Ní féidir le haon duine cur in aghaidh an Rúin Airgeadais. Nílimid ach ag iarraidh ar an Dáil údarás a thabhairt chun an Roinn a chur ar bun. Tá ghlactha againn le prionsabal an Bhille ar an Dara Léamh. Níl sa Rún Airgid seo ach an rud adeir sé:
"Go bhfuil sé oiriúnach pé íocaíochtaí as airgead a sholáthrós an tOireachtas d'údarú is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon Acht a rithfear sa tsiosón seo do dhéanamh socruithe chun Roinn Ghaeltachta a bhunú agus chuige sin do leasú na nAcht Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1946, agus do dhéanamh socruithe i dtaobh nithe eile a bhaineas leis na nithe réamhráite."
Níl aon treoir ansin le go bhféadfaimid a mheas cad a bhéas ar siúl faoin Roinn seo. Ní theastaíonn uaim ach ceist amháin a chur. Ba mhaith liom dá bhféadfadh an tAire an cheist amháin sin a fhreagairt anois nó, mura bhfuil sé i ndon í a fhreagairt ina hiomláine, go mb'féidir go dtabharfadh sé treoir dúinn cad tá faoi a dhéanamh nó cad tá faoi an Rialtais a dhéanamh i dtaobh límistéirí na fíor-Ghaeltachta.
Tá a fhios aige go bhfuil tuairim ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge—sin dream, ar aon chaoi, a bhfuil roinnt údaráis acu ón Rialtas mar tá cabhair airgid dhá fháil acu ón Rialtas, £8,000 measaim, san mbliain. Is é an tuairim atá ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nach bhfuil sa bhfíor-Ghaeltacht ach seacht bparáistí.