Is é méid iomlán atá á iarraidh i mbliana le haghaidh na hocht Vótaí go bhfuilimse freagrach ionta ná £11,822,380—ionann sin agus £7,490 de laghdú ar mhéid na bliana anuraidh. Is mian liom a rá, áfach, nár cheart go dtuigfí as an laghdú san go bhfuil cúngú á dhéanamh ar aon cheann de na príomhsheirbhísí oideachais. Is é is mó is cúis leis ná gur díoladh anuraidh an ceann deireannach de na trí scaranna don chnapshuim ex gratia a bhí le híoc le múinteoirí náisiúnta a chuaigh ar scur roimh 1950 agus, dá bhrí sin, níl aon tsoláthar chuige sin i Vóta na bliana seo. Dá bhfágtaí an soláthar chun na críche sin as an áireamh agus comparáid a dhéanamh idir an dá bhliain i leith na hocht Vótaí le chéile, bheadh soláthar iomlán na bliana so níos mó ná cuid na bliana anuraidh de £136,000. Go deimhin, chun riar do na costais bhreise a tharlóidh de bharr méadú do theacht ar an líon daltaí i ngach saghas de na trí saghsanna scol (bunscoileanna, meánscoileanna agus gairm-scoileanna), is amhlaidh nárbh fholáir cur leis an tsuim atá ag teastáil mura mbeadh gur deineadh sábháil thrí oibriú na scéime Eagar agus Modha ar chostais a bhain le foirinn na Roinne, go bhfuil laghdú tagtha ar an líon daltaí sna Scoileanna Saothair agus sna Scoileanna Ceartúcháin, gur lú an méid atá dhá sholáthar d'Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath agus fós gur cruinne na modhanna meastacháin atá dhá leanacht i gcás na Vótaí seo i gcoitinne.
Ó tharla laghdú a bheith ar an méid iomlán atá á iarraidh, do ghlacas mar chaoi agam san chun cead an Aire Airgeadais d'fháil go ndéanfaí athrú ar mhodh íocaíochta na ndeontaisí £5 a tugtar do thuismitheoirí daltaí na Gaeltachta a ghnáthaíonn Gaeilge a labhairt ionas go mbeifear i ndon an deontas a íoc i leith gach aon bhliain ag tráth níos luaithe ná mar a deintear fé láthair. Toisc dáta na híocaíochta a luathú mar sin, is intuigthe go ngabhfaidh breis chostais leis an socrú an chéad bhliain dó ag obair, is é sin, an £17,500 atá á sholáthar fé mhírcheann C.9 de Vóta 40. Ní cuid de chúram riaracháin na Roinne seo agamsa an caiteachas a ghabhann le tógáil agus feabhsúchán scol náisiúnta. Gabhann na gnóthaí san le Vóta 9 atá faoina riaradh ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí agus tá soláthar de £1,350,000 á dhéanamh i mbliana ann le haghaidh bun scoileanna. Mar sin, tá £13,172,380 d'iomlán á chur ar fáil le haghaidh seirbhísí oideachais i gcóir 1955-56, is é sin, 12.5% den mbreis agus £105,000,000 ar fad atá á sholáthar chun na seirbhísí go léir le céile. Sa bhliain 1946-47, cuir i gcás, dob é iomlán a caitheadh ar a gcomh-shaghas céanna de sheirbhísí oideachais ná £6,039,058, rud ab ionann agus 11.5% de chostas iomlán na seirbhísí soláthair.
Léiríonn an chomparáid gur feabhsaíodh, roinnt, ar staid na seirbhísí seo againne i gcoitinne i gcaitheamh na tréimhse. Ní hionann san agus a rá go bhfuil oiread airgid agus dob áil liomsa á chur ar fáil ach níltear ag titim siar agus ní beag de chúis sásaimh é sin dúinn mar, d'ainneoin a thábhachtaí é, níl san oideachas ach ceann amháin de na héilimh a bhionn ag síor-bhrú ar an gciste náisiúnta.
Sula ndéanfad trácht ar aon cheann de na Vótaí éagsúla tá sé le rá agam gur cuireadh im láthair, an samhradh seo caite, tuarascáil na Comhairle Oideachais ar an bhfeidhm a bhaineann leis an mbunscoil agus ar an gcúrsa léinn a leanfaí inti go haois dhá bhliain déag. Is mé do cheap an Chomhairle i gcéaduair um Aibreán na bliana naoi déag caogadh agus do hainmníodh aon duine déag agus fiche do chomhaltaí dhi an tráth san. Maidir leis na comhaltaí sin, cé go rabhadar láncháilithe chun labhairt thar cionn gnéithe seachas a chéile de chúrsaí oideachais agus eacnamaíochta na tíre, do dheineas cúram de nach ina n-ionadaithe a ainmneofaí ag aon ghrúpa ná conhlucht a ceapfaí iad ach go mbeidís saor, chomh fada agus dob áil leo é, chun a gcomhairle féin ar leith a thabhairt don Aire Oideachais agus, ins an slí sin, go bhfaighfí iomlán tairbhe a gcuid taithí agus a gcuid eolais agus a gcuid caidrimh leis na nithe sin go léir a cuirfí féna mbráid ó am go ham.
Níorbh ionann san agus a rá go mbeadh an Chomhairle ina tionól de dhaoine a bheadh gan feidhm gan freagarthacht acht gurb amhlaidh ná beadh sí ina láthair cruinnithe ag líon áirithe de theachtaí go mbeadh gach duine acu fé cheangal dualgais fónamh do pholasaí oifigiúil an údaráis a ainmnigh é agus gan ar a chumas aontú le moladh ar bith gan dul in ath-chomhairle leis an údarás san. Ba léir dom ó thosach, dá mba mar sin a bheadh sé, nár gá Comhairle a bhunú in aon chor toisc nach miste don Roinn, uair ar bith is mian é, dul i gcomhairle leis na grupaí agus na dreamanna go léir ag a bhfuil baint le haon ghné ar leith den ghnó a bheadh fé iniúchadh agus, ina theannta san, ná féadfaí a bheith ag súil ó Chomhairle a bheadh comh-dhéanta mar sin go bhfeidhmeodh sí ar fónamh ina buan-ghléas oibre.
Ba mhór an t-ábhar sástachta domhsa sa 1950 gur éirigh liom comhluadar de dhaoine, idir chléir agus tuath, a bhí chomh hiomráiteach agus chomh cleachtach san a thabhairt le chéile i mbun na hoibre agus is móide fós mo chuid sástachta anois toisc go bhfuilid uile go léir, gach duine amháin díobh, tar éis glacadh go fonnmhar deamhéineach le cuireadh uaim ag iarraidh orthu go leanfaidís do thabhairt a gcuid seirbhíse go ceann tréimhse eile cúig mblian. Is mór, leis, mo bhuíochas ar na comhaltaí nua a thoiligh glacadh le hionaid a bhí folamh sa Chomhairle de bharr go bhfuair bun-comhaltaí bás, faríor, nó go mb'éigean dóibh éirí as feidhmeannais ar chúiseanna príobhaideacha pearsanta. Sé mo thuairim féin go díongbhálta maidir leis an mbunús ar a bhfuil an Chomhairle tógtha, gurb é is fearr agus is dóichí a sholáthróidh dúinn an treoir agus an cúnamh a theastaíonn uainn.
Im thuairimse, do chuir céadthuarascáil seo na Comhairle mórchuid rí-thábachtach de bhreis lena raibh d'eolas againn cheana ar ghnóthaí oideachais agus tá iniúchadh críochniúl déanta inti ar an gceist a chuireas ina láthair le scrúdú. Na moltaí atá sa tuarascáil, tugann siad i láthair réim mhór de cheisteanna tábhactacha a bhaineann le hoideachas agus le hairgeadas. Go gairid tar éis an tuarascáil a thabhairt i láthair do cuireadh cóipeanna di go dtí Cliarfhlaitheas na hEireann, go dtí Easpaig Eaglais na hEireann agus lucht ceannais na n-eagraíochtaí eile creidimh agus go dtí na comhlachais uile de chuid bainisteoirí agus múinteoirí, agus tugadh cuireadh dóibh a dtuairimi a thabhairt i dtaobh a raibh i gceíst. Tá freagraí a bhfáil ar an gcuireadh san agus is mian liom iad a admháil go buíoch.
Na moltaí iomaí atá sa tuarascáil ag tagairt i measc rudaí eile, do cheist na teangan, do cheisteanna bhaineas leis an gclár léinn agus do fhoirinn mhúinteoireachta na scol, táid san go léir fé ghéar-iniúchadh sa Roinn seo agamsa agus na tuairimí a fuarthas ó na comhluchtaí Eaglaise agus oideachais á gcur i bhfianaise chomh maith. Sé mo dhóchas go bhféadfar teacht ar shocruithe cruinne cinnte i dtaobh a lán dá bhfuil do mholtaí sa tuarascáil ach caithfidh mé breis éigin ama a iarraidh chuige sin. Sa chás san de, measaim nárbh fhearr dom a thuilleadh a rá i láthair na huaire i dtaobh a bhfuil sa tuarascáil. Táimíd ag iarraidh a shocrú cad é an bonn a chuirfimid fén ár gcóras comh-eagraithe oideachais agus, go dtí go mbeidh san déanta, níorbh aon tairbhe an gné eile comhthábhachtach céanna den cheist a bhaineann le craobhú agus bláthú an chórais a thógaint ar láimh, sé sin, socruithe a dhéanamh fé thuairim an oideachais leanúna.
Ní den réasúntacht é, ach oiread, a bheith ag súil go dtabharfadh an Chomhairle aghaidh ar an mórcheist san go dtí gurbh fhíos dóibh cad ba chor do na moltaí a bhí acu sa chéad iarracht a chuireadar uathú. Dob é sin ba chúis dom a iarraidh ar an gComhairle cúrsa léinn na meánscolaíochta a chur fé iniúchadh an fhaid a bheifí ag teacht chun cruinnbhreithe ar na moltaí a dheineadar cheana féin i leith bunscolaíochta, mar tá cuid sin na meánscolaíochta den cheist so-scartha ón bhfaidhb ghinearálta de bharr cáilíocht shean bhunaithe na meánscolaíochta féin agus de bharr gur fios go gcaithfidh meánscoileanna bheith ann, agus go mbeidh siad ann, is cuma cén córas nó cén comheagraíocht eile a cuirfí ar bun.
Ar na Vótaí ar leith atá fém chúramsa tá Uimhir 39—Oifig an Aire Oideachais— agus taispeántar ann laghdú caiteachais de £11,000 agus laghdú de chúigear duine ar an líon iomlán fóirne ó 492 anuas go dtí 487. Do deineadh an méid sin sábhála d'ainneoin gurbh éigin fairsingiú le rannóig tógála na scol de bharr na mór-scéime atógála, agus is féidir liom a shuíomh go cinnte gur tré oibriú an bheartais ar a dtugtar "Eagar agus Modha" a tháinig déanamh na sábhála i gceist agus gur deineadh an méid sin a shábháil gan aon chailliúint ó thaobh éifeachtúlachta. Táthar ag súil go bhféadfar a thuilleadh laghduithe a dhéanamh de bharr leanúint d'oibriú an bheartais sin.
Tá £8,149,130 de shuim á sholáthar fá choinne Vóta 40 is é sin, bunoideachas. Is ionann sin agus laghdú £113,360 ar chuid na bliana anuraidh. Do dheineas tagairt cheana féin do na fáthanna atá leis an laghdú san.
Do mhéadaigh ar an líon iomlán dá raibh de dhaltaí ar na rollaí ó 484,364 an 30ú Meitheamh, 1953 go dtí 490,157 an 30ú Meitheamh, 1954, sin 5,800 dalta de bhreis, agus tá le rá gur deineadh 85.6% de mheántinreamh laethúil arís fé mar deineadh sa bhliain 1952-53—an meán-tinreamh is airde dar sroiseadh. Bhí laghdú bliantúil ar an líon daltaí sna scoileanna gach bliain le breis agus fiche bliain anuas, go dtí an bhliain 1947 agus an bhliain sin d'áireamh nuair ba 457,052 an líon iomlán de dhaltaí a bhí ar na rollaí. On mbliain 1947 i leith, tá méadaithe de 37,000 ar an líon daltaí agus bhí an uimhir díobh a bhí ar na rollaí ar an 30ú Meitheamh, 1954, níos airde ná mar bhí aon tráth ó 1935 i leith. Dealraíonn sé go leanfaidh den mhéadú go ceann roinnt bhliain le teacht agus, ina dhiaidh sin, is cosúil go raghaidh laghdú ar an líon do réir mar a laghdaigh ar líon na mbreith le blianta beaga anuas.
An méadú san gur leanadh de le deich éigin de bhlianta anuas, agus na feabhsuithe go léir a cuireadh ó thrath go chéile i rith na tréimhse céanna ar na socruithe le haghaidh foirne múinte na scol, is de bharr na nithe sin a tharla an teirce oidí oilte a tháinig i gceist le roinnt bhlian anuas. Is cúis sástachta, áfach, go bhfuil sé le rá go bhuiltear tar eis socruithe a dhéanamh agus go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh an gné sin don ghnó chun cothroma dá mbarr. Le linn Meastachain na bliana anuraidh a bheith á gcur fé mbhur mbráid agam, do thagras don chomh-oibriú a fuaireas go fial óna Ghrása, Ard-Easpag Atha Cliath, agus ó lucht údaráis Choláiste Oiliúna Bhaintiarna na Trócaire sa Dubhcharraig, agus tá, dá bharr san, uimhir níos airde d'ábhair bhan-oidí á nglacadh sa Choláiste Oiliúna san ón Mheán Fómhair seo caite.
Is mian liom a admháil anois go bhfuil a chomhshaghas céanna eile do chomaoin á dhéanamh ag a Ghrása agus lucht údaráis Choláiste Oiliúna Phádraig Naofa, Dromchonrach, ar láimh amháin agus ag an dTiarna, Easpag Luimnigh, agus lucht údaráis Choláiste Oiliúna Mhuire gan Smál, Luimneach, ar an láimh eile, agus go bhfuiltear ag réiteach go nglacfar uimhir níos airde d'ábhair oidí fear agus ban ina gcuid coláistí leith ar leith. I gcionn trí mblian nó mar sin, ba cheart go mbeadh toradh iomlán na dtrí méaduithe sin ar fáil agus dá bharr san, raghaidh méadú de dheichniúr fear agus céad is deichniúr ban ar líon na n-oidí a oilfear gach bliain.
Institiúidí príobháideacha iad na Coláistí Oiliúna agus is móide sin ár sástacht lena gcuid bainisteoirí agus lucht ceannais de bhrí a fhonnmhaire a bhíodar chun gach cabhair a thabhairt ar mhaithe le ceist seo na teirce a réiteach agus socruithe a dhéanamh i dtaobh soláthar an airgid a bhí ag teastáil chun díol as na fairsingithe móra tógála a bhí riachtanach i gcúrsaí an ghnótha. Táthar á mheá, idir an dá linn, an mbeidh níos mó fós ná san de mhúinteoirí oilte ag teastáil agus conas a fhéadfaí íad a sholáthar. An fhaid agus a beifear ag fanúint le toradh do theacht do bharr na mbeart san atá déanta cheana féin, tá socruithe sealadacha déanta i bhfreastal ar an ngnó, cuir i gcás, príomhoidí agus cúntóiri atá ar seirbhís fé láthair ach a bheadh ag scur sa ghnáthshlí ar shroisint cúig bliana agus seasca d'aois dóibh, táthar ag ceadú dóibhsin, ar choiníollacha áirithe, fanúint sa tseirbhís go dtí go mbeidh seacht mbliana agus seasca d'aois slánaithe acu.
Táthar freisin chun céimithe Ollscoile, idir lucht pas agus onóracha, a ghlacadh ins na Goláistí Oiliúna chun cúrsa aon bhliana amháin in ionad cúrsa dhá bhliain mar ba ghnáth. Tá sé á bheartú leis a cheadú d'oidí go bhfuil seacht mbliana agus seasca slánaithe acu fanúint sa tseirbhís go mbeidh siad ocht mbliana agus seasca ar na coinníollacha céanna a bhaineann leo-súd gur síneadh a gcuid seirbhíse thar aois cúig mblian seascad ach ba mhaith liom a rá nach bhfuil sé i gceist go gcoimeádfaí aon oide sa tseirbhís thar aois ocht mblian seascad dó.
I dteannta na socruithe sin féin, tá uimhir áirithe de dhaoine nach bhfuil na gnáth-cháilíochtaí acu a glacadh chun seirbhíse ar ghlan-choinnioll sealadachta mar gurbh fhearr san ná na folúntaisí a fhágaint gan líonadh ins na scoileanna. Ins na cásanna san, deineann an Roinn an cúram is mó is féidir d'fhonn daoine d'fhail go bhfuil bun-cháilíocht áirithe oideachais acu— pas, ar a laghad, sa Scrúdú Ard-Teistiméireachta. Ó am go nam iarrtar orm cealú a dhéanamh ar an riail a cheanglann ar bhan-oidí éirí as an seirbhís ar phósadh dhóibh. Tá an riail sin i bhfeidhm ó 1934.
Nuair a bhí an riail á beartú do bhí sé ina ábhar áitimh ag daoine áirithe go mbeadh droch-thoradh uirthi mar riail chomh fada agus a bhain le soláthar banoidí agus leis an ráta pósta ina measc. Is geal liom a rá gur bréagnaíodh go glan sa toradh gach a luadh san áiteamh san. Dar liom féin agus dar leis na hAirí do chuaigh romham, tá cúiseanna láidre ó thaobh oideachais, comhdhaonachais agus eacnamaíochta i bhfábhar na rialach agus táimse go dearbh i gcoinne a hathruithe.
Is geal liom é bheith le lua agam gur síníodh, an llú Nollaig seo caite, ag Cumann na Múinteoirí Náisiúnta, an tAire Airgeadais agus agam féin scéim nua Comhréitigh agus Eadrána a bhaineann le cúrsaí tuarastail na múinteoirí náisiúnta. An chéad scéim a bhí ann chuige sin, do chuaigh sí as feidhm i mí Feabhra, 1952, tar éis aon-bhliana amháin ag obair di agus idir an dá linn níor éirigh leis an Rialtas agus na múinteoirí teacht ar aonfhocal maidir le téarmaí na nua-scéime ná cathain a thiocfadh sí i bhfeidhm. Tar éis dom dul i mbun feidhmeannais anuraidh do teagmháil arís le Cumann na Múinteoirí agus, de bharr diospóireachta, fuarthas go bhféadfaí scéim rannpháirteach a cheapadh a bheadh inghlactha ag na múinteoirí agus a thabharfadh cosaint iomlán, ins an am gcéanna, ar stáid an Stáit mar údarás ceannais ar a bhfuil freagarthacht maidir le soláthar an airgid i gcoir tuarastal na múinteoirí agus allúntaisí eile.
Táim fé chomaoin ag an Aire Airgeadais de bharr a dtug sé de chúnamh dom sa ghnóthaiocht san agus is mian liom go luafainn mo dhea-mheas ar an aigne réasúnta a bhí ar na toscairí san de chuid Chumann na Múinteoirí a ghlac páirt ins na diospóireachtaí. Meastar an scéim nua a bheith ina ghléas buan ach, más gá agus má aontaítear chuige, féadfar an scéim a athscrúdú nó deireadh a chur léi o thaobh ar bith ach fógra leathbhliana a thabhairt. Tá an Breitheamh Oirearc Ó Conaire ceaptha ina Chathaoirleach ar an mBord Réitigh agus Eadrána agus d'aontaigh na múinteoirí chuige sin. Tá sé ina choinnioll shocair do réir na scéime, ag tagairt don dtráth ar a mbaistfidh mé "an tréimhse tórmaigh"—sé sin, an fhaid aimsire a bhíonn éileamh ag gabháil tré ghléasra na scéime—ná cuirfidh na múinteoirí corráil phoiblí do shót ar bith ar bun ar mhaithe lena gcás féin, ná nach mbeidh siad leaspháirteach ina leitheid, ná nach ndéanfaidh siad "a thabhairt ar aon eagraíocht ón dtaobh amuigh cás a dhéanamh ar a son." I gcomaoin ar an dea-spioraid sin, measaim nach cuí dhom labhairt ar oibriú na scéime ó bunaíodh í Mí na Nollaig seo caite ach sé mo ghuidhe dílis go solathróidh sí modh sásúil treortha chun réiteach a dhéanamh go hordúil ar na ceisteanna a tharlaíonn ó am go ham i dtaobh tuarastal na múinteoirí.
Roinnt bheag mí ó shoin do thug an Chúirt Uachtarach breith ar chásanna tábhachtacha Uí Cheallacháin agus Uí Chinnéide. Cásanna ab ea iad a tugadh i lathair na cúirte ag beirt mhúinteoirí fear a mheas gur sháraigh an tAire na cumhachtaí is dleacht dó nuair a thug sé malairt scálaí tuarastail i bhfeidhm d'oidí pósta thar oidí aonta sa bhliain 1946. Tar éis na breithe a tugadh san Ard-Chúirt i mí Iúil 1953, do thug na múinteoirí an cás ina chúis achomhairc i láthair na Cúirte Uachtaraí. Triail-chás a measadh a bhí ann go dtiocfadh na céadta múinteoirí agus suimeanna móra airgid fé réim a bhreithre. Cabhraíonn an bhreith a thug an Chúirt Uachtarach chun réim agus teoranta cumhachta an Aire a dheimhniú chomh fada agus a bhaineann le scálaí tuarastail d'oidí náisiúnta a shocrú agus, san am gcéanna, tá diúltadh inti d'éileamh na n-oidí go ndeachaigh an tAire thar a dhleachtanas sa bheartas san a dhein sé i leith na n-oidí sa bhliain 1946.
Má tá aon cheist ná fuil ina h-ábhar conspóide, sí ceist í ná an gá atá ann go soláthrófaí scoil-fhoirgintí a bheadh oiriúnach, sláintiúil, compórdach agus taithneamhach in áit na sean-scoileanna atá lochtach, neamhshásúil. Cé go bhfuil mórchuid le déanamh fós sula mbeidh sáraithe ar throm-ualach na sean-riaráistí, is ábhar sástachta é go bhfuil éirithe chomh maith san leis na hiarrachtaí a deineadh le blianta beaga anuas chun sean-fhoirgintí atá imithe ó thairbhe a thréigint. Ar a thaisteal do dhuine tríd an tír inniú, do chífí dhó a iomadúla atá nua-scoileanna maisiúla ins gach ceard di—na foirgintí breátha feisceanacha ins na cathracha agus na mórbhailte agus na cinn bheaga néata cluthara ins na tuath-cheantair imchiana. Ní hannamh a thugann cuairteoirí ó thíortha eile moladh árd ar mhaise agus ar fhuaimint na hailtireachta a chíonn siad inár gcuid scol agus is d'fhoirinn gairmiúil agus teicniúil Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí atá an chreidiúint sin ag dul.
Nuair a bhíonn na réamh-shocruithe déanta ag an Roinn seo agamsa, siad na Coimisinéirí a thógann orthu féin gach gnó a bhaineann leis an leagan amach agus leis an dtógáil a ghabhann leis an deisiúchán, nó an feabhsúchán, nó an fairsingiú, do réir mar a bhíonn i gceist. Toisc na deacraí a bhaineann le foirinn gairmiúil agus teicniúil a fhostadh, ní raibh ar a gcumas ag na Coimisinéirí an obair a chur díobh do réir an ráta céanna ar cuireadh chucu í ón Roinn ach is cúis áthais dom a bheith le rá go bhfuil an fhadhb san ar tí a réitithe cheana féin. I rith na bliana dar chríoch an 31ú Márta, 1955, do cheadaigh an Roinn seo agamsa deontaisí tógála a shrois £1,750,000 san iomlán agus sin méid nár sáraíodh riamh. Sé méid iomlán an chaiteachais mheasta a bhí i gceist dá réir sin—agus breis is £232,000 a tugadh mar íocaíochtaí áitiúla a chur san áireamh—ná díreach tuairim is £2,000,000 glan ar fad.
Do tugadh na deontaisí sin ar son 82 de nua-scoileanna a thógaint, an fhigiúir is airde a shroicheadh riamh, bliain ar bith, i gcás deontaisí, maraon le 20 ceann de scéimeanna mór-fhairsingthe, 63 de chásanna móra feabhsúcháin ar chostas £500 nó breis agus 333 do chásanna eile feabhsúcháin. Figiúirí iadsan go ngabhann tábhacht leo, measaimse, agus bhíodh go bhfuil moill ag gabháil le comhlánú na hoibre do réir mar a dúrt, is ionann dáiliú na ndeontaisí mar sin agus deimhniú foirmeálta á thabhairt i bpáirt an Stáit de go raghfar ar aghaidh go díreach leis an obair. D'ainneoin a gcuid deacrachtaí, d'eirigh le hOifig na hOibreacha Poiblí freastal a dhéanamh ar scoil-obair a chosain £1,051,000 san iomlán agus, cé gur árd an fhigiúir í sin, do bheadh sí níos airde fós muna mbeadh an bac a chuir an droch-aimsir ar ghnóthaí tógála.
Do críochnaíodh 53 de nua-scoileanna i rith na bliana. Tá sé ar aigne agam gan staonadh den mhór-iarracht so an fhaid a bheidh an riachtanas ann le freastal air. Do réir a chéile tá aigne an phobail á múscailt níos mó chun tuisceanna ar riachtanaisí an cháis agus, ins an am gcéanna, raghaidh sé ina luí ar na daoine a thábhachtaí é go ndéanfaidís a gcaoinchion féin de íocaíocht fé thuairim costas na hoibre agus, rud nach lú tábhacht ná san, go bhféachfaidís chuige go gcoimeádfaí an chóiriú is cuí agus is ceart, istigh 's amuigh, ar an bhfoirgint nua tar éis í chur ar fáil. Is córas rannpháirteach é.
Deineann an Stát agus an ceantar comhlánú ar iarrachtaí a chéile ach is i seilbh na ndaoine amháin go hiomlán a fhanann na foirgintí. Is den riachtanas go n-iompródh gach taobh den dá thaobh a chion féin den ualach. Is cúis áthais dom é bheith le rá i dtaobh mórchuid de na bainisteoirí go ngabhaid chun na hoibre go réasúnta tuisceanach agus, tré ghníomhú dhóibh thar cionn a bpobail, réitíonn siad méid na híocaíochta áitiúla leis an Roinn agus deinid dícheal go gcomhlíonfaí na socruithe a réitítear. Thrí leanúint den chomh-oibriú san agus thrí chur leis, más féidir, tá súil agam go n-éireoidh linn neartú níos mó fós leis an gcóras neamhchoitianta de-pháirteach so go bhfuil d'éifeacht ann, tar éis cuid don ualach a chur i leith chiste an Stáit, go soláthraíonn sé caoi do na daoine a ndea-mheas orthu féin a chothú agus a ndea-shuim ina gcuid seilbhíochta féin agus a n-áird uirthe a thaispeáint.
Tá £58,250 de mhéadú glan ar Bhóta an Mheán-Oideachais i gcomórtas leis an mbliain seo caite. An méadú san, sé is bun leis ná an fás a tháinig fé líon na ndaltaí atá ag freastal ar na meán-scoileanna. Tagann den bhfás san go gcaithfear breis airgid a chur ar fáil i gcóir deontaisí caipitíochta, tuarastal na múinteoirí, riar na scrúdaithe agus deontaisí speisialta i leith ranganna Eolaíochta, ranganna Eolaíocht Thalmhan, ranganna Eolaíocht Thís agus ranganna Adhmadóireachta.
Ceithre chéad caoga is a hocht de mheán-scoileanna aithinte a bhí ann sa bhliain 1953-54 agus sé mhíle chaogad, ceithre chéad is duine déag de dhaltaí aithinte bhí ag freastal sa bhliain sin.
Má fhéachaimíd siar thar na blianta, 1922 a dó is fiche i leith, bhí timpeall míle scoláire níos mó ins na meánscoileanna gach bliain ná mar a bhí an bhliain roimhe sin, agus le blianta beaga anuas tá ag méadú ar an bhfás san. Cuir i gcás, bhí 2,393 de bhreis ann i 1954-55 thar an líon scoláire a bhí ann sa bhliain 1953-54.
Má chuimhnímíd ansan go raibh a leithéid chéanna d'fhás ann le cúig bliana is fiche sa líon scoláirí a bhí ag teacht ar na ceard-scoileanna, ní beag an t-abhar misnigh an scéal bheith amhlaidh. An fás mór san a tháinig fén líon scoláirí atá ag fáil iar-bhun-oideachais, agus gan aon iachall bheith orthu teacht ar scoil in aon chor, ní miste a rá gur saghas gníomh creidimh na tuismitheoirí é. Is maith agus is folláin an comhartha é, dar liom, go bhfuil muinín ag muintir na hÉireann astu féin agus go dtuigtear dóibh i gcoitinne go bhfuil ana-thairbhe le baint as an oideachas.
Nílim ag cur rómham a thuille tráchta a dhéanamh i mbliana ar an gcóras meán-oideachais—ar an abhar go bhfuilim tar éis a iarraidh ar an gComhairle Oideachais clár na Meánscol a scrúdú agus gur tharla iad i láthair na huaire i mbun na h-oibre sin. Níl aon amhras ná go mbeifear ag tnúth le toradh a saothair agus go mbeidh rath agus bláth ar an saothar san.
Ocht míle ochtód, naoi gcéad is triocha púnt de mhéadú glan atá ar mheastachán gairm-oideachais na bliana so i gcomórtas leis an mbliain seo caite.
An bhreis sin, sé is príomhchúis leis ná deontaisí breise ó Chiste an Stáit dona Coistí Gairm-Oideachais, ó tharla an gairm-oideachas 'á leathnú de shíor ó bhliain go bliain.
Sa tseisiún so caite bhí 220 gairmscoil sheasmhach ann agus ranganna lae iontu agus ina theanta san bhí ranganna tráthnóna agus oíche ag dul ar aghaidh i sé chéad ionad sealadach fén dtuaith. Desna scoileanna seasmhacha d'fhéadfaí a rá gur scoileanna bailte ochtó ceann acu agus gur scoileanna tuaithe céad agus dachad acu, ach, ar ndó, a lán lán desna scoileanna ins na bailte móra tá siad ag riar, tré cúrsaí speisialta, ar aos óg na tuaithe leis.
Timpeall fiche míle scoláirí a bhí ar rollaí na ngnáth-chúrsaí leanúna lae, agus suas le hochtó míle duine a bhí ag freastal ar chúrsaí páirt-aimsire.
Míle, trí chéad agus tríocha duine de mhúinteoirí lán-aimsire a bhí ann, mar aon le 1,120 de mhúinteoirí páirt-aimsire. Furmhór mór na múinteoirí páirt-aimsire, ag múineadh cúrsaí speisialta in iliomad abhar ranganna oíche a bhíodar.
An córas gairm-oideachais fé mar tá sé fé láthair, níl sé ann ach le cúig bliana fichead. Le linn na tréimhse sin, áfach, is tapaidh mar d'fhás sé, agus, ar ndó, ní dual fás tapaidh gan pianta fáis. Sa bhliain 1930, taobh amuigh de roinnt áirithe múinteoirí ins na cathracha nó ins na bailte móra, ní raibh puinn múinteoirí ann a d'fhéadfadh tabhairt fé na h-abhair speisialta atá ar chlár na nGairm-Scol agus mar sin de tá Roinn an Oideachais ar a sean-dícheall le cúig bliana fichead ag iarraidh dóithin múinteoirí cáilithe a chur ar fáil. Cúis áthais dom a bheith le rá agam anois go bhfuil cuma ar an scéal gur gairid eile go mbeidh oiread múinteoirí cáilithe ann is a bheidh ag teastáil.
An mhí seo caite (mí Mheithimh). cuir i gcás, tá dachad duine de mhúinteoirí Adhmadóireachta tar éis a gcúrsa oiliúna a chríochnú. Astu san, tá fiche múinteoir a fuair oiliúint speisialta sa bhFoirgneolaíocht Thuaithe. (Beidh focal fé leith agam le rá i gceann nóimeat nó dhó ina dtaobh súd). Tá fiche duine eile d'abhair múinteoirí Adhmadóireachta ar oiliúint fé láthair agus beidh a gcúrsa críochnaithe acu san i mí Mheithimh, naoi gcéad déag caoga is a sé. Go deimhin, do dheallródh sé go bhfuil an líon múinteoirí Adhmadóireachta i riocht dul anonn den méid postanna atá ann dóibh, ach má tharlaíonn san ní móide go mairfidh an scéal i bhfad mar sin. As so amach ní dócha go mba ró-dheacair riar chruinn a dhéanamh chun an líon múinteoirí cáilithe agus an riachtanas atá leo bheith ag freagairt dá chéile i leith an abhair úd Adhmadóireacht, abhar go bhfuil ana-leas le baint as ag gach éinne, idir lucht tuaithe is lucht cathrach.
Níl oiread ghlaoch ar an Miotalóireacht is atá ar an Adhmadóireacht, ach ní abrann san ná go raibh gorta múinteoirí Miotalóireachta ann, leis. Tá cúig dhuine dhéag des na múinteoirí san tar éis a gCúrsa Oiliúna a chríochnú an mhí seo caite, leis, agus beidh seisear déag eile oilte bliain ón am seo. Tá Cúrsa eile Oiliúna le tosnú i mí Dheireadh Fomhair seo chughainn, agus mar sin de níor cheart, measaim, aon ghanntanas múinteoirí Miotalóireachta bheith ann ins na blianta atá rómhainn amach.
Ar an droch-uair, ní ró-mhaith an bhail atá ar scéal na múinteoirí Tuaith-Eolaíochta. On bhliain 1951 anuas tá Cúrsaí Oiliúna dóibh seo 'á dtionól i gcomhair le Coláiste Iolscoile Chorcaí agus le Coiste Gairm-Oideachais Chontae Chorcaí, agus go deimhin tá Cúrsa dá leithéid ag dul ar aghaidh fé láthair. Ach beidh Cúrsa amháin eile ar a laghad ag teastáil, más linn riar ar an riachtanas. Tá cuma ar an scéal, áfach, gur gearr uainn go mbeidh méadú ar an líon bhliantúil de Chéimithe san Eolaíocht Thalmhaíochta a bheidh ag teacht ón Iolscoil agus ar ndó beidh lán-fháilte ag na Coistí Gairm-Oideachais roimh a leithéid.
Tá san am i láthair roinnt postanna ann do mhúinteoirí Gaeilge agus Abhar Leanúna agus tá socair ag an Roinn Cúrsa samhraidh bheith ann i mbliana, i gcóir Céimithe Iolscoile agus daoine eile. Táthar ag ceapadh go dtiocfaidh as an gCúrsa san go mbeidh riar ár gcáis den saghas san múinteoirí ann, go ceann roinnt bhliain ar aon chuma.
Is maith liom a bheith le rá agam go bhfuil dóithin mhaith múinteoirí Tís ann.
Ag trácht ar an scéal seo dom, ní miste a lua go bhfuilim féin agus an Roinn fé mhórchomaoin ag lucht ceannais Choláiste Iolscoile Chorcaí agus Coiste Gairm-Oideachais Cho. Chorcaí, ag Coiste Gairm-Oideachais Chathair Ath Cliath, Coiste Gairm-Oideachais Cho. na Gaillimhe, Coiste Gairm-Oideachais Cho, Dhún na nGall, Coiste Gairm-Oideachais Cho. Loch gCarman agus na Coistí Gairm-Oideachais go léir eile a thug cabhair don Roinn go fial fáilteach ó am go h-am chun múinteoirí a oiliúint. Ba mhaith liom mar an gcéanna mo bhuíochas a chur in iúl dosna h-Uird bhan rialta atá ag caitheamh a nduthrachta leis na múinteoirí Tís a oiliúint.
Le linn dúinn an gairm-oideachas a mheas, is ceart cuimhneamh air go bhfuil dhá aidhm ag an oideachas san. Sí chéad aidhm acu san ná clár cinnte abhar—obair láimhe den chuid is mó— a mhúineadh do bhuachaillí agus cailíní idir ceithre bliana déag agus sé bliana déag d'aois atá dá n-ullmhú féin i gcóir saghasanna áirithe postanna. Sí an dara h-aidhm ná riar a dhéanamh do dhaoine fásta. Is maith an bhail orainn gur féidir leas a bhaint as an aon fhoirinn, aon fhoirgneamh agus aon fhearas chun an dá aidhm sin a chur i gcrích.
Do luas cheana nár mhiste scoileanna tuaithe a thabhairt ar chéad agus dachad don dá chéad agus fiche ceardscoil atá ann. Má cuimhnímíd gur i gcathracha nó i mbailte móra a bhí an cúig scoil is seasca a bhí ann sa bhliain naoi gcéad déag is triocha, an bhliain in ar ritheadh an tAcht Gairm-Oideachais, is léir gur mhór ar fad an tairbhe do lucht na tuaithe ach go háirithe an fás a tháinig fén ngairmoideachas le cúig bliana is fiche. Ina thaobh san, ba mhaith liom a rá nach ceart, i mo thuairimse, an teagasc a tugtar sa ghairm scoil tuaithe a dheighilt ó aidhm spioradálta agus sóisialta na scoile. Sí an aidhm spioradálta sóisialta san ná meanmna árd a mhúscailt i muintir na tuaithe, a meon a iompó i dtreo shaol na tuaithe agus iad a ghríosadh chun ard-shaothar a dhéanamh agus chun ard-éifeacht a chur ina ngnáth-obair lae.
Caithfear an scoil a fhuineadh is a fháscadh as saol na tuaithe. Caithfidh ceangail den chuid is dlúithe bheith idir saol na múinteoirí agus saol mhuintir na h-áite agus caithfear obair na scoile a nascadh go teann le hobair an tí, le hobair na feirme agus le h-obair na gceardaithe. Do réir mar a thuigim, tá san á dhéanamh go dtí pointe áirithe. Cuspóir iseadh é gur fiú é aimsiú, agus sé mo chreideamh féin, muna n-aimsímíd an cuspóir sin, is saothar in aisce, cuid mhaith, aon teagasc foirmiúil dá fheabhas é.
B'fhéidir gur saghas físe nó aislinge caint den saghas so, ach má fhéachfaimíd siar céad bliain agus focail Thomáis Dáibhis nó focail John Henry Newman a thabhairt chun cuimhne, is rí-dhócha go raibh a lán daoine ann an uair úd nár smaoinigh riamh go dtiocfadh tairngireacht Newman, abair, i gcrích—an uair úd a thrácht sé "ar thír atá sean agus óg, í sean ina Críostaíocht ach í óg ó thaobh na cinniúna atá roimpi." Ní féidir le héinne, ar ndó, fios bheith aige ar an ní atá le teacht, ach is féidir go dtiocfaidh an lá fós ina mbeidh na stairithe á dhearbhadh gur as an céardúlacht a chothaigheann na gairm-scoileanna agus as an oscailt aigne agus an bunshuim i n-oideachas a ghabhann leis a tháinig slánú sóisialta agus geilleagrach na tíre agus gur thorthúla ná mar a tuigeadh dúinn féin ins an am an saothar atá déanta ó 1930 anuas.
Ní h-ionann san, ar ndó, is a rá nach bhfuil a riachtanas féin is a dtábhacht féin ag baint le scéimeanna Gairm-oideachais na gcathracha is na mbailte móra. An té nach mbeadh aige ach breac-eolas féin ar an ard-obair atá á dhéanamh ag Coiste Gairm-Oideachais Chathair Ath Cliath, cuir i gcás, ní fhéadfadh sé gan iongnadh a dhéanamh den tionscnamh is den fhuinneamh a chuireann an Coiste san i gcómhlíonadh a ndualgaisí, agus den chaoi ina bhfuil ag éirí leo bheith i gcuid chothrom leis an éileamh agus an síor-éileamh atá ann ar an gCúrsa so agus ar an gCúrsa úd agus ar Chúrsaí eile atá thar comhaireamh. Somplaí des na Cúrsaí úd iseadh an Cúrsa do Chigirí Sláinte atá ar n-a chríochnú i Scoil Shráid Chaoimhghin, cúrsa ar éirigh leis go rathúil; na Cúrsaí fíor-úsáideacha úd ar Riar Ghnótha atá ag dul ar aghaidh in Ard Scoil Rath Maoinis; na Cúrsaí sa Roinnte Mion-reice atá ag tarrach clú agus cáil ar Scoil Chearnóg Parnell, Cúrsa in-ar chuir na Ceardchumainn agus na fostaitheoirí le chéile iontu fá chroí mhór mhaith; agus an Cúrsa Fíortheicniceach ar Thairmchur Eiteallán a bhfuiltear tar éis é a chríochnú le goirid. Ba cheart dom a lua anso go raibh a leithéid chéanna de Chúrsa i leith Eiteallán ar siúl le déanaí ag Coiste Gairm-oideachais Cathair Luimní agus, taobh amuigh d'ionaid ins na Stáit Aontaithe féin, gurb iad ionad Bhaile Atha Cliath agus ionad Luimní an dá ionad is túisce a fuair aithint ó lucht Riartha na hEiteallóireachta Sibhialta i Washington.
An trácht atá agam á dhéanamh anso ar chúrsaí áirithe agus ar scoileanna áirithe i mBaile Atha Cliath, áit a bhfuil scéim ana-mhór ann, tá súil agam nach é a tuigfear as ná fuil an moladh céanna ag dul do Choistí eile. Coiste Chorcaí agus Coiste Luimní agus Coistí na gcathracha is na mbailte móra eile, ar ndó ní gá dom a rá go bhfuil siad san, leis, ag tabhairt aghaidhe go lán-éifeachtúil lán-mhisniúil mar an gcéanna ar na fadhbanna a bhíonn le réiteach acu, fadhbanna a bhaineas le cúrsaí léinn, foireann agus slí a chur ar fáil chun an obair a dhéanamh agus le mórán deacrachtaí eile. Sé a raibh agam á dhéanamh ná roinnt sompla a thabhairt desna dualgaisí iomadúla oideachais a thuiteann ar Choistí Gairm-Oideachais. Le fírinne, an méid cúrsaí agus an éagsúlacht cúrsaí a bhíonn ann do phrintísigh agus do cheardaithe den uile cheard beagnach, i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre, níorbh fhéidir iad a chomhaireamh. Is maith mar a tharla go bhfuil idir cheardchumainn is fostaitheoirí ar aon fhocal fán tairbhe atá le baint as na cúrsaí seo, agus táthar ag teacht i dtaithí anois ar phrintísigh a ligint saor sa lá chun freastal ar na ranganna gan aon chuid dá bpáigh a cheilt orthu dá bharr san. Gan trácht ar an mhaitheas a thiocfaidh as an nós san ó thaobh oideachais de, is iontuigthe as, leis, go bhfuil tuiscint agus eagna ann anois nach mbíodh i gcónaí ann i measc lucht tionscail. Dea-thuar é sin ar dhea-thoil agus comhar bheith ann idir na h-oibritheoirí agus na fostaitheoirí ins an am atá rómhainn.
Tá gné amháin eile den Ghairm-Oideachas, agus ó tharla é nua, ba mhaith liom tagairt fé leith a dhéanamh dó. Sé gné é sin ná an Scéim atá ann chun Títhe Cónaithe a Fheabhsú. Fé mar is eol do bhaill an Tighe, tá deontaisí Rialtais Aitiúil agus Udaráis Aitiúil le fáil ag lucht tuaithe chun feabhas a chur ar a dtíthe chónaithe is eile, agus tá roinnt desna Coistí Gairm-Oideachais, i gcomhar le Roinn an Oideachais tar éis a gcuid múinteoirí Adhmadóireachta a chur ag cabhrú leis na feirmeoirí chun cur lena dtíthe agus chun gléas folláineachta agus eile a chur ar fáil. Le cupla bliain anuas táthar tar éis ard-obair den saghas san a dhéanamh in Acaill agus fós i gCo. Dhún na nGall agus i gCo. Chiarraí, cuir i gcás.
Tá an scéal san sa riocht anois go bhfuil gá le múinteoirí a bhfuil oiliúint speisialta acu ina chóir agus, fé mar tá luaite agam cheana, tá an Roinn tar éis oiliúint dá réir sin a thabhairt do fhiche duine a raibh taithí leitheadach acu roimis sin ar an bhFoirgneolaíocht. Tá an fiche múinteoir sin fá réir anois chun tosnú i mí Mheán Fomhair ar theagasc na Foirgneolaíochta Tuaithe.
Le linn cead bheith á thabhairt chun postanna bheith ann dosna múinteoirí seo, thugas tosach do Choistí a bhfuil limistéir Ghaeltachta féna gcúram agus do Choistí atá tar éis cabhrú cheana féin leis an Scéim chun Feabhas a chur ar Thíthe Cónaithe. Beidh caoi ag na Coistí sin dá réir sin a theaspáint do lucht na tuaithe conas is fearr eolas teicniceach a chur i bhfeidhm ins na títhe agus ar na feirmeacha, rud a d'fhéadfadh cor chun leasa a chur i staid gheilleagrach agus sóisialta na ndaoine fán dtuaith ná fuil mór chuid de mhaoin an tsaoil acu.
Féadaim a chur leis an méid sin go dtuigim ón Aire Rialtais Aitiúil nach ndéanfaidh an Roinn sin dhá chuid dá dícheall an tslí a réiteach dosna Coisti dosna múinteoirí agus don phobal le linn dóibh bheith ag tabhairt aghaidhe ar an bhfaidhb mhóir náisiúnta so.
Dhá chéad is a sé de mhílte naoi gcéad is dachad púnt (£206,940) an meastachán don bhliain seo ar riachtanaisí na Scoileanna Ceartúcháin agus na Scoileanna Saothair, sé sin, cúig mhíle déag púnt (£15,000) níos lú ná meastachán na bliana so caite. Sé is cúis leis an laghdú ná go bhfuiltear ag ceapadh go mbeidh laghdú arís ar an líon daoine óga a bheidh fé choimeád fé mar bhí le roinnt bhliain anuas.
Sé líon a bhí fé choimeád sa Scoil Bhuachaillí ar an Daingean ar an aonú lá triochad de mhí na Nollag, 1953, ná céad go leith buachaill, sé sin ceithre bhuachaill dhéag níos lú ná mar bhí fé choimeád bliain chothrom roimis sin.
Le roinnt bhliain anuas táthar tar éis cur, cuid mhaith, leis an bhfoirgneamh atá ar an Daingean. Is amhlaidh a tógadh dhá eite, eití ina bhfuil seomraí ranganna, seomraí collata, seomraí nigheacháin agus seomraí ceirde. Do críochnaíodh an tarna h-eite agus do chuathas ina seilbh timpeall dheireadh na bliana 1952 agus do tugadh cead le déanaí chun an chuid dheireannach den scéim tógála a chríochnú. Sí an chuid dheireannach san ná slí chónaithe a chur ar fáil dosna Bráithre atá ar an bhfoirinn, le cuid don seanfhoirgneamh a leagan agus leis an bhfaiche imeartha a dhéanamh cothrom.
I ngach ceann den dá Scoil Cheartúcháin atá ann i gcóir cailíní, i Luimneach agus i gCill Mo Chuda, bhí ceithre chailín dhéag fé choimeád ar an aonú lá triochad de mhí na Nollag, 1953.
Ins na Scoileanna Saothair sé líon a bhí fé choimeád ar an aonú lá triochad de mhí na Nollag, 1953, ná dhá mhíle, ceithre chéad, seachtó is a hocht (2,478) de bhuachaillí agus dhá mhíle, ocht gcéad triocha is a hocht (2,838) de chailíní. Cothrom an lae sin, an bhliain roimis sin, sé líon a bhí fé choimeád ná dhá mhíle cúig chéad seasca is a cúig (2,565) de bhuachaillí agus trí mhíle is a seacht (3,007) de chailíní.
Sa bhliain 1953 do ligeadh timpeall dhá mhíle is ceithre chéad (2,400) desna páistí abhaile ar saoire. Tá an Roinn sásta go ligeann na Bainisteoirí na páistí abhaile ins an uile chás inar féidir agus ina bhfuil san le leas an pháiste. Mí de laethibh saoire a tugtar go h-iondual.
Aon uair nárbh fhéidir nó nár cheart, i dtuairim an Bhainisteora, páistí a ligint abhaile ar saoire, do rinne an Bainisteoir riar chun turasanna aoibhnis bheith ann. Bhí ceithre cinn de Scoileanna a chur campa saoire ar fáil chois na faraige, agus tá Scoil eile Cailíní ann atá tar éis tigh cois faraige a fháil d'aon ghnó chun na páistí a thabhairt ann ar a saoire bhliantúil.
Níl aon athrú ann i mbliana ar Bhóta na Leabharlainne Náisiúnta ná ar Bhóta an Mhúsaeum. Sa soláthar atá déanta i gcoitinne i leith na Mír-Cheann éagsúil atá i Bhóta na hEolaíochta is na hEalaíon, níl d'athrú ann ach mion-sparáil anso is ansúd in áiteacha ina meastar nach mbeadh oiread chéanna airgid is a soláthraíodh anuraidh ag teastáil.
Deich míle, seacht gcéad púnt (£10,700) atá measta i mbliana don Áiléar Náisiúnta. Idir roinnt mionsparála agus cúntóir a chur leis an bhfoirinn chléireachais, tá £300 glan de mhéadú ann ar mheastachán na bliana so caite.
Is mór an chúis áthais dom é bheith le rá agam go ndeaghas i gcomhairle le déanaí le Gobharnóirí an Áiléir agus gur thoilíodar le fonn is le fáilte scéim a bhunú chun cuid dár seóda a thabhairt ar iasacht ó am go h-am do Bhéalfeirste. Ar thaobh Bhéalfeirste de, siad a bheidh i mbun an scéime ná Áiléar Ealaíon na Cathrach agus an Chomhairle chun ceol agus Ealaín a chur chun cinn.
Tá san Áiléar Náisiúnta roinnt seod-phictiúirí ná fuil a leithéid le fáil in aon bhall eile agus roinnt eile atá ana-luachmhar ar fad. Tuigfear dá réir sin cén sárchúram is gá bheith ann agus na pictiúirí úd á láimhseáil agus tuigfear gur mór ar fad an fhreagraíocht atá orthu súd go bhfuil na pictiúirí sin féna gcúram. Táim cinnte dá réir sin go mbeidh baill an Tighe seo ar aon fhocal sa tuairim gur fial an mhaise dosna Gobharnóirí an comhar atá acu á thabhairt sa scéim seo, scéim a bhearfaidh caoi do mhuintir Bhéalfeirste ar chuid desna seoda a fheiscint go bhfuil sé d'ádh orainne i mBaile Átha Cliath iad bheith nár seilbh.