Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Mar 1933

Vol. 46 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Rinncí Gaedhealacha sna Coláisti.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil rinncí Gaedhealacha dá múineadh i ngach ceann des na Coláistí Ollmhúcháin agus i ngach ceann des na Coláistí Múinteoireachta; agus muna bhfuil an bhfeuchfaidh sé chuige go dtabharfar caoi do mhic-léighinn na gColáistí seo chun rinncí Gaedhealach d'fhoghluim.

Tá rinncí Gaedhealacha dá múineadh le tamall anuas ins na Coláistí Múinteóireachta uile agus i sé cinn de na Coláistí Ullmhúcháin. Maidir leis an gColáiste Ullmhúcháin. eile tá socrú déanta 'na chóir agus tosnófar ar na rinncí sin do mhúineadh ann láithreach.

Top
Share