Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 16 Jul 1953

Vol. 140 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Suíomh Oifig Seirbhísí na Gaeltachta.

D'fiafruigh

den Aire Tailte an n-athróidh an Rialtas Oifigí Seirbhísí na Gaeltachta ó Bhaile Atha Cliath go Cathair na Gaillimhe mar (a) gurb í príomh-chathair an Gaeltachta is mó sa tír í, (b) go bhfuil sí suite i lár báire idir Gaeltacht Thír Chonaill agus Gaeltacht Chiarraighe agus mar sin go bhfuil a suíomh rí-fheiliúnach don athrú, (c) go bhfuil córas oideachais breá i nGaillimh idir bun-scoileanna, meán-scoileanna agus ollscoil, (d) go bhfuil foirgneacha feiliúnacha le fáil in aice Teach an Chustain i nGaillimh, ach caoi agus slacht a chur orthu, (e) go mbeadh dúth-cheangail idir Oifigí Stát-Sheirbhíseach agus muintir na Gaeltachta agus ar an mbealach seo go bhfuigheadh an Ghaeilge an áit is dual di.

Níor cuireadh an cheist seo fé bhráid an Rialtais, go fóill pé scéal é, ach d'fhéadfainn a rádh leis an dTeachta go bhfuil mé 'á scrúdú go cúramach. Nuair a bheidh sé scrúduithe go cruinn agam raghad i gcomhairle leis an Aire agus, má's gádh, leis an Rialtais 'na thaobh.

Tuigfidh an Teachta go gcaithfear gach taobh de'n scéal d'inniúchadh.Tá deacrachtaí go gcaithfear a shocrú sar a bhféadhfadh an Rialtas breith de'n tsórt a mholann an Teachta a thabhairt agus do chur a gníomh.

Top
Share