Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jul 1973

Vol. 267 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Labhairt na Gaeilge.

36. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil a fhios aige cé mhéid Gaeilge a bhíonn á labhairt ins na tithe ag daoine óga a bhíonn ar chúrsaí Samhraidh nó an bhfuil aon chur amach aige ar an gceist sin.

Faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge tugann mo Roinnse deontais do theaghlaigh cháilithe sa Ghaeltacht a mbíonn foghlaimeoirí aitheanta Gaeilge ar iostas acu. Chun cáilíocht a bhaint amach ní foláir an Ghaeilge a bheith mar ghnáththeanga labhartha ag na teaghlaigh agus fonn orthu í a labhairt leis na foghlaimeoirí. Chun aitheantas a fháil ní foláir a ndóthain Gaeilge a bheith ag na foghlaimeoirí chun tairbhe cheart a bhaint as a gcuairt ar an nGaeltacht.

Ag féachaint don líon mór daoine óga a bhíonn i gceist caithfear bheith ag brath ar chomhoibriú ó lucht reachtála na gcúrsaí, na teaghlaigh Ghaeltachta agus na foghlaimeoirí féin chun riail na Gaeilge a chur i bhfeidhm. Tuigfear, ar ndóigh, gurb é an príomhchuspóir ná grá don teanga a chothú i measc na bhfoghlaimeoirí.

An bhfuil aon taighde á dhéanamh ag an Roinn i dtaobh conas mar atá ag éirí leis na daoine óga seo sna tithe? Sin ceist amháin.

Tá na coinníollacha leagtha síos faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge agus os rud é go mbíonn na céadta daoine óga ann ní féidir cigireacht iomlán a dhéanamh an tám go léir ach muna mbíonn an Ghaeilge á labhairt ag na foghlaimeoirí, tig le lucht reachtála na gcúrsaí iad a chur abhaile agus muna mbíonn comhoibriú le fáil óna teaghlaigh Ghaeltachta, tig leis an Roinn aitheantas a bhaint díobh agus deontas a dhiúltiú dóibh.

An bhfaightear tuarascáil ar ais uathu-san atá i mbun na gcúrsaí seo i dtaobh conas mar atáthar ag comhlíonadh na gcoinníollacha. Abair go bhfuil an iomarca daoine óga in aon teach amháin, gur as an t-aon scoil amháin sa chathair iad nó ón aon chomhluadar amháin iad, nach bhfuil mórán seans acu túirt faoi Ghaeilge a labhairt toisc go bhfuil taithí acu ar Bhéarla a labhairt lena chéile?

An bhfuil an Teachta ag rá go bhfuil muintir na Gaeltachta ag fáil airgid go mí-dhleathach? Sin í an cheist.

(Cur isteach.)

Ní thostaíonn uaim argóint a dhéanamh leis an Teachta. Chuir mé ceist thábhachtach ar an Aire. Anois bí id thost más é do thoil é.

Níl aon eolas agam maidir leis an méid adúirt an Teachta Brugha ach má tá eolas cruinn aige nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh in aon chás sonnrach ba mhaith liom dá dtabharfadh sé an t-eolas sin dom. Deir mo Roinn go bhfuil siad sásta le scéim na bhfogh-laimeoirí.

Caithfidh mé a rá anois go bhfuil am Thráth na gCeist críochnaithe ach tabharfaidh mé cead ceist amháin eile a chur.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil imní ar thuismitheoirí mar gheall ar an gceist seo fiú amháin nuair atá na teaghlaigh ceart go leor má tá scafta de bhuachaillí as Áth Cliath nó áit ar bith eile sa teach go mbíonn Béarla ar siúl acu agus ansin cailleann siad pé tairbhe atá ag teacht ón gcúrsa ó bheith lonnaithe i dteach sa Ghaeltacht?

Top
Share