Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Nov 1974

Vol. 275 No. 8

Ceisteanna——Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

32. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céardm é fáth na moille maidir le bunú Údaráis na Gaeltachta.

Chun Údarás na Gaeltachta a bhunú tabharfar Bille ós comhair na Dála a luaithe is féidir agus tá an t-ullmhú chuige sin ag dul ar aghaidh faoi láthair.

Ba mhaith liom aire an Rúnaí Párlaiminte a dhíriú ar an gceist. Céard é fáth na moille?

Tabharfaidh mé an t-eolas breise atá agam ar an mbilleoigín seo don Teach agus don Teachta. Sé an t-eolas atá á thabhairt don Aire ná go bhfuil dreéacht iar-chéim an Bhille curtha tímpeall chun na Rannaí Stáit agus nuair a ghlanfar na príomhphoinntí leis na Ranna socrófar iad a chur ós comhair an Rialtais. Ní móide go dtuigeann an Teachta an próiseas go maith. Sé an tuairim atá ag an Aire nach mbeidh an Bille ullamh roimh Nollaig. Ní móide go mbeidh an Bille ullamh roimh Nollaig, go gearr ina dhiaidh tá súil agam.

Is cinnte nach mbeidh an Bille ar fáil roimh Nollaig. Beadh amhras orm an mbeadh sé ar fáil beagán ina dhiaidh ach an n-aontódh an Rúnaí Parlaiminte go bhfuil anmhoill i gceist sa chás seo ag cur san áireamh an méid atá ráite ó am go chéile le tamall maith anuas ag an Aire faoi bhunú an údaráis seo?

Ní in aon lá amháin a tógadh an Róimh.

Tá sé seo bunaithe ar thuarascáil atá ar fáil le tamall fada. Chonaic muid go leor Billí atá caite sa Dáil nach ndeacha níos fuide ná ráiteasaí Airí.

Top
Share