den Aire Oideachais an bhfuair sé iarratas ó Choiste na dTuismitheoirí. Scoil Chualann, Bré, Contae Chill Mhantáin ag lorg deontas chun suíomh scoile a cheannach; agus cad é toradh an iarratais.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Suíomh Scoile.
Fuarthas an t-iarratas seo agus tá sé faoi bhreithniú i láthair na huaire. Ní féidir a rá go fóill cén toradh a bhéas ar an iarratas.
An nglacfadh an tAire go bhfuil éileamh ann do scoil lán-Ghaelach i mBrí Chualann ón mion-eolas atá ina Roinn?
An ceann seo faoi leith?
Sea.
Níl a fhios agam conas a thánadar isteach i gcóir an deontais seo ach cúpla seachtain ó shin d'iarramar ar Oifig na nOibreacha Poiblí an suíomh a bhreithniú ach ní bhfuair mé fós an tuarascáil uathu agus níor tháinig an cheist i gcomhair an scoil faoi leith seo isteach. B'fhéidir go mbeidh nuacht agam i gceann cúpla seachtain.
An bhfuil scéim sa Roinn chun deontas a thabhairt chun suíomh a cheannach do scoil lán-Ghaelach?
Ní polasaí ginearálta é. Acht uaireanta i gcomhair scoileanna faoi leith thugamar riar deontais i gcomhair suíomh a cheannach.
An fíor dom a rá go bhfuair na scoileanna lán-Ghaelacha i mBaile Átha Cliath suíomh nó ionad saor in aisce? An raibh aon bhaint ag an Roinn leis na rudaí sin?
Fuair cúpla scoil, tá a fhios agam, deontas i gcomhair suíomh a cheannach i mBaile Átha Cliath ach ní bhfuaireadar go léir é.
An bhfuil tú go ginearálta i bhfábhar scéim i gcomhair na scoile lán-Ghaelaí seo i mBrí Chualann?
Ní féidir liom a rá. Caithfear féachaint ar gach cás faoi leith. Níl polasaí ginearálta ann mar gheall air.
Tá timpeall 30 teaghlach nó mar sin i mBrí Chualann agus tá gá le scoil lán-Ghaelach dar leo agus dar liomsa freisin.
Níl a fhios agam é sin.