Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Friday, 16 May 1924

Vol. 7 No. 9

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - PUIST SEASAMHACH DO MUINTEOIRI GAEDHILGE.

A fhiafraí d'Aire an Oideachais an eol do gan aon phost seasamhach do bheith ag na múinteoirí Gaedhilge atá ag obair ar son na teangan ar fuaid na tíre ach iad ag brath ar Choistí na gCeárd, etc., agus an bhfuil aon scéim ceaptha aige chun na puist atá aca anois fé Choistí na gCeárd do dhéanamh seasamhach dóibh.

Na múinteóirí dá ndeintear tagairt sa cheist, cuirtear i n-iúl dom go bhfuilid ag obair fé Choisti na gCéard ins na Condaethibh, agus gur ceart tuairisc a seirbhise mar tá sa cheist. Ní féidir fé láthair aon scéim do cheapadh a dheanfadh seasamhach dóibh na puist atá ag na múinteóirí seo.

Top
Share