Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Dec 1951

Vol. 128 No. 2

Written Answers. - Seirbhis Loinge (Cuan na Gaillimhe).

D'fhiafraí

den Aire Tionscail agus Tráchtála an bhfuil sé beartaithe buan-athrú a dhéanamh ar an seirbhís loinge a bhí, go dtí le gairid, faoi stiúradh Chómhlucht Chuan na Gaillimhe; agus, má tá, an dtabharfaidh sé sonraí ina thaobh.

Ó 4ú Lúnasa, 1951, tá an tseirbhís sheachtainiúil gháltain idir Ghaillimh agus Oileáin Árann a hoibriú ag Córas Iompair Éireann mar chuid den chóras iompair náisiúnta. Chuir Córas Iompair Éireann iniúil dom go bhfuil an Dún Aengus, an bád doibríodh an tseirbhís de ghnáth, bainte den tseirbhís le haghaidh deisiúcháin agus go bhfuil bád is lú ná í curtha ina háit go sealadach. Seolann an bád sin trí huaire sa tseachtain idir na hOileáin agus Ros an Iuhíl. Tá an scéal á bhreithniú féachaint an féidir feabhas a chur ar an tseirbhís, ach níl ar intinn faoi láthair aon bhuan-athrú a dhéanamh.

Top
Share