Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 Mar 1962

Vol. 193 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gairmscoileanna Nua i gContae Luimnigh.

100. D'fhiafraí

den Aire Oideachais conas atá an scéal maidir le gairmscoil nua a thógáil i gCill Moicheallóg, Contae Luimnigh; agus cathain a thabharfar údarás do Choiste Gairmoideachais Chontae Luimnigh tús a chur leis an obair thógála.

Cuireadh in iúl do Choiste Gairmoideachais Chontae Luiminí, i dtús na seachtaine seo, gurb oiriúnach iad, faoi réir leasaithe áirithe, na pleananna agus an tsonnraíocht a chuir siad faoi bhráid mo Roinne le haghaidh gairmscoile nua i gCill Moicheallóg. Ceadaíodh don Choiste, ag an am céanna, tairscintí a lorg le haghaidh tógáil na scoile. Níl ar mo chumas a rá cathain a fhéadfar tús a chur leis an obair thógála féin: braithfidh sé sin ar a luaithe a bheidh an Coiste in ann na tairscintí a lorg agus a scrúdú.

101. D'fhiafraí

den Aire Oideachais an bhfuil aon tairscint ós comhair a Roinne faoi ghairmscoil nua a thógáil in Eas Géiphtine, Contae Luimnigh.

Tháining tairiscint ós comhair mo Roinne i mí Mheán Fómhair seo caite, ó Choiste Gairmoideachais Chontae Luimní, chun gairmscoil nua a chur ar fáil in Easgéiphtine. I dtús mhí na Samhna seo caite, iarradh ar an gCoiste faisnéis a sholáthar a léireodh an riachtanas atá le gairmscoil nua ag an áit sin, maraon le meastachán den tinnreamh a bhéadh ar an scoil.

Ní fhuarthas an fhaisnéis sin ón Choiste go fóill.

Maidir leis an cheist sin, nach fíor a rá go raibh liosta curtha ós comhair na Roinne blianta ó shoin i dtaobh gairm scoileanna i gContae Luimnigh agus na háiteacha a bhead oiriúnach dosna scoileanna sin? Bhí Easgéiphtine ar an liosta sin. An féidir leis an Aire a rá cé'n áit san liosta in a raibh Easgéiphtine?

Níl an t-eolas san agam fé láthair. Níl tuille eolais agam.

Top
Share