachair

Tá mé ag obair mar oifigeach forbartha Gaeilge le hOllscoil Teicneolaíocht an Atlantaigh le dhá mhí anuas. Tá mé nua go maith sa ról. Is céim mhór chun cinn é seo don ollscoil féin an chéad oifigeach forbartha Gaeilge a bheidh ceaptha agus táthar anois ag tógáil na gcúraimí agus na ndualgais atá orainn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach sa phlean straitéise agus mar sin de. Tá ceantair fairsing go mór faoi chúram na hollscoile agus muid ag cuimhniú ar chathair na Gaillimhe agus ar a bhfuil againn anseo thoir ar An Rinn Mhór, ar Bhóthar Pháirc an Tobair agus arís ar champas Chonamara.

Maidir leis an rud is mó atá ag teastáil uainn, agus mé ar an talamh le dhá mhí anuas tá sé tugtha faoi dearadh agam nach bhfuil cúrsaí oiliúna ann do na baill foirne faoi láthair. Tá sé sin mar gheall nach raibh aon duine sa ról seo roimhe seo. Tá súil agam bheith in ann rudaí mar sin a fhorbairt ach le tacaíocht agus le maoiniú breise. Thiocfainn le mórán a dúirt Caroline Ní Fhlatharta. Níos mó ná sin áfach, má tá 20% de bhaill foirne i gcomhlachtaí poiblí le bheith ag feidhmiú faoi Ghaeilge, beidh rud éigin ag teastáil uainn le haghaidh tacú leis na baill foirne atá againn nach bhfuil an Ghaeilge ar an radar acu faoi láthair, nach dtuigeann an teanga nó nach bhfuil saol a chaitheamh acu ag déanamh cúram den teanga mar atá an chuid is mó againne anseo inniu. Is é sin an méid a déarfaidh mé.

Bogaimid ar aghaidh anois go dtí na comhaltaí. Is féidir ceisteanna siar agus ar ais a chur. Ná déanfaimid dearmad gur an t-ábhar atá á phlé againn anois ná conas an chathair a fhorbairt ó thaobh na Gaeilge de agus nasc níos mó a chothú idir an chathair agus an Ghaeltacht. I dtús báire, iarrfaidh mé ar an Teachta Catherine Connolly ceist a chur.

I dtús báire, gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, leis an gcléireach agus le foireann an choiste. Is de bharr na hoibre uilig a rinne siad go bhfuilimid go léir anseo. Is lá stairiúil é i ndáiríre go bhfuilimid anseo le chéile. Mo bhuíochas libh ar fad.

Tá neart ceisteanna agam. B'fhéidir gur tús próisis atá i gceist anseo agus go mbeidh deis againn i mBaile Átha Cliath níos déanaí na finnéithe a bheith os ár gcomhair chun leanacht ar aghaidh leis an gcomhrá seo. Ba mhaith liom a bheith dearfach agus diúltach. Tosóidh mé le hOrlaith Ní Mheachair. Tá sé suntasach gurb í an chéad oifigeach Gaeilge san eagraíocht sin. Déanaim comhghairdeas léi agus guím gach rath ar a cuid oibre. Tá dúshlán romhainn áfach. Luaigh sí nach bhfuil an Ghaeilge ar an radar fós sa choláiste.

Ms Orlaith Ní Mheachair

B'fhéidir go raibh mé beagáinín dian á rá sin ach tá sé deacair ag coláiste nach bhfuil rannóg Gaeilge ann agus nach bhfuil daoine ag feidhmiú chuile lá beo ina gcuid oibre trí Ghaeilge. In ollscoileanna eile, tá céimithe ag teacht amach le BA nó máistreacht sa teanga. Tá cúrsaí san ATU ina bhfuil an Ghaeilge mar chuid dóibh ach níl na mic léinn sin ag caitheamh a saoil ollscoile trí Ghaeilge agus is é sin an deacracht atá acu. Mar sin nuair nach bhfeiceann siad a mhacasamhail - abair idir na foirne - níl siad féin chun é a dhéanamh. Seans go bhfuil an Ghaeilge ar an radar - mo leithscéal, níor cheart dom é a bheith ráite agam nach bhfuil - ach caithfear í a thabhairt chun tosaigh níos mó i measc na mball foirne. Is é sin a bhí i gceist agam le sin. Is gá rud éigin a chur i bhfeidhm taobh istigh den ollscoil s'againne ach go háirithe chun é sin a chur chun cinn.

Ní raibh mé ag iarraidh an ollscoil a lochtadh ach clúdaíonn sé na dúshláin atá os comhar na cathrach i ndáiríre.

Ms Orlaith Ní Mheachair

Sin é.

Is cathair dhátheangach muid, nó táimid in ainm is a bheith dhátheangach. Tá obair na gcapall déanta ag Gaillimh le Gaeilge agus eagraíochtaí eile ar an talamh. Leagfaidh mé an cheist sin ar leataobh anois agus díreoidh mé isteach ar na dúshláin. In ainneoin na hoibre sin, tá dúshláin ollmhóra i gceist. Tá Orlaith Ní Mheachair thar a bheith ionraic agus díreach agus tá súil agam go mbeidh straitéis agus plean ag an ATU ó thaobh na ndualgas atá air mar gheall ar an reachtaíocht agus an stádas atá ag Gaillimh.

Ms Orlaith Ní Mheachair

Tá. Táimid i mbun plean straitéise a chur i dtoll a chéile faoi láthair agus beidh an Ghaeilge lárnach ansin. Is rud thar a bheith tábhachtach é sin don ollscoil.

Más mian le haon duine caint faoin gcéad cheist eile seo, níl mé ag iarraidh díriú isteach ar rudaí pearsanta. An bhfuil cinnteacht ag baint leis na róil seo atá ag na finnéithe sna comhairlí contae agus cathrach agus sna hollscoileanna? An bhfuil conraí gearrtéarmacha i gceist? Cén sórt béime atá na hollscoileanna agus na heagraíochtaí ag cur ar róil chomh tábhachtach le hoifigigh pleanála teanga nó oifigeigh Gaeilge?

Mr. Marcus Ó Conaire

Luífidh mé isteach ar an gceist sin cé nach bhfuil a fhios agam an mé an duine is fearr labhairt air. Tá róil éagsúla i gceist.

Mar shampla, tá mo ról féin istigh sa rannóg corparáideach agus é fite fuaite sa gcumarsáid, rud a luíonn le réasún. Tá an dá chuid sa ról amháin. Is cinnte go dteastaíonn níos mó tacaíochta sna rannóga aonair. Níl mé chun a rá cén sórt ná leibhéal tacaíochta a dteastaíonn ach is cinnte go dteastaíonn níos mó daoine le Gaeilge chun a bheith ag obair i mo rannóg féin ón leibhéal cléireachais chomh fada leis an leibhéal oifigigh agus níos airde.

Ms Caroline Ní Fhlatharta

Ó thaobh Ollscoil na Gaillimhe, fógraíodh post mar oifigeach Gaeilge san eagraíocht agus, buíochas le Dia, is post buan atá i gceist. Ní hionann muid agus na hoifigigh pleanála teanga, a bhfuil conarthaí áirithe acu. Maidir leis an méid a dúirt Orlaith Ní Mheachair ansin, cuidíonn an reachtaíocht go mór linne mar tugann sé cineál meáchain don obair atá ar bun againn. Tá sé i bhfad níos éasca againn rudaí a bhaint amach agus cur leis an bhfeasacht teanga mar caithfidh an bhainistíocht aird a thabhairt ar an reachtaíocht teanga. Is iontach go bhfuil a leithéid ann. Gan a bheith diúltach, is é an dúshlán ná go mbíonn sé deacair, go háirithe in eagraíochtaí móra, nuair atá duine amháin freagrach as an bhfeasacht teanga a ardú agus as acmhainní agus seirbhísí a chur ar fáil don fhoireann, do mhic léinn agus don phobal. Anois, tá go leor tuairisciú breise i gceist ó rinneadh leasuithe ar an Acht. Arís, fáiltímid roimh na leasuithe ach tá go leor ama i gceist leis sin. Tá súil agam go bhfuil pleananna ann ná go mbeidh sé de dheis againn teacht le chéile agus éileamh ar fhoirne taobh istigh de na comhlachtaí poiblí ar fad seachas an dualgas a bheith fágtha ar dhuine amháin mar uaireanta bíonn lagmhisneach ort. Uaireanta, téann rudaí ar aghaidh thar cionn ach uaireanta bíonn sé an-dúshlánach. Ag deireadh an lae, níl ionat ach duine amháin agus, mar sin, tá sé iontach tábhachtach go mbeadh tacaíocht ar fáil.

Mr. Máirtín Ó Donnchadha

Aontaím leis an méid a bhí á rá ansin ag Caroline Ní Fhlatharta. Is post buan é post an oifigigh Ghaeilge anseo chomh maith céanna ach tá róil eile curtha isteach leis. Tá freagrachtaí i leith seirbhísí do chustaiméirí agus freagrachtaí cumarsáide bainteach leis an ról. Is deacair é am a fháil le freastal ar an rud uilig, is é sin, cúrsaí Gaeilge, monatóireacht ó thaobh an Achta de agus mar sin de. Tá go leor de sin ag méadú. Aontaím leis sin. Teastaíonn é sin a dhéanamh ach teastaíonn níos mó daoine ar an talamh chun é seo a bhaint amach.

Is dul chun cinn é go bhfuil conarthaí buana ag na hoifigigh. Is rud maith é sin. Nuair a bhí mise mar chomhairleoir, throid muid chun fostaí a fháil. Ba throid mhór é agus d'éirigh linn ach bhí an post gearrthéarmach. Tá beagáinín dul chun cinn déanta.

Ag dul siar, tháinig ionadaithe ar an ollscoil os ár gcomhair. Ba "aspiration" an focal ar bhain siad úsáid as. B'fhéidir go bhfuil Gaeilge mhaith air sin ach is é sin an focal a d'úsáid siad ó thaobh campais dhátheangaigh. Ní raibh tuiscint ar bith acu. Tá súil agam go bhfuil athrú anois le fear nua ach, nuair a tháinig siad os ár gcomhair, ní raibh tuiscint ar bith acu in ainneoin gur champas dátheangach a bhí i gceist.

Nuair a bhíomar ar An gCeathrú Rua, ní dóigh go raibh tuiscint ann ach an oiread ó thaobh dualgas faoin reachtaíocht nua agus na féidearthachtaí agus deiseanna atá ann ó thaobh muidne atá sa Dáil, na Teachtaí Dála uilig, atá thar a bheith báúil don Ghaeilge. Níl an deis sin á tapú. Is dócha go bhfuil féidearthachtaí ansin don ollscoil. Is dócha go bhfuil easpa lóistín i gceist. Níl a fhios agam an bhfuil plean ag an ollscoil lóistín a thógáil. Ceapaim go mba rud maith é sin. Tá féidearthachtaí ann. Ní hamháin sin ach tá dualgais ann faoin reachtaíocht freisin. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin faoi chúram Caroline Ní Fhlatharta.

Ms Caroline Ní Fhlatharta

Is cinnte gur dea-scéal é go bhfuil an chéad straitéis don Ghaeilge foilsithe agus ag feidhmiú san ollscoil. Ar bhealach, tá sé dochreidte gur thóg sé chomh fada sin ach d'éirigh linn agus tá an obair sin ar bun. Ar ndóigh, tá post an oifigigh Ghaeilge thar a bheith tábhachtach. Tá go leor ranna san ollscoil. B'fhéidir go bhfuilimid uathúil arís mar tá roinn na Gaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge againn. Tá cúram na Gaeilge anois ar oifig an uachtaráin ionaid agus meabhránaí. Mar sin, tá go leor daoine ar fud na hollscoile ag plé leis an nGaeilge. Nuair a thagraíonn an Teachta do lóistín, an ag caint faoi lóistín sa nGaeltacht atá sí?

Ms Caroline Ní Fhlatharta

Níl mé ar an eolas go bhfuil aon phlean ann le tabhairt faoina leithéid de sin ach tá na hionaid feicthe ag na baill. Tá áiseanna den scoth againn. Tá baill foirne sna hionaid sin atá tiomanta go hiomlán. Is cinnte go bhfuil deiseanna ann forbairt a dhéanamh. Níl aon dabht faoi sin. Maidir leis an Rialtas, an Stát agus an dualgas 20% sin atá le baint amach, is féidir linn oibriú as lámh a chéile.

Tá sé cosúil le hÚdarás na Gaeltachta atá anois ag díriú isteach ar chúrsaí tithíocht de bharr na foirgnimh folmha atá acu. Ceapaim gur gá don ollscoil an rud céanna a dhéanamh sa Ghaeltacht ó thaobh deiseanna agus cúrsaí. Táim ag druidim chun deireadh mo cheisteanna ach, maidir leis an Taibhdhearc, arís tá sé deacair gan dul siar go dtí an troid a bhí againn chun an Taibhdhearc a choinneáil sa chathair. Bhí ár bhfuinneamh go léir dírithe air sin nuair a bhí mise ar an gcomhairle cathrach. Níl a fhios ag a lán daoine ach bhí troid uafásach tar éis an chinnidh. Bhí sé dúnta ar feadh na mblianta agus ansin d'éirigh linn coinníollacha a chur air agus airgead a thabhairt dó. Anois, bhí easpa airgid ann go dtí inné, de réir mar a thuigim. Is iontach go bhfuil baill den choiste anseo. B'fhéidir go raibh baint éigin acu leis an rud inné. Arís, ba mhaith liom an Taibhdhearc a fheiceáil i bhfad níos gníomhaí i saol na cathrach. Throid muid chun é a choinneáil sa chathair. Tá an-jab déanta ach is dóigh go bhfuil i bhfad níos mó féidearthachtaí ann.

Mr. Darach Ó Tuairisg

Is cinnte go bhfuil i bhfad níos mó féidearthachtaí ann. Mar atá ráite, tá airgead breise faighte ag an Taibhdhearc agus fáiltím roimhe sin. Cuirfear straitéis láidir ar fáil. Mar chomhlacht, táimid ag críochnú sa Taibhdhearc ag deireadh na bliana seo. Tá ríméad orm go raibh ionchur againn sa chinneadh sin a dheineadh inné. Níl aon chinnteacht ag na healaíona riamh. Is é sin an fáth go raibh an fógra a bhí ann inné chomh tábhachtach. Tá cinnteacht ag an amharclann go dtí 2027, rud nach bhfuil le feiceáil sna healaíona agus go háirithe sna healaíona Gaeilge sa tír go dtí seo. Tá an ceart ag an Teachta; d'fhéadfadh an Taibhdhearc i bhfad níos mó a dhéanamh ach bhí fíorbheagán airgid ar fáil. Bhí an Stát ag íoc maoiniú de €300,000 sa mbliain ach cosnaíonn sé €300,000 an foirgneamh a choinneáil oscailte. Bhí maoiniú ag Fíbín, mar chomhlacht neamhspleách a ndeachaigh isteach ann, de thart ar €250,000. As sin, bhunaigh muid an clár. D'éirigh linn clár thar a bheith láidir a chur ar fáil sna Gaeltachtaí - tá cúram orm a bheith ag freastal ar an nGaeltacht - agus sa gcathair. Thug muid amharclannaíocht amach ag na daoine agus fuair muid meas an phobail air. Tá maoiniú an-ard faighte ag an Taibhdhearc agus, leis an maoiniú breise seo, tá súil agam go mbeidh straitéis thar a bheith láidir ann chun an Ghaeilge agus na healaíona a chur ag croílár na cathrach agus go meallfaidh sé daoine isteach ó fhud na tíre. Ceapaim gurb é sin atá le déanamh leis an straitéis sin.

Ar bhealach, tá sé brónach nach raibh ach dhá chomhlacht a bhí ag déileáil le drámaíocht go sonrach trí Ghaeilge agus go cuireadh le chéile iad trí Fhíbín sa Taibhdhearc. Anois tá an Taibhdhearc ann ach tá Fíbín le críochnú suas. Níl a fhios agam an mbeidh Fíbín ann an bhliain seo chugainn mar go bhfuilimid ag cúlú siar arís de bharr an easpa cinnteachta atá ann ó thaobh maoinithe de. Tá sé sin brónach. Tá súil agam go dtiocfaidh comhlachtaí eile chun cinn agus go mbeidh fás ag borradh faoi na healaíona Gaeilge arís.

Faoi dheireadh, tá ceist agam do Róisín Ní Chinnéide faoi Ghaillimh le Gaeilge. Luaigh sí an lárionad Gaeilge. Tá fís ag Bríd Ní Chonghóile maidir leis sin. Aontaím le Róisín Ní Chinnéide sa mhéid atá an t-ábhar seo á ardú aici. Ceapaim go bhfuil gá le lárionad Gaeilge nó b'fhéidir le dhá cheann; níl a fhios agam. Táim oscailte d'aon réiteach. Ceapaim i gcónaí go bhfuil ionad Chonradh na Gaeilge i Sráid Dhoiminic iontach. I lár na cathrach, is féidir dul isteach ach tá easpa dul chun cinn ann ó thaobh an fhoirgnimh de. I ndáiríre, chuir sé déistin orm ag dul isteach ann leis na blianta.

In ainneoin na hoibre, tá gá le forbairt. Níl a fhios agam ach ag dul siar go dtí an Taibhdhearc, ní raibh easaontas ann ach is dócha go raibh brú ollmhór ag an am ar an mbealach seo ar an dTaibhdhearc a bhogadh amach. Bhí fís nua agus níor aontaigh mé leis sin. Tá súil agam nach n-éireoidh an rud ceannann céanna leis an rud seo. Tá an Ghaeilge ró-thábhachtach. Tá lárionad Gaeilge againn ar Shráid Dhoiminic agus cén fáth nach féidir cur leis agus cad é an nasc idir an fhís atá ag Conradh na Gaeilge agus an rud atá againne, is é sin tuilleadh forbartha a chur leis?

Maidir leis an ról uathúil atá ag cathair na Gaillimhe, ó thaobh an méid Gaeltachtaí atá sa cheantar, is rud thar a bheith neamhghnách é sin, nach bhfuil sé? Arís, tá féidearthachtaí ollmhór ó thaobh an méid Gaeltachtaí atá laistigh di. Ní aontaím leis na daoine atá ag rá chun iad a bhaint amach. Ceapaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach tógáil ar na Gaeltachtaí atá ann, iad a choinneáil agus a threisiú. Ní aontaím leis an dream a deir “Níl” agus atá ag rá go bhfuil sé seo ag cothú deacrachtaí don Ghaeilge.

An bhfuil a dhóthain foirne agus acmhainní ag Conradh na Gaeilge dul i ngleic leis na féidearthachtaí - ba mhaith liom an focal “féidearthachtaí” seachas “dúshláin” a úsáid ansin - chun cur leis seo?

Ms Bríd Ní Chonghóile

Go raibh míle maith ag an Teachta. Maidir leis an gcéad phointe agus an lárionad Ghaillimh le Gaeilge, níl hé sin ceann de na bearta atá luaite sa phlean teanga do chathair na Gaillimhe. Rinneamar staidéar féideartha air sin agus tá sé sin chun le dul faoi bhráid bhord stiúrtha Gaillimh le Gaeilge ar an 20 Márta.

Maidir le Sráid Dhoiminic agus Conradh na Gaeilge, chaith mé féin tamall leis sin agus bhraith mé i gcónaí go bhféadfaí go mbeadh sé ann. Mar a bhí á rá ag John Caulfield ar maidin ar Raidió na Gaeltachta, bhí sé ag caint faoi chúrsaí ealaíne agus na heagraíochtaí ealaíne nach maith sn rud a bheith ag iarraidh deighilt a chothú agus go mbeimid i gcoimhlint lena chéile agus ag cur as dóibh. Mar a dúirt an Teachta, tá gá leis an dá cheann. Tá gá le Conradh na Gaeilge. Tá ról faoi leith aige ar Shráid Dhoiminic agus tá spriocanna faoi leith aige. Ag breathnú ar an tuairisc, níl aon fháth leis sin agus b'fhéidir go mbeidh an lárionad thíos ar Shráid Dhoiminic agus b'fhéidir gurb é sin an áit a d'fhéadfadh sé a bheith.

Is í an fhís a bheadh agam féin mar phríomhfheidhmeannach na heagraíochta ná gur mhaith liom níos mó a fheiceáil, go mbeadh Conradh na Gaeilge lárnach agus tábhachtach don chathair agus go mbeadh an lárionad Gaeilge ann chomh maith.

Maidir leis an Taibhdhearc ar Shráid Láir, Gaillimh le Gaeilge ar Shráid Thobar an Iarla agus Conradh na Gaeilge ar Shráid Dhoiminic, tá tionchar acu siúd uilig ar na sráideanna agus ar an gcathair agus sílim gur maith an rud é dá bhfanfaidís san áit ina bhfuil siad ach, amach anseo, is rud eile é sin.

Beidh muid ag breathnú ar an lárionad agus bhí go leor comhráite ag an dream, na comhairleoirí CHL, a bhí ag ullmhú na tuairisce dúinn. Rinne siad plé le go leor páirtithe leasmhara. Thógamar chuile dhuine agus eagraíocht isteach san áireamh sa chinneadh deiridh. Feicfimid. Ní hé Gaillimh le Gaeilge a bheidh i mbun an lárionaid seo. Is comhpháirtíocht a bheidh ann. Ní oibreodh sé aon bhealach eile. Tá súil agam go mbreathnaíonn sé sin ar an gceist faoin lárionad ón Teachta Connolly.

An raibh Conradh na Gaeilge bainteach sa staidéar féidearthachta agus ar bhreathnaigh sé ar an bhfoirgneamh sin mar lárionad don Ghaeilge?

Ms Bríd Ní Chonghóile

Bhí, go bhfios dom. Níl an tuairisc léite agam go sonrach ach tá a fhios agam ó thaobh an plé bhí mé ag déanamh leis gur bhreathnaigh Conradh na Gaeilge air mar shuíomh agus bhí cúpla áit eile mórthimpeall na cathrach chomh maith. Bhreathnaigh sé ar gach rud. Bhí bord stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge an-shoiléir nach rabhamar ag iarraidh rud éigin a chur isteach agus fáil réidh le rud éigin eile. Ní hé sin an cur chuige a bheadh ann agus ní bheadh aon mhaith leis sin.

Maidir leis na ceantair Ghaeltachta sa chathair, is maith ann iad. Tá infheistíocht déanta ag an Stát cheana féin in oifigigh pleanála teanga sna ceantair sin agus tá siad ag déanamh obair na gcapall. Beidh tionchar ar an gcathair ag an obair a bheidh ag tarlú sna ceantair sin. Dá réir sin, beidh tionchar freisin ag an obair atá ar siúl ag an oifigeach pleanála teanga, Majella O'Meara, atá againn féin, agus ag obair Ghaillimh le Gaeilge ar na ceantair sin. Is dóigh liom go láidreoidh sé sin an Ghaeilge, an Ghaeltacht, an stádas agus ár stádas, le cúnamh Dé, mar bhaile seirbhíse Gaeltachta.

Tá neart ceisteanna eile agam. An bhfuil Róisín Ní Chinnéide ag iarraidh teacht isteach? Níl.

Críochnóidh mé anois. Ní hí ceist é seo ach ní mór dom a rá nach mairfidh an Ghaeilge sa Ghaeltacht mura bhfuil cúrsaí tithíochta réitithe ach ní hé sin ábhar don lá inniu. Tá sé fite fuaite leis an obair agus b'fhéidir go mbeidh deis againn níos déanaí tráthnóna inniu é sin a phlé. Go raibh maith ag ár n-aíonna. Má tá an t-am agam, tiocfaidh mé ar ais.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Connolly. Anois, glaoim ar an Seanadóir Kyne.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Ar dtús báire, cuirim fáilte roimh ár n-aíonna go léir go dtí Áras an Chontae i gcontae na Gaillimhe. Fearaim fáilte roimh na oifigigh freisin. Fiafraím de Bhríd Ní Chonghóile an aontaíonn sí liom go bhfuil bunchloch mhór láidir i nGaillimh ó thaobh na Gaeilge de faoi gur rugadh agus gur tógadh a lán daoine le Gaeilge agus go bhfuil a lán daoine ina gcónaí i gcathair na Gaillimhe a rugadh le Gaeilge ó Chonamara agus ó áiteanna eile. Is é sin go bhfuil bunchloch mhaith ann, tá scoileanna lánGhaeilge ann: Scoil Fhursa, Scoil Iognáid agus an dea-scéal ar Chnoc na Cathrach ó thaobh Gaelscoil Mhic Amhlaigh agus Coláiste na Coiribe de. Is iontach láidir iad ó thaobh na hoibre atá á déanamh i nGaillimh le Gaeilge.

Ms Bríd Ní Chonghóile

Maidir le Gaillimh le Gaeilge, le blianta anuas dhíríomar ár gcuid oibre den chuid is mó ar an lucht gnó ó thaobh comharthaíochta, stáiseanóireachta, margaíochta agus go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil. De bharr acmhainní teoranta agus daonna, ní rabhamar in ann, déarfaimid, díriú isteach ar na seirbhísí trí Ghaeilge den chuid is mó. Bhí cúpla rudaí maidir le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus tá go leor réimsí sa ghradam sin a dhéanann freastal ar sheirbhísí, chultúr agus phobal, agus miondíol turasóireachta. Tá na réimsí pobail sin mar chuid den earnáil agus bhíomar ag plé léi ó thaobh daoine a ghríosú in úsáid na teanga de. Tá Gaillimh beo agus feictear dúinne é sin ónár dtaithí a bheith ag obair leo.

Ansin, tá na rudaí eile atá sa chathair. Tá na hinstitiúidí tríú leibhéal i nGaillimh ag freastal ar go leor Gaeltachtaí. Tá Fíbín, An Taibhdhearc, Conradh na Gaeilge agus an ceol traidisiúnta an-láidir sa chathair. Táimid in aice le ceann de na Gaeltachtaí is mó sa tír. Tá TG4, Roinn na Gaeltachta agus táimid an-ádhúil thar aon áit eile sa domhan - rachainn chomh fada chun é sin a rá - ó thaobh cúrsaí teanga de agus is cinnte go bhfuil níos mó deiseanna le tapú chun é sin a tharraingt le chéile níos mó. Táimid tosaithe leis an bplean teanga. Beidh an obair i gceist leis gurb éigean a chinntiú go bhfuil spotsolas anois ar na seirbhísí trí Ghaeilge sa chathair, ag déanamh freastal ar na Gaeilgeoirí atá sa chathair, nó ar éinne ar mian leo a dteanga a úsáid. Tá go leor de na bearta á gcur i bhfeidhm.

Ní hamháin go bhfuil bearta luaite le Gaillimh le Gaeilge ach tá bearta luaite le go leor daoine atá thart ar an mbord anseo. Tá siad ag cur iad sin i bhfeidhm. Níl aon anam níos fearr i nGaillimh ná mar atá sé faoi láthair ó thaobh cúrsaí teanga de. Mar a bhí á rá ag Darach Ó Tuairisg, tá sé tábhachtach go dtapaímid an deis sin agus go leanfaimid ar aghaidh ag forbairt agus ag fás.

Tá sé tábhachtach chomh maith go n-aithníonn an Rialtas, Roinn na Gaeltachta agus na húdaráis, a bhfuil pócaí doimhne acu, go bhfuil féidearthachtaí anseo agus go bhfuil gá leis an maoiniú seo chun tacú linn. Bhí Gaillimh le Gaeilge le blianta anuas ag brath ar dhea-thoil agus táimid fós, go pointe áirithe, ag brath air sin. Ach ní féidir a bheith ag brath air sin i gcónaí. Tá sé tábhachtach dúinne nuair a bhímid ag plé leis an lucht gnó agus leis an bpobal i gcoitinne go bhfeicfidh siadsan go bhfuil na cinntí seo ag teacht ón údarás, ó na daoine atá i láthair anseo - na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí - agus ón Rialtas. Nuair a fheictear iadsan ag cur an infheistíochta chun cinn agus go bhfuil siad ag tógáil an Ghaeilge dáiríre mar theanga, tá níos mó seans ag muidne dul i bhfeidhm ar an bpobal.

Uaireanta, bheadh daoine ag rá "why would we bother, sure they don't bother".

Ní hé sin an rud atá ag tarlú faoi láthair, buíochas le Dia agus le cúnamh Dé, tá súil agam go leanfaidh sé sin ar aghaidh.

Luaigh an Teachta Connolly lóistín agus is ceist mhaith í sin. Tá a fhios ag chuile dhuine go bhfuil na huimhreacha ag dul sa treo ceart ach gur gá i bhfad níos mó a dhéanamh. Tá céatadán leagtha síos ag Comhairle Contae na Gaillimhe do chainteoirí Gaeilge i chuile eastát tithíochta príobháideach agus eastáit sóisialta freisin. Braitheann sé ar cé chomh láidir is atá an teanga iontu. Mar shampla, beidh céatadán an-ard ar An gCeathrú Rua – suas le 80% nó airde ná sin – agus i Maigh Cuilinn beidh sé i bhfad níos ísle. Ach taobh amuigh de sin, is thart ar 20% atá i gceist. An síleann na finnéithe go mbeadh deis anseo i gcathair na Gaillimhe le breathnú ar rud éigin mar sin?

Ms Bríd Ní Chonghóile

Ó thaobh na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú, an ea? Tá sé sin mar bheart sa phlean teanga. Is é sin an sprioc is mó atá ag an bplean teanga. Táimid ag cur níos mó deiseanna ar fáil faoi láthair le daoine a thabhairt amach agus an Ghaeilge a chleachtadh agus a fhoghlaim. Tá go leor den airgead atá againn ón phlean teanga á fháil tríd Foras na Gaeilge. Is iad sin na mianta atáimid ag iarraidh a chur i bhfeidhm agus a tháinig chun cinn sa phlean teanga.

Tá dream eile sa chathair nach dtig linn dearmad a dhéanamh orthu ach an oiread agus is iad seo na daoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ach a bhfuil dea-thoil acu den teanga agus atá ag úsáid an cúpla focal. Táimid ag iarraidh iadsan a thabhairt linn chomh maith. Táimid ag iarraidh iad a thabhairt, mar a deir siad, over to the other side agus go ndéanfaimid Gaeilgeoirí astu, ach caithfimid é sin a dhéanamh ar bhealach tomhaiste agus cúramach. Téann siad síos go Conradh na Gaeilge ag foghlaim na Gaeilge. B’fhéidir go rachaidís isteach ansin agus go dtógfadh siad céim níos faide agus dul isteach go hOllscoil na Gaillimhe. An beart is mó a bhí ag baint leis an bhféile Tonnta ná go dtabharfadh muid an Ghaeilge amach ar na sráideanna, mar a bhí Darach Ó Tuairisg ag rá ar ball beag, agus go mbeadh deis acu siúd nach bhfuil mórán Gaeilge acu teacht agus an teanga a aireachtáil, aithne a chur air agus spraoi a bhaint as. Rinne muid é sin le Gaeilgeoirí na cathrach agus le healaíontóirí Gaeilge na cathrach. Tá cathair na Gaillimhe eisceachtúil gur cathair ilchultúrtha í. Caithfimid a bheith ag smaoineamh orthu siúd chomh maith, ní ar na Gaeilgeoirí amháin. Caithfimid freastal ar an dá dream sin. Le cúnamh Dé, éireoidh linn an Ghaeilge a normalú de réir a chéile agus níos mó Gaeilgeoirí a chruthú.

Tá ceist agam ar Mharcas Ó Conaire agus ar Mháirtín Ó Donnchadha ó thaobh an dualgais reachtúil go mbeadh 20% d’oibrithe cumasach sa Ghaeilge faoi 2030. Cé chomh dúshlánach is a bhéas an céatadán sin laistigh den chomhairle contae agus an comhairle cathrach nó an bhfuil cuid den obair déanta? B'fhéidir nach bhfuil sé seo féaráilte, ach tuigim go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag bogadh go Mervue. B'fhéidir nach bhfuil chuile dhuine sásta le sin. Tuigim go bhfuil daoine ag dul amach ar phinsean go luath - is é sin atá cloiste agam ar aon nós. An gceapann Marcus Ó Conaire go mbeidh aon impleachtaí aige seo ar an teanga nó ar an méid daoine le Gaeilge? B’fhéidir go bhfuil a lán daoine ina gcónaí i gConamara a bhíonn ag obair sa chomhairle cathrach, mar shampla.

Mr. Marcus Ó Conaire

Níl mé i bhfad ar an mbóthar beag ach cheana féin tá an-luí agam leis an suíomh sin atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Suíomh álainn é. Rachaidh mé go fonnmhar go dtí an suíomh nua. Tá go leor daoine a bheadh buailte níos measa ná muintir Chonamara ag tarraingt ar an áit. Tá mé ag smaoineamh ar dhaoine atá ag tarraingt as áiteanna cosúil le Baile Átha an Rí go speisialta ar an traein ag dul chuig an áit sin. Ó thaobh na Gaeilge de, le glan na fírinne a rá, cheapfainn go mbeidh tionchar neodrach ag an aistriú. Bheadh ceisteanna eile a mbeadh i bhfad níos mó tosaíochta acu ná díreach an aistriú suímh amháin. Glacaim le pointe an Seanadóra go bhfuil daoine ag dul ar an bpinsean anois dá bharr. Níl a fhios agam céard iad na rúibricí a bhaineann leis sin agus mar sin de. Tá go leor daoine á bhfostú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le blianta beaga anuas. Tá an scéal amhlaigh freisin sa chomhairle contae, chomh fada le mo bharúil. Arís, rachaidh mé ar ais ag an bpointe a bhí na finnéithe eile a dhéanamh maidir le bheith ag juggláil an t-iliomad oibre. Tá go leor féidearthachtaí ansin. Úsáidfidh mé téarma an Teachta Connolly ansin. Is féidearthachtaí atá ann agus tá an t-uafás acu ann, ach tá an t-uafás den ualach sin ag teacht anuas ar an aon duine amháin nuair ba cheart go mbeadh beirt ó b’fhéidir triúr amuigh sna rannóga féin. Tá súil agam go ndéanann sé sin ciall. Chuaigh mé timpeall an tí dhá huaire ansin ach tá súil agam go dtagann sé sin gar don fhreagra a bhí á chuartú ag an Seanadóir.

Mr. Máirtín Ó Donnchadha

Luadh an cinneadh atá déanta 20% d’earcaithe a bheith ann faoi 2030. Beidh dúshlán ag baint leis. I láthair na huaire, táimid ag freastal ar cheantair Ghaeltachta Chonamara is mó agus tá Gaeilge ar a dtoil ag formhór na n-oibrithe ansin. Istigh sa bhfoirgneamh nó i measc na mball foirne atá sa chomhairle féin, táimid ag cur ranganna ar fáil agus bheadh sé beartaithe againn iad a thabhairt suas go dtí an caighdeán atá á iarraidh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá suas is anuas le 100 duine ag freastal ar na ranganna faoi láthair ach níl siad ag caighdeán a bheadh sásúil lena iad a thabhairt i dtreo TEG nó an chaighdeán atá measta ina leith sin. Tá roinnt oibre le déanamh air sin chomh maith céanna agus beimid ag dul i ngleic leis.

Dírím mo cheist dheireanach ar Charoline Ní Fhatharta maidir le lóistín an champais. Tá a lán oibre déanta ag Ollscoil na Gaillimhe leis an áis nua i Dunlin Village agus Goldcrest Village freisin roimhe sin. Mar sin tá a lán leapacha ar fáil. An bhfuil céatadán leagtha amach do chainteoirí Gaeilge? An bhfuil siad le chéile ar urlár amháin? B’fhéidir gur bhfearr leo bheith le chéile nó b’fhéidir nár bhfearr. An bhfuil aon cinneadh ansin?

Ms Caroline Ní Fhlatharta

Tá, cinnte. Bhí scéim chónaitheachta Gaeilge san ollscoil blianta fada siar. Stop an scéim ar chúis éigin nach bhfuil ar eolas agam agus ar feadh roinnt blianta ansin ní raibh a leithéid ar fáil. Cé go raibh baill foirne san ollscoil ag déanamh a míle dícheall Gaeilgeoirí a choinneáil le chéile, ní raibh córas nó struchtúr ann. Arú anuraidh, shocraigh muid an scéim chónaitheachta Gaeilge a athsheoladh agus chuir muid ceithre árasán agus ceathrar i ngach ceann le chéile agus thug muid teach na Gaeilge air. Chuir muid scoláirí óga ó fud fad na tíre faoi agallamh agus cuireadh 16 duine isteach ag fanacht i dteach na Gaeilge ar feadh na bliana. Ansin anuraidh, rinne muid é sin a leathnú. Is ar iarratas ó na mic léinn féin a tháinig sé sin. Dúirt siad go raibh sé iontach go raibh an t-eispéireas sin acu ach gur theastaigh dlús níos mó. Ar an mbunús sin, leathnaigh muid an scéim agus anois tá ocht gcinn d’árasán ar fáil i mBaile na Coiribe ar champas na hollscoile. Mar a dúirt mé, chuir muid 100 scoláire faoi agallamh thar thrí lá. Bhí an t-éileamh dochreidte. Tá 32 scoláire ó 16 contae ar fud na tíre ag cur fúthu i mbloc na Gaeilge ar champas na hollscoile i mbliana. Fanfaidh na figiúirí sin mar atá don bhliain reatha nó do chéad bliain eile ach ba bhreá linn forbairt a dhéanamh air sin amach anseo freisin.

An rud is tábhachtaí faoi sin ná go bhfuilimid ag léiriú rud éigin don dream óg seo. Is iad an chéad ghlúin eile a thapóidh na deiseanna nó a bhéas ar fáil le haghaidh an 20% seo. Leis na deiseanna ar fad a thiocfaidh chun cinn, beimid ag braith ar an aos óg a bheith sách oilte, sách cumasach agus sách muiníneach le tabhairt faoi na rólanna sin. Caithfimid a léiriú dóibh go bhfuil buntáiste ag baint leis an nGaeilge agus go bhfuil rud éigin ar leith acu. Luaim rudaí bunúsacha ar nós scéim chónaitheachta nó mar shampla san ollscoil dé hAoine seo caite, reáchtáil muid, don dara bhliain as a chéile, gradaim aitheantais. Thug muid cuireadh do scoláirí a fuair idir 90% agus 100% sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge sa teastas sóisearach as cúige Chonnacht, Contae an Chláir agus Contae Dhún na nGall, teacht ag an ollscoil agus bhronn an t-uachtaráin ionaid i mbliana agus an t-uachtarán anuraidh teastas orthu. Ní chreidfeá an tionchar a bhíonn ag an aitheantas sin ar na daoine óga sin. Ar bhealach, b’fhéidir go bhfuil mé ag imeacht ón bpointe ach tá sé tábhachtach rud amháin a lua, cé nach taighde de chineál ar bith é seo ach é bunaithe ar an dtaithí atá agam féin leis an ócáid sin.

Tuigimid go bhfuil scrúduithe T1 agus T2 anois ann. Anuraidh, ní raibh ach scoil Ghaeltachta amháin i gContae na Gaillimhe a raibh scoláirí aici a fuair idir 90% agus 100%. Is fadhb ollmhór í sin. I mbliana, bhí rudaí beagáinín níos fearr. Bhí trí scoil as Contae na Gaillimhe ar éirigh le scoláirí astu idir 90% agus 100% a fháil sa scrúdú ardleibhéal Gaeilge. As 139 scoláire a bhain gradam amach, thug 19 faoin scrúdú T1. Bhí 139 scoláire a raibh gradam tuillte acu ach, as an 139 sin, thug 19 faoin scrúdú T1 agus ba as Contae na Gaillimhe 11 acu. Agus mé i mo chónaí sa nGaeltacht agus ag tógáil mo chlann le Gaeilge, is é an rud a sheas amach domsa ná go bhfuil baol mór millteach ann go bhfuil scoláirí atá ag tabhairt faoin scrúdú T1, na cainteoirí Gaeilge laethúla, faoi mhíbhuntáiste. Ní saineolaí mise. Tá an tuairim sin bunaithe ar mo thaithí féin ach táim ag ceapadh go bhfuil sé an-tábhachtach go ndéanfaimid cinnte nach dtabharfar teachtaireachtaí diúltacha mar sin don aos óg agus go léireoimid dóibh gur buntáiste dóibh í an Ghaeilge seachas go mbeadh siad faoi mhíbhuntáiste mar gheall uirthi. Don duine óg Gaeltachta atá ag díriú ar 325 pointe, bheadh sé ní b'éasca acu dul agus tabhairt faoi scrúdú T2 agus pointí níos airde a bhaint amach. Mar a dúirt mé, ní saineolaí mé ach tá sé sin bunaithe ar ár dtaithí leis an ócáid sin. B'fhiú tuilleadh fiosrú nó tuilleadh plé a dhéanamh air sin. Tá sé tábhachtach go spreagfadh muid na daoine seo agus go dtabharfaidh muid chuile ugach dóibh. Táimid ag iarraidh a chinntiú nach a mhalairt a tharlódh.

Tá sé sin an-suimiúil. Beimid in ann é sin a phlé arís. Is dea-scéal é céard atá leagtha amach do chainteoirí Gaeilge laistigh de lóistín na hollscoile. B'fhéidir gur féidir níos mó a dhéanamh sna blianta amach romhainn. Nuair a bheidh Orlaith Ní Mheachair agus a chomhghleacaithe ag tógáil lóistín in ATU, b'fhéidir go mbeidh siad in ann an rud céanna a dhéanamh. Is rud maith é.

I dtosach báire, caithfidh mé a rá go bhfuilim breá sásta a bheith anseo i gcathair na Gaillimhe inniu. Bhí Darach Ó Tuairisg ag caint faoi fheiceálacht na Gaeilge. Is cosúil go bhfuil an Ghaelainn níos feiceálaí anseo ná in aon chathair eile sa tír. Shiúil mé síos Shop Street aréir nuair a tháinig mé chun na cathrach agus bhí Gaeilge le cloisteáil ar an tsráid - in the wild, mar a ndéarfá. Ní minic a tharlaíonn sé sin in aon áit ná cathair eile sa tír. Níl an comhthéacs atá againn i bPort Láirge mar an gcéanna. Is beag Gaeilge a labhraíodh i gcathair Phort Láirge riamh. Bhunaigh na Lochlannaigh é agus tháinig na Normannaigh isteach ansin so bhí níos mó Fraincise ná Gaeilge le cloisteáil i gcathair Phort Láirge ag aon am riamh sa stair. Táim ag féachaint ar iarthar Chontae Phort Láirge, áit a bhfuil Gaeltacht na nDéise, An Rinn agus An Seanphobal, againn. Tá an plé atá á dhéanamh againn inniu níos oiriúnaí do Dhún Garbhán, an baile seirbhíse Gaeltachta a dhéanann freastal ar Ghaeltacht na nDéise. Táimid ag féachaint ar na féidearthachtaí ó thaobh, mar shampla, cultúrlann a fhorbairt i nDún Garbhán. An ndéanfaidh Bríd Ní Chonghóile beagáinín cainte ar na féidearthachtaí atá ann maidir le cultúrlann? Céard iad na himeachtaí a bheadh á reáchtáil ann? Cén dea-thionchar ar chúrsaí Gaeilge a bheith ag cultúrlann i nGaillimh nó i nDún Garbhán? Is é sin an chéad cheist atá agam. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais chun ceisteanna eile a phlé.

Ms Bríd Ní Chonghóile

Tá áthas orm go raibh taithí mhaith ag an Teachta agus é ag siúl síos Sráid na Siopaí i gcathair na Gaillimhe aréir. Maidir le cultúrlann, nuair a bhí muidne ag smaoineamh ar an lárionad do chathair na Gaillimhe, bhí muid ag breathnú ar Dhoire, ar Bhéal Feirste agus ar na ceantair sin ina bhfuil macasamhail den chineál rud a raibh muid ag smaoineamh ar, cé go raibh muid ag smaoineamh ar rud beagán níos leithne. Nuair a bhíonn muid ag plé leis an gcathair agus ag iarraidh an siombalachas ó thaobh comharthaíochta a fhorbairt, dá shiúlfá deich nóiméad isteach go dtí an chathair, d'aithneofá tú go bhfuil tú in áit éigin dhifriúil agus uathúil. Ag an am céanna, nuair a bhí muid ag ullmhú an plean teanga agus ár straitéis, bhí daoine ag rá linn nach bhfuil aon áit le dul i nGaillimh ach pubanna. Níl chuile dhuine ag iarraidh dul isteach in amharclann ach an oiread. Bhí siad ag iarraidh dul áit éigin le go mbeidh siad in ann taithí a fháil ar chultúr na Gaeltachta agus na Gaeilge. Arís, níl chuile duine ag iarraidh dul amach faoin tuath. Bhí siad ag iarraidh buzz na cathrach. Is é sin an áit as ar tháinig an smaoineamh chun lárionad cultúrtha a bhunú. Bhí muid ag iarraidh é a cheangal le turasóirí chun go mbeidh áit éigin eile le dul acu nuair a thagann siad go dtí an chathair agus chun go n-aireoidh siad, go mblaisfidh siad agus go bhfeicfidh siad an Ghaeilge agus an saibhreas a théann léi ó thaobh amhránaíochta agus ceardaíochta.

Is rud tábhachtach eile a tháinig aníos sa phlé a bhí againn agus muid ag ullmhú na tuairisce ná go raibh daoine óga ag rá go raibh siad ag iarraidh áit éigin le dul ann. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh sé nádúrtha. Ní raibh siad ag iarraidh dul isteach i seomra ranga agus ní raibh siad ag iarraidh léacht staire faoin nGaeilge. Bhí siad ag iarraidh a bheith ag imirt leadóige nó dul ag ól cupán caife. Bhí siad ag iarraidh a shaoil a chaitheamh trí mheán na Gaeilge in áit gur féidir leo dul isteach ann. Agus é sin ráite, tá cúpla áit i nGaillimh cheana féin. San eolaire gnó Gaillimh le Gaeilge, feicfidh tú go bhfuil áiteanna ann ach ní bhíonn siad ansin chuile lá. Bheadh sé sin an-tairbhiúil d'aon chathair, Dún Garbhán san áireamh. Níl aon fháth nach bhféadfadh sé oibriú ansin chomh maith. Uaireanta, tá na Gaeilgeoirí muiníneach go leor. Gabhfaidh siad isteach in aon áit sa lá atá inniu ann. Is é sin an taithí atá agam. Bíonn daoine nach bhfuil an Ghaeilge atá acu ró-líofa ruidín beag faiteach. Tá siad fós ann. Dá mbeadh lárionad cultúrtha Gaeilge againn ina gcuirfear fáilte roimh gach duine, bheadh sé sin ag cuidiú leis an teanga. Chomh maith leis sin, bheadh sé ag cothú fostaíochta agus bheadh sé ceangailte isteach go dtí an turasóireacht. Ag an am céanna, bheadh sé ag treisiú na teanga Gaeilge.

Uaireanta, bíonn sé deacair an Ghaelainn a aimsiú. Má tá tú ag bogadh thart i nGaeltacht na nDéise, tá sé deacair duine le Gaeilge a aithint agus an cinneadh a dhéanamh Gaeilge bhriste a labhairt leis nó léi, is é sin, triail a bhaint as an méid Gaelainne atá agat. Bhí mé sa chultúrlann i mBéal Feirste agus díreach mar sin atá sé. Is féidir leat buaileadh isteach, Gaelainn a chloisteáil agus triail a bhaint as an méid Gaelainne atá agat.

Tá ceist agam do Caroline Ní Fhlatharta freisin. Baineann sé leis an seimeastar sa Ghaeltacht. Táim ag smaoineamh ar SETU agus an deis atá aige. Faraor, is minic a dhéanann muidne i bPort Láirge dearmad gur contae agus Dáilcheantar le Gaeltacht muid. Tá deis ag SETU, cosúil leis an deis atá ag Ollscoil na Gaillimhe agus ATU, tabhairt faoi mar ollscoil Ghaeltachta. An labhróidh Caroline Ní Fhlatharta píosa beag níos mó ar an seimeastar sa Ghaeltacht sin?

Ms Caroline Ní Fhlatharta

Cuireadh tús leis an seimeastar Gaeltachta in 2018, mura bhfuil dul amú orm. Go dtí sin, bhí Erasmus i gceist do mhic léinn a bhí ag déanamh staidéir ar theangacha ar nós na Fraincise, na Spáinnise nó na hIodáilise agus chaith siad seimeastar nó 12 seachtain thar lear agus iad tumtha sa gcultúr agus sa teanga sin. Ní raibh a macasamhail ann don Ghaeilge. Mar a dúirt mé, cuireadh tús leis sin roinnt blianta ó shin. Chuaigh mic léinn a bhí ag déanamh staidéir ar an nGaeilge san ollscoil go Gaoth Dobhair, siar ar An gCeathrú Rua nó siar go Carna. Thug siad faoi sheimeastar iomlán. D'fhan siad le teaghlaigh áitiúla agus, mar a dúirt mé, bhí siad tumtha go hiomlán sa nGaeilge. Do na mic léinn, chiallaigh sé sin go raibh bliain bhreise curtha leis an gcéim. Rinne siad seimeastar sa nGaeltacht agus ansin rinne siad seimeastar eile ar shocrúchán oibre trí Ghaeilge.

Bhí go leor acu a raibh suim acu, mar shampla, sa mhúinteoireacht. Bhí siad ag obair i scoileanna agus fuair siad deis blas a fháil den chineál sin oibre le daoine agus le heagraíochtaí ar fud na tíre atá ag plé leis an nGaeilge. Mura mbeadh iontas ar bith ag baint leis an socrúchán oibre, agus bhí, ar ndóigh, fuair siad tuiscint ar an méid deiseanna atá ar fáil don té a bhfuil Gaeilge aige nó aici nach smaoiníonn daoine orthu go minic.

Ó thaobh an tseimeastair, forbraíodh é, mar a dúirt mé, ar mhaithe le mic léinn Ollscoil na Gaillimhe. Tá mic léinn ó Ollscoil Luimnigh tar éis tabhairt faoi agus mura bhfuil dul amú orm, beidh mic léinn linn ó Bhaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn freisin. Tá sé an-tábhachtach mar tá baol ann i gcónaí maidir le go leor de na daoine atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge go bhfuil siad dírithe ar an múinteoireacht. Tá riachtanais i gceist agus caithfidh siad leibhéal áirithe Gaeilge a bhaint amach. Níl mé ag caint faoi chuile dhuine mar is eispéireas taitneamhach é ar ndóigh ach go minic ní thuigeann daoine a luach. Go minic, breathnaítear ar an nGaeilge mar ábhar agus tá sé an-tábhachtach a leithéid de sheimeastar sa Ghaeltacht a bheith ann, agus deiseanna socrúcháin oibre, mar go bhfaightear agus go n-áirítear léargas na ndaoine sin. Tá an ceantar go hiontach ar ndóigh. Tá fostaíocht, busanna, mná tí agus siopaí ann agus tá sé iontach, fiú amháin, do na daoine óga sna ceantair Ghaeltachta sin mar feiceann siad go bhfuil na daoine seo ag teacht ar mhaithe leis an nGaeilge. Cuidíonn sé sin lena gcuid féiniúlachta féin chomh maith i measc aos óg na Gaeltachta.

An bhfuil an t-aiseolas ó na mic léinn dearfach?

Ms Caroline Ní Fhlatharta

Ní shásófar chuile dhuine go brách ach tá sé dearfach ar an mórgóir, cinnte. Ba cheart dom a rá gur forbraíodh é sin do mhic léinn na Gaeilge in 2018. Bhí sé ar siúl roimhe sin do mhic léinn a bhí ag tabhairt faoin gcumarsáid agus leis an BComm le Gaeilge. Ní hé ach gur leathnaíodh amach é do mhic léinn Ghaeilge in 2018.

Más féidir, tá ceist amháin eile agam do Mháirtín Ó Donnchadha. An bhfuil aon sampla nó creatlach ann ó thaobh measúnaithe de? Tá sé ag cur ranganna ar fáil do bhaill foirne. Bhí an-chuid caint ar an gcomhchoiste seo maidir le céard is inniúlacht ann sa Ghaeilge. Bhí a lán caint faoi Theastas Eorpach na Gaeilge, agus faoin gcreatlach comónta Eorpach sin. An mbaineann Comhairle Chontae na Gaillimhe úsáid as a leithéid sin chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal na Gaeilge nó céard a dhéanann an chomhairle?

Mr. Máirtín Ó Donnchadha

Faoi láthair, mar a dúirt mé, táimid ag cur tús le rudaí. Thosaíomar le trí leibhéal. Bhí bunleibhéal 1 agus bunleibhéal 2. Thosaíomar le bunleibhéal 1 le heachtrannaigh sa chuid is mó de a tháinig isteach ag obair sa chomhairle ar mhaithe leis an nGaeilge a fhoghlaim. Thosaíomar go bunúsach leo siúd. D'úsáideamar bunleibhéal 2 le dreamanna a rinne Gaeilge sa scoil náisiúnta agus nach ndeachaigh níos faide leis an nGaeilge ina dhiaidh sin. Bhíomar ag iarraidh iad siúd a mhúineadh. Bhí a lán leibhéal ansin againn agus bhíomar ag iarraidh iad siúd a thabhairt suas go dtí caighdeán áirithe le go mbeadh siad sách maith le cur chun cinn ar chúrsaí san ollscoil, san ATU, nó in áit éigin a bhféadfaidís dul le go mbeadh leibhéal sách riachtanach acu le go mbeimid in ann iad a chur sa treo sin. Ansin, bheadh siad in ann an creatlach sin atá leagtha amach ag an TEG, mar shampla, a dhéanamh. Bheimis ag súil go mbeadh siad ar an gcumas sin chun an 20% sin a bhaint amach. Is é sin an sprioc nó an plean a bhí leagtha amach againn ó shin i leith.

Glaoim ar an Teachta Ó Cuív anois.

Gabhaim buíochas as an obair ar fad a rinne an comhchoiste chun a chinntiú go mbeadh muid anseo. Is í seo an chéad cheist atá agam: an bhfuil aon tsamhail ag ár n-aíonna cé a bheidh ag labhairt na Gaeilge? Mar is eol don chomhchoiste, bhí mé féin ag obair air seo ar mhapa 15 bliain déag ó shin, nó níos mó. An bhfuil samhail ag ár n-aíonna faoin rud a bheadh ann? Ag an am, bhíomar ag caint faoi bhialann, áit a bhféadfadh caife a bheith ag duine agus rudaí mar sin, áit chaidrimh, naíonra, naíolann, seomra poiblí agus áit a tharraingeodh daoine. Ní fheicim gur fhág a shamhail leis sin mar níl áras Chonradh na Gaeilge chomh mór sin agus tá go leor le déanamh ansin. Bheadh sé deacair é a líonadh. Feictear domsa go bhfuil gá le lár-ionad mór. An mbeidh Gaillimh le Gaeilge ag foilsiú na tuarascála nuair a bheidh sé léite ag Bríd Ní Chonghóile. Tá súil agam go mbeidh.

Is é an dara rud ná gur dóigh liom gur eiseamláir é an obair atá déanta ar logainmneacha na cathrach sna heastáit. Na Sussex Downs atá in áiteanna eile; níl siad i nGaillimh nó na logainmneacha sin ar fad nach bhfuil aon bhaint acu leis an áit ach an oiread. B'fhéidir go dtabharfadh an chomhairle cur síos beag ar an gcur chuige atá aici cé orthu a bhunaíonn siad na logainmneacha sin. An iad ar bhailte fearainn nó cé orthu a bhunaíonn sí iad? Cén próiseas atá ag an gcomhairle le go dtiocfaidh siad aníos? Ní hamháin go mbíonn leagan Gaeilge amháin orthu agus glacann daoine leis seo ach cén cur chuige agus cé na straitéisí atá ag an gcomhairle chun iad a roghnú? Ní leor ainm áite a bheith i nGaeilge mar ba cheart go mbeadh sé dúchasach agus fréamhaithe san áit.

Tá ceist agam i ngeall ar na hoifigigh Ghaeilge. D'fhéadfadh duine ar dhuine í a fhreagairt. An poist páirtaimseartha nó lánaimseartha iad agus an mbeidh cúraimí eile orthu sa chomhairle contae, sa chomhairle cathrach, san ATU nó san ollscoil, nó an bhfuil na poist seo lánaimseartha ag plé le cúrsaí Gaeilge? An bhféadfadh ár n-aíonna a dheimhniú chomh maith an bhfuil siad ar fad ar an gcineál scála pá céanna? Tá gráid sa tseirbhís phoiblí agus cén leibhéal ar a mbeidh na poist seo? An bhfuil siad ar an meánleibhéal, ardleibhéal nó cén leibhéal ar a bhfuil siad taobh istigh den chóras? Tá an chomhairle ag obair i gcóras agus baineann seasamh poist go mór leis an áit ina bhfuil duine sa chóras.

Ó thaobh na hollscoile de, láithreach bonn thiocfainn go mór leis an méid a dúirt an Seanadóir Seán Kyne maidir leis an scéim chónaithe a thabhairt ar ais. Bhí sé sin ag an ollscoil agus bhí sé i mBaile Átha Cliath. Níl a fhios agam an bhfuil sí i mBaile Átha Cliath i gcónaí. Ní hamháin go raibh deis ag na mic léinn Gaeilge a labhairt eatarthu féin agus iad ag fanacht ann, ach bhí buntáiste eile ag baint leis mar gur fhan siad cairdiúil go minic lena chéile. Chuir sin leis an rud seo maidir le comhluadar le cainteoirí Gaeilge. Níl aon mhaith Gaeilge a bheith ag duine mura mbeidh deis ag an duine sin í a úsáid. Is í ceann de na fadhbanna atá aitheanta go minic ó thaobh na ndaonáireamh de ná go bhfuil go leor leor daoine a deir go bhfuil Gaeilge mhaith acu ach nach n-úsáideann siad go rialta í. Go minic, is ceal deiseanna an Ghaeilge a bheith lárnach ina saol faoi deara é sin.

I gcás na comhairle contae agus na comhairle cathrach, chomh maith le hoifigeach Gaeilge - is maith ann iad le rudaí a stiúradh - ach go mór mór i gcás na comhairle contae, tá dualgas i bhfad níos troime uirthi a dhéanamh cinnte de go bhfuil daoine le Gaeilge i bpoist trasna na seirbhísí. Mar shampla, agus molaim Comhairle Chontae na Gaillimhe, mar go bhfuil an t-oifigeach idirghabhála tithíochta lonnaithe an t-am seo i gConamara. Maidir leis an duine a bhí ann roimhe, bhí Gaeilge ag chuile duine acu. Nuair atáthar ag plé le muintir na Gaeltachta, is trí Ghaeilge a dhéantar é. Go deimhin féin is fear as an nGaeltacht atá ann anois. Is iontach an rud é sin. Níl aon amhras ach má chuirtear cainteoir dúchasach ag caint le cainteoir dúchasach, is Gaeilge a labhraíonn siad.

An bhfuil aon phlean á fhorbairt ag cur san áireamh na caighdeáin a bheidh á leagan síos trí Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil do phobal na Gaeltachta? An bhfuil aon phlean á chur i dtoll a chéile a dhéanfadh cinnte de i rannóga eile na comhairle contae atá ag plé leis an bpobal go díreach, mar shampla an rannóg pleanála, faoi sheasamh na Gaeilge, nuair a chuirtear daoine amach go dtí an Ghaeltacht? Bítear ina dhiaidh sin ag plé leis an bpobal - tá súil agam go mbítear ag plé leis an bpobal - maidir le cúrsaí pleanála.

An bhfuil aon phlean curtha i dtoll a chéile le déanamh cinnte, thar tréimhse ama de réir mar a bheidh daoine le Gaeilge á n-earcú sa tseirbhís poiblí, go gcuirfear daoine le Gaeilge sna gnáthphoist atá idirchaidreamhach leis an phobal? Mar shampla, an mbeidh Gaeilge ag na pleanálaithe a bheidh ag plé leis an Ghaeltacht? Deirim "pleanálaithe" de bharr nach duine amháin a bheidh ag plé léi. An mbeidh na daoine seo ar a gcompord ag déileáil le cáipéisíocht trí Ghaeilge? Tugaim faoi deara go dtógann daoine, go ginearálta, bealach na héascaíochta; bíonn siad ag plé liom, le comhaltaí eile agus le daoine eile i nGaeilge ach bíonn siad ag líonadh bhfoirmeacha i mBéarla de bharr go mbíonn faitíos orthu go ndéanfaí treampán orthu.

Caithfear déileáil le cúrsaí tithíochta agus pleanála sna Gaeltachtaí ach ní ábhar an lae inniu é sin.

Tá ceist agam d’Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Teicneolaíocht an Atlantaigh. Tá muid in 2024 agus cheapfá go mbeadh muid in ann sa tír seo 20% de sheirbhísí poiblí a bheith ann as Gaeilge agus daoine a earcú a bhfuil cumas oibre Gaeilge acu. Mar atá i láthair na huaire, níl na daoine oilte. Ní bheidh na daoine sin ar fad ag plé leis an Ghaeilge go gairmiúil mar atá na finnéithe sna poist atá acu. Mar a luaigh mé, déanfaidh siad gnáthphoist cosúil le pleanálaithe, dochtúirí, ailtirí, cigirí talmhaíochta, innealtóirí agus míle rud eile agus chuile ghairm, múinteoirí san áireamh ach b’fhéidir go bhfuil múinteoirí á dhéanamh seo le fada. An bhfuil aon phleanáil ar bun nó an bhfuil aon phleanáil ar bun ag an choiste nua atá bunaithe ag an Rialtas chun scrúdú agus moltaí a dhéanamh faoi seo maidir leis an chaoi a bhfuil na finnéithe chun déanamh cinnte de go mbeidh Gaeilge ag na céimithe, na daoine a fhaigheann dioplómaí agus a bhaineann an ollscoil amach? Is féidir linn a bheith ag caint go breá ach ní thógtar ón bhunscoil go dtí an meánscoil, áiteanna a bhfuil an soláthar ag méadú le blianta, agus ón mheánscoil go dtí an ollscoil é. Is í an ollscoil an t-aon chaoi anois. Luaim go sonrach Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh de dheasca gur dúirt an finné nach bhfuil rannóg Gaeilge aici, ach níl mé ag caint ar mhúineadh na Gaeilge ar bhonn acadúla, tá mé ag caint faoi Ghaeilge fheidhmiúil a bheith ag daoine. An bhfuil aon phleanáil ar bun nó an bhfuil na finnéithe ag fanacht leis an choiste nua seo teacht chugainn nó ar tháinig an coiste chucu fós? Ag deireadh an lae, tá muid ag iarraidh moltaí. Céard a bheidh muid ag déanamh? Déanann muid moltaí agus nuair atá mé ag cur ceisteanna, tá mé dírithe an-mhór ar an choiste seo agus ar thuarascáil a chur amach le moltaí dearfacha faoin chaoi a bhféadfaidh muid cuidiú leis na spriocanna comónta atá againn, ar ár dtaobh seo againn agus ar thaobh na bhfinnéithe, a bhaint amach.

Bheadh an-spéis agam i dtuairimí na bhfinnéithe maidir leis an chaoi a bhféadfaidh muid dul chuig an chéad céim eile agus nach mbeadh iontas ar bith ar dhuine ar bith dá mbeadh dochtúir nó innealtóir le Gaeilge nó daoine le Gaeilge i ngairmeacha eile. Tá go leor gairmeacha ag an Seanadóir Clifford-Lee atá le mo hais agus beidh sí in ann a rá liom. Is cuma cén gairm atá mé in ann a rá, níl fadhb ar bith go mbeidh 20% de na daoine sin le Gaeilge. Dar ndóigh, tá lucht riaracháin san áireamh anseo.

Tá sraith ceisteanna ansin. B’fhéidir gur féidir le Róisín Ní Chinnéide nó Bríd Ní Chonghóile déileáil leis an cheist maidir leis an lárionad agus an t-áras agus cad é atá ann, cad é a bheas ann agus a leithéid. Casfaidh mé ar Mharcus Ó Conaire don dara ceist mar gheall ar na heastáit thithíochta agus an cur chuige ina dtaobh. Is féidir ansin le Marcus Ó Conaire agus Máirtín Ó Donnchadha déileáil leis na tuairimí difriúla agus a leithéid, ach tá roinnt de freagartha cheana. Beidh deis ansin labhairt maidir leis na hollscoileanna. Tosóidh mé le Róisín Ní Chinnéide ar dtús.

Ms Róisín Ní Chinnéide

Is dócha nach bhfuil mórán sa bhreis le rá againn maidir leis seo. Is cinnte gur ar son leas an phobail a bheadh lárionad, agus na háiseanna ar fad atá againn sa chathair, curtha ar fáil. Dá mhéad áiseanna agus seirbhísí, is amhlaidh is fearr dúinn ar fad iad. An t-aon rud atá muid ag iarraidh aird a dhíriú air ná go bhfuil an foirgneamh, an áit stairiúil seo atá againn cheana féin, ag titim as a chéile ar Sráid Dhoiminic. Tá sé seo ag dul ar aghaidh le blianta idir bhord stiúrtha Áras na nGael agus Roinn na Gaeltachta. Níl a fhios agam i ndáiríre an féidir liom dul isteach ar na mionsonraí. Bhí obair ag dul ar aghaidh, bhí plé leanúnach thar tréimhse cúpla bliain maidir le rud ag dul ar “e-tenders” agus maidir le daoine a fháil isteach ach tá sé sin saghas tite as a chéile anois. Beidh ar an bhord tús nua a chur leis sin agus is próiseas cúpla bliain atá i gceist. Níl a fhios againn cén toradh a bheidh air sin.

Mar a dúirt mé, ní hé go bhfuil muid ag iarraidh cur i gcoinne lárionaid nua. Bheadh sé sin go hiontach ar fad agus is é sin atá uainn ar fad. Ach tá an foirgneamh, nó an áis, seo againn agus níl an tacaíocht ann dó. Tá sé sin fíor ó thaobh an fhoirgnimh féin de agus ó thaobh an mhaoinithe de atá ag teastáil le nach gcuirfear ina bhac é chomh maith céanna chun an t-aon fostaí amháin atá againn faoin scéim forbairt líonraí Gaeilge a choimeád. Ní féidir linn daoine a choimeád sa ról. Tá an scéim le hathnuachan i mbliana. Ní féidir linn conradh ach go dtí deireadh 2024 a thairiscint do dhuine ar bith. Tá an folúntas le dúnadh i gceann seachtaine agus go bhfios dom, níl éinne tar éis cur isteach ar an ról go fóill agus ní rud uathúil é seo d’Áras na nGael nó do scéim forbairt líonraí Gaeilge ar bith. Is fadhb í seo trasna na tíre nach bhfuil grúpaí atá faoin scéim seo in ann daoine a fháil nó a choimeád. Tá dá rud ag teacht le chéile; an deacracht leis an fhoirgneamh agus an deacracht ó thaobh post de. Ba bhreá linn dá mbeadh an tacaíocht sin ann chun an t-áras a thabhairt ar ais chuig a sheanléim.

Céard a theastaíonn le go mbeidh siad in ann iarratas a réiteach? Deirim é sin mar nuair a thagann grúpa atá ag iarraidh teacht ar rud éigin, fiafraím dó an bhfuil aon iarratas déanta agus go minic níl. Tá sé cosúil leis an chrannchur; ní bhaintear é muna gceannaítear ticéad. Muna mbeidh iarratas istigh, is beag an maitheas dúinn a bheith á bhrú seo. Céard a theastaíonn le go mbeidh sé ar chumas Áras na nGael an t-iarratas a dhéanamh agus é a thabhairt chun críche?

Sula bhfreagraíonn an finné an cheist sin, tá a lán ag sleamhnú. Tá Seanadóir le ceisteanna a chur. Iarraim ar dhaoine freagraí gairide a thabhairt. Dar ndóigh, beidh an plé seo a againn ina dhiaidh. Toisc gur chuir an Teachta Ó Cuív ceist dhíreach ar Róisín Ní Cinnéide, is féidir léi í a fhreagairt.

Ms Róisín Ní Chinnéide

Cheapamar go rabhamar beagnach ag deireadh an phlé ar fad leis an Roinn ach beidh orainn tosú leis sin arís. An comhaontú a bhí ann ná go mbeadh an Roinn ag cur 80% den mhaoiniú ar fáil dá mbeadh an 20% eile ag an áras nó dá mbeadh sé in ann airgead a thiomsú le cur ina threo. Maidir leis an áit ina bhfuil rudaí faoi láthair agus an caidreamh sin, beidh orainn an próiseas a chur ar bun arís ón tús. Beidh ar an bhord tús a chur leis an phróiseas cúpla bliain sin ar fad.

Go raibh maith agat. Meabhraím do na finnéithe a bheith gairid lena bhfreagraí, más féidir.

Ms Bríd Ní Chonghóile

Tá an lárionad cultúrtha Gaeilge mar bheart a 4 sa phlean teanga. Chomh maith leis sin, tá athchóiriú Áras na nGael mar bheart a 5. Níor cheart go mbeadh an dá rud ag teacht salach ar a chéile. Mar a dúirt Róisín Ní Chinnéide, ba mhaith an rud dá mbeadh an dá rud ann. Bhí comhráití le Conradh na Gaeilge agus go leor páirtithe leasmhara eile maidir le cén áit ina mbeadh an lárionad seo.

Maidir le cad a bheidh sa lárionad, tá muid ag caint faoi bhialann, faoi sheomraí seimineár, taispeántais, seomraí cruinnithe agus deiseanna do dhaoine teacht isteach agus a bheith sóisialta ó thaobh na teanga de. Níl mé ag iarraidh chuile rud a rá, mar nach bhfuil sé léite go hiomlán agam, ach beidh roimh an 20 Márta. Beidh muid á fhoilsiú le cead bhord stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge.

An dara cheist maidir le coiste logainmneacha chathair na Gaillimhe, tá sé sin i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Bunaíodh é sin in 1992 agus tá sé ag dul ar aghaidh ó shin.

Tá coiste logainmneacha againn ina bhfuil ionadaithe ó An Post, saineolaithe logainmneacha, ionadaí pobal agus ionadaithe ó Gaillimh le Gaeilge ar ndóigh. An cur chuige atá ann ná go dtagann iarratas isteach go dtí an chomhairle cathrach. An cathaoirleach atá againn ná Helen Coleman agus cuireann sise ceisteanna orthu an bhfuil aon stair nó aon chúlra ag baint leis an áit ina bhéas an tógáil seo ag tarlú. Ansin cuirtear an t-eolas sin chuig an gcoiste agus breathnaíonn muid air. Breathnaíonn An Post air le cinntiú nach bhfuil sé ag teacht salach ar aon ainm eile sa chathair. Faighimid saineolas iontach ón Dr. Nollaig Ó Muraíle maidir le cúrsaí teanga agus maidir leis an ainm féin. Ansin cuirtear trí rogha os comhar an tógálaí agus roghnaíonn siadsan an t-ainm. Is é sin an cur chuige atá againn. Mar a dúirt mé, tá 99% de na hainmneacha ainmnithe i nGaeilge. Tá áiteanna cosúil le hIonad Shéain Uí Dhuagáin ar Bhóthar Fhaiche an Aonaigh i mBéarla agus i nGaeilge. Ainmníodh an t-ionad sin in onóir do Sean Duggan. Is é sin an cur chuige agus an bealach a dhéanann muid an obair. Tá súil agam go bhfreagraíonn sé sin an cheist.

Mr. Marcus Ó Conaire

Tá taithí ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar go leor de na dualgais atá uirthi agus tá seanchleachtadh aici ar sheirbhísí polasaithe a chur ar fáil. Tá sé an-mhaith agus is mór an phribhléid domsa a bheith sa ról sin mar go dtógtar an-dáiríre na hoibleagáidí sin. An rud atá idir lámha faoi láthair, agus go deimhin an tseachtain seo féin, tharraing mé an cheist seo anuas leis an rannóg acmhainní daonna, ná céard atá sé ag déanamh faoi daoine le Gaeilge a mhealladh isteach nó a earcú. An cheist atá ann ná seo: an bhfuil daoine inár measc i nGaillimh sa chontae agus sa chathair? Bí cinnte go bhfuil agus tá sé sin curtha síos sa rud seo. An bhfuil daoine le Gaeilge ag cur isteach ar phostanna sa chomhairle cathrach? Tá. An bhfuil daoine le Gaeilge ag teacht isteach sa chomhairle cathrach? Cé is moite dom féin mar oifigeach Gaeilge, feictear dom ó tháinig mé ann nach bhfuil. Tá mé ag breathnú síos an bóthar - níl ann ach cúpla bliain anois go dtí 2030 - agus ní léir dom an bhfuil aon phlean. Is dócha gurb é sin an áit a bhfuil an t-aicsean faoi láthair sa chomhairle cathrach. Caithfear rud éigin a chur i dtoll le chéile ionas nach mbeidh an straitéis a bhíodh ann mar an straitéis a bheidh ann i measc na gcomhairlí áitiúla. Roimhe seo, nuair a earcaíodh duine, ag an deireadh nuair atá an teastas sláinte bainte amach aige nó aici, iarradh orthu “dála an scéil, an bhfuil Gaeilge ar do thoil agat?". Ní cheapfainn go bhfuil sé sin chun aon duine a mhealladh. Déanfaidh mé tagairt den bhfrása a luaigh an Teachta Ó Cathasaigh amuigh sa bhfiántas, má tá 20% de mhuintir na Gaillimhe atá Gaeilge ar a dtoil acu, níl sé sórt maith againn a bheith i bhfad níos ísle ná sin sa líon daoine atáimid ag tabhairt isteach sa chomhairle. Tá sé ag dul go huile agus go hiomlán in aghaidh gach rud atáimid ag rá go bhfuilimid ag iarraidh a bhaint amach i dtaobh na Gaeilge.

Mr. Máirtín Ó Donnchadha

An chéad rud ná go mbíonn formhór de na hoifigigh Gaeilge ag feidhmiú ag grád 5. Tagann siad isteach mar oifigigh foirne, cé is moite d'Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an t-aon eagraíocht ina bhfuil siad ag feidhmiú ag grád níos airde. Istigh i gComhairle Chontae na Gaillimhe, tá cúraimí breise mar oifigeach foirne do sheirbhísí do chustaiméirí agus do chumarsáid chomh maith. Táimid ar choistí difriúla ansin cosúil le coiste na logainmneacha d’eastáit tithíochta chomh maith. Níl luaim ach ceann amháin acu ansin.

Ó thaobh earcaíochta de, cuireann muid amach na hiarratais go dhátheangach. Fógraíonn muid i nGaeilge agus i mBéarla iad. Le deireanaí, fógraíodh poist mar oifigigh cléireachais agus ceithre iarratas a fuair muid as Gaeilge. Beidh na hagallaimh sin ag teacht aníos as seo go ceann cúpla seachtaine ceart go leor.

Mr. Máirtín Ó Donnchadha

As 80. Mar sin is líon an-bheag atá ansin. Cé go bhfuilimid á bhfógairt ar na páipéir agus ar na meáin shóisialta agus go bhfuil na foirmeacha iarratais ar fad go dhátheangach, níl muid á bhfáil isteach. Fógraíodh postanna le haghaidh oifigigh phleanála agus mar an gcéanna, ní bhfuair muid aon iarratas as Gaeilge. Níl a fhios agam an é nach bhfuil na daoine ag iarraidh a bheith aitheanta mar Ghaeilgeoirí nó céard atá ann. Níl a fhios agam. Níl an freagra sin agam.

Ní dhearna muid é seo go foirmeálta go fóill, ach tá méid áirithe ceistneoirí curtha amach agam ó thaobh daoine a bheith ag feidhmiú - nó sásta feidhmiú - trí mheán na Gaeilge istigh sa chomhairle féin. An freagra atá faighte ar ais agam ná go bhfuil na sreabhanna oibre ar fad ag feidhmiú trí Bhéarla agus dúirt daoine go raibh siad ag dúbláil suas ar an obair ansin agus nach mbeidís sásta na cúraimí breise sin a thógáil mura raibh liúntas de shaghas éigin á fháil acu dá bharr. B’fhéidir gur rud é gur cheart breathnú arís air ó thaobh an 5% liúntas le feidhmiú trí mheán na Gaeilge ach go gcaithfeadh na daoine a bheith ar chaighdeán áirid le go mbeadh siad in ann feidhmiú ag an ngrád sin. Níl a fhios agam.

Rud eile chomh maith, ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla, bíonn siad ag iarraidh go mbeadh na hurlabhraithe acu ag feidhmiú ag grád 7 nó grád 8. Go hiondúil, tagann an chumarsáid isteach i nGaeilge ag na grádanna sin. B'fhéidir go bhfuil an oiread d’ualach ar a bplátaí ag na fostaithe sin go bhfuil neamhaird á dhéanamh den Ghaeilge ann. B’fhéidir go dteastaíonn breathnú arís ó thaobh grádanna na n-oifigeach Gaeilge a dteastódh iad sin a thabhairt suas le go mbeadh siad freagrach as Acht na Teangacha Oifigiúla amháin agus go mbeadh siad in ann na cúraimí sin san eagraíocht ina mbeidís ag feidhmiú a thógáil. Ceapaim gurb iad sin na ceisteanna ar fad.

Chuir an Teachta Ó Cuív ceist eile mar gheall ar an oiliúint i réimsí difriúla sna hollscoileanna agus an bhfuil aon phlean ann don chur chuige sin. Ar mhaith le hOrlaith Ní Mheachair teacht isteach ar dtús, ansin Caroline Ní Fhlatharta agus ansin casfaimid ar an Seanadóir Clifford-Lee atá ag iarraidh ceisteanna a chur? Caithfimid a bheith críochnaithe ar a dhéanaí ar 12.10 p.m. mar tá lucht taifid agus ateangaireachta agus a leithéid ina suí ag fanacht orainn.

Ms Orlaith Ní Mheachair

Ní dhéarfaidh mise mórán mar sin. I dtaobh na hollscoile s’againne, níl me ach tosaithe le dhá mhí anuas agus is éard atá tugtha faoi deara agam ó thosaigh mé ná go bhfuil daoine báúil don teanga; tá sé sin ann go cinnte. Tuigeann an ardbhainistíocht an tábhacht atá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus an tábhacht atá leis. Anois agus mise fostaithe, tá siad réidh le tabhairt faoi na dualgais teanga atá orainn mar ollscoil. Thiocfainn leis an méid a dúirt Máirtín Ó Donnchadha, áfach. An té nach bhfuil beo ar an nGaeilge, nach bhfuil suim acu sa Ghaeilge nó nach bhfuil ag obair leis an nGaeilge faoi láthair, tá sé an-deacair iad a mhealladh. B’fhéidir go bhfuil an cúpla focal acu agus go bhfuil siad ag iarraidh dul ag ciorcal comhrá nó ag rang bunleibhéil, ach mura bhfuil siad ag iarraidh stádas éigin nó cáilíocht a bhaint amach, níl a fhios agam an mbeidh siad sásta achar fada ama a chur isteach le go mbeidh siad ag caighdeán sách ard. Is í seo an cheist: cén caighdeán atá ag teastáil le bheith in ann a bheith ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí Ghaeilge? Dá mbeadh treoir beagáinín níos fearr againn ina thaobh sin, bheadh muid in ann oibriú ansin ar an oiliúint agus cén sórt oiliúint. An é leibhéil B1 ag TEG atá uainn? An é sin an stádas agus inniúlachta teanga atá uainn? Is é sin an t-aon pointe atá agam.

Ms Caroline Ní Fhlatharta

Coinneoidh mise gearr freisin é. Tá cúpla ceist le freagairt. Tá mise ag feidhmiú ag grád 5 freisin agus tá mé ag plé leis an nGaeilge go lánaimseartha. Níl cúraimí eile orm ach tá a fhios agam ó bheith ag caint le hoifigigh Ghaeilge eile go bhfuil go leor acu a bhfuil ualach an-trom aistriúcháin orthu. Tá an t-ádh dearg linn san ollscoil go bhfuil seirbhís aistriúcháin againn mar sin tá mé i riocht maith. Rud eile a chuidíonn go mór ná go bhfuil mise ag obair d’oifig an uachtaráin ionaid agus meabhránaí agus tá stádas ag an oifig sin. Tagann sé sin leis an méid a bhí le rá ag Máirtín Ó Donnchadha, sé sin go bhfanann an té atá thuas ard agus go bhfuil sé níos éasca rudaí a bhrú ar aghaidh nuair atá an tacaíocht sin agat - agus tá, buíochas le Dia.

Maidir leis an scéim chónaithe Gaeilge a luaigh an Teachta Ó Cuív, tá an ceart aige. Labhair duine de na mic léinn a bhí sa scéim anuraidh ag an ócáid a bhí againn Dé hAoine seo caite agus dúirt sé go raibh an caidreamh níos dlúithe idir na mic léinn sa scéim i gcomparáid leis na mic léinn eile a bhí ag roinnt lóistín ar champas na hollscoile. Tá tairbhe ann cinnte agus mholfainn do chuile institiúid a bheith ag déanamh sin. Mar a tharlaíonn sé, rith mé rún ag ard-fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana go mbeadh scéim chónaithe ag gach uile ollscoil nó institiúid agus glacadh leis an rún. Is dul chun cinn suntasach é sin.

Thagair Orlaith Ní Mheachair don dúshlán is mó atá ann agus muid ag iarraidh teacht ar réiteach nua chun dul i ngleic leis an riachtanas 20%; sé sin, nach bhfuil a fhios againn céard é an bunleibhéal a theastófaí lena rá go bhfuil an duine inniúil. Tuigim go bhfuil taighde ar bun agus go bhfuil moltaí le cur faoi bhráid an choiste chomhairligh i mí an Mheithimh. Táimid ag fanacht leis an bplean náisiúnta ansin go bhfeicfimid. Tá an ceart ag Orlaith Ní Mheachair go bhfuil an t-am ag imeacht. San ollscoil s'againne, rinneamar iniúchadh le go bhfeicfimid mar ní féidir tacaíochtaí a chur ar fáil ná breithiúnas a thabhairt ar céard a theastaítear gan taighde a dhéanamh nó tuiscint a bheith ag duine ar an áit a bhfuilimid faoi láthair. Rinneamar iniúchadh inmheánach agus fuaireamar os cionn 1,000 ball foirne. Is é an rud ba shuntasaí domsa faoi sin ná go raibh os cionn 20% den fhoireann muiníneach go raibh ar a gcumas seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Maidir leis an leibhéal a bheadh i gceist, is rud eile é sin, ach is tuar dóchais go cinnte dom é sin.

D'iarr an Teachta Ó Cuív orainn an raibh cúpla moladh againn agus, más cuma leis an gcruinniú, déanfaidh mé cúpla moladh. Táim ag ceapadh arís gur cheart go cinnte tabhairt faoi thaighde sna meánscoileanna chun a fháil amach céard iad na riachtanais do na héilimh atá ag an gcéad ghlúin eile. Ansin, go ndéanfaimid na cúrsaí ollscoile, mar a deir an Teachta Ó Cuív, a bheadh ar fáil a fhorbairt i chuile réimse a bheith ar fáil i nGaeilge. Is é sin, ní hamháin díreach an Ghaeilge agus ag díriú ar an litríocht agus mar sin de, ach go mbeadh daoine oilte sna réimsí uile. Ceapaim gur cheart go mbeadh scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn a chinneann tabhairt faoi na cúrsaí sin. Is é ceann de na dúshláin a bhaineann le struchtúr na hollscoile ná go bhfuil siad ag breathnú ar fhigiúirí agus ar líon na ndaoine a thugann faoi na cúrsaí agus mura bhfuil an t-éileamh an-ard, bíonn ceisteanna á n-ardú faoi na cúrsaí sin a chur ar fáil, nó an cur amú acmhainní iad?

Bheadh scoláireachtaí iontach agus bheinn ag moladh go mbeadh pointí breise ag an té atá ag déanamh na scrúduithe, nó go mbeadh pointí breise i gceist don té T1 sin sa Ghaeilge, nó do na daoine a thugann faoin scrúdú Gaeilge. Ba chóir freisin go mbeadh maoiniú ar fáil, mar a deir mé, don oideachas trí Ghaeilge sa chóras trí chéile le go mbeadh chuile institiúid in ann forbairt a dhéanamh agus gur láidre a bheadh an tseirbhís phoiblí amach anseo dá réir.

Is rud eile é cinnte nár tháinig an coiste chomh fada linn san ollscoil ach tá polasaí earcaíochta nua faofa ag ardbhainistíocht na hollscoile s'againne agus, mar a dúirt mé, rinneadh an t-iniúchadh mar chuid de sin. Is é an sprioc atá ann ná go mbeadh aitheantas ag dul don dream a bhfuil Gaeilge acu atá ag obair san ollscoil cheana féin. Tá sé i gceist againne i mbliana dianchúrsaí Gaeilge a chur ar fáil ar An gCeathrú Rua. Arís, b'fhéidir go bhfuil foirne drogallach nó meirgeach agus ba mhaith linn ugach agus spreagadh a thabhairt dóibh seachas a bheith ag brú rud éigin orthu agus a rá go bhfuil iallach orthu é sin a dhéanamh.

Gabhaim buíochas le Caroline Ní Fhlatharta agus glaoim anois ar an Seanadóir Clifford-Lee.

Gabhaim míle buíochas leis an gCathaoirleach agus lenár n-aíonna as a gcur i láthair. Níl ach dhá cheist an-ghairid agam. Díreoidh mé ceist ar Máirtín Ó Donnchadha agus Marcus Ó Conaire. Cad a dhéanann siad laistigh de na comhairlí contae chun daoine a aithint le Gaeilge atá fostaithe faoi láthair? B'fhéidir go mbeadh leisce acu é sin a chur in iúl nó bheadh leisce orthu an fhoirm iarratais a líonadh amach i nGaeilge i dtús báire. An bhfuil aon scéim ann chun na daoine sin a aithint agus a fhorbairt? An féidir dianchúrsa, iarchéim nó máistreacht a chur ar fáil dóibh siúd chun iad a fhorbairt laistigh de na comhairlí contae agus cathrach?

Mr. Marcus Ó Conaire

Rinne mé tagairt do leath de sin sa cheist ar ball. Is rud agus ceist bheo atá ann faoi láthair. I bhfianaise an cheistneora atá curtha amach, atá súil againn a bheith ar ais ag Roinn na Gaeltachta, tá sé sin ag iarraidh a fháil amach agus ag breathnú isteach ar inniúlacht. I bhfianaise na gceisteanna sin, tharraingeamar anuas leis an rannóg acmhainní daonna atá againn gur cosúil linn go bhfuil daoine, go mór mór mar tá go leor daoine a dhéanann iarratas, mar shampla, i mBéarla, nach bhfeiceann go bhfuil buntáiste ann a bheith ag déanamh iarratais i nGaeilge, nó b'fhéidir go gceapann siad gur fearr é a chur isteach i mBéarla mar, i ndeireadh na dála, is ról innealtóireachta is dócha a bheadh ann agus go bhfuil siad ag plé le cuótaí dá gcuid oifigí féin. Is éard atá á rá agam agus is í an cheist atáim féin ag iarraidh teacht air, i bhfianaise an Achta agus an 20% as seo go ceann sé bliana, ná céard atá le déanamh againn le Gaeilgeoirí a mhealladh isteach sa chomhairle? Ní léir dom go bhfuil aon phróiseas ann i láthair na huaire, cé is moite go mb'fhéidir ag leibhéal áirithe go mbíonn deis, abair, scrúdú Gaeilge a dhéanamh. Ach tá eolas agam ar fhostaithe a bhíonn beagnach ag cur a gcuid cumas Gaeilge i gceilt mar tá an-éileamh go deo i dtaobh sin.

I mo ról féin go minic, tugtar isteach rudaí nár cheart nó nach ról d’oifigeach Gaeilge é ach go bhfuil sé, go bunúsach, ag cur tine amach trí choirnéal difriúil den teach. Ag an am céanna, in amanna, bíonn deifir le hathrú a dhéanamh ar pholasaí nó aistriúchán, nó rudaí beaga mar sin. Go minic, ní thugtar aitheantas do na daoine atá ann agus ní fheiceann na daoine sin an cumas sin ach mar chineál crá croí agus ní labhraíonn siad Gaeilge. Chuir mé amach rud éigin faoi seo le fíorghairid. Tá sé beagáinín truamhéalach. Arís, ní cheapaim go bhfuil na ceisteanna sin cíortha. Is é sin mo bharúil mar níor chuala mé ar ais ón rannóg acmhainní daonna ach ba cheart go mbeadh sé sin níos soiléire. Go deimhin cinnte domsa, mar oifigeach Gaeilge, mura bhfuil sé ar m’eolas faoin am seo, b'fhéidir gur ceist an-mhaith í chun am a chaitheamh air.

Tá ceist amháin eile agam. An gcuireann an chomhairle aon bhreisoideachas ar fáil do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu ach gur theastaíonn uathu í a fhorbairt nó a fheabhsú le dianchúrsa, cúrsa iarchéime san ollscoil nó mar sin?

Mr. Marcus Ó Conaire

Cinnte, tá cúpla leibhéal Gaeilge á gcur ar fáil. Chuile sheachtain anois go deimhin ó bhí mise anseo, bhí mé ag cur ranganna ar thrí leibhéal trí Ghaeilge an ranga ar fáil ag an speictream iomlán de ranganna. Ag an leibhéal is airde, tá tairiscint oscailte ansin d'aon bhall foirne atá ag iarraidh teastas TEG a dhéanamh. Déarfaimid más ag leibhéal B2 nó C1 é, mar is tairiscint oscailte i gcónaí atá ansin.

Mr. Máirtín Ó Donnchadha

Ó thaobh daoine a aithint le Gaeilge, tá go leor acu a thagann chun cinn agus a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge acu agus go bhfuil siad sásta comhoibriú as Gaeilge ach níl siad sásta an obair pháipéarachais a líonadh as Gaeilge mar go bhfuil siad ag rá gur dúbailt é sin ar an obair a dhéanfadh siad de bharr go bhfuil na sruthanna oibre uilig as Béarla. Is amhlaidh atá sé ag ár lucht gnó. Is brú ama go minic a bhíonn ann, agus go mbíonn siad ag iarraidh an obair a bhrú chun cinn chomh sciobtha agus a bhíonn siad in ann a dhéanamh. Ní déarfaidh siad, mar sin, go rachaidh siad ar ais chun é a dhéanamh trí Bhéarla. Tarlaíonn seo le tuairiscí pleanála, mar shampla amháin. Maidir leis na tuairiscí inmheánacha, is i mBéarla amháin a bhíonn siad sin.

Tá go leor daoine tagtha chun cinn a thosaigh na ranganna Gaeilge agus a chuir in iúl go bhfuil siad sásta comhrá a bheith acu i nGaeilge nó ag áit a thiocfadh duine isteach ag an bhfoirgneamh a bheadh ag iarraidh seirbhísí Gaeilge, agus go bhfuil siad sásta labhairt leis na daoine sin, ach is rud difriúil uilig é an rud sin a chur ar pháipéar.

Gach bliain, bíonn orainn na personal development plans, PDPs, a dhéanamh suas. Duine ar bith a chuireann síos ar an bplean gur mhaith leo forbairt a dhéanamh ar an nGaeilge, táimid sásta iad sin a chur ar aghaidh ar na cúrsaí oiliúna, ranganna oíche nó rang céime, más céim a bheadh i gceist. Táimid sásta iad sin a chur chun cinn agus tá maoiniú ar fáil chun é sin a dhéanamh.

Cuirfidh mé ceist amhain eile, más féidir liom.

Conas atá ag éirí le daoine nach bhfuil ón tír seo ó dhúchas - teifigh, daoine ó thíortha Eorpacha agus eile? An bhfuil siadsan ag glacadh páirt i saol na Gaeilge sa chathair?

Mr. Máirtín Ó Donnchadha

Bhí mé an-tógtha leo sin. An méid acu atá ag déanamh bunleibhéal a haon leis an gcomhairle chontae faoi láthair, rachadh sé i bhfeidhm ort. Tá duine ón Liotuáin, tá cúpla duine ón Aifric mar a tharlaíonn sé, chomh maith le tíortha eile in iarthar na hEorpa. Tá siad an-tógtha leis an teanga agus má chastar orthu sa bus shelter úsáideann siad "maidin mhaith, cén chaoi bhfuil tú?". B'fhéidir nach bhfuil acu ach cúpla focal ach tá siad ag iarraidh iad a fhorbairt agus a neartú agus is deas an rud é sin le cloisteáil. Nuair a fheiceann daoine eile é sin ag tarlú, bíonn siad ag iarraidh a bheith ag teacht isteach sa chomhrá cé nach bhfuil ach cúpla focal acu, beannachtaí is mó. Tá ag éirí go maith leis.

Gabhaim buíochas le Máirtín Ó Donnchadha. Cuirimid críoch leis an gcruinniú ansin mar táimid thar am. Tá foighne ag foireann Thithe an Oireachtais agus iad siúd atá sa chúlra. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na finnéithe as a bheith linn anseo, roinnt daoine go fíorúil, agus roinnt eile ar an láthair. Gabhaim buíochas chomh maith leis an bhfoireann halla agus leis an gcathaoirleach Liam Carroll a chuidigh linn an ócáid seo a chur ar siúl lasmuigh de Thithe an Oireachtais i mBaile Átha Cliath. Gabhaim buíochas leo siúd a bhí ag breathnú orainn ar theilifís an Oireachtais agus leis na meáin Gaeilge, ós rud é gurb iad sin a fheicim anseo inniu. Is fíorannamh a bhíonn na meáin Béarla ag féachaint ar na ceisteanna móra a bhíonn á plé againn ach gabhaim buíochas leis na meáin i gcoitinne. Gabhaim buíochas ar leith leo siúd a bhí linn mar fhinnéithe: Bríd Ní Chonghóile, Róisín Ní Chinnéide, Caroline Ní Fhlatharta, Orlaith Ní Mheachair, Marcus Ó Conaire, Máirtín Ó Dhonnchadha agus Darach Ó Tuairisg a thug comhairle dúinn inniu na ceisteanna seo a phlé. Mar sin, is féidir liom an seisiún tábhachtach seo de Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta a tháinig le chéile don chéad uair i dtamall bharraíochta a chur ar athló go dtí an 20 Márta 2024.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 12.52 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 20 Márta 2024.
Top
Share