A Cheann Comhairle, b'áil liom cead a chur in iúl, mar eolas don Dáil, go bhfuil an Rialtas tar éis na Teachtaí seo a leanas a cheapadh chun bheith ina Rúnaithe Parlaiminte mar a leanas:—
Deasún Ó Máille, TD, Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh agus an Aire Cosanta; Pádraig Ó Braonáin, TD, Rúnaí Parlaiminte an Aire Rialtais Áitiúil; Seán Mac Eochagáin, TD, Rúnaí Parlaiminte an Aire Leasa Shóisialaigh; Noel Lemass, TD, Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais; Diarmaid Ó Cróinín, TD, Rúnaí Parliaminte an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh; Roibeard Ó Maolmhuaidh, TD, Rúnaí Parliaminte an Aire Oideachais; agus Gearóid Ó Coileáin, TD, Rúnaí Parlaiminte an Aire Tionscail agus Tráchtála agus Aire na Gaeltachta.