Tairgim:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £244,740 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1958, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Oideachais agus chun Costas a bhaineas leis an gComhairle Oideachais.
Nílim ró-fhada i mbun Aireacht an Oideachais agus, fé mar is eol díbh, ní raibh aon bhaint agam leis an Meastachán so a chur le chéile. Dá bhrí sin, nílim ag cur rómham aon mhion-tuairisc a thabhairt ar an gcóras oideachais ná ar na fadhbanna a bhaineann leis. Sé a ndéanfad i mbliana ná fanacht i mbun na bhfigiúirí agus na bhfiricí fé mar a fuaras iad agus eolas ana-ghinerálta a thabhairt.
£13,538,130 an Meastachán iomlán atá ar na naoi Bhótaí a bhfuilimse freagrach iontu, sé sin, £27,289 níos lú ná iomlán na bliana seo caite.
Tá leis £1,550,000, fé Bhóta a 9 chun tithe scoile náisiúnta a thógáil, a mhéadú is a fheabhsú agus tar éis an tsuim sin a chur leis an gcuid eile, sé soláthar iomlán atá á dhéanamh i mbliana i gcóir an oideachais ná £15,088,130, sé sin, beagán fén a trí déag fén gcéad den iomlán i gcóir na seirbhísí soláthair.
Le riarachán na Roinne a bhaineann an Bhóta seo agus £366,740 an soláthar atá i gceist i mbliana. Teaspáineann sé sin £12,109 de laghdú glan ar Bhóta na bliana so caite. An chuid is mó den laghdú sin, is as na h-iarrachta atá ag an Roinn á dhéanamh, faoin Scéim Modhanna agus Eagair, chun barr feabhais a chur ar bhealaí riaracháin agus oifige a thagann sé. De bharr oibriú na Scéime seo, do lagh-daíodh d'aon duine dhéag, le bliain anuas, líon fóirne na Roinne.
An Bun-Oideachas-Bhóta 40.
£9,138,350 an tsuim glan atá á soláthar don Bhun-Oideachas, sé sin £53,750 de mhéadú ar an tsuim a bhótáileadh anuraidh. Bé cúis is mó leis an méadú san ná an méid airgid atá ag teastáil i gcóir tuarastal agus aoisliúntas na múinteoirí bheith dulta suas.
Tá an méid daltaí atá ar Rollaí na Scoileanna Náisiúnta ag méadú fós. 500,894 a bhi ar na Rollaí ar an trio-chadú lá de Mheitheamh, 1956, sé sin 5,731 de bhreis ar an líon a bhí ann cothrom an lae sin sa bhliain roimhe sin. Do b'é an meán-tinnreamh laethúil sa bhliain darbh chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1956, ná 86%—beagáinín d'fheabhas ar an meán don scoil-bhliain roimhe sin.
B'é an líon múinteoirí a bhí ar fostódh ar an 30ú de Mheitheamh, 1956, 13,262 agus orthu san bhí 8,965 ban agus 4,297 fear.
I rith na bliana darbh chríoch an t-aonú lá 30ú de Mhí Mhárta, 1957, do cheadaigh an Roinn £1,042,601, chun caoga is a trí de scoileanna nua do thógáil, chun trí scoil déag a fhair-singiú, chun mór-athdhéanamh nó mór-athchóiriú a dhéanamh ar chaoga is a seacht de scoileanna agus chun mionoibreacha a dhéanamh ina lán eile scoileanna. Bé costas measta na n-oibreacha sin go léir ná £1,189,654 agus bé suim a fuarthas chuige sin ó na bainisteoirí ná £147,053. Ní hé atá i gceist leis na figiúirí sin, áfach, an méid a chaith Oifig na nOibreacha Poiblí ach an méid airgid a ceadaíodh. Do bé an caiteachas a dhein na Coimisinéirí ar scoileanna sa bhliain sin £1,408,496. Is amhlaidh a cuireadh críoch sa bhliain atá i gceist le caoga is a trí de scoileanna nua a thógáil agus le fairsingíú dhá cheann is fiche de scoileanna; agus ar an 31ú de mhí Mhárta, 1957, bhí obair ag dul ar aghaidh ar ochtó is a cúig de scoileanna nua agus ar fhairsingiú ocht gceann is fiche de scoileanna.
Sé méid atá beartaithe ag na Coimisinéirí a chaitheamh ar scoileanna i rith na bliana airgeadais reatha ná, fé mar adúras, £1,550,000.
Mean-Oideachas—Bhóta 41.
An líon dalta atá ag freastal ar meán-scoileanna, tá sé ag dul i méid i gcónaí leis. Tríocha míle, naoi gcéad a seasca is seisear a bhí ann sa bhliain 1932-33 agus 61,974 a bhí ann i 1956-57. Lena rá ar shlí eile, le 25 bliana anuas, tá an líon dalta atá ins na meán-scoileanna tar éis dúbailt, agus tá 2,668 de bhreis ann i mbliana ar an mbliain seo caite. Ceithre chéad agus ochtó is a h-aon de mheán-scoileanna atá ann i mbliana, an áit ná raibh ann ach 311 cúig bliana is fiche ó shoin. Ar na 481 de mheán-scoileanna san, tá an teagasc á thabhairt tré Ghaeilge go h-iomlán nó i bpáirt i 231 acu, agus ar an 231, tá 85 ina bhfuil an teagasc a thabhairt tré Ghaeilge ar fad.
Sé lion múinteoirí atá ag tarraing breis-thuarastail i 1956-57 ná 2,713, sé sin, 113 níos mó ná mar bhí ann sa bhliain roimhe sin. Den 2,713, tá 1,545 ag fáil na h-incriminte speisialta as ucht Céim Onóracha nó a iontsamh-ail sin bheith acu agus 850 ag fáil incrimint speisialta as ucht bheith ag teagasc tré Ghaeilge.
Bé líon rang go bhfuil deontas speisialta i leith eolaíochta á íoc ina leith i mbliana ná 2,533. Dhá mhíle, trí chéad nócha is a dó de ranganna gur íocadh deontas na heolaíochta ina leith sa bhliain roimhe sin.
Do réir mar is féidir a fheiceál fé láthair, sé líon iarrthóirí a bheidh ag cur isteach ar Scrúdú na Meán-Teistiméireachta agus Scrúdú na h-Ard-Teistiméireachta i mbliana ná timpeall míle is fiche, sé sin timpeall 800 duine níos mó ná anuraidh. I dtaobh na scrúduithe san, ba mhaith liom a rá go bhfuil fúm fiosrúchán a dhéanamh féachaint an bhféadfaí béal-scrúdú a bheith mar chuid de scrúduithe na Gaeilge.
Ainneoin na méadaithe sin go léir, tabharfar fé ndeara go bhfuil an meastachán iomlán don mheán-oideachas, sé sin, £1,814,700, go bhfuil sé anuas de £5,410 ar Mheastachán na bliana so caite. Sé is cúis leis sin ná go bhfuil an soláthar do na deontais caipitíochta bunaithe ar dheich fén gcéad de laghdú a dhéanamh ar na gnáth-rátaí. Bhí an gearradh san fé bhreithniú agam ach i ngeall ar deacrachtaí i gcúrsaí Airgeadais bheith ag leanúint mar atá, acht is oth liom nach féidir an gearradh a thabhairt ar ais sa bhliain reatha. Tá dócas láidir agam, áfach, nach mbeidh orainn an gearradh san do choimeád thar deire na bliana so.
Ní eile fá chúrsaí na meán-scoileanna is ceart a lua iseadh gur mhol Bord Eadrána na Mean-Mhúinteoirí ardú breis-thuarastail an bhliain seo caite do na Meán-Mhúinteoirí. Tá timpeall £240,000 de riaráiste ón chéad lá de mhí Shamhna, 1955, i gceist sa mholadh san, maraon le timpeall £250,000 i leith na bliana airgeadais seo. Ní miste a lua i dtaobh na n-ardaithe sin gurb é atá iontu den chuid is mó ná cúiteamh in ardú sa chostas maireach-tála amhail mar a fuair seirbhísigh phoiblí eile ón gcéad lá de mhí Shamhna, 1955. I mí Eanáir seo caite do ghlac an Rialtas a bhí ann ins an am leis an moladh úd ó Bhord na hEadrána ach do shocraíodar ar gan é a chur i bhfeidhm go dtí go mbeadh soláthar déanta dó i gCáin-Fhaisnéis na bliana so. Sin é an fáth ná fuil an tsuim úd do na meán-mhúinteoirí luaite i Leabhar an Mheastacháin. An Rialtas so, tar éis dóibh teacht ann, do dheineadar an scéal do bhreithniú agus do shocraíodar ar éifeacht a thabhairt don mholadh ina iomlán. Táthar chun soláthar a dhéanamh dá réir sa Cháin-Fhaisnéis agus íocfar an méadú tuarastail sin comh luath is is féidir tar éis an Meastachán breise is gá ina chóir a rith.
An Gairm-Oideachas—Bhóta 42.
Sé iomlán atá á iarraidh i gcóir an Bhóta so ná £1,135,620, sin £45,890 de laghdú glan ar bhóta na bliana so caite. Sé áit ina bhfuil an laghdú mór ag tuitim ná na deontaisí bliantúla do na coistí ghairm-oideachais. Is amhlaidh a leanadh i mbliana den sé fén gcead de laghdu a gearradh ar na deontaisí sin anuraidh. Bhí breithniú á dhéanamh agam ar roinnt eadarghuí atá faighte ina leith sin. Tá an-aiféala orm, agus deacrachtaí airgeadais bheith ag leanúint mar atá, nach féidir an gearradh a thabhairt ar ais sa bhliain airgeadais reatha. Is mian liom a dheimhniú don Tigh, áfach, nach bhfuil sa ghearradh ach rud sealadach agus go ndéanfar a bhfuil ar mo chumas chun a thabhairt ar ais an bhliain airgeadais seo chugainn.
Tá £8,100 de laghdú, leis, ar an méid atá á sholáthar i gcóir múin-teoirí d'oiliúint.
Siad na cursaí oiliúna atá ag dul ar aghaidh fé láthair ná gnáth chúrsaí na múinteoirí tís, cúrsa múinteoirí miotalóireachta agus cúrsa múinteoirí tuath-eolaíochta. Beidh an dá chúrsa deiridh san dhá gcríochnú i mí Mheithimh i mbliana, agus beidh cúrsa sa bhfoirgneolaíocht tuaithe ag tosnú i mí Mheán Fomhair. Siad na cúrsaí samhraidh do mhúinteoirí a bheidh ann i mbliana ná an teastas timire Gaeilge, cúrsa gúnaíochta, triaileachán ithreach, luathscríobhnóireacht agus clóscríobhnóireacht, agus modhanna múinte na caibinéideachta.
Eolaíocht agus Ealaí—Bhóta 43.
Céad caoga is a h-aon de mhílte, sé chéad agus caoga púnt an tsuim glan atá á iarraidh imbliana don Bhóta so, sé sin, £10,860 de laghdú ar Bhóta na bliana so caite. Sé is mó is bun leis an laghdú ná gearradh anuas a deineadh ar an soláthar don Mhusaeum Náisiúnta, don Leabharlainn Náisiúnta, do Bhrainse na bhFoil-seachán, do Scoláireachtaí lolscoile agus d'Institiúid Náisiúnta na Scannán.
Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair—Bhóta 44.
Teaspáineann an Bhóta so £11,930 de laghdú glan ar an Bhóta £196,040— don bhliain so caite. Sé is cúis leis an laghdú ná go bhfuiltear ag súil gur lú an líon páistí a bheidh ins na scoileanna san i mbliana ná anuraidh.
An Scoil Cheartúcháin i gcóir na mbuachaillí sa Daingean, tá slí inti do 250 buachaill. Sé líon a bhí fé choimeád inti ar an aonú lá tríochad de mhí na Nollag so caite ná 150. Céad, fiche is ochtar a bhí fé choimeád inti cothrom an lae sin an bhliain roimhe sin. An dá Scoil Cheartúcháin do na cailíní, tá slí iontu do 130 cailíní ar fad. Sé líon cailíní a bhí fé choimeád iontu ar an aonú lá tríochad de mhí na Nollag seo caite ná 37 in iomlán.
Ins an gcaoga scoil saothair, sé líon a bhí fé choimeád ar an aonú lá tríochad de mhí na Nollag so caite ná 4,477. Ar an líon san bhí 2,434 de chailíní agus 2,043 de bhuachaillí. Dhá mhíle, sé chéad agus beirt chailín agus 2,126 buachaillí a bhí fé choimeád cothrom an lae sin bliain roimhe sin. Ar an mbonn san do b'fhéidir a rá go raibh scoileanna na gcailíní timpeall leath-lán agus scoileanna na mbuachaillí dhá dtrian lán, i leith a bhfuil de shlí iontú. Dea-thuar é go bhfuil an líon ins na scoileanna so ag dul síos.
Do tugadh laethe saoire do thimpeall 1,800 de na páisrá sin i 1956. Tá an Roinn sásta gur lig bainisteoirí na scoileanna na páistí abhaile ar saoire i ngach cás inar bhféidir é sin a dhéanamh agus gur le leas na bpáistí é. Sé an tsaoire is faide a tugtar ná lá is triocha. In aon chás nár bhféidir nó nár le leas páistí iad a ligint abhaile, do deineadh socrú chun iad a thabhairt amach ar thurasanna fén dtuaith nó chois trá nó a leithéid. Bhí naoi scoileanna ann a chuir campaí samhraidh ar fáil do na páistí.
Sa bhliain seo caite, do rialaigh an Chúirt Uachtarach nach raibh Alt a 10 de Leasú 1941 ar Achtanna na Leanbh ag réiteach leis an mBunreacht, sa mhéid go raibh sé ag cur roimhe a cheadú do thuismitheoir ceart doshéanta ar a chlainn a chur uaidh i leith tréimhse a b'fhaide ná mar ná béadh ar a chumas an ceart san a chur i bhfeidhm. Tá Bille Leasaithe dréach-taithe chun an ní sin a chur ina chóir i leith an Bhunreachta agus is gearr go mbeidh an Bille sin ós comhair na Dála. Beidh i gceist sa Bhille sin, leis, roinut eile leasaithe a dhealródh bheith riachtanach.
Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath—Bhóta 45.
£64,300 an soláthar i gcóir na hInstitiúide i mbliana, sé sin, £1,300 de mhéadú ar sholáthar na bliana seo caite. Sé is cúis leis an méadú san ná ardú tuaras-tail a tugadh don bhfoirinn acadúil ar lorg an ardaithe a tugadh i gcás fhoireann na nIolscol agus grúpaí eile dá saghas sa bhliain seo caite.
An tÁiléar Náisiúnta—Bhóta 46.
£11,020 atá á iarraidh don Ailéar Náisiúnta i mbliana, sé sin, £300 de laghdú glan ar sholáthar na bliana so caite. Sé an tslí inar thárla an laghdú ná gur ceadaíodh ardú áirithe tuaras-tail ach gur lú de thrí chéad púnt an t-ardú san ná an £1,000 de laghdú atá déanta ar an £3,000 sa bhliain a bhíodh ann chun pictiúirí a cheannach.
Iolscoileanna agus Coláistí—Bhóta 22.
Roimhe seo, is amhlaidh a bhíodh an tAire Airgeadais freagrach sa Bhóta so. Seo í an chéad bhliain dó bheith fén Aire Oideachais. £671,640 ar fad atá á sholáthar. £4,160 de mhéadú glan é sin ar sholáthar na bliana so caite, agus sé is bun leis an méadú ná £5,000 breise atá á riar do Choláiste Mhagh Nuadhat i mbliana, ó ná fuair an Coláiste sin aon bhreis anuraidh nuair a fuair Col-áistí eile breis áirithe. Ina éadan sin tharla £840 de mhion-sparáil.
Sin iad na figiúirí agus na fíricí, ach, ainneoin, ar dhúras cheana, ba bhocht liom mo scéal d'fhágáil i dtaobh le figiúirí agus fíricí amháin, óir ní h-iad sin smior agus smuas an oideachais. Ní fada atá caite agam fós i mbun na gcúrsaí seo, ach ní gá do dhuine bheith ina Aire Oideachais lena thuiscint go bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint leis an oideachas. Ba mhian liom dá réir sin roinnt smaointe a chur fé bhúr mbraid a tháinigh i mo cheannle déanaí.
B'fhéidir gurbh é ní is mó a chuir ionadh agus alltacht ar an dtír le tamall fada ná an t-eolas a nochtadh anuraidh go bhfuil an t-aos óg ag imeacht uainn ina sluaite, sluaite is mó ná mar a bhí ann aon uair ach amháin in aimsir droch-shaoil. Ina thaobh san is clos dúinn go léir ar gach aon taobh go geaithfear nóos mó oibre a chur ar fáil, go gcaithfear táirgeadh na tíre a mhéadú, go gcaithfear seirbhísí sóis-ialta bheith againn a bheidh ionchurtha leis na seirbhísí atá ann ins na tíortha go bhfuil lucht na h-imirce ag tabhairt aghaidh orthu. Ach ar éigin atá éinne againn ná fuil aithne aige ar dhuine éigin atá tar éis post maith agus roinnt d'ollmhaitheas an tsaoil a fhágáil ina dhiaidh chun aghaidh a thabhairt ar shaol an-aithnid thar lear. Ní féidir aon mhilleán a chur ar an té atá díomhaoin má théann sé ar lorg oibre pé áit a bhfuil an obair le fáil aige. Ach nuair a neadaíonn cancar na h-imirce i gcroí na ndaoine ná fuil díomhaoin, leis, tá sé in am a thuigsint nach é réiteach iomlán na faidhbe a thuille postanna nó a thuille seirbhísí sóis-ialta, ach gurab amhlaidh atá cnuimh éigin i gcroí an ubhaill. Sí cnuimh í sin ná galar éigin spioradálta, galar ar a dtugaim féin "locadh meanman".
Is mian liom a chur rómhaibh go bhfuil ana-bhaint ag an scéal brónach san leis an oideachas, cé nach é an t-oideachas a thús is a dheireadh. Ní féidir liom gan bheith ag cuimhneamh, dá gcuirfimís, pobal Éireann, níos mó spéise sa chóras oideachais atá againn, go mba mhór an chabhair é sin do na múinteoirí. Dá mbéadh an tsuim cheart ag an bpobal á chur i gcúrsaí na scoileanna, ní bhéadh na múinteoirí scaite amach leo féin sa chath atá ar siúl acu de shíor ar mhaithe le hintleacht na h-óige; is mó, is dóigh liom, a chífí dóibh iad féin agus an pobal i gcoitinne bheith i gcomhar, agus b'fhearr an toradh a bhéadh ar obair na scol amach anso ná an toradh, b'fhéidir, atá á bhaint amach fé láthair. Ar aon chuma, tá slí ann chun saghas éigin crosáide a chur ar bun i gcoinnibh na h-imirce gan gá, ach nílim ró-chinnte gurb iad lucht polaitíochta ná na múinteoirí a b'fhearr i gceannas crosáide dá leithéid.
Nuair a thráctaim ar an toradh úd a fhéadfaí a bhaint amach, ní hamhlaidh atáim ag cuimhneamh ar theagasc ceirdne ná ar eolas acadúil in aon chor. Tá, dar ndóigh, a n-ionad féin acu san agus is tábhachtach, gan amhras, an t-ionad é, ach ag an bpointe seo níl i gceist agam ach cothú meona agus dearcaidh. Mura dtuga duine leis ón bhfoghlaim intinn shásta in éineacht leis an scil agus leis an gceirdne, níl ann ach gur túisce a bheidh ar chumas an duine sin a dhúchas is a thír a thréigint.
Sin taobh amháin den scéal. Ach thairis sin, ní fhéadaim glacadh leis nach córas maith é an córas oideachais atá againn nuair chuimhním ar mhianach is ar thréithre na múinteoirí a bhfuil sé d'ádh orainn iad a bheith againn i ngach aon chineál scoile dá bhfuil sa tír. Ná habradh éinne liom gur maith nó gur dona é aon chóras oideachais mar chóras. Is maith nó is olc é do réir mhianach a chuid múinteoirí. Is leor, súil a chaitheamh ar stair na hÉireann chun sin a léiriú; nuair nach raibh ag na múinteoirí ach córas fíor-Ghallda, ba bhreá náisiúnta féin an mheoin agus an intinn a thugadar don aos óg.
Im' thuairimse, is éachtach mar dheineann ár gcuid múinteoirí, idir chléir agus tuath, ón mbunscoil amach go dtí an Iolscoil, a gcuid oibre. Is beag a chloisimid fén obair sin a deintear ó lá go lá agus is beag a chímid dhí, ach tá na múinteoirí, dar liomsa, ag tabhairt "soiscéil dhílis" d'óige na tíre. B'fhéidir, áfach, gurb amhlaidh gur chliseamairne, an pobal, ar ár múinteoirí ó thaobh meas agus áird a bheith againn ar a gcuid oibre. Chaitheamar, mar shampla, ualach trom aithbheochana na Gaeilge ar na múinteoirí agus bhí súil againn le míorúiltí uathu, ach cé mhéad againn a fhéadfadh óna chroí amach a rá gur chomhoibrigh sé leis na múin-teoirí sa saothar san a chuireamar orthu? Cé mhéad againn arbh fhiú linn Gaeilge d'fhoghlaim nó cé mhéad againn a raibh Gaeilge againn agus gurbh fhiú linn í labhairt.?
Gheibhimíd locht ar thoradh saothair na múinteoirí mar seo nó mar siúd agus bunaímid ár gcuid argóintí ar chásanna ar leith, ach a ndeintear dáiríre, sa tír seo léirmheas beacht, iomlán ó eolas nó ó thaithí leitheadúil ar na scoileanna ná ar an gcóras? Níl, is eagal liom, sa tir seo an múnladh deariartha sin dá dhéanamh ar thuairimí fén oideachas go mbeifí ag súil leis, agus a threoródh intinn an phobail ar an mbóthar ceart i leith an oideachais. Sé is géire atá uainn, ina thaobh san, níos lú den ghleo mór agus den tais-peántas a bheith againn, agus níos mó go mór den dúthracht is den díoghrais a caitear le hobair sna scoileanna ós íseal, lá i ndiaidh lae, gan aon fhothram ná maíomh.
Tír bheag í Éire gan puinn mhór de mhaoin an tsaoil aici agus í suite i gceart-lár domhain atá ag síor-chúngú. Ins na cúrsaí sin séard atá ag teastáil uainn go speisialta—spiorad láidir náisiúnta, spiorad den tsórt arbh fhéidir leis na múinteoirí é do chothú agus go bhfuilid á chothú ionainn ach sinne ár bpáirt féin do dhéanamh. Sé soiscéal laethúil na múinteoirí leis na scoláirí, agus linn go léir, mar do bhí ag Tomás Dáibhis "Gentlemen, you have a country" ach fé mar a tharla in aimsir Dháibhis, tá an teachtaireacht san á cur ar nea-mbrí ag an mbeag-is-fiú agus ag an mbeag-uachtach atá, fáiríor, le mothú in ár bpobal.
D'fhéadfadh sé a bheith fíor go bhfuil locht ar ár gcóras ar shlí amháin nó ar shlí eile. Is féidir, cuir i gcás, go bhfuil iomad páistí de chumas áirithe meabhrach i saghas amháin scoile agus go mba chóir iad bheith i saghas eile scoile. An tslí fhurasta a gheibheann lucht cáinte as a leithéid ná bheith ag éileamh go mba cheart don Stát an córas do ghlacadh ar láimh agus tuairimí an lucht cháinte do chur i bhfeidhm le héigeantas. Is minic a deintear dearmad go bhfuil comh-pháirtíocht ag baint leis an gcóras oideachais sa tir seo agus nach i seilbh an Stáit atá na scaranna ar fad. Séard a leanfadh éileamh den tsórt atá luaite agam ná go gcuirfi ar dtúis pionós airgid ar na scoileanna agus ar na tuismitheoirí nach ngéillfeadh don chóras Stáit agus go mbeadh orthu géilleadh sa deireadh thiar.
Tá ráite agam cheana gurab ionann mórán is 13% den chaiteachas ar na seirbhísí soláthair an méid a caitear ar oideachas. Ar an gcéad fhéachaint is mó duine a cheapfadh an méid sin do bheith mór le haghaidh seirbhíse amháin, ach má breathnaítear ar an scéal i dtíortha eile a bhfuilimid i gcomórtas leo, beidh sé soiléir go bhfuilimid, ón dtaobh san de, íochtarach go maith ar an liosta. Is féidir gurab é is mó atá ag cur as dár gcóras nach bhfuil dóthain airgid á chaitheamh air, rud a shíolraíonn ón locht go bhfuil tagairt déanta agam dó cheana féin—easba tuairimíochta bunaithe ar dhoimhin-mhachnamh.
Mar sin má thagaim chugaibh arís nó arís eile ag lorg a thuilleadh airgid, tá súil agam go mbeidh sibh go léir liom im iarratas.