Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Jun 1931

Vol. 39 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gabháltaisí Cumhanga i gContae na Gaillimhe.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh an bhfuil fhios aige go bhfuil gabháltaisí cumhanga, agus gan acht ó n-a thrí go dtí n-a chúig acraí i gcuid acu, mórdtimpal na feilme a tugadh suas (nó a fágadh) ag Fionán (Florence) O Cuinn ar Estát Count de Basterot, Dubhros, Cinn Mhara, i gCo. na Gaillimhe, nuair a haistrigheadh an gabhálaidhe sin go Co. na Midhe, agus go bhfuil an fheilm sin fiadhain le fiadhaile agus neanntóga le fada, agus gur thairg na tionóntaidhe cumhanga breis is trí phuint cíosa an t-acra ar an bhfeilm sin, agus an innseochaidh an tAire don Dáil an fíor go bhfuil Coimisiún na Talmhan d'éis cead a thabhairt do cheantálaidhe áithrid ocht n-acraí den fheilm sin a dhíol go poiblidhe, agus cerud fáth nach roinntear an fheilm cheudna ar na gabhálaithe cumhanga atá agá iarraidh.

Tá socrú á dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan chun 32 acres 0 roods 32 perches i mbaile fearainn Dhubhruis agus 18 acres 0 roods 9 perches i dTamhnach Thiar do thógaint o Fhionán O Cuinn, do bhí i Duras Cottage, Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe, roimhe seo, mar mhalairt ar thailte áirithe i gCo. na Midhe.

Do fuarthas amach go bhfuil Mac Uí Chuinn tar éis na tailte seo do chur ar cíos i mbliana agus nuair a bheidh deire leis an geur ar cíos seo féachfar leis an malairt do dhéanamh agus leis na tailte do roinnt.

Tá ceist díol an tighe maraon le cuid de thalamh a bheadh oiriúnach chun dul leis á bhreithniú ag Coimisiún na Talmhan ach ní dhearnadar aon tsocrú le candálai le cuid de na tailte seo do dhíol ar ceant puiblí.

Top
Share