den Aire Tailte an feasach dó go bhfuil mórán daoine díomhaoin gan obair sa Ghaeltacht fá láthair agus, seachas oibreacha fóirthne ar na bealaighe móra, nach bhfuil obair ar bith eile aca; nach bhfuil sé ina chumhacht obair fighdeoireachta agus cniotála a leathnú sa Ghaeltacht le órduightheacha ar éadach culaidh agus cótaí mór, plainceaid, stocaí, bheistí, etc., don Arm, do na Gárdaí agus do na hOtharlanna faoi chúram an Riaghaltais; agus nach dtig leis na horduightheacha so a chongbháil go hiomlán do mhuintir na Gaeltachta.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Obair Fighdeoireachta sa nGaeltacht.
D'fhiafruigh
Is feasach dom go bhfuil daoine díomhaoin gan obair sa Ghaeltacht fé mar atá in áiteacha eile fén dtuaith, ach tá gach is féidir á déanamh leis an scéal do leigheas; deintear sa Ghaeltacht cuid mhaith des na h-earraí a bhíonn ag teastáil ó'n Arm, ach tá cuid des na h-earraí atá i gceist nach féidir a dhéanamh ar mhaisíní láimhe; tá an Roinn seo in-a connrathóir oifigiúil d'earraí áirithe fé Scéim Có-Cheannaigh na Roinne Riaghaltais Áiteamhla agus Sláinte Poiblidhe; déanfar iarracht i gcomhnuí ar an méid agus is féidir des na h-órduithe seo do chongbháil do mhuintir na Gaeltachta.