Tairgím:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £129,763 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1941, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.
That a sum not exceeding £129,763 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1941, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education.
Ionnas nach mbeadh orm óráid fhada a dhéanamh, chuireas Meabhrachán thart timpeall. Tá mé buidheach de lucht na Dála as ucht é ghlacadh agus é chur sa Tuairisc Oifigiúil. Is dócha go bhfuil sé léighte ag na Teachtaí agus mar sin fanfa mé go dtí go mbeidh ceisteanna á gcur. Ní dóigh liom gur gá dom-sa cur leis anois, agus fanfa mé go bhfeice mé an mbeidh aon cheist le cur.
Ag seo síos an Meabhrachán atá i gceist:—
Is truagh liom nach éadtrom na Meastacháin atá leagtha amach le haghaidh na Seirbhísí Oideachais atá faoi chúram mo Roinne-se. Rinnemar ár ndícheall chun caitheamh airgid do mhaolú; ach, mar sin féin, tá suim na Meastachán os cionn chúig mhilliún punt. Do thír na h-Eireann is trom an tsuim í sin, óir is mó í ná an seiseadh cuid dár bhfagháltas bliana. I gcomparáid le n-ár dteacht-isteach tá sé chómh hárd de chaitheamh ar oideachas agus atá le fagháil in aon tír eile sa domhan. Níl amhras ar bith ná go bhfuil ár náisiún fial thar barr leis na seirbhísí a mbaineann na deontaisí seo leo; agus tá sé de cheart ag an bpobal bheith ag súil le deagh-thoradh.
An bhfuil an deagh-thoradh san dá fhagháil dá ríre againn? Ní féidir an cheist sin do fhreagairt chomh réidh agus d'fhéadfaí a dhéanamh dá mb'ionann cuspóir do gach ceann de na seirbhísí oideachais sa tír seo. Is fíor gur ullmhú i gcomhair lán-bheatha gach aon chinéal oideachais; ach tá a hobair féin agus a cuspóir féin ag gach ceann de na trí príomh-sheirbhísí—an Bun-Oideachas, an Meán-Oideachas agus an Céard-Oideachais. Mar sin de, is riachtanach scrúdú fá leith do dhéanamh ar gach seirbhís aca, más áil linn cruinn-áireamh do dhéanamh ar an toradh a gheibhtear as an gcaitheamh airgid go léir, tríd is tríd.
Is é an Bun-oideachas an chloch bhuinn do gach taobh den Oideachas go léir. Do naonbhar as gach deichneabhar de mhuinntir na hEireann, is í an Bhun-Scoil a n-aon ionad léighinn. Tá sé iontuigthe ag gach éinne, dar ndóigh, gur ar na gnáth-adhbhair léighinn, no an léigheann saoghalta mar adéarfá, atáim ag trácht annso. Is é gnó na scoileanna san a gcuid daltaí do theagasc sa chaoi nach mbeidh siad i n-easbaidh aon cheann de na cáilidheachta a theastuigheas ón ngnáth-dhuine fá láthair .i. léigheamh, scríobadh, áireamh, cruinneas agus deis réasúnta labhartha, fios a bheith aca cad is ionad dóibh ar an domhan agus cionnas a thárla ár gcineadh san ionad san. Fairis sin, is d'obair na scol so féachaint le snáithí ár seantsaoghail náisiúnta a thabhairt le chéile tré bhuanú na Gaedhilge, chomh fada agus is féidir san a dhéanamh ins na scoileanna.
Má tá ag eirghe le na hoidí scoile na dualgaisí sin do choimhlíonadh go réasúnta, is cóir dúinn a bheith sásta le n-a saothar. An fíor go bhfuilid ag cóimhlíonadh na ndualgaisí sin? Dubhradh annso sa Dáil agus in áiteanna eile nach bhfuil príomh-ghnó na mbun-scol dá dhéanamh go sásamhail—go bhfuil a lán dalta ag fágáil na scoile agus gan ach eolas suarach aca ar léigheamh, ar scríobhadh, agus ar áireamh. Ní hé sin an scéal atá le léigheamh i dTuairiscí na gcigirí. Isé adeirid sin gur lugha ná cúig fén gcéad (5%) den iomlán an méid oidí atá ar an aicme "Gan Eifeacht", agus i dtaobh an chuid eile, a cúig déag is ceithre fichid fén gcéad (95%) go bhfuil breis agus a dtrian san "an-Eifeachtach". Más féidir bheith muinighneach as an bhfiadhnaise sin, ní fuláir admháil go bhfuil dul-chun-cinn sásamhail, tríd is tríd, á dhéanamh ag bunús na ndáltaí atá ag freastal ar na Bun-Scoileanna. Ach an bhféadtar a bheith muinighneach go bhfuil an dul-chun-cinn sin dá dhéanamh ag gach leanbh fá leith? Admhuighim nach bhfuil ar mo chumas, i láthair na huaire, lándeimhin a thabhairt don Dáil ar an gceist sin. Is maith an sás an Chigireacht chun obair scoile i gcoitchinne do mheas; ach, de ghnáth, ní féidir a bheith ina hurmhór ach baramhlacht. Ina theannta san, ní féidir ach eolas an-ghenerálta a bhaint as an marcáil, óir is rí-leathan na téarmaí a úsáidtear. Oide den aicme "éifeachtach", cuir is gcás, d'fhéadfadh sé bheith beagnach "An-Eifeachtach"; d'fhéadfadh sé gan a bheith ach go cuibheasach; nó b'fhéidir nár mó ná gur chóir é d'áireamh ar an aicme "Eifeachtach" ar chor ar bith. Ins an réim leathan sin go léir is fíor go bhféadfadh míchothrom a bheith ann maidir le toradh i gcás daltaí fá leith.
Gheobhadh duine a rádh gur ar thoradh scrúdúcháin agus cigireachta le chéile a bhunóchadh an deagh-Chigire a bhreith ar obair scoile; ach is eagal liom nach mbíonn faill ag na cigirí scrúdú doimhin ar bith a dhéanamh. Níl againn ach cúigear agus trí fichid Cigire; agus, dá mbeadh gan aon obair eile do bheith ortha, ní bheadh aon dul aca ar cheithre chéad míle dalta do chur fá scrúdú aonaránach.
Más áil linn deimhin a bheith againn ar feabhas oideachais gach dalta is baolach nach fuláir feidhm a bhaint as fromhadh éigin níos mine ná cigireacht; agus ní léir dom aon tslighe eile chuige sin ach tré scéim éigin faoi n-a gcaithfeadh gach aon dalta dul faoi dheimhin-scrúdú i ngach adhbhar fá leith—agus sin de dhéanamh tráth amháin éigin ar a laighead roimh dheireadh a ghnáth-chúrsa Bhun-Scoile. Go dtí go gcuirfimíd a leithéid sin de scrúdú ar bun, ní bheidh fíordheimhin ag an bpobal gur fiú a gcostas na Bun-Scoileanna—gur fiú suas le ceithre mhilliún punt sa bhliain do chaitheamh mar mhaithe leis an méid daltaí a bhíos sáthach eolach ar léigheamh, ar scríobhadh agus ar áireamh ag fágáil na scoile dóibh. B'é an réidhteach do b'oireamhnaighe ar an scéal, dar liom-sa, na hoidí le chéie do thoiliú chun an scrúdú so do dhéanamh, le cabhair agus le comhoibriú ó na Bainisteoirí agus ón Roinn; agus bhí súil agam go ndéanfaidís amhlaidh. Ach is oth liom a rádh nár chuibhe leo glacadh leis an dtairigsint a chuir an Roinn fé n-a mbrághaid chuige sin; agus caithfear, ar an adhbhar san, an gnó so do chur chun cinn tré shocrú éigin eile.
Teagasc na Gaedhilge féin an mhórcheist eile a bhaineann leis an mBun-Oideachas. Is féidir linn dhá roinn a dhéanamh den cheist sin, eadhon, (1) teagasc na teangan féin agus (2) múineadh adhbhar eile léighinn tríd an teangain. Maidir le teagasc na Gaedhilge féin, is ar éigin is gádh dhom a rádh go gceapaim gur fíorriachtanach an Ghaedhilg do bheith ina gnáth-theangain ag an bpobal. Uime sin, measaim go mba cheart dar gcóras oideachais go hiomlán bheith ag féachaint go buan don mhór-riachtanas chéadna. Sa chóras oideachais go léin measaim go mba cheart an Ghaedhilg do bheith dhá teagasg agus dá húsáid sa chaoi ar féidir don phobal— taobh istigh de thréimhse réasúnta—í do labhairt chomh réidh nádúrdha agus labhraid an Béarla indiu. Má cirigheann linn an árd-réim sin do shroisint, is é is dóigh liom-sa go mbeidh níos mó déanta againn chun oighreacht ár gcinidh do chaomhnadh ná mar do b'fhéidir linn a dhéanamh ar aon chuma eile. Má theipeann orainn sa nídh sin, creidim go rachaidh ár náisiún in éag, dá mhéad saoirse dá mbeidh ag an Stát, ná dá láidreacht é. Is dóigh liom go bhfuil furmhór mór ár ndaoine ar aon aigne liom sa tuairim seo.
Ach tá an-éagsamhlacht tuairime i dtaobh an chuma is fearr chun an árdréim sin do shroisint. Measaim gur deagh-chomhartha é an pobal do bheith ag cur suime sa cheist seo, agus tugann sin misneach dúinn. Ach ní ceist í gur féidir a réidhteach le dearbhadh tréan ó aon taobh. Is ón taithighe ar an obair agus ón taithighe sin amháin is féidir aon fhiadhnaise mhuinghíneach d'fhagháil; agus is ó na hiarrachtaí sin atáthar a dhéanamh ins na scoileanna is féidir an fíor-eolas agus an fíorthaithighe d'fhagháil chun an scéal do réidhteach. Is é an deacracht atá ag cur orm-sa i láthair na huaire, ná fuil aontacht tuairime le fagháil ó na daoine atá i mbun na hoibre seo. Ní hionann tuairim atá ag na Cigirí féin faoi'n cheist. Tá an scéal mar a gceadna ag na hoidí. Mar sin de an dá dhream is dlúithe a bhfuil baint aca leis an obair agus a bhfuil taithighe in aghaidh an lae aca uirthi ins na scoileanna níl aontacht tuairime le fagháil ó aon taoibh aca faoi'n cheist. Maidir le hadhbhair áirithe—adhbhair gur riachtanach árd-chumas teangan agus téarmaí teicniciúla chun iad do theagase i gceart—is deacair liom féin a chreideamhaint nach measa-de iad an teagase san do thabhairt tré theangain ar bith eile seachas teanga dhúthchais na ndaltaí. Dá mbeinn-se i mbun obair ath-bheóchana na Gaedhilge ins na scoileanna i dtús ama, is dóigh liom go mb'fhearr liom claoidhe leis an nGaedhilg féin do mhúineadh, go mór mhór ins na ranganna ísle ins na Bun-Scoileanna. Is dóigh liom nach mbacfainn le hadhbhair eile do mhúineadh tríd an nGaedhilg go dtí go mbeadh greim mhaith ag na daltaí ar an teangain féin. Ach níl aon deimhin agam go mbeadh an ceart ar fad agam dá ndeanainn amhlaidh. Níl aon amhras ná gur éirigh thar bárr le n-a lán. Bun-Scol i múineadh na n-adhbhar uile tríd an nGaedhilg ón gcéad lá a théigheann an dalta ar scoil. Do chonnaic mé féin an obair i gcuid de na scoileanna san, agus bhí mé an-tsásta léi; ach, gan tuilleadh faisnéise, níl ar mo chumas a rádh an éireochadh leis an ngnáth-oide ar an modh céadna obair éifeachtach a dhéanamh. Ní féidir a dhéanamh i lathair na huaire ach an iarracht d'infhiúchadh go haireach. Má mheasaim, de thoradh tuilleadh faisnéise, gur chóir an modh d'atharú in aon treó, déanfad socrú dá réir. Obair is eadh í gur gádh dul ar aghaidh leí go mall réidh faithchilleach, agus gan ró-dheifir bheith orainn go mbainimíd triail cheart as gach céim agus go bhfeicimíd ár mbealach níos soiléire.
Maidir leis an gcéad seirbhís thábhachtach eile, an Meán-Oideachas, tá áthas orm a rádh gur dóigh liom go bhfuil an scéal sásamhail go leor i gcoitchinne. Ins na Meán-Scoileanna táimíd ag leanacht de chúrsa Oideachais atá bunuighthe le seal fada, cúrsa Oideachais a d'fhás de bharr taithighe na gcianta ar an Meán-Oideachais san Eóraip. Do b'éigean dúinn roint athruighthe a dhéanamh ar an gcúrsa Oideachais sin chun a chur in oireamhaint dár riachtanaisí speisialta féin; ach, tríd is tríd, do leanamar den treoir a bhí leagtha amach de thoradh na taithighe sin ariamh anall. Breis is cheithre fichid duine as an gcéad (80%) dár gcuid Buachaillí, tógann siad an Laidean mar cheann de na príomh-adhbhair ina gcúrsa Meán-Scoile. Sin uimhir fén gcéad chomh hárd agus atá le fagháil in aon tír san Eóraip, agus is aoirde í go mór ná an uimhir fén gcéad a thógann an t-adhbhar san sa Bhreatain Mhóir nó i Meriocá. Tuairim is cúig dhuine fhichead fén gcéad (25%) a thógas an Ghréigís. Tá an uimhir sin íseal i gcomparáid leis an uimhir fén gcéad a thógann an Laidean; ach is aoirde í go mór ná Meán-uimhir na hEorpa sa chás chéadna; agus tá sí breis agus dhá uair chomh mór leis an uimhir fén gcéad a thógann an Ghréigís sa Bhreatain Mhóir nó i Meiriocá. Sa chuid is mó de Mheán-Scoileanna na gCailíní sa tír seo, bíonn beo-theanga Eórpach ar an tríomhadh teanga a thógann siad in ionad na Laidne; agus sa chás san is aoirde ná i gcás na Laidne féin an uimhir fén gcéad, óir tógann breis is cúig dhuine is ceithre fichid fén gcéad (85%) dar gcuid cailíní an Fhrainncis cuir i gcás. Ina theannta san bíonn an Laidean mar adhbhar ag roint mhaith aca.
O thaobh na dteangan den scéal, níl ann ach aon lag-phoinnte amháin, eadhon, a laighead de na buachaillí a thógann beo-theanga Eorpach i dteannta Gaedhilge agus Béarla le linn a gcúrsa Meán-Scoile. Ní thógann ach timcheall cúig is fiche fén gcéad (25%) de na buachaillí an Fhrainncis, cuir i gcás; agus is í sin an bheo-theanga Eorpach is rogha leis an mór-chuid aca. Is mór an truagh cúig déag is trí fichid fén gcéad (75%) aca do bheith gan eolas do chur ar bheo-theangain éigin Eorpaigh; ach is cóir cuimhneamh go mbíonn an Laidean, in éinfheacht le Gaedhilg agus Béarla dá foghluim aca go léir beagnach. Rud eile glacann a lán aca an Ghréigis le cois na dtrí dteangan atá luaidhte agam. Ar an ádhbhar san, ní cóir a rádh go bhfuil aon laige ag baint le cúrsaí teangan i Meán-scoileanna na tíre. Is ar a mhalairt de chaoi ar fad atá an scéal—tá siad go láidir folláin.
Is féidir an rud céadna do rádh i dtaobh na Matamaitice. Bíonn an t-ádhbhar so ag gach aon dalta sóisearach, óir is riachtanach dóibh go léir an Mhatamaitic do bheith ar an gcúrsa léighinn aca. Agus gidh nach bhfuil sé éigeantach ar na daltaí sinnsearacha staidéar do dhéanamh ar an adhbhar so, is beag nach mbíonn sé aca-san go léir, freisin. Breis agus 99% de na buachaillí agus 90% de na cailíní glacann siad an Mhatamaitic le haghaidh Scrúdú na hArd-Teistiméarachta. Tá an scéal beagnach chomh maith céadna i gcás na hEolaidheachta. Bíonn an Eolaidheacht dá foghluim i bhfuirm éigin ag breis agus a deich is trí fichid fén gcéad (70%) de na daltaí.
Ag breathnú ar an scéal ina iomláinte measaim gur cóir dúinn a bheith sásta le cúrsa Oideachais na Meán-Scol. Is é mo thuairim, freisin, go bhféadaimíd a bheith sásta leis an toradh, do réir mar a teasbáintear sin ins na scrúduighthe. Sa chás so déantar scrúdú agus cigireacht le chéile, agus is féidir dul chun cinn na scoile agus dul chun cinn gach dalta ar leith a scrúdú i dtráthanna aithride. Tá againn, freisin, toradh na dtrialach a ghníos dreamanna eile, scrúdú Máithreánach na nOllscol cuir i gcás. Is léir ó na trialacha sin le chéile nach bhfuil an córas gan locht. Tuigtear dom gur b'é an príomh-ughdar atá leis sin, go raibh cláir léighinn na Mean-Scol go nuige seo ró-leathan agus ró-éigcinnte, rud a d'fhág eolas scapach, seachránach agus obair neamh-shlachtmhar ag roint mhór de na daltaí. D'fhonn an scéal san a leigheas, tá socruighthe agam, in ionad cursai a bheadh ró-leathan éigcinnte, go mbeidh cúrsaí gearra ann agus iad bunuighthe den mhór-pháirt ar leabhra a bhéas luaidhte roimh ré.
Is é mo thuairim, freisin, go mbeadh an obair níos cruinne fós agus go ndéanfaí scrúdú níos fearr uirthi, dá mbeadh scrúdú eile, no cúpla scrúdú, b'fhéidir, againn do na daltaí i dteannta scrúduighthe na Meán-Teistiméarachta agus na hArd-Teistiméarachta mar táid anois. Tá an cheist sin dá hiniúchadh agam fá láthair. Tríd is tríd, ámthach, tá mé sásta gur féidir do chóras an Mheán-Oideachais—agus na hathruighthe sin atá luaidhte agam déanta air—a phríomh-chuspóir do chóimhlíonadh, is é sin, cloch bhuinn do chur fá chúrsaí saoidheachta is cultúra i gcoitchinne. Bhí tráth ann agus ba é sin cúram na nOllscol; ach ní féidir leis na hOllscoileanna é sin a dhéanamh i gceart, feasta. Tá a ndóthain mhór d'ualach ortha mar gheall ar an ngádh atá anois ann le doimhin-staidéar i mbrainnsí speisialta eolais.
Is ar na Meán-Scoileanna is mó atá sé de chúram anois an t-aos óg do theagasc i gcaoi go mbeid sáthach oilte chun an náisiún do stiúradh go céillidhe éifeachtach ar an mbóthar atá romhainn amach. Má déantar an obair sin mar is ceart ins na Meán-Scoileanna, is cinnte gur maith is fiú iad an leathmhilliún punt de chuid an phobail atáthar a chaitheamh ortha in aghaidh na bliana. As m'eólas féin ar an obair atáthar a dhéanamh ins na scoileanna so agus an treoir atáthar a thabhairt ionta, tá tréan-dóchas agam go bhfuil an cúram tábhachtach sin dhá chóimhlíonadh aca.
Maidir leis an tríomhadh roinn den oideachas—an méid a thagann fá chúram Bhrainse an Cheárd-Oideachais —ní dóigh liom-sa go bhfuil an scéal chomh soiléir sin. Tá dhá chineál scoile a thagann fá chúram an Bhrainse sin— na Ceárd-Scoileanna agus na Gairm-Scoileanna no Scoileanna Leanamhnacha. Ins na Ceárd-Scoileanna fachtar oileamhaint chinnte theicniceach, ach ní déantar mórán den teagasc sin i gceachtar den dá chineál eile. Is é is cuspóir dhóibh-sean, teagasc úsáideach Iar-Bhunscoile a thabhairt do na daltaí, maraon le cleachtadh ar shiúnéireacht agus ar obair mhiotail, ar ádhbhair leanamhnacha i gcoitchinne, agus ar thuath-eolaidheacht nuair is féidir é. Tá na Ceárd-Scoileanna ag obair o thosach na haoise seo. Tá a gcuspóir deimhin féin aca, agus go dtí poinnte áirithe, ar a laighead, tá sin dá choimhlíonadh aca. Forfhás nua atá ins an dara cineál scoile. D'fhás siadsan as oibriú an Achta Oideachais Ghairme Beatha a ritheadh tá deich mbliana ó shoin; agus, uime sin, tá sé ró-luath go fóill breitheamhnas deimbin a thabhairt ortha. Ach, gan tagairt don taobh san den scéal ar chor ar bith, níl a ngnó ná a gcuspóirí leagtha amach chomh deimhnitheach agus atá i gcás na gCeárd-Scoileanna; agus ní féidir liom a rádh i láthair na huaire ciaca is fiú no nach fiú an costas iad. Fá'n dtuaith go háirithe, is cinnte go bhfuil gádh le cineál éigin d'Iar-Bhunscoileanna chun dhá chuspóir do chóimhlíonadh: (1) Ba riachtanach dóibh tréineáil i Siúinéireacht agus i dTuath-Eolaidheacht do thabhairt do na buachaillí, agus chaithfeadh siad caoi do thabhairt do na cailíní chun bun-eolas maith d'fhagháil ar chúrsaí Tighis. (2) San am chéadna, níor, mhór dóibh gnáth-oideachas leanamhnach, freisin, do thabhairt don dá dhream. Ach nílim cinnte fá láthair gurab iad na Gairm-Scoileanna an gléas is fearr lc haghaidh an dá chuspóir sin atá luaidhte agam. Do moladh go mb'fhéidir teacht ní b'éascaidhe ar réidhteach na ceiste tré sheomra speisialta breise do chur le bun-scoil chomhgarach i ngach paróiste—seomra i gcomhair teagaisc, gach re lá, i Siúinéireacht agus Tuath-Eolaidheacht do bhuachaillí agus i dTigheas agus Dúil-eolas do chailíní.
Is feidir gur tríd an dá mhodh is fearr a gheobhfaí réidhteach an scéil, is é sin le rádh, seomraí mar iad sin do sholáthar ins na háiteanna in ar dheacair cúrsaí sásamhla d'Oideachas leanamhnach do chur ar fágháil faoi na Coistí Gairm-Oidis. Pé cuma ina réidhteóchar an scéal, is é mo thuairim-se gur chóir do na scoileanna claoidhe leis na hádhbhair a bhaineann le saoghal agus le hobair na tuaithe in áit a bheith ag gabháil d'ádhbhair léighinn nach bhfuil mórán bainte aca leis an saol san, ach a iompuigheann intinn agus aigne na ndaltaí ó shaoghal na tuaithe ar fad, b'fhéidir.
Mar dubhras cheana, tá a mhalairt de scéal ar fad le haithris fá na fíor-Cheárd-Scoileanna. Ní fuláir dúinn gléas éigin cinnte a bheith againn chun printísigh do thréineáil le haghaidh na gceárd is na dtionnscal éagsamhail uile. Ní fuláir an tréineáil sin a bheith do réir na modh is fearr agus is nuadha; agus tá na Ceárd-Scoileanna ann chun an gléas sin a chur ar fagháil dúinn. Tá deacrachtaí áirithe sa scéal i gcás tíre mar seo againne ina bhfuil a lán tionnscal beag a caithfear a chur go daingean ar a mbonnaí féin; ach, tá na deachrachtaí sin dá réidhteach do réir a chéile; agus, i gcás tionnscal áirithe, fuarthas an bhuaidh ghlan ar na deachrachtaí sin.
Tá árd-mholadh ag dul do Chomhlucht Siúicre Éireann agus do Bhord Soláthair an Leictreachais, cuir i gcás, de bharr na scéimeanna atá ceaptha acu le n-a gcuid printíseach a oileamhaint. Tá togha scéim oideachais i gcomhair a gcuid printíseach ag Clódóirí Bhaile Atha Cliath freisin; ba chóir go dtiocfadh toradh foghanta as agus obair thairbheach dá bharr. Tá sé antábhachtach ar fad go ndéanfaí scéimeanna cinnte bunúsacha den tsaghas san do bhunú le haghaidh na gceárd agus na dtionnscal eile. Muna mbídh socrú cinnte den chineál sin ann, beidh sé an-deacair printísigh do thréineáil go sásamhail; óir ní féidir dóibh a riachtanas de thréineáil cheárdamhail d'fhagháil ach tré fhreastal a dhéanamh ar Cheárd-Scoil cúpla oidhche sa tseachtain. Sa chás sin, má ghníonn an printíseach freastal ar an scoil ar feadh trí no ceathair de sheisiúin, féin, ní bhíonn, de ghnáth, toradh rathamhail ar a shaothar; agus is iondual go mbuaileann lag-mhisneach an buachaill agus nach bhfanann sé sáthach fada ann leis an toradh sin féin d'fhagháil as.
Tá nídh eile, agus tá baint an-dlúth idir é féin agus an dá dheacracht atá ann maidir le hOideachas Iar-Bhunscoile do lucht talmhaidheachta agus do lucht tionnscal. Is é sin árdú na haoise ar ceadmhach do dhaltaí an scoil d'fhágáil. Ta sé de chumhacht againn sin do dhéanamh faoi'n Acht Freastal Scoile, 1926, agus faoi'n Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, óir, mar gheall ar cheachtar de na hAchta san, is féidir iallach do chur ar dhaltaí freastal ar scoil nó go mbéidís cúig déag no sé déag de bhlianta d'aois. I láthair na huaire tá freastal éigeantach mar seo faoi thriail 1 gCathair Corcaighe, faoi stiúrú Coiste Oideachais Ghairme Beatha Corcaighe. Ó thárla nach bhfuil an triail dá déanamh ach le bliain, ba ró-luath go fóill breitheamhnas do thabhairt uirthí; ach go dtí seo tá ag éirghe go sásamhail léi. Is mór an chabhair do fuarthas ó na fostuightheóirí, agus is beag bacainn do chuireadar ar na hoibridhthe óga maidir le freastal ar na ranganna páirt-aimsire. Is annamh ghníos na micléighinn iarracht dul ón oibliogáid atá orra na ranganna do fhreastal, agus féadfar a rádh i gcoitchinne go bhfuil suim mhór dá cur ins na cúrsaí.
Tá an Roinn ag scrúdú an scéil, féachaint ar cheart an scéim seo do chur i bhfeidhm in áiteacha eile. Ceist do-réidhtighthe í, ó's nídh go dteastuigheann ó na feirmeóirí a gcuid mac do choinneáil sa bhaile chun cuidiú leo in obair na feirme ó bhíonn siad tuairim's ceithre bliana déag (14 bl.) d'aois. Ar an adhbhar sin, agus ar adhbhair eile, ní mór bheith an-chúramach maidir le hiarracht ar bith chun árdú do dhéanamh ar thréimhse an scoil-fhreastail éigeantaigh. Caithfí bheith an-fhaíthchilleach ionnus go ndéanfaí an cothrom idir riachtanais gach aicme le n-a mbaineann an scéal. Mar sin féin, dá n-éirigheadh linn scéim fheileamhnach oideachais pháirtaimsire do chur ar fagháil a mbéadh iallach ar dhaoine óga leanacht de, níorbh eagal liom narbh' an-tábhachtach an nídh don tir é.
Tá dhá nídh eile ar mhaith liom trácht orra: (1) an easbaidh oibre atá ar mhórán Bun-Oidí, agus (2) soláthar tighthe Bun-Scoile. Táimíd ag cur suim mhaith airgid i leath-taoibh ina gcomhair sin araon, d'aindeoin an chaoi 'na bhfuil cúrsai airgeadais fá láthair.
Mar is eol do na Teachtaí, tá líon na ndaltaí scoile ag dul i laighead le tamall anuas, agus, ar an adhbhar sin, níl an oiread postaí ann i gcomhair oidí agus do bhíodh roimhe seo. Le cuid féin den scéal sin do leigheas, táthar tar éis an líon mac léighinn a glactar isteach ins na Coláistí Oileamhna do laigheadú chomh mór agus b'fhéidir é. Ach bhí dualgais áirithe le coimhlíonadh againn maidir leis na daoine óga a raibh iontráil fachta aca i gcúrsa cheithre mblian ins na Coláistí Ullmhúcháin. Bhí sé de cheart aca-san cead d'fhagháil dul ar aghaidh nó go mbéidís cáilighthe ina múinteoirí. Is leir nach bhféadfaí an scéal do réidhteach láithreach ar an mbealach sin. Mar sin de, rinneadh athrú eile ar na rialacha bhaineas le líon foirne na scol. De bharr an athruighthe sin, cuireadh postaí nuadha ar fagháil do chéad a's fiche fear, agus do chéad a's triocha bean do bheadh gan postaí ach go ndearnadh an t-athrú. Ina theanta san, táthar ag súil gur gearr go mbímíd i ndon céad a's triocha eile fear do chur i bpostaí sealadacha den tsórt chéadna nó go n-athruighidh an scéal sa chaoi ina mbéidh gléas aca postaí buana d'fhagháil. Do réir na bhfigiúirí atá le fagháil i láthair na huaire, meastar gur fíor-bheag an méid oidí a bhéas gan obair ar theacht Mí Meadhon an tSamraidh, 1942.
Maidir leis an méid atáthar ar intinn a chaitheamh ar thighthe scoile, cé gur as Bhóta na nOibreacha Poiblidhe bainfear é, is ar Roinn an Oideachais atá sé de chúram na deontaisí do dháiliú, agus, ar an adhbhar sin, is cóir dom cunntas gairid fá'n scéal do thabhairt do na Teachtaí. Táthar tar éis a dhéanamh amach go bhfuil tuairim's trí chéad (300) scoil ann nach bhfuil i gcaoi fheileamhnach le obair do dhéanamh ionnta; agus tá géar-ghádh le scoileanna do chur ar fagháil ina n-áit. Cosnóchaidh sin seacht gcéad agus caoga de mhílte punt. Rud eile a bhfuil géar-ghádh leis is eadh scoileanna do thógáil i gcomhair na gceanntar so i mBaile Átha Cliath a bhfuil tighthe nuadha dhá dtógáil ionnta. Cosnóchaidh sin dhá chéad agus caoga de mhílte punt. Is léir gur obair mhóir í sin a gcaithfear roint bhlian do chaitheamh léi; ach tá sé ar intinn againn an obair do chur chun cinn chómh tapaidh agus is féidir é.
Maidir leis an gceathrú seirbhís a bhaineas leis na meastacháin seo .i. Seirbhís na Scol Ceartúcháin agus na Scol Saothair, tá sé ar intinn againn Bille nua do thabhairt isteach chun go gcuirfear i bhfeidhm priomh-mholta an Choimisiúin a rinne fiosrúchán ar chóras na scol so roinnt bhlian ó shoin. Is féidir, dar ndóigh, uimhir éigin de mholta an Choimisiúin do chur i ngníomh gan dlithe nua ar bith; táthar ghá dhéanamh sin le cuid aca, agus tá sé déanta cheana leis an gcuid eile. Socruigheadh cheana féin árdú deóntaisí do thabhairt ón Riaghaltas do na Scoileanna Ceartúcháin; cuireadh ar fagháil deontaisí ón Riaghaltas do na Scoileanna Saothair mar gheall ar dhaltaí faoi bhun sé mblian d'aois; ceapadh cigire chun a chur ir áirithe go dtabharfar aire agus freastal mar is cóir do na páistí i gcúrsaí sláinte. Ach tá aon mholadh tábhachtach amháin do rinne an Coimisiún, agus go dtí seo níor éirigh leis an Roinn é do chur i ngníomh. Is é sin go n-íocfaí costas an Oideachais liteardha ins na scoileanna san as na deóntaisí Stáit i gcomhair an Bhun-Oideachais. Bhí gach ullmhú déanta ag an Roinn chun an moladh so do chur i ngníomh i mbliana féin; ach, gidh go mba tábhachtach an feabhsú é, b'éigean dúinn a chur ar gcúl mar gheall ar an gcaoi 'na bhfuil cúrsaí airgeadais fá láthair.
Ba riachtanaighe ná sin féin árus níos feileamhnaighe do chur ar fagháil ná an ceann atá fá láthair i nGleann Crí; agus tá a leithéid d'árus dhá sholáthar anois. Bhí dhá shlighe ós ár gcomhair, tráth bhí an cheist seo faoi mhachtnamh againn: (1) d'fhéadfaimís foirgneamh nua do chur ar fagháil, agus, ina theannta san, feirm a bhéadh sáthach mór chun biadh d'fhás agus chun gléas oibre agus tréineála do thabhairt do na buachaillí; (2) d'fhéadfaimís árus d'fhagháil a mbeadh feirm ag gabháil leis agus a bhí in úsáid cheana mar scoil nó mar choláiste.
Rinneamar rogha den dara slighe, agus bhí dhá adhbhar againn leis: Ba í ba lugha costas, agus ba í ba lugha moill. Sa chaoi ina bhfuil costais foirgnidheachta fá láthair, b'fhéidir go gcosnóchadh sé £60,000, nó £70,000, chun árus nua ar fad do sholáthar, agus é do bheith mór go leór agus gléasta go sásamhail. Rud eile: bhainfeadh sé cupla bliain dínn, ar a laighead, an t-árus do chur ar fagháil, agus níor mhaith linn an oiread sin moille do chur ar an scéal. Gan baint don chostas ar chor ar bith, níor mhaith linn é bheith d'fhiachaibh orainn na buachaillí d'fhágáil i rith geimhridh eile san áit atá aca i nGleann Crí; agus, mar sin de, rinneamar an rogha atá luaidhte agam.
San Daingean, i gCondae Ua bhFáilghe, atá na foirgnimh do thoghamar; agus táid in úsáid fá láthair ag na Sagairt de Chumann Oblátach Muire gan Smál mar árus comhnaidhthe ag a gcuid mac léighinn. Is leis an Riaghaltas (leis an Roinn Dlighidh agus Cirt) na tighthe seo; fuair na Sagairt de Cumann Oblátach Muire gan Smál ar léasa iad chun bheith ina n-árus ag Scoil Ceartúcháin do bhuachaillí; ach measadh narbh oireamhnach don ócáid sin iad, agus stadadh dá n-úsáid i mbliain a 1934. Cuireadh deis ó shoin orra, agus táid i bhfad níos fearr anois ná na foirgnimh atá i nGleann Crí. Táthar ag brath corradh agus £2,000 do chaitheamh i mbliana, ionnus go mbéidh siad in oireamhaint le haghaidh na mbuachaillí i Meadhón Fóghmhair seo chugainn. Ina theannta san ní fuláir suimeanna eile airgid do chaitheamh ar an bhfoirgneamh so ins na blianta atá romhainn chun tuilleadh slighe agus fairsingeachta do chur ar fagháil. Chuige sin tá beartuighthe againn leanamhaint do dheimhin-phlean ghenerálta. Do réir a chéile, agus do réir riachtanaisí an cháis ó am go ham, a déanfar an obair. Ach táthar ar aigne gach cuid di do choinneáil in oireamhaint den deimhin-phlean ghenerálta atá luaidhte cheana agam i dtreo go n-éireóchaidh linn tar éis tréimhse áirighthe árus nua ar fad no bheith againn in ionad na bhfoirgneamh atá ann faoi láthair.
Mar dubhras cheana, tá Bille dá chur os comhair na Dála chun molta eile an Choimisiúin do chur i bhfeidhm, agus b'fhéidir gurbh' fhearr gan mórán ar bith díospóireacht a dhéanamh ina dtaobh sin nó go dtugtar isteach an Bille.
Sula gcríochnuighidh mé an cunntas seo fá staid an Oideachais ba mhaith liom trácht ar cheist a bhaineas go dlúth leis. Is í an cheist í sin—cionnus is féidir a chur in áirithe go mbéidh an Ghaedhilg dá labhairt go laetheamhail ag na daltaí tar éis fhágáil na scoile dhóibh? Dá fheabhas dá ndéanfar an Ghaedhilg do theagasc ins na scoileanna, beidh an teagasc sin gan mórán toraidh muna mbídh an teanga dhá húsáid sa chaoi adubhairt mé. Ag trácht ar an deacracht sin dúinn, táimíd ag trácht ar nídh atá mar ghlas ar obair na haithbheóchana go léir. Cad í an eochair osclóchas an glas sin? Cionnus a deimhneóchar go mbéidh an Ghaedhilg dhá labhairt de ghnáth ag na daltaí tar éis fhágáil na scoile dhóibh? Ceist í sin nach furas a fuascladh. De iomlán obair na haithbheóchana, is í sin, dar liom-sa, an deacracht is mó ar fad.
Ar an droch-uair, ceist í nach furas do Roinn an Oideachais mórán do dhéanamh le n-a réidhteach. Furmhór mór na ndaltaí, ní bhíonn baint ar bith ag an Roinn leó ón am a bhfágann siad an scoil. Níl an deacracht chómh mór sin i gcás na ndaltaí a théigheann chun na Meán-Scol nó chun cineál ar bith de Iar-Bhunscoil. Is mó bhaineas an deacracht leis an gcuid eile de na daltaí—leis an gcuid aca nach mbíonn aon bhaint ag an Roinn leó ó fhágann siad an Bhun-Scoil—agus is iad sin an dream is líonmhaire ar fad.
Is iomdha moladh do rinneadh leis an nGaedhilg do choinneáil dá labhairt ag na daltaí tar éis fhágáil na scoile dhóibh. Moladh go gcuirfí ar bun Cathanna de Ghasóga do bhéadh ina nGaedhilgeóirí, go gcuirfí campaí agus brughanna Gaedhealacha ar fagháil, agus go gcuirfí clubanna Gaedhealacha ar bun i ngach paróiste sa tír. Bhéadh caitheamh aimsire le fagháil ins na clubanna so, tráthnóna, ag buachaillí agus ag cailíní, ar choingheall gurb í an Ghaedhilg do labhróchadh siad le linn bheith annsin dóibh. Tá Roinn an Oideachais toilteannach gach cabhair is féidir do thabhairt do dhaoine a chuirfeas a leithéidí seo de scéimeanna ar bun; ach is éigean a rádh go han-deimhin gurb iad na daoine féin a chaithfeas na scéimeanna a bhunú agus a oibriú. Is riachtanach gach scéim den chinéal so do theacht ó dhaoine atá ina gcomhnaidhe i gceanntar na scéime, agus is iad na daoine sin a chaithfeas an scéim a stiúradh. Caithfidh an pobal a gcion féin a dhéanamh in aitbheóchaint na teangan agus gan a bheith ag brath ar an Riaghaltas chun gach nídh do dhéanamh. Ní féidir le haon Roinn Riaghaltais aisti féin an teanga Ghaelhilge d'aithbheóchaint. Obair í sin atá le déanamh ag an náisiún go hiomlán. Rinne Roinn an Oideachais gach nídh do b'fhéidir ins na scoileanna chun a chur i gcumas an náisiúin a gcion féin do dhéanamh. Ní heagal liom go dteipfid ar mhuintir na hÉireann a ndualgas do choimhlíonadh; ach is mór agus is deacair an obair í seo, agus, chun an bláth ceart do bheith ar an iarracht, caithfidh muinntir gach ceanntair fá leith tosnú lom láithreach ag obair ar a gconnlán féin. Tré n-a saothar agus tré n-a ndúthracht féin, agus go mór mhór tré n-a spiorad féin, caithfidh siad a chur in áirithe nach ina lom-ádhbhar léighinn a bheas an Ghaedhilg atá dhá foghluim sa scoil ag an aos óg. Is riachtanach a chur in áirithe nach bhfágfar feasta í i muinghin a labhartha sa scoil, ach go mbéidh sí dhá labhairt go laetheamhail leathadach ag muinntir na hÉireann i ngnáthbheatha na tíre.