Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 May 1976

Vol. 290 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

8. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige an Bille chun Údarás Gaeltachta a bhunú a chur os comhair na Dála roimh dheireadh an tseisiúin seo.

Ní dóigh liom go mbeidh ar mo chumas an Bille sin a chur os comhair na Dála roimh shos an tsamhraidh.

Cathain a bhfuil an Aire dóchasach go mbeidh sé in ann é sin a dhéanamh?

Sin é an focal, dóchasach.

An bhfuil aon tuairim ag an Aire cathain a thiocfaidh deireadh an tseisiún seo?

Braitheann sé ar an dáta——

Abair nach mbeimíd anseo tar éis Mí Iúil, an bhfuil sé dóchasach go mbeidh an Bille os comhair na Dála roimhe sin?

Ní féidir liom a bheith cinnte faoin dáta. Dúras sa bhfreagra nach dóigh liom go mbeidh sé ar mo chumas an Bille a thabhairt os comhair na Dála i rith an tseisiúin seo. Dúras anseo roimh Cháisc, nuair a bhí ceist an Údarás dá phlé againn, go raibh sé beartaithe Údarás na Gaeltachta a bheith bunaithe roimh dheireadh na bliana seo. Ar ndóigh, beidh sé os comhair na Dála roimhe sin.

Céard iad na rudaí atá á choinneáil siar?

Is deacair aon rud a rá ag an bpoinnte seo faoin Údarás. Tá mé ag ullmhú an Bhille agus tá súil agam go mbeidh sé os comhair na Dála roimh i bhfad. Caithfidh mé an Bille a chur faoi bhráid an Rialtais chun é a bhreithniú.

An nglacann an Aire gur labhair sé faoin dóchas céanna dhá bhliain go leith ó shin? Ag an am sin d'fhógair sé anseo go mbeidh an tÚdarás ann.

Mhínigh mé an scéal go léir cúpla seachtain ó shin. Dúirt mé go raibh ath-smaoineamh agus ath-scrúdú dhá ndéanamh agam.

Top
Share