den Aire Oideachais an dtig leis a rá cén uair a tosnófar ar an Scoil Ghairm-Oideachais a thógáil ag An Cnoc, Cois Fairrge, Conamara.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Nua (An Cnoc).
D'fhiafraí
Tá suíomh le haghaidh scoile ar an gCnoc (Cois Fhairge) ceannaithe ag Coiste Gairm-Oideachais Chontae na Gaillimhe. Tá cead ag an gCoiste dul ar aghaidh leis na réamh-shocraithe .i. pleanna &rl., is riachtanach sar ar féidir tosnú ar obair thógála scoile Gairm-Oideachais ach níl siad san réidh fós. Mar sin ní féidir aon tuairim chinnte a thabhairt faoi cathain a cuirfear tús leis an obair seo.