Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Nov 1951

Vol. 127 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tithe Gloine i gConamara.

D'fhiafraí

den Aire Talmhaíochta an bhfuil ar intinn aige tuilleadh tithe gloine a thógáil i gConamara; agus, má tá, cén uair a tosnófar ar an obair.

Níl sé ar intinn cur leis an 95 (nócha a cúig) tithe gloine atá san aonad atá déanta cheana féin i gConamara faoi Scéim na dTithe Gloine sa Ghaeltacht. Má bítear le tuilleadh tithe gloine a dhéanamh ní mór tús breithnithe a thabhairt do cheantair eile sa Ghaeltacht nach bhfuil aon aonad tithe gloine iontu. Tá an ní seo faoi bhreithniú ag an Coiste Eadar-Roinne i dtaobh cúrsaí forbairte na Gaeltachta.

Top
Share