Más mian libh is féidir liom dul tríd an ráiteas. Ba mhaith liom a rá , a Chathaoirligh agus a bhaill den Choiste go bhfuil mé breá sásta deis a bheith againn léargas a thabhairt ar imeachtaí agus ar chuntais Údarás na Gaeltachta don bhliain 1998.
Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga beo sna pobail Ghaeltachta agus í a sheoladh ar aghaidh go dtí an chéad ghlúín eile an bunús atá le cuspóirí Údarás na Gaeltachta. Agus tá cuspóir cothabhála agus forbartha teanga i gcroílár gach gníomhaíocht de chuid na heagraíochta. Is í an aidhm atá ag an Údarás ná a gcothrom féin a thabhairt do chuspóirí eacnamaíochta agus do riachtanais shóisialta agus cultúrdha araon.
Tá fórsaí ilceaneálacha inmheánacha agus seachtracha - an státchóras féin agus an próiséas forbartha san áireamh - ag imirt tionchair ar staid na teanga ag leibhéal an phobail ar bhonn leanúnach agus ní furasta léiriú staitisticiúil a thabhairt ar a staid ag aon tráth ar leith. Is gá a rá, áfach, go bhfuil an Ghaeilge ag staid leochaileach mar theanga phobail agus is gá don státchóras ina iomláine a bheith gníomhach ina neartú agus ina caomhnú. Ar ndóigh, tá slata tomhais réasúnta soiléir agus intomhaiste againnn don staid agus don chur chun cinn eacnamaíochta.
I 1998 cruthaíodh 1,296 post nua lánaimseartha i gcuideachtaí a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltalchta. Seo an figiúr is mó a baineadh amach riamh maidir le poist a chruthú sa Ghaeltacht. Faoi dheireadh na bliana bhain fostaíocht lánaimseartha i gcuideachtaí Gaeltachta buaic nua de 8,174 amach. Le deich mbliain anuas bhí glan mhéadú de 60 faoin gcéad i bhfostaíocht lánaimseartha i gcuideachtaí Gaeltachta. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl do na Rialtais éagsúla a chuidigh go mór linn na torthaí seo a bhaint amach do phobal na Gaeltachta.
Léiríonn an glanmhéadú iomlán de 320 san fhostaíocht méadú de 4% glan de bhreis ar an mbliain roimhe sin. Má chuirtear an an ráta glan fáis seo san fhostaíocht i gcomórtas leis an bhfás glan de 5% san fhostaíocht náisiúnta tá an-chuma air, go háirithe nuair a chuirtear toise réigiúnach agus suíomh geografach na Gaeltachta san áireamh.
Is sna hearnálacha Innealtóireacha, Leictreonaice agus Seirlbhísí is mó a cruthaíodh thart ar 50% den mhéadú sna poist nua. Sin iad na hearnálacha céanna a raibh fás mór orthu go náisiúnta. Is féidir cur síos ar na cuideachtaí Gaelachta seo mar "chuideachtaí forbartha dara céim" sa mhéid gur fo-sholáthróirí iad do na mórchuideachtaí leoctreonaice agus ríomhaireachta atá lonnaithe lasmuigh den Ghaelacht.
Bé meánchostas deontais in aghaidh an phoist i 1998 ná £6,900 agus an meánchostas thar thréimhse cúig bliana ná £8,900. De bhreis ar dheontais chaipitil. léiríonn an costas in aghaidh an phoist caiteachas ar dheontais i leith tréanála, fostaíocht, taighde agus forbartha. Bíonn an costas a ghabhann le post a chruthú i gcuideachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ar aon dul i gcoitinne leis an meánchostas náisiúnta fad a bhaineann le tionscail bheaga agus meánmhéid. Tá an ráta deontais a cheadaítear á laghdú go seasta, rud atá ag teacht le cinneadh a rinneadh roinnt blianta ó shin go laghdófaí ar mheánrátaí deontais agus níos mó den infheistíocht a fháil ó na príomhaithe féin.
Tá spás monarchan léasaithe in úsáid ag 95% de na cuideachtaí atá suite sa Ghaeltacht. Ag deireadh na bliana bhí breis agus 252,000 méadar cearnach de spás tionsclaíoch ag an Údarás, a raibh breis agus 21,000 méadar cearnach de neamhshealbhaithe. Chríochnaíomar 8,400 méadar cearnach de spás breise i rith na bliana rinneadh athchóiriú ar bhreis agus 2,000 méadar cearnach eile do thionscail nua.
Cloíonn an tÚdarás go docht leis na nósanna imeachta agus na dea-chleachtais agus na treoirlínte a bhaineann le cúrsaí cothromaíochta, sábháilteachta, soláthar do dhaoine mí-chumasacha agus nochtadh leasa chomh fada agus a bhaineann sé le comhaltaí boird agus feidhmeannaigh na heagraíochta.
Tá mé lántasta go bhfuil muid ag cloí le dea-nósmhaireachtaí rúndachta tráchtála agus ag an am céanna go bhfuil oscailteacht ghinearálta ann maidir leis na cistí agus na cúraimí a bhfuilimid freagrach astu.