Tairigim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £764,639 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh Chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1943, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talmhan na hEireann (44 agus 45 Vict., c. 49, a. 46, agus c. 71, a. 4; 48 agus 49 Vict., c. 73, a. 17, 18 agus 20; 54 agus 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; Uimh. 27 agus Uimh. 42 de 1923; Uimh. 25 de 1925; Uimh. 11 de 1926; Uimh. 19 de 1927; Uimh. 31 de 1929; Uimh. 11 de 1931; Uimh. 33 agus Uimh. 38 de 1933; Uimh. 11 de 1934; Uimh. 41 de 1936; agus Uimh. 26 de 1939).
That a sum not exceeding £764,639 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1943, for the Salaries and Expenses of the Offices of the Minister for Lands and of the Irish Land Commission (44 and 45 Vict., c. 49, sec. 46, and c. 71, sec. 4; 48 and 49 Vict., c. 73, secs. 17, 18 and 20; 54 and 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38, and c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; Nos. 27 and 42 of 1923; No. 25 of 1925; No. 11 of 1926; No. 19 of 1927; No. 31 of 1929; No. 11 of 1931; Nos. 33 and 38 of 1933; No. 11 of 1934; No. 41 of 1936; and No. 26 of 1939).
Atá £130,014 de laghadú ar shuim an Mheastacháin le haghaidh Tailte. I mbliana arís, do féachadh ar bh'fhéidir a thuilleadh sábhála do dhéanamh, ach do bhí cuid de na fó-mhírchinn laghduighthe go dtí an fíor-mhinimum cheana. An aon mhór-shábháil atá ar chumas na Roinne, baineann sí le fómhíreheann I—an fó-mhírcheann a bhfuil furmhór an laghduighthe dhá dhéanamh faoi.
Ní gan doilgheas do cinneadh ar shuim cho mór le £128,600 do ghearradh d'fhó-mhírcheann fheabhsuighthe na nEastát. An caithteachas bhaineas le seo agus le déantóireacht foirgneamh, is gnáthach cuid mhaith oibre do bheith dhá fagháil ag oibridhthe na tuaithe dá bhárr. Ach atá cúiseanna eile sa seéal seo, taobh amuigh den riachtanas atá le sábháil i gcoitchinne do dhéanamh fá láthair. Ganntanas damhna, deacrachta iomchair, agus laghadú foireann tré iasacht oifigeach eolgach do Ranna eile—is éigean go ndéanfaidh na nithe sin ciorrbhadh trom ar oibreacha Choimisiúin na Talmhan. Tá dlúthbhaint, dar ndóigh, idir caithteachas feabhsuighthe agus roinnt na n-eastát, obair eile ar bh'éigean a gearradh anuas go mór. Faoi fhó-mhírcheann I, an bhliain seo chuaidh thart, do theastuigh tuairim is £355,000 le haghaidh scéimeanna feabhsuighthe, agus ba lugha sin ná an méid do bhótáileadh. San am atá i láthair, ba dheacair a réimh-innsint cad é beidhthear i ndon a dhéanamh sa mbliain atá romhainn, nó cad é an méid airgid a bheas ag teastáil le haghaidh feabhsuighthe, ach tar éis cruinn-mhachtnamh do dhéanamh ar an scéal, táthar ag iarraidh £329,350 faoi fhó-mhírcheann I.
Níl ach mion-athruighthe dá ndéanamh ar na fó-mhírchinn eile, agus ní riachtanach trácht ar mhórán aca.
Foireann-fhollamhantais áirithe (63) do bheith dhá bhfágáil gan líonadh fá láthair, is eadh is cúis leis an £2,033 de laghadú le haghaidh Tuarastal, Páigheann agus Allúntas faoi fho-mhírcheann A. Ina thaobh sin, ní misde a innsint go bhfuil 300 duine de fhoirinn na Roinne seo tugtha ar iasacht do Ranna eile, ach gur as an Bhóta le haghaidh Tailte atáthar ag baint a dtuarastal sin i rith an ama. Fá thuairim £90,000 suim an airgid sin.
An £6,000 de laghadú ar chostais bhóthar, faoi fhó-mhírcheann B, do thárla sin ann tré fhollamhantais atáthar d'fhágáil gan líonadh agus tré iasacht cigire do Ranna eile.
Athrú slighte oibre faoi'n Acht Talmhan, 1939, is eadh is adhbhar don laghadú de £2,000 faoi fhó-mhírcheann M. Is é rud a ghníos an fó-mhírcheann seo soláthar d'fhuascailt Bannaí Talmhan do bheith tugtha amach mar gheall ar ghabháltais a gcuirfí a gceannacht ar gcúl, nó a ndéanfaí a mbliain-chíosa d'athrú—nithe d'fhágfadh ceartú ag teastáil ó na híocaidheachta do thionóntaí nó do thighearnaí na ngabháltas. Sul do ritheadh Act a 1939, do b'éigean Bannaí Breise d'fhuascailt i gcás eastát a ndearnadh na cistí do leithriú, agus ba riachtanach, dá bhárr sin, airgead na fuascailte do chur ar fagháil, agus ús oireamhnach ina theannta sin. Faoi Roinn 10 (2) de Acht Talmhan a 1939, tá sé de chumhacht ag Coimisiúin na Talmhan tarraingt amach as na Taisc-Bhannaí Urraidheachta cho fada agus théigheas ainm-luach na breise agus is féidir an fhuascailt do sheachaint sa gcaoi sin.
Chífear gur leigeadh ar lár £4,800 do bhí faoi fhó-mhírcheann K i meastachán na bliana seo caithte. Is é rud do bhí annsin soláthar i n-aghaidh easbaidhe d'fhéadfadh bheith in Ioncum Chunntas Themporáltachta na hEaglaise Éireannaighe mar gheall ar chistiú agus athruighthe eile faoi Alt 18 (9) de Acht Talmhan a 1933. Do caithfí easbaidh ar bith mar sin do choimhlíonadh i gcomhair na n-éileamh reachtamhail atá ar an gCiste. An tsuim úd de £41,250 per annum do híoctaí go reachtamhail le Bord na gCeanntar Cumhang i bhfuirm úis ó bhreis-deontas na hEaglaise Éireannaighe, do fágadh a Iocaidheacht i gcúram Choimisiúin na Talmhan mar chomharbaí don Bhord; ach, do réir Ailt 50 de Acht Airgeadais a 1941, is féidir a laghadú do réir mar chinnfeas an tAire Airgeadais. Mar sin de, ní gá úsáid do dhéanamh de airgead Bhóta na dTailte do choimhlíonadh easbaidhe ar bith eile in ioncum Themporáltachta na hEaglaise Éireannaighe. Nuair a bhíos a leithéid de chomhthromú riachtanach, anois, is é rud a laghduightear an íocaidheacht reachtamhail a dlightear do Choimisiún na Talmhan.
Do laghduigheadh, freisin, Itim (2) de fhó-mhírcheann na leithreas-i-gCabhair. £41,250 do hiarradh anuraidh, agus £30,000 atáthar d'iarraidh i mbliana. Sa gcuid eile den fhó-mhírcheann seo, is beag nach cothrom na méaduighthe agus na laghduighthe; ach do cuireadh isteach ann Itim nua (Uimhir 9) do thaisbeáint £3,411 de aisíoc as Bhóta 73, i dTuarastail oifigeach do haistrigheadh go hOifig na Scéim Speisialta Fostuidhthe.
Maidir le hobair Choimisiúin na Talmhan i gcoitchinne, do b'éigean í do mhoilliú cuid mhaith mar gheall ar an éigeandáil. Ní fios go fóill cad is suim iomlán do na figiúracha bhaineas le róinnt eastát, ach meastar gur roinneadh tuairim is 22,000 acra ar 2,000 gabháltasaidhe anuraidh.
Ins an mbliain seo chuaidh thart, do tugadh seilbh ar thalamh i lár na tíre do dhá fhichid teaghlach ó na Ceanntair Chumhanga. Atáthar ag brath leanamhaint don obair thairbheach seo, cho maith agus is féidir i rith na bliana atá romhainn.
Ó d'éirigh géar-riachtanas leis an móin, do tugadh aire speisialta do oibriú na bportach atá ar Eastáit Choimisiúin na Talmhan. Do cheaduigh an Coimisiún tuairim is 145,000 do chaitheamh le n-a aghaidh sin anuraidh, agus, sa séasúr seo chuaidh thart, do baineadh breis agus 155,000 tonna mónadh de phortaigh do fuarthas ar cíos ón gCoimisiún.
De bhárr Ordú Práinneach darab data an 10adh de Mheadhon Foghmhair, 1941, do scuireadh, go deireadh na héigeandála, de oibreacha áirithe bhaineas le ceannacht talmhan; ach atá an-chuid leitreach dhá bhfagháil ag an gCoimisiún go fóill faoi na gnótha sin. Is deacair a chur i dtuigsint don phobal nach féidir don Choimisiún leanamhaint fá láthair don obair mar ba ghnáth. Mar gheall ar na foirne cléireachais do bheith laghduighthe go mór, agus mar gheall ar neithe eile nach bhfuil neart ag an Roinn ortha, is éigean an obair do leigint chun moille.
Iarsmaí an Ghalair Crúb is Béil, do chuir siad cúl ar bhailiú na mBliana-Chíosa; ach, mar sin féin, tá an scéal réasúnta sásamhail fá láthair. An 31adh den Mhárta, 1942, do bhí tuairim is £857,000 de riaráiste iomlán ins na gálaí go léir do bhí iníoctha roimh Mí na Nodlag, 1941—suim do bhí tuairim is £40,000 ní ba lugha ná an riaráiste do bhí ann an 31adh den Mhárta, 1941. Bailiú an ghála dheireannaigh (Samhain agus Nodlag, 1941). do chruthuigh sé go réasúnta maith. Do fuarthas, cheana féin, níos mó ná trí cheathramhadh den tsuim do bhí ionbhailighthe.