An Scéim Fórsaí Cosanta (Pinsin), míle naoi gcéad a seacht triochad (1937), a cuirtear fé dhaingniú anois, is de bhuadh na gcomhacht a bronntar leis an Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), míle naoi gcéad a dó triochad (1932), do h-ullamhuigheadh í, agus an soláthar a déanfar léi do'n Arm, is cuma é no an soláthar a deintear do sheirbhísigh phuiblí eile an Stáit le scéimeanna eile do rinn eadh fé Achtanna cosúla.
Scéim chasta í ar shlí ach—gan cásanna fé leith d'aireamh—is féidir a prímh-ghnéithe do leagadh amach do réir mar a bhainid:—(1) le hOifigigh; (2) le Céimnigh Eile; (3) le Banaltraí.
1. Oifigigh.—De ghnáth, beidh Oifigigh ag a mbeidh seirbhís fiche blian i gcéim choimisiúnta, i dteideal pinsin ar scur dóibh, go bhféadfar "Gnáth - Phinsean" Seirbhíse do ghairm de, agus (más pósta dhóibh) beid i dteideal suime airgid mar Aisce.
Cinnfear an pinsean le dhá chuid— (a) seirbhís; agus (b) an céim le linn scurtha—agus ní miste a rádh ná go mbeidh teoranta áirithe, ná féadfar do shárú leis an dá chuid sin. Beidh gach oifigeach ag a mbeidh seirbhís fiche blian, i dteideal pinsin bhunaidh céad is ochtó púnt (£180) sa bhliain, ach méadófar san do réir an chéime bheidh aige ar scur dó, agus do réir aon bhlianta seirbhíse de bhreis ar fiche bliain. Tógtar cás Captaein, mar shompla. Beidh sé i dteideal pinsin céad is ochtó púnt (£180) sa bhliain, tar éis dó seirbhís fiche blian do thabhairt, agus má bheidh seirbhís chúig mblian ar a luighead aige le linn dó bheith ina Chaptaen, beidh sé i dteideal deich bpúnt sa mbreis, sé sin le rádh, céad is nócha púnt (£190). Dhá chéad is triocha púnt (£230) an pinsean is mó do Chaptaen, áfach, i slí go mbeidh aige in aghaidh gach bliana dá sheirbhíse de bhreis ar fiche bliain, deich bpúint bhreise laistigh de mhéid iomlán nách mó ná dachad púnt (£40). Fágann san go mbeidh air, seirbhis cheithre mblian is fiche do thabhairt, chun bheith i dteideal an phinsin is mó, dhá chéad is triocha púnt (£230) sa bhliain. Má deintear an Págh Fágála is mó do gach céim do dhéanamh amach ar an bhforas céadna agus do réir an mhodha chéadna, is mar leanas a bheidh sé:—Lefteanant ag a mbeidh seirbhís trí mbliain is fiche (23); Dhá chéad is deich bpúint (£210). Captaen ag a mbeidh seirbhís cheithre mblian is fiche (24) (ar a n-áirítear cúig bliana mar Chaptaen): Dhá chéad is triocha púnt (£230). Ceannphort ag a mbeidh seirbhís trí mblian is fiche (23) (ar a n-áirítear deich mbliana mar Cheannphort): Dhá chéad is nócha púnt (£290). Maor ag a mbeidh seirbhís chúig mblian is fiche (25) (ar a n-áirítear trí bliana mar Mhaor): Trí chéad is dechad púnt (£340). Coronal ag a mbeidh seirbhís ocht mblian is fiche (28) (ar a n-áirítear trí bliana mar Choronal): Ceithre chéad púnt (£400). Geinearál ag a mbeidh seirbhís seacht mblian is fiche (27) (ar a n-áirítear cúig bliana mar Gheinearál): Cúig chéad púnt (£500). Is do réir Chéime, leis, a bheidh an Aisce is iníoctha le h-oifigigh phósta ar scur dóibh. I n-aghaidh gach bliana seirbhíse laistigh de fiche bliain, an tréimhse is mó, is mar leanas a bheidh an méid a h-íocfar le gach céim i n-aghaidh gach bliana seirbhíse:—Lefteanantaí: Seacht bpúint déag agus deich scillinge (£17 10s.) laistigh d'Aisce nách mó ná trí chéad is caoga púnt (£350). Captaeiní: Fiche púnt (£20) laistigh d'Aisce nách mó ná ceithre chéad púnt (£400). Ceannphuirt: Dhá phúnt is fiche agus deich scillinge (£22 10s.) laistigh d'Aisce nách mó ná ceithre chéad is caoga púnt (£450). Maoir: Sé púint is fiche agus cúig scillinge (£26 5s.) laistigh d'Aisce nách mó ná cúig chéad is cúig púint fhichead (£525). Coronail: Triocha púnt (£30), laistigh d'Aisce nách mó ná sé chéad púnt (£600). Geinearáil: Dachad púnt (£40), laistigh d'Aisce nách mó ná ocht gcéad púnt (£800).
Go dtí so, bhíomar ag trácht ar oifigigh ar a mbeidh seirbhís fiche blian ar a luighead, le linn a scurtha sa ghnáth-shlí. Is léir, áfach, gur féidir go scuirfidh oifigigh roimhe sin. Béidir gur mhaith leo scur dá ndeoin féin ar chúiseanna príobháideacha, nó béidir go scuirfí iad ar mhaithe leis an Stát, no de dheascaibh laige cuirp no aigne. Tá soláthar á dhéanamh leis an Scéim, do gach cás acu san.
I gcás oifigeach a scuirfidh dá ndeoin féin, bainfidh an Scéim le Céim Captaein no le Céimeanna níos ísle ná san, ach i gcás Céimeanna níos aoirde ná san, ní bhainfidh sé ach amháin leo san, dar deonadh coimisiúin roimh an gcéad lá de Dheireadh Foghmhair, míle naoi gcéad a ceathair fichead (1924). Sna cásanna san uile, má mbeidh seirbhís de bhreis ar chúig bliana ag oifigeach gan seirbhís dhá bhlian déag do bheith aige, gheobhaidh sé aisce de mhéid is có-ionann le págh triocha (30) lá in aghaidh gach bliana dá sheirbhís inphinsin. Má bheidh seirbhís dhá bhlian déag ag an oifigeach gan seirbhís fiche blian do bheith aige, gheobhaidh sé Pinsean, agus más pósta dhó, tabharfar Aisce dhó i dteannta an phinsin. Is do réir mar adubhrathas cheana a déanfar amach méid na hAisce, ach is in aghaidh gach bliana seirbhíse tar éis seirbhís chúig mblian sa chéim le linn scurtha, a bheidh an Pinsean, mar leanas:—Lefteanantaí, sé púint (£6); Captaeiní, ocht bpúint (£8); Ceannphuirt, deich bpúint (£10); Maoir, dhá phúnt déag (£12); Coronail, ceithre púint déag (£14); Geinearáil, sé púint déag (£16).
Sa dara h-áit, má scuirfear oifigeach go h-éigeanta ar mhaithe leis an Stát, gan seirbhís chúig mblian do bheith aige, ní bhfaghaidh sé Pinsean ná Aisce. Má bheidh seirbhís de bhreis ar chúig bliana ag an oifigeach gan seirbhís dhá bhlian déag do bheith aige, gheobhaidh sé Aisce Sheirbhíse de mhéid is có-ionann le págh cúig lá is dachad (45) in aghaidh gach bliana seirbhíse; agus, má bheidh seirbhís dha bhlian déag aige, gan seirbhís fiche blian do bheith aige, gheobhaidh sé Pinsean, agus, más pósta dhó, tabhar far Aisce dhó i dteannta an Phinsin. Is do réir mar adubhrathas cheana a déanfar amach Aisce oifigigh phósta agus déanfar amach an Pinsean do réir an méid blian seirbhíse inphinsin achtúla maraon le blianta bhreise nách mó ná cúig bliana. Seo iad na rátaí Pinsin is iníochta in aghaidh gach bliana seirbhíse:—Lefteanantaí, naoi, bpúint (£9); Captaeiní, deich bpúint (£10); Ceannphuirt, dhá phúnt déag (£12); Maoir, Ceithre púint déag (£14); Coronail, sé púint déag (£16); Geinearáil, naoi bpúint déag (£19).
Sa tríomhadh h-áit, má scuirfidh cifigeach de dheascaidh laige cuirp no aigne agus gan seirbhís deich mblian do bheith aige, gheobhaidh sé Aisce Sheirbhíse de mhéid is có-ionann le pagh cúig lá is dachad (45) in aghaidh gach bliana seirbhíse, ach, tar éis seirbhís deich mblian do bheith aige, beidh sé i dteideal an Phinsin chéadna (gan blianta breise d'áireamh) agus na hAisce chéadna, más pósta dhó, a gheobhadh sé dá scuirtí go h-éigeanta é.
An Scéim Phinsean agus Aiscí a leagtar amach mar seo, baineann sí le hOifigigh an Airm go coitianta, ach deineadh soláthar speisialta d'oifigigh ag a bhfuil ceapacháin ghairmiúla is teicniúla áirithe. Fé sna forálacha so, beidh a rogha de dhá nidh acu. Féadfaid rogha dhéanamh de'n Scéim atá leagtha amach chun Pinsean agus Aiscí do sholáthar, i dteannta fiche fé'n gcéad (20 per cent.) sa mbreis i gcás Ceapachán Leighis agus Dlí, no deich fén gcéad (10 per cent.) sa mbreis i gcás Ceapachán teicniúl eile, ar a n-áireofar an tAer-Chór, an Cór Innealtóirí, an Scoil Cheoil, etc. Mar mhalairt, ní bhfaghaid Aisce ar bith, ach más rogha leo é, gheobhaid dhá dtrain dá bpágh bliantúil ar dháta a scurtha, no an seascadú (1-60th) cuid dá bpágh bliantúil in aghaidh gach bliana de sheirbhís inphinsin, pé méid acu san is lugha.
Fé'n Scéim seo, féadfar Pinsin do dheonad do Bhaintrigh agus do Chlainn Oifigeach Marbh. Má gheobhaidh Oifigeach bás le linn dó bheith ag fóghnamh sna Fórsaí, gan seirbhís dhá bhlian déag do bheith aige; íocfar le n-a bhaintrigh no le n-a chlainn aisce de mhéid is có-ionann le págh triocha lá in aghaidh gach bliana dá sheirbhís; ach má bheidh seirbhís dhá bhlian déag ar a luighead aige, íocfar Pinsin le n-a Bhaintrigh agus le n-a Chlainn. Má gheobhaidh Oifigeach bás tar éis a scurtha as na Fórsaí agus gur go h-éigeanta do scuirfear é toisc cúiseanna seachas mí-iompar no neamh-éifeachtúlacht, íocfar an pinsean céadna ach dhá bhliain déag ar a luighead de sheirbhís inphinsin do bheith aige; ach má gheobhaidh sé bás tar éis dó scur dá dheoin féin, ní mór dó fiche bliain de sheirbhís imphinsin do bheith aige. Atharóchaidh na rátaí Pinsin is iníoctha le Baintrigh do réir chéime an oifigigh mhairbh—íocfar cúig púint is dachad (£45) sa bhliain le Baintrigh Leftenaint agus céad púnt (£100) sa bhliain le Baintrigh Gheinearáil.
II. Céimnigh Eile.—Is simplidhe go mór na forálacha bhaineann le hOifigigh Nea-Choimisiúnta agus le Saighdiúirí. Fé réir na bhforálacha san, deonfar Pinsin in aghaidh seirbhíse bliain is fiche, agus deanfar Aiscí in aghaidh seirbhíse is lugha ná bliain is fiche. Ach i gcás saighdiúirí scaoilfear toisc easláinte no aoise, fédfar pinsean cionúireach do dheonadh dhóibh ach seirbhís chúig mblian déag do bheith acu, no aisce mhéaduite má bheid gan seirbhís chúig mblian déag do bheith acu.
Atharóchaidh na rátaí Pinsin do réir chéime, ar n-a n-íoc, mar leanas, tar éis bliain is fiche de sheirbhís inphinsin:—Dhá scilling sa ló do Shaighdiúir Singil. Leath-Choróin sa ló do Cheannaire. Dhá scilling is naoi bpingne sa ló do Sháirsint. Trí scillinge sa ló do Cheathrú-Sháirsint Complachta. Trí scillinge is trí pingne sa ló do Sháirsint Complachta. Trí scillinge is raol sa ló do Cheathrú-Sháirsint Complachta. Ceithre scillinge sa ló do Mhaor-Sháirsint.
Púnt in aghaidh gach bliana seirbhíse an Ghnáth-Aisce do shaighdiúirí ag a mbeidh seirbhís is lugha ná bliain is fiche, ach i gcás saighdiúirí scaoilfear toisc mí-ábaltachta no aoise agus ag a mbeidh seirbhís níos lugha ná cúig bliana déag, déanfar págh bliana no págh triocha lá in aghaidh gach bliana seirbhíse do dheonadh dhóibh, pé méid acu san is lugha.
III. An tSeirbhís Bhanaltrais.—An soláthar a deintear do Bhanaltraí is cosúil é leis an soláthar d'Oifigigh Sheirbhíse Speisialta. Fén Scéim seo beidh na Banaltraí le n-a mbaineann sí, i dteideal pé méid acu so leanas is lugha, sé sin le rádh:—an seascadú (1-60th) cuid dá sochar oifige bliantúil in aghaidh gach bliana seirbhíse; nó dhá dtrian dá sochar oifige bliantúil,
(a) Má scuirfid dá ndeoin féin, nó má scaoilfear iad agus seirbhís fiche blian acu, no
(b) Má scaoilfear iad toise aitheagraíochta, no toise deireadh do chur le n-a n-oifig agus seirbhís chúig mblian déag acu, no
(c) Má scaoilfear iad toise laige cuirp no aigne agus seirbhís deich mblian acu.
Má scuirfid no má scaoilfear iad agus seirbhís acu is lugha ná an tseirbhís do luadhadh anois díreach, beid i dteideal Aisce is có-ionann le págh mí in aghaidh gach bliana seirbhíse.
Ní fuirist costas na Scéime do mheas. Maidir leis na hOifigigh agus na Banaltraí a scuirfidh sa ghnáth-slí, ní cuirfear an Scéim i bhfeidhm go ceann fiche blian ó'n mbliain, míle naoi gcéad a dhó is fiche (1922) no míle naoi gcéad a trí is fiche (1923) anuas; agus i gcás Céimnigh Eile, ní cuirfear i bhfeidhm í go dtí míle naoi gcéad a trí is dachad (1943).
Idir an dá linn ní bheidh againn le n-íoc ach Aiscí in aghaidh Seirbhíse is lugha ná Seirbhís Inphinsin no Aiscí Ball a scuirfidh dá ndeoin féin no a scuirfear go h-éigeanta toisc laige cuirp no aigne, toisc aoise, no ar mhaithe leis an Seirbhís. Meastar ná raghaidh costas na Scéime thar cúig mhíle púnt (£5,000) i rith na bliana airgeadais seo, pé scéal é, agus, uime sin, déanfar Meastachán Breise do'n méid sin do thabhairt isteach i dtráth.