Déanfaidh an Teachta ón Ollscoil Náisiúnta is ó Chathair Dhoire Cholm Cille san do thairgsint don Dáil.
MESSAGE TO THE FREE NATIONS OF THE WORLD.
A Chinn Chómhairle is a mhuinntir na Dála, iarraim orraibh glacadh leis an scéal atá againn dá chur ag triall ar Shaornáisiúnaibh an Domhain. Táimíd ag iarraidh ortha cabhrughadh le Saorstát Éireann. Ní h-amhla atámíd ag iarraidh ortha Saorstát do chur ar bun i nÉirinn - tá san déanta cheana. Nílimíd ag iarraidh ortha sinn do chur fé éan chomaoin aca: táimíd ag iarraidh ortha iad féin do chur fé chomaoin aca féin. Molaimíd dóibh é sin do dhéanamh ó cheart, agus muna ndéinid siad é cionnus atá a fhios aca ná go dtiocfadh an lá go mbeadh an scéal chomh dona aca féin is mar atá in Éirinn le na céadtha blian. Ar maithe leó féin iseadh atáimíd ag iarraidh ortha seasamh le cúis na hÉireann fé láthair.
Rud eile, nílimíd-na fé chomaoin ag éan náisiún eile. Ar a mhalairt de chuma atá an scéal - is beag náisiún sa domhan ná fuil fé chomaoin againn-na. An náisiún is treise ar domhan indiu, an náisiún is mó atá ag treabhadh ar thaobh na saoirse, bíodh go bhfuil an gníomh le déanamh fós aca .i. Stáiteanna America, muna mbeadh an chabhair do fuaireadar san ó Éirinn insan tseanaimsir ní bheadh saoirse ná ceart aca féin. B'iad muinntir na hÉireann do thug an chabhair sin dóibh nuair a bhíodar go mór ina gábha, agus muna mbeadh congnamh na nGaedhal, is spioraid an chirt do rug Éireannaigh leó anonn go hAmerica, ní thiocfadh le lucht an U.S.A., saoirse do bhaint amach dóibh féin.
Agus maidir le náisiúin eile : is fada do mhuinntir na hÉireann ag tabhairt dóibh an nídh ba luachmhaire aca. Nuair bhí léigheann is creideamh fé bhláth i nÉirinn thug sí léigheann agus creideamh do sna tíribh eile agus gan éan-rud d'éileamh ina n-ionad. Chuir sí fáilte riamh roimh gach stróinséar ó gach aon pháirt den domhan : nuair a thángadar go h-Éirinn thug sí teagasc dóibh, thug sí leabhra dhóibh in aisce, do bhronn sí ortha gach maitheas dá raibh aici. Agus indiu nuair iompuigheann sí chúcha chum iarraidh ortha seasamh leis an gceart ní comaoin atá aice dá eileamh ortha acht cothrom na féinne.
Is truagh ná fuil daoine ó gach náisiún díobh annso indiu, mar do b'fhearrde a gcuid eoluis ar an gcás. Dá mbeidís in Éirinn indiu agus arm dfheicsint annso atá níos líonmhaire go mór ná mar a bhí insa tír éin ré le seacht gcéad bliain anuas, ón gcéad lá do tháinig an Sasanach anall. Agus ba chóir a fhios a bheith ag na náisiúin gurab é an fáth go bhfuilid ann, easbaidh úirlise a bheith ar mhuinntir na hÉireann. Muna mbeadh sin, ní sheasochadh an t-arm san aon tseachtmhain amháin.
Cuirfidh an Príomh-Theachta ó Chathair Chorcaighe leis an dtairgsin.
Tá mórtus mór ormsa an chae do bheith agam ar chur leis an dtairgsint seo.
An toil leis an nDáil glacadh leis an méid sin? ["Is toil"]. Tá sé glacaithe d'aontoil.