Tairgim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £127,842 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1942, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.
That a sum, not exceeding £127,842, be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1942, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education.
£4,951,924 an t-iomlán a iarrtar anois le haghaidh na n-ocht Vótaí ata dá stiúradh ag an Roinn seo i gcomparáid le £4,950,889 le haghaidh na bliana 1940-41 (ag áireamh Vótaí Breise), sin méadú £1,935. Siad so na prímhdhifríochta idir an dá bhliain.
Vóta 45—Oifig an Aire Oideachais.— Laghdú £3,821 de bharr, ar an gcuid is mó de, folúntaisí áirithe d'fhágaint gan líonadh le linn an chogaidh d'fhonn airgead do shábháil. 'Na theannta san chífear gur i gcóir roinnt den bhfoirinn atá ar iasacht ag Ranna eile, mar an Roinn Soláthairtí, gan éinne curtha na n-áit £6,673 den tsuim airgid a iarrtar.
Vóta 46—Bun-Oideachas. — Fé'n gceann-teideal Oidí d'Oiliúint tá laghdú £8,276 de bharr gan an méid san do leigint dá oiliúint mar oidí go dtí go mbeidh postanna ar fáil d'oidí atá díomhaoin. Tá sábháilt £16,000 i dtuarastal agus deontaisí eile na n-oidí toise méid na bpost atá ar fáil ins na scoileanna i mbliana do bheith níos lugha ná mar a bhí anuraidh.
Níor baineadh feidhm oiread agus a ceapadh as an scéim chun leabhair do sholáthar i n-aisce do leanbhaí bochta. An £9,000 a cuireadh ar fáil le haghaidh 1940/41 ba mhó é de £3,700 ná mar ba ghádh agus tá sé leagaithe anuas mar sin go £7,500 don bhliain seo.
Vóta 47—Meádhon-Oideachas. — Tá méadú £15,400 ar an Vóta so de bharr líon na scoláirí a cuirtear ar rollaí na meadhon-scoileanna do bheith ag éirghe i ndiaidh a chéile. Tháinig méadú ó 36,647 go 37,670 ar an líon san sa bhliain seo caithte.
Vóta 48—Ceárd-Oideachas. —Tá an soláthar le haghaidh scoláireachtaí (focheann-teideal A) árduighthe ó £160 go £1,208 fá bhrághaid na scoláireachtaí atá beartuithe a chur ar fáil sa Scoil Nuaidh Oiliúna d'Oidí Tighis i Sráid Chathal Brugha.
Tá éirghe £12,755 ins na deontaisí bliantúla do choistí gairm-oideachais. Tá áirmhthe annsan deontas speisialta £4,889 do Choiste Chathair Bhaile Atha Cliath a coimeádadh siar sa bhliain 1939/40 go dtí go mbeadh socair cé'n bonn ar a n-áirmheofaí an síntiús a bhéadh le tabhairt ag Bárdas Bhaile Atha Cliath.
Vóta 49—Eolaidheacht agus Ealadha. —Mar atá i gcás vóta 45 tá sábháilt airgid le linn an chogaidh ar thuarastail. Tá roinnt folúntaisí san Musaeum Náisiúnta, sa Leabharlainn Náisiúnta, agus sa Choláiste Ealadhan ná líonfar go fóill. £1,256 an méid a sábháilfear mar sin.
B (1)—Foillsiúcháin i nGaedhilg.— Bhí beartuithe nuair a bhí an Meastachán so dá ollmhú obair an Ghúim do ghearradh anuas d'fhonn airgead do shábháil, agus do leagadh anuas an méid a iarradh ó £9,000 go £4,750. Deineadh aith-bhreithniú ar an scéal idir an dá linn, ámhthach, taobh le ceist fostaíochta i gceárd na clódóireachta agus tá súil againn le hoiread clódóireachta do dhéanamh agus a thabharfaidh faoiseamh éigin sa cheist sin.
Vóta 50—Scoileanna Ceartucháin agus Scoileanna Tionnscail.—Bhí áirmhthe sa tsuim £120,300 a vótáladh le haghaidh 1940/41, deontas speisialta neamh-fhilltigh £2,500 do scoil ceartúcháin na mbuachaillí. Má fágtar an scéim sin as an áireamh, tá méadú £1,540 sa mhéid a iarrtar, de bhárr méadú ar an líon daoine a cuirtear go scoileanna ceartúcháin agus go scoileanna tionnscail.
Vóta 71—Institiúd Árd-Léighinn Bhaile Atha Cliath. —Do chuid den bhliain an soláthar a deineadh i gcóir 1940/41. An méid atá á iarraidh anois meastachán é ar chostas na hInstitiúide le haghaidh an chéad bliana iomláine ó bunuíodh í. Nuair a bhí na meastacháin don Roinn Oideachais dá gcur ós cóir na Dála anuiridh do thug an Taoiseach, a bhí 'na Aire Oideachais an t-am san, léargus cruinn ar chúrsaí na mBrainnsí uile atá fé riaradh mo Roinne-se. Os féidir a rádh go bhfuil an buan-staid i ngach Rannóig Oideachais do réir an léarguis sin a tugadh, níl ar intinn agam an talamh san d'ath-shiúl ach amháin sa mhéid go ndeárnadh forbairt ó shoin i ngach ceann des na Brainnsí sin.
I gcúrsaí bun-oideachais, bun- sheirbhís agus taca na seirbhísí eile, siad na prímh-nithe atá i gceist ná foirgnithe scoile do sholáthar, fóirne teagaisc do chur ins na scoileanna, an freastal scoile do bheith chó hárd agus is féidir é, clár oiriúnach teagaisc do leagaint amach agus módhanna oiriúnacha i dteagasc na n-abhar léighinn do chur i bhfeidhm.
Maidir le foirgnithe scoile do chur ar fáil, is oth liom a rádh nár bhfoláir an soláthar airgid 'na gcóir do ghearradh anuas de bharr an trom-chostais ba ghádh a dhéanamh ar nithe eile sa phráinn náisiúnta. Nuair a ghlac an céad Riaghaltas Gaedheal seirbhísí an Oideachais Náisiúnta ós na Coimisinéirí, bhí mór-chuid i ndiaidh láimhe, maidir le foirgnithe scoile, le déanamh suas de bhrí gur stadadh de dheontaisí i gcóir foirgnithe scoile do thabhairt ar feadh cuid de thréimhse an chogaidh agus de bhrí nár tugadh go leor airgid an tráth san chun scoileanna oiriúnacha do thógáil.
Ins na blianta ón am san i leith bhí iarracht á dhéanamh ag Riaghaltas na tíre seo teacht suas leis an easnamh san. Treóir é ar an méid oibre atá déanta ins na deich mbliana deireannacha so gur caitheadh breis is milliún go leith púnt as ciste an stáit agus ós cionn leath-mhilliún púnt de shíntiúsaí áitiúla ar an obair seo. Sin dhá mhilliún púnt ar fad. Tá fós, is oth liom a rádh, ós cionn 300 scoileanna náisiúnta atá curtha síos mar thithe mí-fholláine mí-oiriúnacha agus, d'ainneoin na práinne náisiúnta, ní mór dúinn dul ar aghaidh le scoileanna nua do thógaint 'na n-áit siúd chó maith leis an scéim mór tógála atá riachtanach de bharr na n-athruithe atá déanta ar an tiughdas daonraidh i gceanntracha Bhaile Átha Cliath.
Maidir le fóirne na scoileanna, sé an príomh-rud le tabhairt fé ndeara go bhfuil an bhreis ban-oidí a bhí gan post ag dul i laighead go tiugh ach go bhfuil an bhreis fear atá go fóill gan post go hárd fós, agus tá slighte eile chun an scéal san d'fheabhsú dá mbreithniú fé láthair ag mo Roinn-se.
Maidir le dul chun cinn na scoláirí ins na scoileanna náisiúnta, tá slighte ceaptha againn chun cómh-oibriú níos dlúithe a bheith eatortha san atá ag gabháil d'obair oideachais. Deineadh an cómh-oibriú san tré chomhdhála bliantúla do thionóladh idir na hardchigirí, agus idir na cigirí san agus ionadaithe na n-oidí; 'na ndiaidh sin bíonn cómhdháil idir gach Roinnchigire agus na cigirí ceanntair atá faoi 'na stiúradh. Níl aon cheist ach go bhfuil toradh sásúil ar an gcómhoibriú san. Cuirim i gcás, bhí os mo chóir tuairiscí na gcigirí insan bhliain seo caithte agus is léir uatha sin gur imthigh toradh cómhdháil na nÁrd-Chigirí i Mí Eanair, 1940, go mór i bhfeidhm ar an obair ins na scoileanna —go háirithe i dteagasc (1) labhairt na Gaedhilge, (2) léitheoireacht, Gaedhilge agus Bearla, agus (3) Uimhríocht.
I labhairt na Gaedhilge tá tugtha faoi ndeara ag na Roinn-chigirí go bhfuil dul chun cinn éigin déanta. Ní tugtar oiread ama anois don léitheoireacht ós árd agus tagrann na cigirí go speisialta don iarracht atá dá dhéanamh chun caoi a thabhairt dos na scoláirí iad féin do chur in úil tré Ghaedhilg a mhinicí agus is féidir é. Maidir le Léitheoireacht—Gaedhilg agus Béarla—tá níos mó aire dá thabhairt anois don léitheoireacht ós íseal, d'iarracht aon scoláire (ins na ranganna is aoirde) chun brí caibidile nó ailt d'fháil amach dó féin, agus tá miniú an ábhair léite dá dhéanamh níos tuigsionaighe.
Deirtear coiteannta go bhfuil uimhríocht ar na hábhair is laige. Ní mór a rádh go bhfuil au laige céana ann go fóill—gan dóthain aire dá thabhairt d'obair cómhráidh, ceachtanna fada mí-oiruínacha ag úsáid uimhreacha móra maille le slighte sean-fhaisiúnta. Tá iarracht dá dhéanamh amhthach ins na ceanntracha uile chun é seo do leigheas. Tá an dul ar aghaidh insan obair shnáthaide sásuil nó ana-shásúil, do réir na dtuairiscí; insan cócaireacht agus nigheachán tá an obair go hana mhaith agus tá méadú i méid na scoileanna atá ag gabháil don ábhar san. Tá feabhas cinnte tagaithe ar an amhránuíocht agus cuirtear an feabhas sin i leith an chláir nua san abhar san, agus na "Nótaí" do mhúinteoirí, agus dicheall na dtimthirí ceóil.
Insan oiliúint naoidheanán, braitheann duine gur féidir don obair a bheith ana-shásúil, agus go mbíonn go minic, nuair a bhíonn seomra oiriúnach agus gléas ceart ann agus múinteoir oilte; ach insan gnáth-scoil dhá oide, nuair a bhíonn Rang I, II agus uaireannta Rang a III faoi chúram múinteoir na naoidheanán, agus nuair ná bíonn an múinteoir ana-oilte sa Ghaedhilg ní bhíonn toradh na hoibre chó sásúil sin. D'iarramar le déanaighe ar na cigirí uile aire speisialta do tha bhairt do mhúineadh na naoidheanán agus d'úsáid na Gaedhilge mar ghléas múinte, insan leith-bhliain seo chughainn.
Maidir le húsáid na Gaedhilge mar gléas múinte i ranganna níos aoirde ná ranganna naoidheanán, braithtear ós na tuairiscí go bhfuil toradh sásúil ar an obair suas go dtí rang a III nó a IV ach gur leasc le múinteoirí na ranganna is aoirde ná sin Gaedhilg d'úsáid mar ghléas múinte. Is mór an trua san mar ní hamháin ná deineann na scoláirí aon dul chun chinn in úsáid na Gaedhilge i 90% des na ranganna is aoirde ach tá baol ann go gcaillfidh siad an Ghaedhilg atá aca cheana agus go geaillfidh na múinteorí féin ins na ranganna is aoirde a gcumas sa teangain ceal taithighe. Samhluíonn sé freisin gur mall an dul ar aghaidh atá dhá dhéanamh maidir le Gaedhilg d'úsáid mar ghléas cómhráidh idir múinteoirí agus scoláirí agus i measc na scoláirí féin.
Maidir leis an gclár, tá na cigirí, do réir deallraimh, ar aon aigne go bhfuil sé sásúil. Maidir leis an moladh go dtabharfaí thar n-ais tigheas mar abhar éigeantach do chailíní agus eolas ar nádúir do bhuachaillí, is baol liom go dteipfeadh glan ar na hoidí an obair bhreise seo d'iomchar insan gnáth-scoil dhá oide, agus scoileanna den tsaghas seo dhá dtrian des na scoileanna sa tír seo.
Ceann des na nithe atá ag déanamh imnidhe dom Roinn-se, cé go bhfuil an scrúdú fán teistiméireacht ar bhunoideachas le deich mbliana anuas ann, ná bíonn aon scoláirí istigh ar an scrúdúchán sin ó fhurmhór mhór na gnáth-scoileanna náisiúnta sa tír. Sé an tslighe 'na bhfuil an scéal maidir leis seo, cé go gcuireann furmhór na gclochar agus 80% nach mór de scoileanna na mBráthar a gcuid daltaí isteach ar an scrúdú seo gach bliain, nár chuir 20% des na gnath-scoileanna náisiúnta a gcuid daltaí isteach ar an scrúdúchán aon tráth.
Is féidir go dtabharfaí mar argóint nach bhfuil aon ghádh le scrúdúchán scríobhtha dos na scoláirí i scoileanna náisiúnta na tíre seo toisc cigireacht do bheith dá dhéanamh ar na scoileanna san go féiltiúil. Sé fírinne an scéil nach féidir, ceal ama agus fuirinne, cigireacht do dhéanamh ach ar mhéid áirithe des na scoileanna gach bliain; agus fiú amháin dá bhféadfaí cigireacht bhliantúil do dhéanamh ar na scoileanna uile ní hionann in aon chor cigireacht agus scrúdúchán nuair atá dul chun cinn na scoláirí, 'na nduine is 'na nduine, dá mheas. Treó anaéifeachtúil seadh an chigireacht chun obair gheinearálta aon scoile do mheas, ach, mar is dual dó, ní féidir é bheith ach 'na thuairim gheinearálta. Taobh amuigh de sin tá an t-eolas a gheibhtear ón gcigireacht, fiú amháin ins na scoileanna atá scrúdúithe in aon bhliain amháin, ana-gheinearálta óir tá ainmithe faoin téarma so-lúbtha san "éifeachtach" oidí atá gar do bheith gan éifeacht suas go dtí oidí atá gan dabht árd-éifeachtach. Tuigfear dá bhrí sin gur féidir torthaí ana-mhíchothroma d'fháil maidir le na scoláirí uile.
Is féidir go ndéarfaí go mbunóch cigire maith a bhreith ar aon scoil ar scrúdúchán chó maith le cigireacht, ach caithfidh an scrúdú a dhéanfadh cigire ar na scoláirí a bheith ana-theoranta. Níl againn ach 65 cigirí agus bheadh sé thar chumas na gcigirí sin dul chun chinn 400,000 scoláirí nach mór do mheas 'na nduine is 'na nduine, fiú amháin dá mba nach raibh aon obair eile le déanamh ag na cigirí sin. Má tá uainn deimhin a dhéanamh de dhul chun cinn an uile scoláire is léir go gcaithfear triail níos cruinne do chur in úsáid, agus níl aon tslighe eile chun an triail bhreise seo do sholáthar ach tríd an tsean-scéim do thabhairt thar n-ais le n-ar cuireadh scrúdú ar gach scoláire in gach ábhar ám éigin ag druidim le deire a chúrsa sa scoil náisiúnta. Go dtí go mbeidh scrúdú den tsaghas san againn, ní féidir aon deimhniú do bheith ag an bpobal go bhfuil an líon scoláirí a fhágann na scoileanna náisiúnta le heolas sásúil ar na trí abhair sin, léitheoireacht, scríobhnóireacht agus uimhríocht, maith go leor chun an costas mór, £4,000,000 nach mór, ar na scoileanna seo do chothromú. Sé an scéim do b'fhearr, im' thuairim-se, go raghadh na múinteoirí mar chumann i nbun an scrúdúcháin seo le cómh-oibriú agus cabhair na Roinne seo, agus bhí súil agam go ndéanfaidís amhlaidh.
D'fhonn gach constaic do shárú do thairg Roinn an Oideachais an scrúdúchán ar fad nach mór do thabhairt do Chumann na Múinteoirí d'fhonn aon imnidhe a bheadh ortha maidir le caighdeán an deacrachta do chur ar cheal. Is trua nach raibh an Chomhdháil a bhí aca sásta glacadh leis an dtairgsint agus dá thoradh san, ní mór dúinn-na, is baol liom, an scrúdúchán do thionóladh agus é bheith 'na scrúdúchán éigeantach do gach scoláire atá ar chaighdeán áirithe. Dá bhféadfainn teacht ar aon tslighe eile as chun a dheimhniú go mbeadh eolas sásúil ar na habhair riachtanacha ag gach scoláire nuair a fhágann sé an scoil náisiúnta, bheadh áthas orm glacadh leis, ach, in éaghmuis cómh-oibriú na múinteoirí, ní fheicim aon tslighe chun scrúdúcháin scríobhtha éiginteacha do sheachaint muna mbeimíd sásta bheith gan aon chaighdeán chun dul chun cinn gach scoláire do mheas.
Maidir le tinnreamh na scoláirí, tá idir lámhaibh againn, mar is eol díbh, Bille leasuithe a dhéanfaidh, tá súil againn, an scéal do riaradh níos cruinne agus a dhéanfaidh deimhin de mheán-tinnreamh níos aoirde.
Maidir leis seo ní misde dhom tagairt don scéim chun páistí scoile do dhílonnú ó Bhaile Atha Cliath agus ó Dhún Laoghaire. Tá sa scéim sin:
(1) Páistí d'aois scoile (6-14 bliana) gan coimhdeacht.
(2) Páistí bhun sé bliana d'aois fé choimhdeacht a máthar nó ban-chaomhnóra eile.
I mí Feabhra so caithte, cuireadh ar fáil caoi chun clarú do dhéanamh fén scéim.
Sé líon na bpáistí a meastar a cláruíodh:
Páistí scoile gan coimhdeacht:— |
||
Buachaillí |
15,345 |
|
Cailíní |
15,242 |
30,587 |
Páistí scoile fé choimhdeacht:— |
||
Fé bhun 6 bliana |
55,415 |
|
6 go 13 bliana |
36,638 |
92,053 |
Caithfear na figúirí sin d'athrú nuair bheidh eolas fachta ar an líon páistí a cláruigheadh sa tseachtain dár chríoch 26adh Abrán, 1941.
Cuirfear cóir ar pháistí scoile gan coimhdeacht i dtithe muintire san líomataiste 'na aistríothar iad. Cuirfear páistí ón scoil chéana go dtí an ceanntar céana chó mhaith agus is féidir é. Cuirfear cóir ar pháistí ón lín tighe céana chó maith agus is féidir é sa teaghlach chéana nó i dteaghlacha i bhfíor-chomhgar dá chéile. Déanfar gach socrú ar mhaithe le cúram agus compórd na bpáistí 'na n-áit comhnaithe nua, chó maith le scolaíocht do chur ar fáil dóibh. Beidh cead ag tuismitheoirí dul ag feiscint a bpáistí.
Caithfidh go mbeidh a lán deacrachtaí ann ag cur na scéime sin i bhfeidhm —rud is dóchas linn ná tarlóidh— scrúdú na bpáistí ag dochtúirí, tiomsú na bháistí a bheadh le di-lonnú, feithmheoireacht do dhéanamh ar na páistí ins na líomatáistí na rachaid, na páistí do roinnt ar na líomatáistí sin, socrú do dhéanamh i gcóir a scoluíochta, agus mar sin de. Cóimhoibreoidh na hoidí ins an obair sin, gan amhras, más gádh é, leis an dúthracht ionmholta chéana a chaitheadar le hobair an chláruithe. Is mian liom fíor-bhuidheachas do bhreith leo de chionn na dúthrachta san.
Arae go raibh laghdú ar líon na ndaltaí scoile le blianta beaga anuas, is maith liom a rádh go bhfuil líon na ndaltaí ar rollaí na meán-scoltach ag dul i méid. D'eirigh líon na ndaltaí seo ó 27,645 go dtí 37,670 ins na blianta 1930 go dtí 1940. Is ionann sin agus méadú tuairim's 1,000 dalta sa mbliain. Béidh tuairim agus 38,720 dalta ar na rollaí i gcóir na scoil-bhliana seo— méadú tuairim agus 1,000 dalta eile. Thairis sin, ní féidir a rádh go bhfuilimíd ag druidim leis an am nuair nach féidir breis scoláirí do thabhairt isteach sna scoltacha seo agus, dá bhrígh sin, níl aon chosúlacht fós ann gur féidir an caithteachas ar mheanoideachais do bhuanú ar an bhfigiúir atá againn fé láthair.
Do réir meadú so an tinnrimh tá líon na fóirne teagaise sna meán-scoltacha ag méadú freisin. Ins na deich mbliain ó 1930 go dtí 1940, d'éirigh líon na múinteoirí sna scoltacha seo ó 2,551 go dtí 3,144. Mar a gcéanna, d'eirigh líon na múinteoirí a bhfuil tuarasdal breise d'á fháil aca ó 1,187 go dtí 1,584 sa tréimhse chéanna. Bhí méadú dá réir i líon na meén-scoltach a h-aithníodh ó 294 sa mbliain 1929-30 go dtí 352 sa mbliain 1940/41.
Gídh mór an méadú é seo idir líon na daltaí agus na bhfuireann, tá áthas orm a rádh gur mó fós an méadú ar líon na ndaltaí a ghníonn a gcuid oibre uilig fríd an nGaedhilg amháin. Sa tréimhse 1934-1940, cuirim i gcás, méaduíodh fá dhó an líon daltaí den dream seo, sa tslighe go bhfuil tuairim agus trian de dhaltaí na Meán-Scoltacha uilig ag déanamh a gcuid oibre fríd an nGaedhilg amháin agus tá trian eile go bhfuil mór-chuid den obair á dhéanamh frid an teangain chéanna aca. Is iongantach gan aimhreas an dul chun cinn atá déanta ar an mbealach seo.
Tárluíonn go bhfuil méadú £15,400 ar na measteacháin i mbliana in aghaidh deontaisí caipitíochta agus tuarasdail bhreise de bharr na méadú seo dár thagras, gidh gur gearradh anuiridh, mar bheart coigiltis le linn na práinne seo, na deontaisí speisialta do scoileanna i Roinn A agus B de bharr teagaisc tré Ghaedhilg agus na deontaisí saotharlainne i leith teagaisc in abhair eolaíochta, agus go bhfuil an gearradh seo i bhfeidhm arís i mbliana.
Maidir le hobair na mean-scoltacha, tá forbairt mhór le tabhairt fá ndeara mar gheall ar an athrú ar na cúrsaí in abhair áithride. Suas go dtí an bhliain 1925, bhíodh téicseanna ar leith ar chlár na meadhon-scoltach go háirthid i gcás na dteangthacha agus bunuightí na scrúdúcháin ar na téicseanna seo. O'n mbliain sin annas ceapadh cláir níos leithne d'fhonn is go mbéadh na scoltacha in ann a rogha féin de chúrsaí staidéir agus leabhar do bheith aca, do réir mar d'fheilfeadh dóibh. Níor leanadh ach an oiread de na trí scrúdúcháin, eadhon, grád sóisearach, meán-ghrád agus grád sinnsearach, agus cuireadh 'na n-ionad dhá scrúdúchán—scrúdúchán na meán-teistiméarachta agus scrúdúchán na hárdteistiméarachta.
Fuarthas amach, ámhthach, go raibh lochtanna ar an gcineál cláir ilghnéithigh seo, go háirthid thréis é do thriail le scrúdúchán scríobhtha. B'éigean do na scoltacha cúrsa fóirleathan ar mhór-chuid abhar do theagasc agus séard a thárla, d'á chionn sin, go mbíodh na daltaí fá bhruidiúlacht mhíochuimsighe, amanntaí, agus nach bhfuigheadh cuid mhaith aca ach eolas neamh-bhairthinneach ar na habhair. Níor mhór na lochta seo do leigheas ionnus go bhfuigheadh na scoláirí oiliúint níos fearr i gcruinneas agus i bhfoirbhtheacht agus, chuige sin, do socruíodh le gairid an cúrsa do ghiorrú i gcás na dteangthacha agus méid áirthid de theicseanna éiginteacha do chur leis na cúrsaí i gcás gach teangan dhiobh. Do deineadh an t-atharú so cheana in abhair áirithe —Laidean, Gréigis agus Nuadh-theangthachta na Mór-Roinne—agus tá socair é dhéanamh sa Ghaedhilg agus sa Bhéarla sa bhliain seo chughainn.
Fé mar adubhairt mé cheana, ní bhíonn ach an dá scrúdú ann i rith an chúrsa mheadhon-oideachais fé láthair. An chéad ceann díobh seo, an meadhon-teistiméireacht, tá sé chun tosaigh go maith agus téigheann scoláirí idir 15 agus 16 bliana d'aois fé. Ós rud é go dtéigheann cuid mhaith scoláirí isteach ins na meadhon-scoileanna nuair a bhíonn 12 bhliain slán aca, ceapann a lán daoine gur cheart go gcuirfí scrúdú puiblí breise ar bun d'fhonn a fháil amach cé an dul-ar-aghaidh a bheadh déanta ag an scoláirí thar éis bliain nó dhó do chaitheamh ins na meadhon-scoileanna, agus táthar ag breithniú an scéil seo faoi láthair.
Maidir leis na hatharuithe a deineadh ins na cláir, tá socrú á dhéanamh fé láthair chun go mbeidh cómh-cheangal níos dlúithe idir na cúrsaí atá leagtha síos ins na habhair ilghnéitheacha i gcóir Scrúdú Maithreánaigh na hIolscoile Náisiúnta agus Scrúdú na hÁrd-Teistiméarachta (Pas). Séard atá ceapaithe ná go mbeidh na cúrsaí ins na habhair uilig agus an caighdeán deacrachta ar an ndul céanna don dá scrúdú. Ghlac lucht stiúrtha na hIolscoile le moltaí na Roinne faoi'n sceál seo agus beidh an socrú nua i bhfeidhm le haghaidh scrúduithe na bliana seo chughainn (1942). Is usa go mór a bheidh obair na scoileanna a ullmhuíonn scoláirí ins na ranganna árda le haghaidh na hÁrd-Teistiméarachta agus scrúduithe na hIolscoile.
Maidir le gairm oideachas, tá an t-éileamh ar oideachas leanúnach agus ceárd-oideachas ag dul i méid ar fuaid na tíre i gcoitcheann sa tslighe go bhfuil méadú i líon na scoláirí ins na liomatáistí uile nach mór. Tá an obair sásúil i gcoitcheann. Bhí dul-ar-aghaidh an-mhaith ar fad ann aon uair a cuireadh cúrsaí printíseachta ar siúl, i.e., i gclódóireacht, agus chuir idir fostuitheoirí agus ceárd-chumainn anaspéis ionnta. Tugadh cúrsaí den tsórd so freisin i ndéanamh uaireadóirí, i mbácaireacht, i dtógáil tithe agus i gceárdanna eile, agus bhí toradh fónta ortha san leis. D'fhéadfaí a rádh, i gcoitcheann, gur mór an buntáiste dos na ceárdanna san an oiliúint teicniciúil a tugadh inár scoileanna.
Maidir le hoideachas leanúnach, bhí an dul-ar-aghaidh céanna ann a bhí ins na blianta a ghaibh tharainn. Is mór an chúis áthais dom bheith in ann a rádh go bhfuil breis ar uimhir na ngairm-scoil tuaithe. Tá 69 des na scoileanna tábhachtacha san ann anois, agus fan an tseisiúin dheireannaigh dhein 2,400 scoláirí cúrsaí i neoluidheacht tuaithe amháin. Bhí, mar is eól díbh is dócha, locht á fháil ar na scoileanna gairm-oideachais fén dtuaith aca-san a mheas gur chóir dos na scoileanna sin claoidhe go dlúth le heolas ar nádúir, siúinéireacht agus tigheas, agus gan bacaint le habhair tráchtála.
Deallruíonn sé gurab i an fhadhb is mó sa chás so ná daoine do mheas nach bhfuil ins na scoileanna gairm-oideachais ach gléas chun postanna d'fháil dá bpáistí ins na cathracha agus na bailtí móra, in ionad é bheith mar ghléas chun an saoghal agus obair na talmhan d'fheabhsú. Dá bhrí sin, tá claonadh ins na daoine óga faillighe do dhéanamh ar na ranganna eolais ar nádúir d'fhonn freastal ar ranganna in abhair eile. Adeirtear liom, maidir leis na buachaillí atá ag freastal na scoileanna seo, nach buachaillí iad a bhfurmhór go bhfuil coinne aca leis an bhfeirm d'fháil mar oidhreacht, ach na buachaillí is óige de'n chlainn go mbíonn ortha postanna d'fháil i mball éigin eile agus go bhfuil coinne aca leis na scoileanna do thabahairt an chaoi sin dóibh. Má soláthruightear ranganna a thugann caoi chun postanna den tsaghas sin deinid freastal ortha; muna soláthruightear iad, lorguightear i mball éigin eile iad.
Mar sin ní hé soláthar na ranganna in eolas ar nádúir an t-aon ní amháin ach buachaillí d'fháil chun freastal ortha. Dá ndeintí éiginteach an freastal ar na ranganna só, réiteoch sé an fhadhb. Ach tá constaicí móra i gcoinnibh freastal do dhéanamh éiginteach do bhuachaillí ós cionn 14 bliana i liomatáistí fén dtuaith agus, in éaghmais sin, sé an t-aon réiteach amháin ar an gceist príomh-oide nó múinteóir eolais ar nádúir d'fháil dos na scoileanna so fén dtuaith go bhfuil an mianach ionnta seasamh i gcoinnibh na bhfórsaí atá ag tiomáint daoine óga ón dtalamh.
Is deacra, faraoir, fir den tsaghas sin d'fháil ná múinteóirí éifeachtacha ins na habhair eile. Cuirim i gcás, má tá eolas maith ag an oide ar abhair thráchtála, is beag gádh atá aige le láidreacht charachtair ná intinne chun na habhair sin do mhúineadh le héifeacht. Éiligheann rithim seol an lae indiu na habhair sin. Nuair a dheineann, ámh, scoil gairm-oideachais iarracht ar chlár cheart do sholáthar don tuaith, is lugha go mór an t-éileamh air, agus bíonn roimh an bpríomh-oide agus an múinteóir eolas ar nádúir deacrachtaí a bhainfidh go mór d'éifeacht na ranganna ins na h-abhair tuatha, muna sáruightear iad.
Ceann de na níthe mar sin a chuirfidh críoch fhónta ar na scoileanna tuatha, múinteóirí d'fháil go bhfuil, ní amháin an cháilíocht aca atá riachtanach in eolas ar nádúir agus abhair dá leithéid agus eolas doimhinn ar shaol na tuatha aca ach go bhfuil ionnta an cumas chun aigne na ndaoine do threórú agus go bhfuil aca leis meas ar shaol na tuatha. Ní fuirist daoine den tsaghas san d'fháil ach in a n-éaghmuis san, ní réiteofar an fhadhb tré scol tuatha do chur suas 'na mbíonn eolas ar nádúir mar abhar den chlár.
Séard a thagann as an scéal ait seo go léir go bhfuil na scoileanna tuatha ag gluaiseacht go mall i gcúrsaí tuaitheoluidheachta. Des na 141 scoileanna leanúnacha atá ar siúl fé láthair, níl cúrsa iomlán in eolas ar nádúir agus i dtigheas ach i 69 díobh atá i liomatáistí tuatha nó i liomatáistí gairid dó. Tá an Roinn, i n-a dhiaidh sin, ar a dícheall ag iarraidh obair den tsaghas so do chur ar aghaidh. Cuireann an pobal i gcuid des na conndaethe oiread san suime innte go mbítear ag faire go géar an triaileacha a deintear ins na garrdhaí. I gConndae Chorcaighe, cuir i gcás, bhí na daoine chó leathta san ar ceann des na garrdhaí ag gairm-scoil Dhroichead na Banndan nárbh fholáir é oscailt dóibh trí uaire sa tseachtain. Tá tuarascgabhála maithe ar an ndul chéana fachta againn leis ó Chonndae Lughbhaidh, Conndae Luimnighe agus conndaethe eile.
Maidir leis an dul chun cinn i nGaedhilg ins na scoileanna gairm-oideachais, cé go bhfuil dul ar aghaidh déanta ins na scoileanna lae i gcoitchinne, ní féidir a rádh go bhfuil an staid 'na bhfuil múineadh na Gaedhilge i ranganna oiche go fíor-shásúil fós. Cé go gcuireann na pictiuirí reatha, an radio, rinncí, agus mar sin de isteach níos mó ar na ranganna oiche Gaedhilge ná mar a chuirid ar na habhair eile, tá, thairis sin, an rud seo, go bhfuil maitheas ó thaobh gnótha agus cúrsaí an tsaoil le baint go díreach as na habhair eile atá dá dteagasc ins na ranganna ceárd-oideachais san oiche agus ná fuil an maitheas céanna le baint as an nGaedhilg. Chun na fírinne a rádh, tá an gádh céanna le múinteoirí speisialta i nGaedhilg go bhfuil cumas gríosuithe agus cumas timthireachta ionnta agus atá leis na múinteoirí ar thagras dóibh maidir le heolas ar nádúir. Níl an glaoch céanna ag an dá abhar san agus atá ag an ngnáthabhar ceárd-oideachais ar an scoláire chun a chursa saolta d'fheabhsú. Ní mór slighte speisialta agus éifeacht ar leith chun go n-éireochadh leis na ranganna sin, ach nuair is timthirí maithe na múinteoirí agus go n-úsáideann siad na slighte atá riachtanach, éirigheann go maith leis na ranganna Gaedhilge a bhíonn ar siúl insan oiche. Sa tseisiún 1939-40, deineadh obair mhaith den tsaghas sin ins na condaethe seo leanas: Co. Chorcaighe, Co. na Gaillimhe, Co. Liathdroma, Co. Luimnighe, Co. Mhuigheo, Co. Mhuimhneacháin, Co. Ros Comáin, Co. Thiobrad Arann (Theas), Co. Phort Láirge, agus Co. Loch Garmáin.
Chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh an scéal amhlaidh ag an tír go léir, tá socair ag an Roinn seo anois cúrsa ar leith do chur ar siúl chun múinteoirí Gaedhilge d'oiliúint. Tionóladh scrúdú comórtasach i Mí Eanair, 1941, ar a raibh 200 iarrathóir. Des na daoine is fearr de na hiarrathóirí seo, toghadh 19 díobhtha chun cúrsa speisialta oiliúna do thabhairt dóibh. Tosnuíodh ar an gcúrsa i Mí Márta, 1941. Tugtar aire speisialta in oiliúint an ghasra seo des na deacrachtaí a fuarathas cheana maidir le ranganna oiche i nGaedhilg a chur le chéile. 'Na theannta san beidh 'na chuid ana-thábhachtach dá gcuid oibre mar mhúinteoirí i n-a dhiaidh seo labhairt na Gaedhilge do thabhairt chun cinn imeasc na scoláirí ins na scoileanna lae gairm-oideachais. Chuige sin, tugadh tús áite i dtoghadh na n-iarrthóir dóibh sin go raibh cáilíocht aca i gceól, amhránaíocht nó drámaíocht, nó a bhí an-oilte ar chluichí Gaedhealacha nó rinncí Gaedhealacha. De thoradh an chúrsa sin tá coinne againn go ndéanfar i bhfad níos mó insan am atá le teacht chun teanga bheo a dhéanamh den Ghaedhilg ins na scoileanna gairm-oideachais.
Congnamh mór cun labhairt na Gaedhilge do chur ar aghaidh seadh na scoláireachtaí atá dá dtabhairt anois ag cosdí gairm-oideachais chun caoi a thabhairt do scoláirí toghtha mí do chaitheamh sa Ghaedhealtacht sa tSamhradh. Deineann na cigirí ins na ceanntracha uile tagairt don bhfeabhas atá tagaithe ar líomhthacht na scoláirí seo tar éis dóibh saoire a chaitheamh san Ghaedhealtacht. Is tábhachtaighe fós an t-uabhar atá ortha a theasbháint go bhfuil churtha aca le n-a líomhthacht sa teangain.
Maidir leis na coisdí gairm-oidis, ní amháin gur chóimhlíonadar a ngnáthdhualgaisí, ach tá mórán eile dualgaisí speisialta a bhaineas le saol eigandálach an lae indiu. Tuagdh léigheachtaí i 340 paráiste ar chúrsaí stórála, sabhála agus coigiltis bhidh. B'iad na coisdí gairm-oidis le cómhoibriú na gcomhairlí paráiste do chuir na léigheachtaí ar siul. Tuairim agus 16,000 léigheacht do tugadh fán scéim seo agus cuireadh an-tsuim ionnta.
Tá scéim léigheachtaí speisialta eile d'á cur ar bun faoi lathair maidir leis an nganntanas cruithneachtan agus bainfe siad le h-abhair mar atá "Usáid Fataí agus Min-Choirce in áit Pluir Chruithneachtan,""Béilí do Pháistí agus d'Othair le linn an Chogaidh,""Buntáistí Glasraí mar abhar Bidh-" Bhéarfar na léigheachtaí seo do lucht na bparáistí tuaithe agus na bparáistí baile agus féachfar leis go dtráchtfaidh siad ar riachtanaisí speisialta gach cineáil cheanntair. Táthar ag brath freisin leabhráin ar na ceisteanna seo d'ullmhú agus iad do chur chuig na coisdí ionnas nach mbéidh na daoine ar bheagán eolais i n-a dtaobh i gcás nach dtig leo na léigheachtaí d'fhreasdal.
Tá laghdú £960 ar na Meastacháin do na scoileanna ceartucháin agus saothair seachas mar a bhí sa bhliain Airgeadais 1940/41 tré bhithin meastachán breise a tugadh isteach anuraidh ar £2,500 mar dheontas speisialta neamh-fhillteach do bhainisteóirí na scoile ceartúcháin i nGleann Critheach mar chuidiú dóibh na fiacha do ghlanadh a tháinig ortha de bharr riaradh na scoile sin. Muna gcuirtear san áireamh an tsuim airgid sin, is soiléir go mbéadh méadú £1,540 ar an gcaithteachas ins na Meastacháin seo i gcomórtas le Meastacháin na bliana 1940/41.
Sa mbliain 1940/41, do b'éigean Meastachán breise eile ar £680 do rith. Bhí an tsuim seo ag teastáil cionn's nár leór an soláthar a rinneadh sa gcéad dul síos chun costaisí na bpáistí go léir a cuireadh chun na scoltach seo d'íoc. Tuigfear ó na Meastacháin go n-éirigheann an chuid is mó dhe'n mhéadú glan sin £1,540 as an soláthar i gcóir deontaisí cothuithe do na scoltacha saothair a bunuightear ar an Meastachán ar an méid páistí a cuirfear chun na scoltacha seo i gcaitheamh na bliana.
Mar adubharthas cheana, dúnadh an Scoil Cheartúcháin i nGleann Critheach i Mí Lughnasa seo caithte agus do haistríodh na buachaillí agus an fhuireann go léir go foirgneamh níos feiliúnaighe sa Daingean, Co. Ua bhFáilghe, atá fós fá stiúrú Oird na n-Obláideach. Tá pleananna déanta le mór-chuid athruithe agus méaduithe do dhéanamh ar an scoil sa Daingean. Ortha seo beidh seomraí ranga nua, seomraí folctha, seomraí codlata agus súgartha, &rl., chó maith le camraí nua. Tá cuid den obair seo (na camraí nua agus deisiú halla an bhidh) i ngar do bheith críochnuithe agus déanfar soláthar do na rudaí eile ó bhliain go chéile ar Vóta Oifig na n-Oibreacha bPoiblidhe.