Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Jul 1968

Vol. 236 No. 4

Committee on Finance. - An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1968: An Dara Céim. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1968: Second Stage.

Tairgim:

Go léifear an Bille an Dara Uair anois.

I move:

That the Bill be now read a Second Time.

Is é cuspóir an Bhille seo cumhachtaí a tugadh do Ghaeltarra Éireann trí bliana ó shin a leathnú. Baineann ceann de na cumhachtaí sin le tionscail ina nglacann Gaeltarra páirt i gcomhar le daoine eile agus baineann an dara ceann le deontais a thugann Gaeltarra do dhaoine gan dul i bpáirtíocht leo.

Tá uasteorainn £2,000 leis na deontais a thugann Gaeltarra chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Táimid sásta anois gur ceart an uasteorainn sin a ardú go £5,000 agus tá leasú dá réir sa Bhille. Chomh maith leis sin má bhímid sásta amach anseo gur ceart deontais níos airde fós a thabhairt, beidh cumhacht agamsa faoin mBille, le toiliú an Aire Airgeadais, uasteorainn nua a údarú gan dul thar £10,000.

Is leis an nGaeltacht amháin a bhaineann an chumhacht atá ag Gaeltarra páirt a ghlacadh le daoine eile i reachtáil tionscal. Tá áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht, áfach, ina bhfuil tionscail faoi chúram Ghaeltarra — Ard an Rátha agus An Bhroclais i gCo. Dhún na nGall agus Cloch na Rón i gCo. na Gaillimhe — agus, ar ndóigh, tig le Gaeltarra, as a stuaim féin, na tionscail sin a fhorbairt sna hionaid ina bhfuil siad. Seachas dul ar aghaidh mar sin b'fhéidir go dtarlódh go n-oirfeadh sé do Ghaeltarra dul i gcomhar le daoine eile agus, chuige sin, tá an chumhacht a luaigh mé á leathnú go dtí na hionaid áirithe sin fosta.

Níl ach an dá leasú sin sa Bhille ach b'fhéidir gur mhaith leis na Teachtaí roinnt eolais a fháil faoin dul chun cinn atá déanta ag Gaeltarra leis na cumhachtaí atá á leathnú. Do na cásanna ina dtugtar deontais suas go £2,000, bhí £50,000 san iomlán ceadaithe go dtí 31 Márta, 1968, agus táthar ag súil le fostaíocht do níos mó ná 100 duine breise dá thoradh sin.

As na tionscail ina nglacfaidh Gaeltarra páirt i gcomhar le daoine eile is cásanna iad seo ina bhfuil obair thógála ar siúl:

Ambler of Donegal Ltd. a sníomhfaidh snáthanna i nGaoth Dobhair don tionscal fíodóireachta,

Connemarble Ltd. a dhéanfaidh próiseáil ar mharmar Chonamara in aice leis an Spidéal,

Westsea Ltd. a bheidh ag stóráil gliomach agus ag próiseáil portán i Ros an Mhíl agus ag iascaireacht chomh maith, agus

Óstáin na hÉireann Teo. a bheidh ag reachtáil óstáin nua in aice leis an Daingean.

Meastar go mbeidh fostaíocht do suas le 100 fear agus 80 cailín sna tionscail sin. Níl ansin ach an tús: tá idirbheartaíocht ar siúl fosta do thionscail eile ach ní thig liom eolas ina dtaobh a scaoileadh go fóill.

Sílim gur leor a bhfuil ráite agam chun a léiriú go bhfuil feidhm éifeachtach á baint ag Gaeltarra as na cumhachtaí atá i gceist agus gur ceart iad a leathnú faoi mar atá beartaithe sa Bhille. Dá réir sin iarraim ar an Dáil glacadh leis an Dara Céim den Bhille.

Nílimid in aghaidh an Bhille seo ar chor ar bith. Cuirim fáilte roimhe. Níl ann ach ordú chun airgead a sholáthar i gcóir cásanna speisialta. Is maith an sceal é go bhfuil níos mó ag obair agus go mbeidh níos mó ag obair gan mórán moille. Is trua nach bhfuil níos mó airgid á sholáthar ag an Aire ach b'fhéidir go mbeidh an bhliain seo chughainn.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta Lindsay as ucht fáilte a chur roimh an mBille seo. Tá obair fhiúntach ar súil cheana féin leis na cumhachtaí a tugadh do Ghaeltarra Éireann go dtí seo agus tá súil agam go mbeidh siad in ann dul chun cinn níos fearr fós a dhéanamh nuair a leathnófar na cumhachtaí sin faoin mBille seo.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Top
Share