d'Aire na Gaeltachta céard iad na cistí de chuid CEE a thugann cabhar airgid dona Roinn; agus cén tsuim a tugadh sna blianta 1973, 1974 agus 1975.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tograí Ghaeltachta.
Tugtar cabhair airgid do thograí Gaeltachta as trí chiste de chuid CEE agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear eolas timpeall sa Tuairisc Oifigiúil i dtaobh íocaíochtaí a fuarthas.
Seo a leanas an t-eolas i dtaobh íocaíochtaí a fuarthas do thograí a raibh baint ag Roinn na Gaeltachta nó Gaeltarra Éireann leo.
An tsuim a fuarthas |
|||
An Ciste |
Íocadh le |
i 1974 |
i 1975 |
£ |
£ |
||
Sóisialach |
Gaeltarra Éireann |
97,115 |
73,423 |
Talmhaíochta |
Comhlacht Gaeltachta |
— |
6,488 |
R éigiúnach |
Státchiste |
— |
* |
*Cuid de £1,757,567 a fuarthas don Stát: faoi rialacháin de chuid CEE ceadaítear cabhair do thograí éagsúla i dteannta a chéile agus ní shonraítear na suimeanna a bhaineann leis na tograí ar leith. Ní bhfuarthas aon íocaíocht roimh 1974 agus ní bhfaigheann Roinn na Gaeltachta féin airgead díreach as na cistí.
Ar ndóigh, bhí a lán cabhrach ceadaithe agus le híoc i ndiaidh 1975
Cheadaigh CEE cabhar mar seo a lanas do thograí Gaeltachta (chomh maith le suimeanna as an gciste réigiúnach nach sonraítear):—
An Ciste |
1973 |
1974 |
1975 |
Sóisialach |
97,763 |
153,175 |
188,937 |
Talmhaíochta |
— |
58,425 |
183,592 |
Cén suim airgid atá i gceist?
Tá cuid mhaith figiúirí agam anseo. Tabharfaidh mé na figiúirí iomlán don Teachta. As an gciste sóisialach cheadaigh an CEE cabhair mar seo, £439,875. As an gciste tamhaíochta, tuigim gur FEOGA atá i gceist, £242,070 agus chomh maith le sin, mar is eol don Teachta, tá £1.2 milliúin curtha ar fáil ag an Rialtas do Ghaeltarra Éireann i mbliana de bharr na suimeanna airgid a fuarthas as an gciste réigiúnach—sin timpeall £2 milliún.