Tairgim:
Go ndeonófar suim nach mó ná £279,100 chun slánaithe na suime is gá chun íochta an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais agus Costais a bhaineann leis an gComhairle Oideachais.
Sé mhilliún déag, cúig chéad ochtó is a hocht míle, ocht gcéad is deich bpunt atá ins na naoí Vótaí go bhfuilim-se freagrach iontu. Is méadú é sin de £977,590 ar an méid a soláthraíodh sa bhliain airgeadais seo caite.
In éineacht leis sin tá £1,600,000 fé Vóta 9, Oibreacha Poiblí agus Foirgintí, chun tithe scoile náisiúnta a thógáil, a mhéadú is a dheisiú. Mar sin tá ar fad £18,188,810 dá sholáthar le haghaidh na seirbhísí oideachais. Tá an méid sin gairid do 15 fén gcéad den iomlán atá dá chur ar fáil i gcomhair na Seirbhísí Soláthair ar fad. Sara dtosnóidh mé ag caint ar gach Vóta ar leithligh, ba mhaith an méaid seo a rá fén scéal i gcoitinne.
Táthar ann adeir go mba cheart go mbeadh i bhfad níos mó airgid á thabhairt le haghaidh an oideachais. Ní abraim ina gcoinne san. Mar sin féin ní mór dúinn deighleáil go cothrom leis na seirbhísí uile. Mar sin de bíodh go bhfuil an dóchas agam go ndéanfar méadú ar an soláthar le haghaidh oideachais le himeacht aimsire agus do réir mar a bhíonn feabhas ar chúrsaí economaíochta, measaim go n-aontófar, sa mhéid go bhfuil tugtha i gcóir cursaí oideachais 15 fén gcéad den iomlán atá á chur ar fáil le haghaidh na Seirbhísí Soláthair uile, go dtuigimíd go rí-mhaith cé chomh tábhachtach don náisiún atá go mbeadh córas oideachais ar fónamh againn.
OIFIG AN AIRE OIDEACHAIS.
Costaisí riaracháin na Roinne atá sa Vóta so. An t-iomlán de £418,700 is mó é de £30,480 ná suim na bliana anuraidh. Sé fáth atá leis sin, go furmhór, ná go bhfuil orainn soláthar a dhéanamh le haghaidh an mhéaduithe ar thuarastal foirne na Roinne a lean an méadú tuarastail is déanaí a tugadh don Stát-Sheirbhís i gcoitinne. Ceithre chéad caoga a hocht n-oifigeach atá ar fhoirinn na Roinne, 5 níos lú ná mar bhí againn sa bhliain 1959/60.
BUN-OIDEACHAS.
Sé méid glan atá sa Vóta so ná £10,478,240. Is mó é sin de £645,170 ná suim na bliana 1959/60. Tá an méadú san ann de bhrí gurb éigin breis airgid a chur ar fáil le haghaidh tuarastail agus pinsin na múinteoirí náisiúnta. Dhá rud fé ndeara an mhéaduithe ar an soláthar le haghaidh tuarastail: an chéad cheann moladh na comhairle idirréitigh go méadófaí na scálaí tuarastail do mhúinteoirí náisiúnta; an dara ceann an fás atá ar líon na múinteoirí ins na scoileanna. Sa scoil-bhliain dar chríoch an 30ú lá Meithimh, 1959, bhí 13,684 mhúinteoir ar fostadh sna scoileanna, i gcomparáid le 13,554 sa bhliain roimhe sin. Tá méadú freisin ar líon na ndaltaí sna scoileanna náisiúnta: bhí 505,363 ar rollaí ar an 30ú lá Meithimh, 1959, i gcomparáid le 504,401 ar a chothrom san de lá sa bhliain 1958.
Sa bhliain dar chríoch an 31ú de Mhárta, 1960, ceadaíodh deontais dar suim £1,500,000 chun 73 scoil nua a thógáil agus chun mór-athdhéanamh nó mór-athchóiriú a chur ar 61 scoil maille le mionoibreacha a dhéanamh ar a lán scoileanna eile. Nuair a cuirtear san áireamh an chion-íocaíocht áitiúil de £243,148, is é costas measta na n-oibreacha san ná £1,743,148. Is mó de £277,330 é sin ná figiúir na bliana roimhe sin.
Chaith Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí £1,540,000 ar thógáil scoileanna i rith na bliana; tógadh 85 scoil nua agus cuireadh críoch ar 45 scéim mhór-athchóirithe is fhairsingthe. I dtús na Márta seo gaibh tharainn bhí 102 de scoileanna nua á dtógáil, rud a thaispeánann go bhfuil dul ar aghaidh maith á dhéanamh chun fáil réidh leis na foirgintí mí-oiriúnacha.
Sin agaibh, mar sin, na figiúirí agus na fíricí. Ba mhaith liom anois tagairt speisialta a dhéanamh do roint nithe áirithe.
Anuraidh cuireadh tús le gluaiseacht chun an coibhneas idir mhúinteoirí agus dhaltaí d'fheabhasú tré laghdú deich n-aonad a dhéanamh ar na meánacha a bhí riachtanach chun an dara cúntóir a cheapadh i scoil náisiúnta. Mar gheall ar deireadh a bheith curtha leis an gcosc ar mhná pósta tá an soláthar de mhúinteoirí feabhsaithe go mór agus is áthas liom gur féidir liom anois a fhógairt go ndéanfar laghdú deich n-aonad ar na meánacha atá riachtanach chun an tríú, an ceathrú, an cúigiú agus an séú cúntóir a cheapadh nó a choiméad i bpost. Beidh éifeacht leis an laghdú ón lú Iúil na bliana so amach.
Le tamall de bhlianta anuas, tá scrúdú á dhéanamh san Roinn ar an gcóras chun abhair mhúinteoirí a thoghadh agus a oiliúint. Tá a fhios ag Teachtaí gur thré mheán an chomórtais oscailte agus na gcoláistí ullmhúcháin a toghtar na hearcaigh sin. Tuataigh atá i gceist agam, ar ndóigh.
Anuraidh chuireamar mar chuid den gcomortas oscailte agallamh ar na hiarrthóirí. Bhí toradh maith ar an mbeartas mar ba léir gur coisceadh ar dhul sna coláistí oiliúna iarrthóirí áirithe a raibh easnaimh phearsain orthu a d'fhág mí-oiriúnach do ghairm na múinteoireachta iad. Deineadh leas na n-iarrthóirí sin chomh maith le leas na gairme nuair stopadh iad ar dhul ar aghaidh.
Chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar an gcomórtas oscailte tháinig scéim na gcoláistí ullmhúcháin fé bhreithniú freisin. Éinne a thuigeann conas mar bhí cúrsaí oideachais ins an tréimhse idir an bhliain 1925 agus an bhliain 1930, nuair a cuireadh na coláistí ullmhúcháin ar bun, is léir dó san cé chomh riachtanach a bhí sé a leithéidí de choláistí do bhunú. Na hiarrthóirí meán-scoile a bhí a d'iarraidh dul isteach sna coláistí oiliúna an t-am san ní rabhadar sách oilte ar an nGaeilge agus b'éigin meán-scoileanna a bhunú a chuirfeadh abhair mhúinteoirí ar fáil a mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil acu agus oiliúint mhaith mheán-scoile orthu chomh maith.
Bíodh go n-admhaíonn gach éinne go raibh buanna áirithe ag na coláistí ullmhúcháin, bhí lochtaí bunúsacha orthu chomh maith. Ní ionmholta é go mbeadh ar dhaoine óga d'aois 13 mblian nó mar sin a shocrú go raghadh siad le gairm na múinteoireachta ar shroisint aois fir dóibh. Agus is é sin go baileach an t-ualach a chuir scéim na gcoláistí ullmhúcháin orthu: formhór mór na scoláirí ní raibh ina gcumas an táille iomlán d'íoc agus ligeadh isteach sna coláistí iad ar tháillí laghdaithe nó ar neamhní, ach ghaibh na scoláirí agus na tuismitheoirí orthu fhéin i gcás go n-éireodh an scoláire as a chúrsa go dtabharfadh sé aisíoc don Roinn de shuim a b'ionann agus an difir idir an táille a híocadh, má híocadh rud ar bith, agus an táille iomlán. Mar sin de bhí tiomáint den tsaghas is déine ar an scoláire leanacht dá chúrsa oiliúna le haghaidh na múinteoireachta cuma má bhí an ghráin aige fén am san chuig na gairme sin. Tá a leithéid sin fíor-mhíchuí, go háirithe i gcás an mhúinteora, duine gur ghá go mbeadh dúil ina chéird ann.
Thairis sin córas ar bith a dhéanann abhair mhúinteoirí do scaradh óna gcomrádaithe eile scoile ag aois 14, ní inmhianta a leithéid ó thaobh an oideachais de de bhrí go gceileann sé comhluadar scoláirí a bhfuil spéis acu i ngairme eile ar na habhair mhúinteoirí sin agus lena chois sin de bhrí go bhfuil na scoláirí ró-óg chun aidhm agus cúrsa ar leith a cheapadh dhóibh.
Le linn dom bheith ag breithniú na gcoláistí ullmhúcháin mar chuid den gcóras chun múinteoirí oilte a chur ar fáil rinne mé iad a mheas i leith a bhfuil beartaithe againn ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá triail béil Ghaeilge tugtha isteach cheana féin mar chuid den scrúdú ardteistiméireachta. Nuair a bhíos ag tabhairt fógra do na múinteoirí náisiúnta i dtaobh na leasaithe ar an gcóras cigireachta ghlacas an chaol chugam féin chun a chur ós cóir na múinteoirí an tábhacht ar leith atá á thabhairt do theagasc na teanga labhartha.
Tar éis dom mo mhachtnamh a dhéanamh ar scéim na gcoláistí ullmhúcháin ón dá thaoibh, táim tagaithe ar an gcomhairle gur fearr deireadh a chur leis an scéim sin agus ina áit sin an scéim atá a reachtáil fá láthair chun scoláireachtaí meánscoile a thabhairt do dhaltaí ón nGaeltacht a mhéadú go maith. Fé láthair, téann timpeall leath-chéad daltaí ón nGaeltacht isteach sna coláistí ullmhúcháin gach bliain agus gheibheinn ocht nduine déag eile na scoláireachtaí meánscoile a luas. Tá ar intinn agam go mbronnfar ochtó scoláireacht meánscoile feasta ar lucht na Gaeltachta in áit na n-ocht gcinn déag a bronntar fé láthair; thairis sin go méadófar ó chúig cinn do dtí cúig cinn déag ar na scoláireachtaí ollscoile a bronntar ar scoláirí ón nGaeltacht agus go gcoinneofar ceithre háit in áit dhá cheann dóibh sna coláistí oiliúna tís. Beidh na buanna áirithe seo ar leithligh ag teacht as an socrú san:—
(1)Tabharfaidh sé lámh chúnta mhaith don scéim chun labhairt na Gaeilge a chothú sna meánscoileanna mar nuair a bheidh an socrú nua fé lán-tseol beidh dá deascaibh buíon de thimpeall ceithre chéad cainteoir dúchais scapaithe ar na meánscoileanna;
(2)Tabharfaidh sé deis do níos mó cainteoirí dúchais ná riamh chun an oiliúint agus an t-oideachas d'fháil a ghabhann le cúrsa do leánúint sa gnáth mheánscoil chónaithe.
(3)Bhéarfaidh sé seans i gcónaí do na cainteóirí dúchais seo, más áil leo é, dul le gairm na múinteoireachta tré mheán an chomórtais oscailte agus ina theannta san tabharfaidh sé seans doibh dul leis na gairme beatha eile agus ar dul sa Stát-Sheirbhís, do réir a n-achmhainne.
Ní mór dom a rá, ámh, nach bhfuil ar intinn agam Coláiste Moibhí, an Coláiste Ullmhúcháin do Phrostastúnaigh do dhúnadh. Nílim chun an coláiste sin do dhúnadh mar nílim sásta go bhfuil i gcumas na meán-scoileanna Protastúnacha go fóill dóithin iarrthóirí oiriúnacha a chur ar fáil do choláiste oiliúna Eaglais na hÉireann.
Táim tar éis tagairt a dhéanamh cheana féin do na buntáistí, ó thaobh na Gaeilge dhe, a thiocfaidh, dar liom, as buíon maith de chainteóirí dúchais a roinnt ar na meánscoileanna. Sé mó dhúil freisin nach dtiocfadh, más féidir é sheachaint, go mbeadh laghdú ar na deiseanna atá fé láthair ann chun cúrsa meán-oideachais d'fháil tré Ghaeilge, de bharr deireadh do chur le scéim na gcoláistí ullmhúcháin. Ar an abhar san, tá comhráití ar siúl agam féacháint ar bhféidir socrú a dhéanamh chun foirgintí na gcoláistí d'úsáid le haghaidh gnáth-mheánscoileanna ina múinfí gach abhar tré Ghaeilge. Go dtí so, tá socrú dá réir sin déanta i gcás tri cinn de na cúig foirgintí.
Ós ag trácht dom ar cheist múinteoirí d'oiliúint, tá áthas orm é bheith im chumas a rá go bhfuilim tar éis críoch a chur le comhráití i dtaobh foirgintí nua a thógaint ag Coláiste Pádraig, Dromchonnrach, an coláiste oiliúna d'fheara Caitiliceacha. Na foirgintí atá ann táid mí-oiriúnach agus uireasach cuid mhaith.
MEÁN-OIDEACHAIS.
Is é £2,629,490 an meastachán iomlán do mheán-oideachas—agus is mó de £137,960 é ná an méid a vótáladh do mheán-oideachas don bhliain airgeadais 1959-60. Na méaduithe is mó atá i gceist is faoi na ceannteidil seo iad—deontas caipitíochta, a bhfuil méadú de £45,000 air, agus breisthuarastal, atá iníoctha le múinteoirí cláraithe i meánscoileanna agus a bhfuil méadú de £81,000 air, is cúis go príomha leis an soláthar breise atá á lorg.
Tá an deontas caipitíochta faoi réir an mhéadaithe ar líon na scoileanna agus ar líon na scoláirí iontu. Ag tosach na scoilbhliana seo, bhí 73,442 scoláirí meánscoile ann, méadú de 4,000 nach mór ar an líon a bhí ann an tráth céanna an bhliain roimhe sin. Bhí 47,065 scoláirí ag freastal ar mheánscoileanna deich mbliana ó shoin.
Bhí méadú bliantúil d'ocht gcinn ar an líon meánscoileanna a haithníodh gach aon bhliain de na deich mbliana suas go dtí 1958-59. Is cosúil go dtabharfar aithint do ocht scoileanna déag i mbliana agus árdóidh sé sin líon iomlán na meánscoileanna aitheanta go cúig chéad agus a dó dhéag. Tá an teagasc á thabhairt tré Ghaeilge sna habhair go léir nó i gcuid díobh i 2,404 de na scoileanna sin, an teagasc go léir tré Ghaeilge in 81 díobh.
Fé mar a bheifí ag súil leis agus an méadú a tháinig ar líon na ndaltaí meánscoile, tá méadú ar líon na múinteoirí atá fostaithe agus is é £1,626,000 an soláthar i gcoinne breis-thuarastail sa bhliain airgeadais 1960-61 i gcomórtas le £1,545,000 i 1959/60. Tá breisthuarastal á íoc le 3,087 múinteoir sa scoilbhliain seo, sin méadú de 132 ar an líon i 1958-59 agus méadú de 935 i gcomórtas leis an scoilbhliain 1949-50, nuair a bé 2,152 an líon. Tá tuairim is 1,750 múinteoir nó 57 fén gcéad den iomlán a bhfuil incrimint speisialta á fáil acu de bhárr céim le honóracha nó a coibhéis a bheith acu agus tá 1,025 díobh a bhfuil incrimint speisialta á fáil acu as ucht teagaisc tré Ghaeilge.
Cuireadh an triail bhéil speisialta sa Ghaeilge le gairid ar níos mó ná 8,000 iarrthóir ar scrúdú na hard-teistiméireachta. Níorbh aon dóichín an obair sin ach tré chomhoibriú gach éinne dá raibh páirteach sa ghnó d'éirigh go sár-mhaith leis. Deirtear gur tús maith leath na hoibre agus is mór an sásamh dúinn chomh fonnmhar is a ghlac na meánscoileanna leis na béiltrialacha so. Ag an am a bhí na béiltrialacha a dtabhairt isteach hullmhaíodh i gcomhairle leis na scolchumainn aithinte cúrsaí leasaithe i nGaeilge do Scrúdú na meán-teistiméireachta agus do scrúdú na hard-teistiméireachta. Bhí d'aidhm ag na cúrsaí leasaithe sin níos mó ama a chur ar fáil do labhairt na Gaeilge sa rang agus sa scoil i gcoitinne. Is mór an pleisiúr dom é a bheith le rá agam gur rud é an bhéim atá á leagadh anois ar labhairt na teanga a chuaigh i gcion go mór ar lucht na scoileanna.
Is léir é sin ó na hiarrachtaí a rinne bainisteoirí agus múinteoirí chun go mbainfí feidhm as an Ghaeilge mar ghnáth-theanga chaidrimh ins na scoileanna, tré imeachtaí tré Ghaeilge lasmuigh den rang a chothú—diospóireachtaí, cúrsaí speisialta agus ar uile —agus trén mhéadú mhór a tháinig ar an líon daltaí a chaith cuid de shaoire an tsamhraidh sa Ghaeltacht nó sna Coláistí Samhraidh Gaeilge.
Is é £24,000 an soláthar atháthar á dhéanamh sa bhliain airgeadais reatha 1960-61 faoi fho-mhírcheann B.6 Vóta 37—Eolaíocht agus Ealaín—do dheontais do choláistí a chuireann cúrsaí Samhraidh i nGaeilge ar fáil i gcomórtas le £13,300 i 1959-60. Sara n-imím ón ngné sin den ghnó, ba mhaith liom na bainisteoirí, na múinteoirí agus na scoláirí a mholadh go mór toisc an chaoi ar chomhoibríodar le na chéile agus iad ag freastal ar an dteist a tharla ann dóibh de bharr na trialach béil agus an chláir leasaithe i nGaeilge.
Tá méadú arís ar líon na rang a bhfuil deontais saotharlainne iníoctha ina leith. Mhéadaigh an líon ó 2,659 sa scoilbhliain 1957-58 go 2,832 i 1958-59 agus mhéadaigh arís go 3,079 i 1959-60. Bé 291 líon na scoileanna ina ndéantaí eolaíocht a theagasc deich mbliana ó shoin agus bé 1,796 líon na rang. Is é an chaoi a bhfuil an scéal anois, ó thaobh scoileanna na mbuachaillí de, nach bhfuil aon scoil ina bhfuil 150 dalta nó níos mó gan socruithe déanta inti chun cúrsa éigin de na cúrsaí eolaíochta a theagasc inti. Níl amhras dá laghad orm nuair adeirim go leanfaidh an méadú bliantúil ar líon na ranganna a bhfuil deontais saotharlainne iníoctha ina leith.
Reachtáileadh faoi scáth na Roinne dhá chúrsa ar éirigh go rí-mhaith leo do mhúinteoirí Gaeilge i meánscoileanna an Samhradh seo caite—ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann eile i gCorcaigh. Bhí an oiread sin múinteoirí ag iarraidh freastal ar na cúrsaí sin nárbh fhéidir glacadh leo go léir agus tá socair cúrsa Gaeilge eile a thionól i mBaile Átha Claith an samhradh seo chomh maith le cúrsaí in Eolaíocht agus i Matamaitic. Tá gach eolas i dtaobh na ndátaí cruinne ar a dtionólfar na cúrsaí sin curtha in iúl do na scoileanna cheana féin. Tá na cúrsaí á mbeartú mar chuid de shraith ghinearálta a chuirfeadh ar chumas mhúinteoirí eolas do chur ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i modhanna múinte.
Tuigim go bhfuil dréacht-thuarascáil na Comhairle Oideachais ar chúrsa léinn na meánscoileanna nach mór ullamh anois agus táim ag súil go mbeidh an tuarascáil agam i gceann tamaillín.
CEÁRD-OIDEACHAS.
San soláthar de £1,478,400 le haghaidh ceard-oideachais, tá méadú glan de £110,140 ar an iomlán a vótáladh sa bhliain 1959/60. An chuid is mó den mhéadú sin, £92,140, is sna deontais bhliantúla do choistí gairm-oideachais atá sé, agus isé is cúis leis, go príomhdha, feabhsú na scálaí tuarastail do mhúinteoirí agus do phríomh-oifigigh feidhmiúcháin. Tá breis ann, freisin, i leith (a) caiteachais ar tógáil scol nua agus ar mhéadú scol atá ann cheana, (b) oiliúint múinteoirí, agus (c) aisíoc a dhéanamh leis na húdaráis rátúcháin i leith chuid den chaiteachas a thuiteann orthu as pinsin agus aiscí d'íoc le hoifigigh a bhí i bhfostaíocht choistí gairm-oideachais.
Tógadh cúig ghairmscoil nua, agus do cuireadh le dhá cheann déag eile, ó thús mí Aibreáin, 1959. Tá naoi scoil eile á dtógáil faoi láthair, agus táthar ag cur le seacht gcinn. San bhliain airgeadais seo, tá beartaithe aon scoil is fiche a chur á dtógáil, ar chostas £702,500. Cuid de na scoileanna seo, ní foirgintí nua ar fad a bheidh iontu, ach foirgintí a cheannaigh coistí le hathchóiriú agus le cur in oiriúint mar scoileanna. Fairis sin, táthar le fairsingiú a dhéanamh ar sé scoil déag, ar chostas measta, £197,000. Léiriú é sin ar fad ar an dul—chun—cinn sásúil atá á dhéanamh chun freastal ar an éileamh atá ann le haghaidh gairmoideachais.
I dteannta an chaiteachais chaipitiúil a bhíonn ann i dtosach, tagann as scoileanna nua agus ranganna nua a chur ar fáil go mbíonn gá ag coistí le tuilleadh airgid le caitheamh gach bliain ar thuarastal múinteoirí, fearas ranganna agus cothabháil foirgintí. Ón Stát-chiste a thagann an chuid is mó den airgead sin, ach ní mór don údarás áitiúil riar áirithe de a sholáthar as na rátaí.
San seiseón teagaisc 1958/59, bhí 272 de bhuan-scoileanna gairmoideachais ag soláthar teagaisc, agus bhí ranganna nó cúrsaí ar siúl i 503 d'ionaid eile. I dtús an tseiseóin bhí 1,574 mhúinteoirí lán-aimsireacha ann, sé sin 37 thar an méid a bhí ann bliain roimhe sin. Bé líon na múinteoirí páirt-aimsireacha ná, 1,228—méadú de 107 ar líon na bliana roimhe sin.
Tá soláthar breise ann i mbliana le haghaidh oiliúint múinteoirí. Dhá cheann de na cúrsaí oiliúna atá ann faoi láthair—ceann do mhúinteoiri miotalóireachta—ar a bhfuil seacht nduine déag á n-oiliúint—agus ceann do mhúinteoirí adhmadóireachta— fiche duine á n-oiliúint—beidh deireadh leo i Meitheamh na bliana seo. Isé a chosnóidh siad sa bhliain airgeadais seo, £4,567. An dá chúrsa eile atá ar siúl, ar a bhfuil, faoi seach, ocht nduine déag agus fiche duine leanfaidh siad ar aghaidh go dtí Meitheamh na bliana seo chugainn. Cosnóidh siad sé mhíle déag, cúig chéad nócha agus a trí phúnt sa bhliain airgeadais seo. I mí Dheireadh Fómhair seo chugainn, tionscnófar cúrsaí oiliúna in adhmadóireacht agus foirgneolaíocht —fiche oiliúnaí—agus i miotalóireacht —ocht n-oiliúnaí déag—ar chostas measta, sa bhliain airgeadais seo, £7,700.
Ar na cúrsaí Samhraidh do mhúinteoirí atá le bheith ann i mbliana, tá ceann i múineadh na tuaitheolaíochta le haghaidh daoine a bhfuil céim in eolaíocht talmhaiochta acu; ceann in eolaíocht ithreach le haghaidh múinteoirí tuaitheolaíochta, cúrsaí ar bhia, ar chothú agus ar bhainistíocht tithe aíochta do mhúinteoirí Tís, cúrsa i ndearadh troscáin do mhúinteoirí adhmadóireachta, cúrsaí ar táthú agus ar inill Diesel le haghaidh múinteoirí miotalóireachta, cúrsaí ar mhodha múinte le haghaidh múinteoirí tráchtála agus múinteoirí ealaíne, cúrsa ar dhearadh foirgníochta le haghaidh múinteoirí foirgneolaíochta; agus do mhúinteoirí de gach cineál beidh cúrsa ann faoi ghléasanna éisteachta agus radhairc d'úsáid mar thacaí san mhúinteoireacht. Beidh ann, leis, an gnáth-chúrsa do chéimithe Iolscoile mar ullmhúchán don scrúdú le haghaidh an Teastais Timire Gaeilge: ar an gCeathrúin Rua, Conndae na Gaillimhe a bheidh an cúrsa sin, i mí Iúil.
Tá ag síor-mhéadú ar líon na ndaltaí ar na cúrsaí lán-aimsire lae san oideachais leanúna. Sa bhliain 1958/59, bhí 23,675 dhalta ar na rollaí—líon ba mhó de 714 ná an líon sa bhliain roimhe sin. Rud sonrach maidir leis an méadú sa tinnreamh ar chúrsaí oideachais leanúna sea a mhéid is a bhain sé le ceantracha tuaithe; i gcoitinne bíonn tinnreamh maith ar na scoileanna sna ceantracha sin agus b'éigin cuid de na scoileanna iontu a fhairsingiú.
Ar na cúrsaí lán-aimsire ceard-oideachais, freisin, bhí méadú ar an dtinnreamh: 929 ndaltaí a bhí ar na rollaí sa bhliain 1958/59, i gcomórtas le 855 sa bhliain roimhe sin. Le hoiliúint teicneoirí innealtóireachta agus leis an eolaíocht thionscalach is mó a bhaineann na cúrsaí sin.
Rinneadh tagairt anseo anuraidh don chaoi inar éirigh leis na printísigh ón tír seo a bhí sna comórtais eadarnáisiúnta do phrintísigh cheirde a tionóladh i mBruiséal na Beilge. An Samhradh seo caite bhí ceithre phrintíseach déag istigh ar chomórtais den chineál chéanna i Modena, san Iodáil. Bhuaidh ceathrar acu duaiseanna céad-áite, triúr acu duaiseanna dara háite, agus fuair beirt eile duaiseanna treas áite. Is mór is ionmholta iad as cruthú chomh mhaith sin i gcomórtas eadarnáisiúnta dá leithéid.
Is léir, ag féachaint don a thapúla atá an tinnreamh ar chúrsaí lán-aimsire iarbhunoideachais de gach cineál ag fás, nach í an fhadhb atá againn le réiteach, cé chaoi a dtabharfar ar thuistí na páistí a choimeád ar scoil ar feadh tréimhse níos faide ach gurab é atá le déanamh, dlús a chur le soláthar na ndeiseanna scolaíochta a bhfuil leas á bhaint astu go lánfhonnmhar.
Tá oiread sin gnéithe ann den ghairmoideachas gur deacair aon ghné amháin acu a thoghadh le trácht air go speisialta. Tá forbairt sonrach amháin ann, áfach, a tharla sa bhliain atá caite, go bhfeictear dom gur fiú é luadh anseo. Bunú na bhFeirm-Scol Geimhridh, mar a ghlaotar orthu, atá i gceist agam.
Tháinig oifigigh de chuid mo Roinnese agus oifigigh ón Roinn Talmhaíochta i ndáil chomhairle le méin comhcheangal éigin éifeachtúil a dhéanamh idir cláracha oideachais na gCoistí Gairm-oideachais agus na seirbhísí teagaisc agus comhairle a riartar ar mhodh níos sanasaí faoi choistí contae talmhaíochta. Bhíothas den tuairim, ó thús, gur ceart go mbeadh ar fáil don duine óg a bheadh ag dul i mbun feirmeoireachta rud éigin cosúil leis na cúrsaí do phrintísigh tionscail a ligtear saor ar feadh chuid den am chun freastal ar ranganna ceardscoile. Measadh gur ceart go rachadh na coistí gairm-oideachais agus na coistí talmhaíochta i gcomhar chun seirbhís dá leithéid a bhunú i ngach contae. Leagadh amach réim agus clár do chúrsa a bheadh oiriúnach, agus shocraigh oifigigh na gcoistí na seoraí do na hionaid áitiúla.
I mí na Samhna, 1959, bunaíodh cúrsaí turgnamhacha—ceann amháin, ar a laghad, i ngach contae: bhí seacht gcúrsaí is triocha ann ar fad. Tamall gairid ó shoin cuireadh críoch leis an gcéad seiseón de na Feirm-Scoileanna Geimhridh seo. Ba shásúil ar fad mar d'éirigh leo go léir. Bhí ós cionn ocht gcéad feirmeoirí óga—iad idir ocht mbliana déag agus cúig bhliain is fiche de ghnáth—ar na rollaí, agus ag deireadh an tseiseóin bhí timpeall seacht gcéad go leith acu ag freastal go féiltiúil fós. Táthar chun leanúint de chúrsaí den tsaghas seo a sholáthar san Gheimhreadh atá rómhainn.
Óna tuairiscí atá faighte agam ar na Feirm-Scoileanna Geimhridh, tá mé go láidir den tuairim go mbeidh siad ina ngléas le feabhas mór a chur ar éifeacht na hoibre talmhaíochta agus ar an táirgeadh talmhaíochta. Is eol dom go bhfuil an tAire Talmhaíochta ar an intinn chéanna liom faoi sin.
EOLAÍOCHT AGUS EALAÍ.
Tá méadú glan de £22,680 ar an Vóta iomlán i gcóir 1960/61 i gcomparáid leis an meastachán bunaidh do 1959/60. Tá san áireamh sa Vóta i mbliana soláthar do dheontais i gcabhair d'Acadamh Ríoga na hÉireann, do Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann agus do Chumann Ríoga Míoleolaíochta na hÉireann, deontaisí a bhíodh go n-uige seo sa Vóta Costaisí Ilghnéitheacha faoi riar na Roinne Airgeadais. Is mar seo leanas a déantar suas furmhór den méadú dár thagraíos:—£6,666 do thuarastail agus liúntaisí; £900 scoláireachtaí Iolscoile; £10,700 i leith deontas do na Coláiste Samhraidh Gaeilge; £2,000 do Choimisiún Béaloideasa Éireann; £1,000 d'Institiúid Náisiúnta na Scannán; £1,000 do Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann.
Sé is cúis leis an méadú go léir nach mór i leith tuarastail, páighe agus liúntaisí ná an t-ardú geinearálta tuarastail a deonadh do Stát Seirbhísigh.
Tá gá le soláthar breise de £900 á dhéanamh do scoláireachtaí na Roinne do mhic léinn ón nGaeltacht agus do mhicléinn go bhfuil fúthu cúrsaí ollscoile a dhéanamh tré Ghaeilge i ngeall ar an bhreith, a fógraíodh anuraidh, chun luach na scoláireachtaí sin a mhéadú de £25 i gcás mic léinn go bhfuil cónaí orthú as baile agus de £15 dóibh siúd atá ina gcónaí sa bhaile. An bhliain airgeadais reatha an chéad bhliain iomlán ina mbeidh na rátaí méadaithe iníoctha ina leith.
Thárla go bhfuil sé riachtanach, freisin, méadú fiúntach a dhéanamh ar an soláthar do dheontaisí tinrimh atá iníoctha le Coláistí Samhraidh a chuireann cúrsaí Samhraidh i nGaeilge ar fáil. Taréis méadú leanúnach do theacht ar líon na macléinn a bhí ag freastal ar na cúrsaí seo le roint bhlian anuas, tháinig méadú mór anuraidh nuair a bhí breis is cúig mhíle ag freastal ar chúrsaí a tionóladh 20 coláiste. Sa bhliain atá romhainn, beidh cúrsaí ar fáil i 25 de choláistí agus táthar ag súil le tuilleadh méaduithe ar an líon tinrimh. Is soiléir gur fhás go mór an t-éileamh atá ar na cúraí Samhraidh seo ó fógraíodh scrúdú béil bheith mar chuid den scrúdú ard-teistiméireachta.
Tá méadú de £2,000 san iomlán a soláthraítear ar mhaithe le Coimisiún Béaloideasa Éireann á thabhairt chun cabhrú leis an gCoimisiún bailiúchán leabhar—9,000 díobh—de chuid an Dr. F.S. de Búrca, nach maireann, a cheannach. Measann lucht saineolaíochta gur dócha gurb é seo an bailiúchán de leabhair stair agus dinnseanchas na hÉireann is fearr lasmuigh dena leabharlanna poiblí. Chuir cara, gan ainm, de chuid an Choimisiúin fuílleach an phraghais cheannaithe ar fáil.
Tá £1,000 breise á soláthar d'Institiúid Náisiúnta na Scannán chun cabhrú leis leanúint leis an obair chun leabharlann de scannáin oideachasúla, a mbeidh scannáin Ghaelige ina measc, a chnuasach. Cuirfear furmhór na suime bhreise seo i leith costaisí cuntais reatha i nGaeilge a sholáthar agus/nó obair thrialach maidir le stíall-scannáin a dhéanamh.
SCOILEANNA CEARTÚCHÁIN AGUS SCOILEANNA SAOTHAIR.
Fén Vóta so, tá mé ag iarraidh ar an Tigh aontú le £254,170 de sholáthar, sé sin, £10,150 níos lú ná mar a bhí i Meastachán na bliana so caite. Sé cúis atá leis an ísliú sin ins an soláthar ná an laghdú go bhfuiltear ag súil leis i líon na leanaí a bheidh fé choimeád ins na scoileanna saothair i rith na bliana 1960/61.
An titim i líon na leanaí ins na scoileanna saothair go ndearnadh tagairt di le roinnt bhlian anuas, tá sí ann i gcónaí. Ins an 48 de scoileanna saothair bhí 2,043 cailíní agus 1,826 buachaillí ag deireadh na bliana 1959 i gcomparáid le 2,192 agus 1,921, faoi seach, ag deireadh na bliana 1958. Tá breis i líon na mbuachaillí agus laghdú i líon na gcailíní atá fé choimeád ins na scoileanna ceartúcháin. Bhí 173 buachaillí fé choimeád ar an 31ú Nollaig, 1959, i gcomparáid le 148 ar an 31ú Nollaig, 1958. Bé an líon a bhí ins an dá scoil do na cailíní ar na dátaí céanna ná 34 agus 44 fé seach.
Tá scoileanna náisiúnta dá gcuid fhéin ag 20 de na scoileanna saothair agus tá foireann de sheasca múinteoir aitheanta ar fostú iontu súd. I gcás an chuid eile, 28 de na scoileanna saothair freastalann a gcuid páistí ar scoileanna náisiúnta ina gcomharsanacht. I dteannta leis na múinteoirí sin tá 92 mhúinteoir eile ar fostú chun eolaíocht tís, ceird agus a mhúineadh. Tá 20 múinteoir ar fostú ag na scoileanna ceartúcháin agus orthu san tá 8 gur múinteoirí ceird iad.
Cuid de na páistí ins na scoileanna saothair, faigheann siad iar-bhunoideachas trí scoláireachtaí a bhuachaint nó de thoradh na socruithe speisialta a dhéanann lucht stiúrtha na scoileanna dóibh.
Tá áthas orm a bheith ar mo chumas a rá go bhfuil suíomh oiriúnach faite don fhoirgneamh atá beartaithe a sholáthar in ionad na hÁite Coinneála atá i dTeach Maoilbhríde i nGlasnaoidhean.
INSTITIÚID ARDLÉINN BHAILE ÁTHA CLIATH.
Ochtó cúig mhíle, ceithre chéad go leith punt an meastachán don Institiúid Ardléinn, sé sin, £7,000 ós cionn an tsoláthair don bhliain seo caite. Sé cúis atá le beagnach iomlán an mhéadaithe sin ná an t-airgead breise atá ag teastáil chun breis tuarastail a sholáthar do fhoirinn na hInstitiúide.
IOLSCOILEANNA AGUS COLÁISTÍ.
Sé iomlán an tsoláthair le haghaidh gnóthaí reatha ins na hIolscoileanna agus Coláistí ná £925,630, sé sin, £62,500 ós cionn an mhéid a tugadh anuraidh. Sé an meastachán iomlán le haghaidh caiteachais chaipitiúil ná £61,000, sé sin, £29,000 de laghdú ar sholáthar na bliana so caite. Tá an t-airgead breise le haghaidh gnóthaí reatha de réir na riachtanaisí gur measadh iad a bheith ann nuair bhíothas ag déanamh amach na scálaí nua deontaisí anuraidh.
AN t-ÁILÉAR NÁISIÚNTA.
Sé an méad atá á sholáthar faoin Vóta so ná £13,370. Sé is cúis leis an méadú de £810 ós cionn an tsoláthair anuraidh ná an bhreis airgid atá ag teastail chun scálaí ardaithe tuarastail agus páighe a chur ar fáil.