Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Nov 1931

Vol. 40 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Kildare Lands.

D'fhiafruigh

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Tailte agus Iascaigh an ndéarfadh sé cathoin a tabharfar gabháltas do Sheán Ennis, Cluain Churraigh, Contae Chill Dara, d' fhágadh fuar follamh, gan talamh, nuair a bhí an tEastát so Cluain Churraigh á roinnt, cé go raibh sé ag obair ar an Eastát fé Thighearna Chluain Churraigh le deich mbliana roimhe sin, agus fós, an ndéarfadh sé an bhfuil aon chuid den Eastát so nach bhfuil roinnte fós.

Táthar tar éis na dtailte go leir ar Estát Chluain Churraigh, Co. Chilldara, do roinnt agus, ar an abhar san, ni féidir einni do dheanamh i gcas Sheain Ennis, maidir leis an Estát san. Breithneófar a chas, amh, ma bhionn aon tailte eile a roinnt ina cheanntar.

D'fhiafruigh

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Tailte agus Iascaigh an ndéarfadh sé cathoin a tosnófar ar bhóthar do dhéanamh ar an dtaobh thuaidh den fhearann dá nglaodhtar Feirm Chluainigh (Cloney Farm) ar Eastát Verschoyle (5847) gairid do Ath I; bóthar gur tugadh geall seacht mbliana o shoin go ndéanfaí é.

Do dhein Coimisiun na Talmhan socru le déanai i dtaobh staid an bhóthair de dtagartar, agus tá socair acu gan a thuilleadh airgid do chaitheamh air.

Domhnall Ua Buchalla

Nach bhfuil fhios ag an Rúnaí Páirliminte gur chuir Coimisiún na Talmhan claidhe ráile taobh le piosa de'n talamh so i gcóir bóthair nuadha; gur tosnaidheadh ar an mbóthar do dhéanamh ach nár deineadh ach fíor-bheagán de; an bhfuil fhios aige nach féidir leis na tionántai a gcoda barraí do shabháil de bharr easba bhóthair; agus nach mór an náire é gan bóthar do sholáthair. Im' thuairim-se, is dian-náireach an sceul é.

Tá ná tailte sin dílsithe anois agus ní féidir le Comisiún na Talmhan a thuille airgid do chaitheamh ar an eastát. Do Roinneadh an talamh nea-thionóntuithe go léir agus do caitheadh £1,200 ar oibreacha feabhsúcháin ar an eastát san.

Top
Share