Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 May 1965

Vol. 215 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Mayo Landing Facilities.

42.

asked the Minister for the Gaeltacht when it is proposed to begin work on the landing and fishing facilities at Inver, County Mayo; the amount allotted for the project; and the date of allocation.

Ar 11 Meán Fómhair, 1962, tairgeadh deontas iomlán den chostas measta, £3,400, do Chomhairle Chontae Mhaigh Eo chun fánán a thógáil ag Gramhchaill, Inbhear, faoi réir an ghnáth-choinníll go nglacfadh an Chomhairle cúram cothabhála an fhánáin orthu féin. Beidh innealtóirí ón gcomhairle agus ó Oifig na nOibreacha Poiblí ag dul i gcomhairle lena chéile ar an láthair i gceann cúpla seachtain eile agus tá súil agam go mbeifear in ann dul ar aghaidh leis an obair go luath ina dhiaidh sin.

43.

asked the Minister for the Gaeltacht when work will begin on the proposed new fishing and landing facilities at Portacloy, County Mayo; the amount allotted for such work; and the date of this allocation.

Ar 11 Deireadh Fómhair, 1963, tairgeadh deontas iomlán den chostas measta, £7,200, do Chomhairle Chontae Mhaigh Eo chun saoráidí calaíochta ag Port an Chluaidhe a fheabhsú faoi réir an ghnáth-choinníll go nglacfadh an chomhairle cúram cothabhála na n-oibreacha orthu féin. Tá súil agam go nglacfaidh an chomhairle leis an gcoinníoll sin go luath agus go mbeifear in ann dul ar aghaidh leis an obair.

Top
Share