Tairgim:
Go ndeonfar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch ar 31ú lá de Mhárta, 1961, le haghaidh Tuarastal agus Costas Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair.
Sé faoi ndear don Roinn an Vóta Forlíontach seo a lorg ná go bhfuil cead ag teastáil chun níos mó ná an soláthar de £12,500 atá déanta chuige sin mar dheontas-i-gcabhair faoi fhomhírcheann N den Vóta d'íoc le haghaidh scoláireachtaí saoire agus scoile sa Ghaeltacht.
Tá méadú mór arís i mbliana ar an líon páistí atá dá gcur go dtí an Ghaeltacht seachas an méad a cuirtí sna blianta roimhe seo. Sa bhliain 1957 cuireadh 333 pháiste go dtí an Ghaeltacht; sa bhliain 1958 cuireadh 465; sa bhliain 1959 cuireadh 1,129 agus i mbliana tá iomlán de 2,372 dá gcur go dtí an Ghaeltacht, do réir na bhfigiúirí is deanaí atá ar fáil.
Den iomlán sin i mbliana cuireadh 264 pháiste go dtí an Ghaeltacht ar scoláireachtaí trí mhí agus cuireadh an 2,108 eile go dtí an Ghaeltacht fain sceim scoláireachtaí saoire. Faoin scéim sin lomháiltear ó Vóta mo Roinne deontas nach mó ná £4. 10s. le haghaidh gach páiste a cuirtear chun na Gaeltachta ó cheantar Átha Cliath agus deontas nach mó ná £4 le haghaidh gach páiste a cuirtear ó cheantair eile. I gcás na scoláireachtaí trí mhí íocann an Roinn deontas de £17 10s. le haghaidh gach páiste.
Bhí méadú i mbliana ar an líon coistí a chuir na páistí sin go dtí an Ghaeltacht; 38 gcoiste a bhí páirteach ins na scéimeanna i gcomparáid le 20 coiste ar fad an bhliain seo caite agus 14 choiste an bhliain roimhe sin.
Chun an caiteachas breise seo ar scoláireachtaí saoire agus scoile a shlánú táthar ag cur leis an méid fáltas a húsáidfear mar leithreasa-igcabhair don Vóta i dtreo is go mbeifear in ann fáltais ilghnéitheacha breise áirithe a chur i gcoinne an chaiteachais bhreise agus dá bharr san ní gá ach suim chomharthach de £10 a lorg anois mar Vóta Forlíontach.