Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Friday, 11 Jun 1982

Vol. 335 No. 8

Estimates, 1982. - Vote 37: Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:

Go ndeonófar suim nach mó ná £13,393,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 ú lá de Nollaig, 1982, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a chur in iúl don Teach an seans atá tugtha domsa agus an roinnt mhaith ama atá churtha ar fáil duinn chun an Meastachán seo a phlé i mbliana. Ní mar sin de ghnáth a bhíodh sé, mar is eol do chách — togadh na Meastacháin uile ag deireadh an tséisiúin roimhe seo. Mar sin, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis na maoir phairtí uile as ucht an seans seo a thabhairt dúinn. Ní hé amháin go gcloisfear níos mó Gaelige sa Teach i mbliana, ach níos mó cainte freisin ar chúrsaí na teanga, agus cúrsaí Ghaeltachta go háirithe. Fiú amháin na Teachtaí nach bhfuil Gaelige líofa acu, ní hionann sin agus a rá nach bhfuil tuairimí éagsúla acu maidir le cúrsaí teanga agus cúrsaí Ghaeltachta, agus bhéinn buíoch díobh da dtógfadh siad an seans atá faighte acu anois chun na tuairimí sin a phlé agus a nochtadh.

Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéanamh leis an Teachta Kenny as é bheith ceapaithe mar urlabhraí Fhine Gaeil ar chúrsaí Ghaeltachta, cúrsaí Roinn na Gaeltachta agus cúrsaí teanga. Tá aithne agam le fada air agus tá a fhios agam go bhfuil eolas cruinn aige ar na fadhbanna agus na deacrachtaí atá ag baint le cúrsaí teanga. Beidh mé ag éisteacht go géar le chuile rud a bheas le rá aige agus leis na tuairimí agus na moltaí a bheas dá nochtadh aige sa Teach i rith na díospóireachta seo. Beidh mé ag iarraidh comh-oibriú leis mar ní féidir dul chun cinn a dhéanamh ar chúrsaí teanga gan comh-oibriú a bheith ar fáil ó chuile Teachta agus ó na heagrais éagsúla a bhfuil baint acu le cúrsaí teanga. Sin é an fáth gur thug mé cuireadh don phobal uile le tamaillín anuas díospóireacht a chur ar siúl ar fud na tíre i dtaobh na Gaeilge. Tá tús curtha leis anseo inniu.

Faoi mar is eol do Theachtaí, is iad an t-iar-Rialtas a d'fhoilsigh Leabhar na Meastachán i mbliana agus ní féidir a rá gur chaith siad go fial leis an nGaeltacht ná leis an nGaeilge. Ní amháin nár thug siad méaduithe mar a bhí geallta acu féin ar dheontais áirithe ach ní leor an soláthar a rinne siad le freastal mar ba chóir ar scéimeanna éagsúla. Ní foláir nó ba léir dóibh nach bhféadfadh Údarás na Gaeltachta a chuid gealltanas a chomhlíonadh leis an gcaipiteal lagh-daithe a cuireadh ar fáil dó — laghdú thart ar 27 faoin gcéad ón mbliain seo caite. An amhlaidh a bhí fúthu deireadh a chur leis an Údarás?

Tá súil agam go nglacfaidh an t-iar-Aire leis an deis seo chun an scéal ar fad a shoiléiriú dúinn — agus go háirithe go dtabharfaidh sé eolas faoi na cruinnithe aisteacha a luadh go poiblí le déanaí agus a bhí ar siúl aige féin, i ngan fhios dá Roinn agus don Údarás, maidir le fiosrúchán de shaghas éigin i dtaobh an Údaráis. Tá ráite agamsa cheana — agus ba mhaith liom é a rá athuair i dtús na díospóireachta seo — nach léir dom go bhfuil gá le fiosrúchán ginearálta ach gur mian liom go ndéanfar aon ní is gá chun cúrsaí a chur ina gceart. Dá réir sin, má tá fianaise ag aon Teachta nó aon duine eile gur tharla caimiléireacht de chineál ar bith, iarraim arís air an fhianaise sin a bhreachadh síos, a shíniú agus a chur chugam.

Tá obair an-deacair le déanamh agus fadhbanna achrannacha le réiteach ag an Údarás — gan trácht ar an gcúlú eacnamaíochta a tharla ar fud an domhain agus an tslí inar theip ar thionscail a bhí bunaithe leis na blianta fada sa tír seo agus i dtíortha eile. Ní foláir dúinn nithe mar sin a chur san áireamh nuair a bhíonn léirmheas á dhéanamh againn ar a bhfuil bainte amach go dtí seo. Agus ní beag a bhfuil bainte amach nuair a aithnítear go bhfuil 4,000 duine ag obair go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann agus ón Údarás.

Is fíor nár éirigh le roinnt tionscal sa Ghaeltacht agus gur beag an toradh atá fágtha ar airgead poiblí a caitheadh orthu. Ach ní ionann é sin agus a rá nach raibh gach dícheall déanta chun tioncsail mhaithe a roghnú agus a fhorbairt. B'fhéidir go rabhthas ró-dhóchasach anois agus arís ach sílimse gurbh fhearr é sin ná bheith ró-éadóchasach mar is annamh nach mbíonn baol éigin ag gabháil le tionscal nua: dá ngéillfí don dearcadh diúltach i gcónaí ní fhéadfaí dul chun cinn ar bith a dhéanamh. Ní dóigh liom gur féidir bheith ag súil go n-éireoidh go maith le gach uile thionscal lena gcabhróidh an tÚdarás ach, ag an am céanna, níor maith liom go dteipfeadh ar mhórán acu. Creidim go bhfuil ceach-tanna foghlamtha ónar tharla roimhe seo agus go bhféachfar chuige feasta go leagfar amach pleananna fiúntacha agus go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir: tig liomsa a dhearbhú go ndéanfaidh mé féin mo dhícheall chuige sin.

I dtreo go bhféadfaidh an tÚdarás leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach ar mhaithe leis an nGaeltacht tá an Rialtas sásta anois gur gá tuilleadh caipitil a chur ar fáil dó de bhreis ar an £1 milliún a cuireadh in áirithe sa Cháinaisnéis ar an 25 Márta. Tá scrúdú á dhéanamh faoi láthair ar riachtanais chaipitil an Údaráis go dtí deireadh na bliana seo agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an Dáil le Meastachán Forlíontach chun an caipiteal vótáilte a mhéadú.

Taobh amuigh den chaipiteal d'Údarás na Gaeltachta caithfidh mé feidhmiú chomh maith agus is féidir liom i mbliana leis an soláthar sa Mheastachán Bunaidh do scéimeanna éagsúla. Is iad na príomh-shuimeanna a shonraítear ann ná: £1,250,000 do dheontais tithíochta; £2,200,000 do scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht; £1,507,000 do scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha, agus £1,773,000 do Chiste na Gaeilge as a dtugtar deontais do Bhord na Gaeilge agus d'eagrais dheonacha Ghaeilge.

Is faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1979, a thugtar cúnamh fial do chainteoirí Gaeilge chun tithe a thógáil agus a fheabhsú, córas uisce agus séarachais a chur isteach agus a fheabhsú, seomraí folctha a thógáil agus a fheistiú agus cóiríocht a chur ar fáil do chuairteoirí trí mhéaduithe speisialta a chur le tithe agus seallaí saoire a thógáil.

Cuidíonn na scéimeanna feabhsúcháin chun feabhas a chur ar bhunstruchtúr na Gaeltachta — bóithre áise agus portaigh, scéimeanna uisce agus séarachais, muiroibreacha, forbairt chomharchumann, hallaí pobail, páirceanna imeartha, pin-niúir liathróid láimhe agus saoráidí éagsúla eile. Tá tábhacht mhór leis na comharchumainn i saol na Gaeltachta agus beidh áthas orm cabhrú leo chun pleananna fiúntacha a chur i bhfeidhm.

Ar na scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha is í an ceann is mó ná Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge faoina n-íoctar deontais le mná tí Gaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí aitheanta Gaeilge: tá breis agus £1 milliún á chur ar fáil i mbliana do na mná sin agus do choláistí cónaithe áirithe. Baineann scéimeanna eile le deontas labhairt na Gaeilge, daltaí Gaeltachta ar chúrsaí oiliúna áirithe agus nuachtáin agus irisí Gaeilge. Tugtar cabhair freisin do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus do Shiamsa Tíre.

Chomh maith le Bord na Gaeilge bíonn deontais le fáil ag eagrais dheonacha Ghaeilge as Ciste na Gaeilge — Bord na Leabhar Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge, An tOireachtas, Cumann na bhFiann, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Ghaoth Dobhair agus an Gael-Acadamh. Tá cúram ollmhór leagtha ar Bhord na Gaeilge agus tá iarrtha agamsa orthu plean cuimsi-theach a ullmhú chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Beidh orthu dul i gcomhairle le dreamanna eile, ar ndóigh, agus beidh mé ag súil leis an bplean i bhfómhar na bliana seo.

Chun pobal mór na hÉireann a mhealladh i dtreo na teanga beimid ag brath go mór ar imeachtaí taitneamhacha a bheith ar siúl ag na heagrais dheonacha Ghaeilge. Ní ag iarraidh daoine a chur ó dhoras atáimid ach a mhalairt ar fad agus ní foláir do na heagrais a chur san áireamh nach mbíonn fonn ar an ngnáthphobal éisteacht más gearáin is mó a bhíonn le cloisteáil. Ní cóir go mbeadh rudaí imeallacha ag cur isteach ar an bpríomhchuspóir mar beidh tacaíocht an phobail mhóir thar a bheith tábhachtach chun é a bhaint amach. Ach cur chuige i gceart agus bheith ag obair as lámha a chéile in aon mhóriarracht amháin níl aon teorainn leis an méid is féidir linn a dhéanamh.

Níl aon ní is fearr a spreagfadh pobal na Gaeltachta cloí lena dteanga dhúchais ná an Ghaeilge a bheith ag teacht ar aghaidh go tréan sa chuid eile den tír. Agus, ar ndóigh, is fad a bheidh an Ghaeilge mar ghnáthurlabhra ag muintir na Gaeltachta a bheidh cás ann le cúnamh speisialta a thabhairt dóibh.

Tá an-áthas ormsa go bhfuil de phribhléid agam an Ghaeltacht agus an Ghaeilge a bheith faoi mo chúram mar Aire agus is main liom a dhearbhú go ndéanfaidh mé gach uile rud is féidir liom ar mhaithe leo araon. Mar chabhair chuige sin iarraim ar an Teach glacadh leis an meastachán seo.

Níl fhios agam an le háthas nó le imní a sheasaim anseo mar urlabhraí ar son mo pháirtí ar chúrsaí faoi Ghaeilge, na Gaeltachtaí, faoí Údarás na Gaeltachta, agus go deimhin faoin dteanga. Déarfaidh mé i dtús báire go dtairgim arís mo comhghairdeas anseo sa Dáil le hAire na Gaeltachta, Teachta Ó Floinn as ucht an Aireacht atá bainte amach aige. Ar ndóigh, is é fear as mo bhaile mór fhéin é, agus Teachta ó mo Dháilcheantar féin é. Tá aithne agam le fada an lá ar an Aire agus tá súil agam go mbeimid in ann comhoibriú agus obair le chéile ar son forbairt na nGaeltachtaí ar fud na tíre.

Más forbairt agus dul chun cinn a beidh i gceist, beidh chuile chabhair le fáil ag an Aire ón taobh seo, ach caithfidh mé a rá anois go mbeidh mé ag faire go géar, ar an saghas Aireachta a bheidh ar siúl aige, agus ní gá a rá leis go mbeidh air freagairt anseo sa Teach muna mbíonn a chuid oibre á dhéanamh mar ba chóir agus i gceart aige.

Toghadh mé mar urlabhraí ar chúrsaí Gaeilge arú-inné agus ní féidir go mbeadh an t-eolas go hiomlán agus go cruinn agam faoi na fadhbanna agus na deacrachtaí atá sna Gaeltachtaí go fóill. Mar sin féin, tagaim isteach anseo gan m'aigne a bheith socraithe go lán-chruinn ar chúrsa amháin agam, ach amháin go bhfuil a fhios agam go ro-mhaith, chomh maith le chuile dhuine eile go bhfuil fadh-bannaí agus deacrachtaí faoi leith sna ceanntracha Ghaeltachta, agus gur géarghá iad a réiteach — deacrachtaí forbairt na teanga, deacrachtaí tionsclaíochta agus obair a chur ar fáil do na daoine óga go mór mhór, fadhbanna forbairt bun-struchtúir na n-áiteanna éagsúla chun tionscail a mhealladh isteach nó comhthionscal a bhunú, cúrsaí bóithre, cúrsaí tithe, cúrsaí meán cumarsáide, cúrsaí córais uisce agus leictreacais, leanúint le hallaí phobail a chur ar fáil, forbairt chúrsaí iascaireachta agus muiroibreacha, forbairt talmhaíochta agus cúrsaí turasóireachta atá le plé agus le réiteach taobh istigh den Aireacht seo. Ní amháin leis na ceantair Ghaeltachta a bhaineann na fadhbanna seo ach leis an tír go hiomlán, beag nó mór.

An féidir ceantair Ghaeltachta a fhorbairt mar ba chóir faoi bhráid Aireacht na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta mar atá siad faoi láthair? An bhfuil gá leo ar chor ar bith? An féidir obair níos fearr a dhéanamh faoi chórais eile? Céard faoin dteanga as seo amach? Siad sin na ceisteanna a luaitear go minic liomsa.

Ba faoi réim an iar-Chomh-Rialtais idir 1973 agus 1977 a cuireadh ar bun Aireacht go hiomlán do na Gaeltachtaí. Rinne an t-iar-Aire ag an am sin, an Teachta Tomás Ó Domhnaill, sár-obair san aireacht sin fiú amháin i mo dháilcheanntar féin. B'fhéidir go raibh buntáiste faoi leith aige toise nár deineadh mórán do na Gaeltachtaí roimhe sin, agus ós rud é go raibh Aireacht iomlán aige coinne bhí aige níos mó airgid d'fháil chun caitheamh sna ceanntracha Gaeltachta. Leanadh leis an iar-Aire O'Donnell le Aire na Gaeltachta ó chontae na Gaillimhe agus ansin le triúr as mo chontae féin, duine díobh sin an tAire atá ann faoi láthair. Nach ceart go mbeadh fhios acu, iad go léir ina nAirí nó ina n-iar-Airí, na fadhbanna agus na deacrachtaí, mion eolas orthu, taobh istigh de na Gaeltachtaí agus go mbeadh fhios acu céard ba dhíreach ceart a dhéanamh chun ceist forbairt na teanga agus na Gaeltachta a réiteach go hiomlán.

An gá leanúint ar aghaidh le caitheamh morán airgid ar fhorbairt fhíorthábhachtach sna Gaeltachtaí nuair atá cúlchaint agus ráflaí ag dul timpeall i gcónaí faoi chaitheamh an airgid chéanna agus go bhfuil seans ann go mbeadh na freagraí bunúsacha don scéal go léir ag na hiar-Airí siúd ach amháin nar phléigh siad le chéile iad leis an Roinn agus le baill an Údaráis riamh? Tóg cúrsaí fhorbairt tionsclaíochta i mo chontae féin mar shampla. Tá an tÚdarás Forbartha Tionscail ag obair i gcuid áirithe den chontae faoi bhráid an Roinn Tionsclaíochta; tá an fhoireann fhorbairt chontae ag obair ann faoi bhráid an Roinn Airgeadais; tá an chomhairle chontae faoi bhráid an Roinn Comh-shaoil agus an tÚdarás faoi bhráid Roinn na Gaeltachta. An bhfuil ceangail mar ba chóir eatarthu? An bhfuil airgead á chaitheamh amú toisc nach bhfuil baint agus dlúth-cheangail eatarthu mar ba chóir? An bhfuil cumhachtaí sách-láidir acu nó an mbeadh sé níos fearr córas nua forbartha tionsclaíochta a chur ar fáil agus a réiteodh an scéal sna háiteanna sin? Beidh mé ag iniúchadh na ceiste sin go géar sna míonna atá le teacht. Tá sé ráite ag iar-Aire amháin cheana féin go bhfuil teipthe ag an Údarás faoi chúrsaí tionsclaíochta a chur ar fáil do na Gaeltachtaí. B'fhéidir mar sin nach fiú an tAcht a tugadh isteach i 1979 a ath-iniúchadh —b'fhéidir nach bhfuil sé sách-láidir. B'fhéidir nach bhfuil cumhachtaí sách-láidir ag an Údarás a cuireadh ar bun in áit Ghaeltarra Éireann ag an am sin. Beidh me ag scrúdú usáid na gcum-hachtaí a tugadh don Údarás san Acht sin freisin sna míonna atá le teacht. Is féidir mórán ceisteanna a chur faoi staid na teanga ag an bpointe seo. Tá mórán daoine mí-shásta le láidreacht agus leath-nacht agus forbairt na teanga. Cén sórt oibre atá déanta ag an Roinn agus ag an Aire chun an teanga a chaomhnú agus a láidriú? Céard atá déanta ag Bord na Gaeilge le déanaí chun an teanga a fhorbairt? An aisling no brionglóid atá ag daoine go mbeadh an Ghaeilge mar theanga ghnáthlabhartha na tíre seo? Cá bhfuil na politics of reality, mar a déarfá? An féidir leanúint ar aghaidh le cúrsa dhátheangachais go fóill mbeidh an chaoi ag níos mó daoine Gaeilge, beagán nó mórán, a labhairt agus ansin leanúint ar aghaidh sna blianta atá romhainn leis an aisling sin a chomhlíonadh? Céard atá déanta ag Radio na Gaeltachta? An féidir le chuile dhuine as na Gaeltachtaí an radio sin a chloisteáil? Céard atá déanta ag an Aire faoi sin. Sílim go bhfuil níos mó Gaeilge ag níos mó daoine anois ná mar a bhí le tamall anuas ach ní bhaintear úsáid as mar ba chóir. An bhfuil caigh-deán na Gaeilge atá á múineadh sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna chomh ard agus ba chóir? An bhfuil caighdeán na Gaeilge atá á múineadh sna scoileanna traenála sách ard? Muna bhfuil, an é sin an fáth nach bhfuil an caighdeán sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna chomh ard agus a bhíodh?

Tá Radio na Gaeltachta i gcoitinne sna Gaeltachtaí ag craoladh ar an meántonn agus ar an ard-mhinicíocht in áiteanna, agus sílim gur job maith atá ar siúl acu. Ach i mo chontae féin, mar shampla, ta trí Ghaeltachtaí ann agus ní féidir le muintir na háite Radio na Gaeltachta a chloisteáil i gcuid de na háiteanna sin. Chuir an tAire ráiteas amach le déanaí go mbeadh stiúideo á bhunú i mo bhaile fhéin, i gCaisleán an Bharraigh, agus chuir me fáilte roimhe sin ag an am sin. I ndiaidh an ráiteas sin a bheith curtha amach ag an Aire, scríobhadh litir ó chathaoirleach Chonradh na Gaeilge i gCaisleán an Bharraigh go Stiúrthóir Radio na Gaeltachta ag rá leis gur chuir seisean ráiteas amach i ndiaidh ráiteas an Aire agus nár luaigh an ráiteas sin rud ar bith faoin stiúideo i gCaisleán an Bharraigh. Ba mhaith liomsa nuair a bheidh an tAire ag freagairt faoin Mheastachán seo go dtabharfaidh sé eolas cruinn dúinn faoin stiúideo sin agus faoi na fo-stiúi-deonna sna háiteanna eile ar fud an chontae.

Tá ráflaí agus cúlchaint ag dul timpeall faoi Udarás na Gaeltachta agus seo an fhadhb is mó atá ag an Aire faoi láthair. Ar an 4 Nollaig 1981 chuir an Teachta Begley ceist síos do Aire na Gaeltachta, Máire Bean Geoghegan-Quinn — nó Máire Spórt mar a thugann SBB uirthi — an raibh sí sásta le obair a bhí ar siúl ag Údarás na Gaeltachta. Dúirt sí ag an am sin go raibh sí sásta go raibh an tÚdarás ag obair go dian chun a ndualgais i leith na Gaeltachta a chomhlíonadh.

Bhí fhios ag chuile dhuine ansin go raibh imní ar Theachtaí éagsúla nach raibh an tÚdarás ag déanamh a gcuid oibre mar ba chóir agus ní hé sin an t-aon cheist a cuireadh síos, ní amháin ag an Teachta Beglev ach ag Teachtaí eile faoi chúrsaí an Údaráis agus faoin imní a bhí orthu mar gheall ar obair a bhí ar siúl ag an Údarás. Ar 28 Aibreán i mbliana bhí ceist eile síos ag an Teachta Begley don Aire atá ann faoi láthair faoi na monar-chana sna Gaeltachtaí nach raibh tionscail iontu. Is féidir an cheist a chur anois, an bhfuil an tÚdarás ag obair mar ba chóir? An bhfuil siad in ann tionscal a mhealladh nó fo-thionscal a bhunú sna Gaeltachtaí os rud é go bhfuil monar-chana mar sin gan tionscal iontu. Bhí ceist eile ag an Teachta Begley don Aire faoin méid talaimh atá ag an Údarás i gcontaethe áirithe. I nDún na nGall bhí 355 acra acu; i gContae Mhuigh Eo, 446; i gContae na Gaillimhe, 2,570; i gContae Chiarraí, 419; i gContae Chorcaí, 78; i bPort Láirge, 3; agus i gContae na Mí, 13. Is é sin 3,884 acra ar íoc Údarás na Gaeltachta £1.375 milliún astu.

Is féidir freisin ceist a chur ar an Aire an gá an méid talaimh sin a bheith ag an Údarás nó cén sórt oibre atá ar siúl acu chun tionscail a chur ar bun agus an talamh sin a úsáid go hiomlán agus mar ba chóir. Bhí alt san iris sin Business and Finance an 11 Feabhra i mbliana, agus an teideal a bhí air ná “Witch Hunt in Údarás”. San iris sin deirtear go raibh droch-scéalta ag dul timpeall faoin Údarás agus faoin sórt oibre a bhí ar siúl acu. Deirtear san Acht a tugadh isteach i 1979, eolas ar bith atá ag teastáil ón Aire is gá don Údarás an t-eolas sin a thabhairt dó. Is é seo an deacracht is mó atá ag an Aire faoi láthair. Caithfidh sé gach rud a thabhairt amach ionas nach mbeidh ráflaí agus cúlchaint ag dul timpeall agus ag déanamh dochair don Údarás agus d'fhorbairt na nGaeltachtaí san am atá le teacht.

San iris sin freisin bhí scéalta faoi na dí-scríobhanna a rinne an tÚdarás ó bunaíodh iad agus faoi cheannach talamh agus faoi chuile shórt eile. Tá ráiteas ann chomh maith ón iar-Aire, an Teachta O'Toole, agus ón iar-Aire, an Teachta Geoghegan-Quinn, agus ón iar-bhainis-teoir an tUasal MacGabhann, faoin sórt oibre a bhí ar siúl ag an Údarás. Is le déanaí a scríobhadh litir agus ardaíodh an cheist sa Teach seo le déanaí ina luaitear go raibh "unethical practices" ar siúl taobh istigh den Údarás. Is fadhb an-mhór d'Aire na Gaeltachta é seo agus caithfidh sé an rud seo a chríochnú ionas nach mbeidh tuilleadh ráflaí agus cúlchaint ar siúl faoi na nithe seo.

Bhí díospóireacht sa Teach anseo cúpla seachtain ó shin agus cuireadh ceist ar an Aire an raibh níos mó airgid faighte ag an Údarás ná mar a bhí síos san Acht a tugadh isteach i 1979. Níl fhios agam ar thug sé freagra cruinn mar a chuireann sé isteach sna freagraí scríofa atá sé ag tabhairt amach le déanaí. Tá ceist deacair ansin le freagairt ag an Aire freisin agus tá súil agam, nuair atá sé ag tabhairt freagra ar an Meastachán seo, go ndéanfaidh sé a dhícheall chun chuile dhuine a shásamh faoi sin.

Ar 27 Bealtaine 1982 dúirt an tAire go raibh sé buíoch go raibh deireadh leis an ré truamhéileach a tugadh isteach ag an iar-Chomh-Rialtas. Lean sé ar aghaidh ansin agus thug sé ráiteas mór dúinn faoi na Gaeltachtaí agus faoi fhorbairt a bhí ar siúl aige, faoi fhorbairt na teanga agus na nithe a bhí le déanamh aige ansin. Is é a dúirt sé san Tuairisc Oifigiúil de 27 Bealtaine ag colún 383, imleabhar 335:

Beidh cás ann le cabhair speisialta a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta fad a bheidh an Ghaeilge mar ghnáthurlabhra acu ach, dá dtarlódh nach mar sin a bheadh, ní bheadh cás ann a thuilleadh leis an gcabhair sin a thabhairt dóibh.

Níl a fhios agam an é sin an cás, mar i gcuid de na Gaeltachtaí faoi láthair níl morán Gaeilge á labhairt ann. Cuireann sé sin isteach ar mhuintir na Galltachta nuair a bhíonn a fhios acu go bhfuil deontais faoi leith le fáil ag muintir na Gaeltachta fiú amháin in áiteacha nach labh-artar Gaeilge mar gnáththeanga. Caithfidh an tAire an cheist sin a scrudú freisin.

Tá 4,000 daoine ag obair sna Gael-tachtaí faoi láthair agus go deimhin is féidir linn a rá muna mbeadh an t-iar-chomhlact Gaeltarra Éireann nó an tÚdarás faoi láthair ann nach mbeadh na daoine sin ag obair chor ar bith, agus caithfimid ár mbuíochas a ghabháil leis na daoine a chuir na postanna sin ar fáil. Is feidir linn a rá go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le mion-tionscail i nGaeltacht ar bith agus is féidir comparáid a dhéanamh idir mion-tinscail san Ghaeltacht agus mór-thionscail sa Ghalltacht mar tá tábhacht faoi leith ag baint le post ar bith a cuireadh ar fáil i nGaeltacht ar bith agus dá bhrí sin is í an fhadhb is mó atá ag an Aire faoi láthair ná ceist Údarás na Gaeltachta a réiteach agus a shocrú ionas nach mbeidh cúlchaint ar siúl a bheas ag déanamh dochair i dtaobh tionscal bréige a bhunú sna Gaeltachtaí. Deireann sé freisin:

Tuigimidne gurb í an Ghaeilge atá le cur chun cinn agus nach é an dátheangachas atá le cothú.

Níl fhios agam an bhfuil an ceart aige ansin. Is mian le chuile dhuine sa Teach seo go mbeadh an Ghaeilge mar theanga ghnáthlabhartha sa tír ach ní mar sin atá agus sílim féin ní mar sin a bheidh go fada an lá. Caithfimid leanúint ar aghaidh leis an obair. Sílim féin go mba chóir don Rialtas faoi láthair aidhm an dáthean-gachais a leathnú agus a fhorbairt go fóill, agus má thagann sé sin amach i gceart, is féidir ansin aidhm an teanga amháin mar theanga ghnáthlabhartha a fhorbairt arís.

Mar adúirt me, bhí díospóireacht sa Teach le déanaí agus dúirt an Teachta De Rossa ansin go raibh sé ag fiafraí den Aire, an raibh níos mó airgid faighte ag an Údarás ná mar ba chóir, ná mar a leagadh síos san Acht. Dúirt sé freisin go raibh eolas aige ó na figiúirí a cuireadh amach go mb'fhéidir go raibh dí-scríobhanna de £20 milliún ag an Údarás sa chéad dá bhliain ó bunaíodh iad. Nuair a bheas an tAire ag freagairt ar an Meastachán seo, caithfidh sé labhairt amach agus mion-eolas cruinn a thabhairt don Teach faoin méid airgid atá ag an Údarás agus faoin méid airgid atá dí-scríofa acu le cúpla bliain anuas.

Freisin, is cóir don iar-Aire, an Teachta O'Toole, teacht isteach anseo agus labhairt ar an Mheastachán, agus tá súil agam go mbeidh sé ag déanamh sin. Tá foireann chaimiléireachta ag déanamh scrúdaithe ar chuid den obair a bhí ar siúl ag an Údarás. Nuair a bhí an t-iar-Aire ag cur amach ráiteas go mbeadh scrúdú Rialtais bunaithe faoin obair a bhí ar siúl ag an Údarás, ní raibh téarmaí tagartha luaite nó curtha amach, is dóigh liomsa, sa Roinn. Dúirt an tAire atá ann faoi láthair nuair a tháinig sé isteach sa Roinn nach raibh tearmaí tagartha ar bith le fáil aige. Is dóigh liom nuair a bheas an t-iar-Aire ag labhairt go ndéanfaidh sé an cás faoi sin a phlé agus tá súil agam go mbeidh an cheist sin a pléite go cruinn sa Teach. Is ceist an-tábhachtach é agus is fadhb mhór don Aire agus don Roinn í faoi láthair. Níl an mion-eolas sin agamsa ach tá sé ag an Aire faoi láthair agus is cinnte go raibh sé ag an iar-Aire. Bhí an cheist sin pléite sa Teach cheana féin agus mar sin tá fhios ag chuile dhuine gur fadhb an-tábhachtach í agus go gcaithfidh an tAire and cheist sin a réiteach.

Beidh mise ag faire go géar ar Aire na Gaeltachta anseo. Beidh mé ag comh-oibriú leis fhad is a bhíonn sár-obair á déanamh aige, ach mar a dúirt mé ar dtús, beidh air teacht anseo chuig an Teach agus freagraí a thabhairt dúinn muna mbíonn a chuid oibre á déanamh aige mar ba chóir, agus ag an Údarás.

Ba mhaith liom ar an ócáid seo comhgháirdeas a dhéanamh leat as ucht do chéad dualgas i do cheapachán nua a bheith curtha uait agat.

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom tréaslú le Aire na Gaeltachta go foirmeálta, agus tá súil agam go n-éireoidh leis sna pleananna atá aige agus a bheidh le cur i gcrích aige fhad is a bheidh cúram cúrsaí na Gaeltachta agus na Gaeilge aige. Tuigim go maith gur léirigh sé an fhealsúnacht bhunúsach atá aige an mhí seo caite nuair a bhí sé ag caint i ndíospóireacht a bhain le cúrsaí na cáinfhaisnéise. Ba mhaith liom tréaslú chomh maith leis an Teachta nua óg ó Chontae Mhaigh Eo, Enda Kenny. Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis san urlabhraíocht atá aige do Fhine Gael ar chúrsaí Ghaeilge agus Ghaeltachta.

Ag an am chéanna, nílim ag rá go n-aontaím leis an bun-fhealsúnacht atá ag na Teachtaí i leith cúrsaí Ghaeilge agus Ghaeltachta. Cheap mé agus mé ag éisteacht leis an méid a dúirt an Teachta Kenny go bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí ag an am seo bun-struchtúr na nGaeltachtaí a phlé agus an cheist a chur orainn an bhfuil aon phlean fiúntach ann do chúrsaí Ghaeilge nó chun na Gaeltachtaí a fhorbairt, seachas bheith ag cur beagáinín níos mó leis an scamall atá curtha mór-thimpeall an Údaráis, agus roimhe sin mór-thimpeall Ghaeltarra Éireann.

Aontaím leis na Teachtaí a labhair go minic sa Teach seo agus a luaigh na deac-rachtaí speisialta a bhaineann leis na Gaeltachtaí. Tá deacrachtaí faoi leith ann. Ar an gcéad dul síos, tá deacrachtaí fisiciúla ann. Tá an talamh sna limistéir Gaeltachta go dona. Tá na feirmeacha an-bheag ar fad; tá siad i bhfad ó na margaí; tá na bóithre go dona, tá na seirbhísí go dona agus caithfear iad seo a choimeád san áireamh i gcónaí. Freisin, caithfimid coimeád san áireamh an tír go ginearálta faoi phleanáil eacnamaíochta.

Rinneadh iarracht tús a chur leis i 1958, agus ón am a cuireadh an IDA ar bun i 1949 agus a leathnaíodh cumhachtaí an IDA, bhí buntáistí áirithe le fáil ag eag-rais éagsúla, mar shampla, Gaeltarra Éireann. Ach bhí díomá ar dhaoine nach bhfuair an IDA níos mó cumhachtaí ná mar a fuair siad ins an Acht bunaithe. Bhí na coinníollacha eacnamaíochta anseo, na bun-choinníollacha, níos deacra ná na coinníollacha in aon tír eile. Ag an am chéanna, tá ar Údarás na Gaeltachta, agus roimhe sin bhí ar Ghaeltarra Éireann, dul in iomaíocht leis na heagrais eile a bhí ag plé le forbairt tionsclaíochta a chur ar aghaidh ar choinníollacha a bhí cothrom.

Ní raibh aon phlean ar leith chun forbairt speisialta a dhéanamh sna Gaeltachtaí. Tá na deacrachtaí ann, agus nílim sásta go bhfuil na téarmaí tagartha atá ag an Údarás sách-leathan chun freastal a dhéanamh ar na deacrachtaí sin. Tá mé ag iarraidh anois cabhrú leis an Aire polasaithe a bhunú agus a leathnú do na limistéir Ghaeltachta. Mar shampla, nuair a cuireadh an tÚdarás ar bun i 1979, dúradh i ndíospóireacht sa Teach go mbeadh, san am a bhí le teacht, an ceart ag an Údarás bun-seirbhísí a chur ar fáil. Táim i mo bhall de chomhairle chontae agus tá a fhios agam nach raibh na comh-airleoirí contae sásta na cumhachtaí a bhí acu a thabhairt don Údarás chun na bunseirbhísí céanna a chur ar fáil. Táim féin ag rá ar son Pháirtí an Lucht Oibre go bhfuil mé i bhfábhar cumhachtaí an Údaráis a leathnú chun go mbeadh sé ar a gcumas dul i mbun na hoibre seirbhísí bunúsacha ar nós boithre agus mar sin de a chur ar fáil.

I ndáiríre tá mé ag caint ar mhion-rudaí, mar an rud a chuireann iontas orm féin ná chomh minic is a pléadh fadhbanna na Gaeltachta agus fadhbanna na Gaeilge gan aon phlean fiúntach a bheith mar thoradh air. Mar shampla, ceapaim féin go bhfuil an tuarascáil a chuireadh amach i 1926 —Report on the Gaeltacht— ar cheann des na tuarascála is fearr a cuireadh riamh i gcló sa tír seo. Tá moltaí ann agus tá éifeacht ag baint leis na moltaí sin fós. Cuireadh coimisiún ar bun sna seascaidí, agus déanadh staidéar ar na limistéir Ghaeltachta go minic. Mar shampla, Rinne an tIonad Staidéir ar Chursaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh taighde ar na limistéir Ghaeltachta sna seachtódaí. Chuir an Foras Forbartha tuarascáil speisialta i gcló i 1971.

Gníomh don Ghaeltacht.

Tá an ceart ag an Teachta: cuireadh Gníomh don Ghaeltacht i gcló. Táim sásta nach bhfuil aon easpa tuarascálacha agaibh nach bhfuil aon easpa taighde den sean-aimsir ann. Tá gá le fíricí agus staidreamh nua-aim-seartha. Tá a lán eolais againn suas go dtí b'fhéidir an bhliain 1978 ach níl a dhóthain eolais againn ón mbliain sin ar aghaidh, is é sin ón am a bunaíodh an tUdarás go dtí inniu. Tá mé ag iarraidh ar an Aire an méid eolais agus is féidir, an t-eolas statisticiúil agus eolas mar sin, a thabhairt dúinn i dtuarascáil ceart san am atá le teacht.

Táimid ag plé cúrsaí na Gaeltachta agus an Mheastacháin do Roinn na Gaeltachta, ba cheart dúinn a thabhairt san áireamh chomh maith go bhfuil deacracht eile ag baint le dreamanna ar nós an Údaráis agus Gaeltarra Éireann a bhí ann roimh an Údarás. Is é sin go bhfuil dhá aidhm ann i gconaí agus go minic bíonn siad in iomaíocht le chéile. Ó 1926 ar aghaidh dúirt gach tuarascáil agus gach Aire go raibh an cúram aige nó aici go raibh sé mar chuspóir ag Rialtais a bhí i gcumhacht ag an am an Ghaeilge a leathnú agus í a thabhairt ar ais agus go mbeadh sé níos mó in úsáid, go raibh sé mar chuspóir ag an Rialtas an Ghaeilge a chothbháil sna Gaeltachtaí. Ag an am chéanna bhí an darna cuspóir ann, an tionsclaíocht a mhealladh dos na Gaeltachtaí. Ní hionann an dá chuspóir agus mar a dúirt mé go minic bhí siad in iomaíocht le chéile. Mar shampla, ma theastaíonn uait bheith i ndáiríre faoin Ghaeltacht agus faoi stair na forbartha sna limistéir Ghaeltachta, caithfidh tú a admháil go mbíonn deacrachtaí ann, mar shampla, tionscail a bhunú agus córas bainistíochta a bhunú agus a eagrú i gceart nuair a bhíonn ort na bainisteorí a fháil agus bun-choinníoll lena bhfostaíocht go mbeadh Gaeilge acu. Bhí an deacracht sin ann agus tá an deacracht sin ann i gcónai. Is é sin, bíonn an cuspóir i leith na teanga go minic in iomaíocht leis an gcuspóir i leith na tionsclaíochta agus i leith na forbartha. Ba cheart sin a choimeád san áireamh i gcónaí.

Is é atá á rá agam go dtí seo ná go bhfuil bun-deacrachtaí ann i gcónaí maidir leis na limistéir Ghaeltachta, agus go gcaithfimid a choinneáil san áireamh i gcónaí go bhfuil bun-deacrachtaí ar leibhéal fisiciúil a luaigh mé ann i leith chúrsaí eacnamaíochta. Tá deacrachtaí ar leith ann i gcúrsaí sóisialta. Tá deac-rachtaí ar leith ann i gcúrsaí margaíochta, agus ag an am chéanna níl fós agus ní raibh riamh ag aon eagras a bhí an cúram air an Ghaeltacht a shlánú nó an Ghaeilge a shlánú sna limistéir Ghaeltachta dóthain cumhachtaí chun é sin a dhéanamh.

Chun an rud a chur san chomhthéacs ceart agus dar ndóigh i gcomhthéacs náisiúnta, dúirt me chomh maith go rabhamar ag tabhairt faoi fhadbhanna na Gaeltachta agus ag an am chéanna, ar leibhéal náisiúnta, nach raibh aon phlean ceart ann i leith fostaíocht a chruthú, mar shampla. Bhí ar an IDA infheistíocht a mhealladh don tír seo agus tionscail a bhunú agus ní raibh aon slat tomhais ann chun a fháil amach an raibh ag éirí leis an IDA agus muidne ag coinneáil san áireamh an sórt plean a bhí i gceist ag Rialtas an ama. Ní raibh aon phlean ceart aimsithe don tír i gcoitinne. Anois táimid ag iarraidh ar na eagrais a bhfuil cúram na Gaeltachta acu, táimid ag iarraidh orthu oibriú agus ag cur ina luí orthu go bhfuil plean ann ar leibhéal náisiúnta, go bhfuil rud éigin ann, gur féidir an méid atá déanta acusan a chur i gcomparáid le rud éigin atá déanta ar leibhéal náisiúnta. Tá ráiméis ag baint le sin. Ní féidir sin a dhéanamh. Bheadh suim ar leith agam da mba rud go raibh éinne in ann a thaispeáint dom féin conas is féidir an méid atá déanta ag an IDA a chur i gcomparáid leis an méid a bhí déanta ag an Aire nó atá déanta ag an Údarás. Tá an laige chéanna ag baint leis na heagrais go léir: caithfidh siad oibriú gan aon phlean aimsithe don tír i gcúrsaí eacnamaíochta, fostaíochta agus infheistíochta.

Dar ndóigh bheadh sé i bhfad níos éascaí Údarás ar bith nó do Ghaeltarra nuair a bhí sé ann dá mba rud go raibh plean réigiúnda ann. I dtíortha eile ní amháin go bhfuil pleanáil ar leibhéal náisiúnta ach de ghnáth, san Iodáil, mar shampla, nó san Ghréig, ina bhfuil réigiúin iargúlta, bíonn pleananna speisialta ann chun an fhorbairt ar leibhéal réigiúnda a chur ar aghaidh. Níl aon chosúlacht air go raibh sé ar intinn riamh ag na Rialtais a bhí i gcumhacht an chuid is mó den am ó bunaíodh an Stát seo gur ghlac siad le pleanáil ar scála réigiúnda. Chuir sin laige eile sna coinníollacha ina raibh ar an Údarás agus roimhe sin ar Ghaeltarra Éireann obair a dhéanamh. Ceapaim féin go raibh laige eile mór ann agus ba mhaith liom é seo a aimsiú go cruinn. Is é sin an stíl polaitíoctha atá ag obair san tír seo. Thug mé go minic agus mise ag scríobh faoi, thug mé córas an fhábhair air. Más fíor go bhfuil deaccrachtaí ar leith ar leibhéal fisiciúil agus ar leibhéal eacnamaíochta agus sóisialta ag baint le áiteacha iargúlta mar atá san Iodáil Theas agus i gcuid den Ghréig agus tíortha mar iad, bíonn stíl polaitíochta ar leith ann chomh maith agus is féidir polaitíocht an bhochtanais a thabhairt air.

Go minic glacann daoine mar an gnáth-theagmháil atá acu leis an Stát agus le seirbhísí an Stáit go gcaithfidh tú dul go dtí idirghabhálaí éigin, sórt political saint. Thug me féin an teideal "córas an fhábhair" ar an stíl polaitíochta seo. Is féidir a rá go bhfuil sé ag obair ar fud na tíre seo i gcoitinne. Ach cuirim béim ar leith ar an stíl polaitíochta seo sna Gaeltachtaí. Tá mé ag caint faoi chuile shórt dream polaitíochta faoi seo. Nílim ag cur milleáin ar aon dream speisialta go raibh sé mar laige eile i ngnáthchúrsaí na nGhaeltachtaí. Nuair a bhí mise ag déanamh léirmheas ar an Údarás san bhliain atá imithe, dúirt mé go raibh sé thar am go mbeadh plean cheart ag an Údarás. Dúirt mé chomh maith — agus caithfidh mé a rá gur b'fhéidir eisceachtaí a bheith ann go minic—go raibh daoine ar na baill tofa den Údarás a chuir ina luí ar daoine na Gaeltachta go raibh an mhuintir seo ag fáil na seirbhísí agus na deontas de bharr iarrachtaí na mball, in ionad a léiriú dóibh go raibh polasaí an Rialtais nó polasaí an Údaráis á chur i gcrích. B'shin an léirmheas a rinne mé ar na baill tofa den Údarás ág an am. B'shin an t-aon léirmheas amháin, mar is é dearcadh mo pháirtí agus mo dhearcadh féin go gcaithfimid tacaíocht a thabhairt don eagras atá ag déanamh iarracht tionscail a mhealladh don Ghaeltacht. Caithfimid chomh maith le sin glacadh leis go bhfuil níos mó cumhachtaí ag teastáil go géar ón eagras céanna. Táim sásta na cumh-achtaí breise a thabhairt don Údarás.

Tá sé tábhachtach chomh maith le sin go gcuírfimid go léir brú ar an Rialtas ar leibhéal náisiúnta sórt commitment a dhéanamh do chóras pleanála a dhéanfaidh sé i bhfad níos éasca don Údarás a gcuid oibre a dhéanamh. Chomh maith le sin, caithfidh mé cúpla mion-phointí a dhéanamh maidir leis an léirmheas atá déanta ar an Údarás agus a deineadh ar Ghaeltarra Éireann. Dá mba rud é go raibh ag teastáil uait bheith ionraiciúil faoi, mar shampla, cúrsaí an Údaráis agus cursaí Ghaeltarra Éireann bhraithfeadh sé go mór ar an chóras cun-tasaíochta atá i gceist.

Mar shampla, dá gcuirfí san áireamh na deacrachtaí spesialta a luaigh mé a bhaineann le bun-struchtúr na gcostas breise atá ann de bharr na ndeacrachtaí speisialta i gcaiteachas iomlán an Udaráis, an mbeifí ag teacht síos chomh dian orthu is atáthar faoi láthair, dá mba rud é go raibh deontais speisialta ann chun tionscail a mhealladh don Ghaeltacht, mar shampla, deontais speisialta i leith cúrsaí taistil, i leith cúrsaí fuinnimh agus rudaí mar sin. Cuirim m'aghaidh go láidir i gcoinne iadsan atá ag déanamh iarracht an méid atá ag tarlú sna Gaeltachtaí a thomhas le slat tomhais atá i bhfad níos feiliúnaí do chomhlacht tráchtála nó chomhlacht príobháideach atá ag obair taobh istigh de choinníollacha tionsclaíochta príobháideach. Ní hionann an dá rud. Chuirmuidne an dualgas ar na heagrais atá ag plé leis na Gaeltachtaí agus leis an Ghaeilge nithe speisialta a dhéanamh do mhuintir na Gaeltachta, agus is féidir a thaispéaint gur orainne mar "legislators", mar Theachtaí agus mar Sheanadóirí, atá an locht toisc nach ndearnamar aon iarracht cheart na ceachtanna a fhoghlaim ó na tuarascálacha a bhí againn le fada. Is cabhair bhreise atá ag teastáil sna Gaeltachtaí agus ó na heagrais atá ag obair chun an Ghaeilge a leathnú agus úsáid na Gaeilge a chur ar aghaidh.

Tá deacrachtaí eile ag dul i gcion ar na heagrais atá ag plé le cúrsaí na Gaeltachta agus cúrsaí na Gaeilge. Tá deacrachtaí ann ar leibhéal rialacháin, ar leibhéal bureaucracy. Is féidir a thaispeáint go minic go dtéann polasaithe na Ranna eile nach bhfuil cúram na Gaeltachta agus cúram na Gaeilge orthu mar phríomh-dhualgas, go dtéann sé i gcion ar na Gaeltachtaí agus ar an Ghaeilge go minic i stíl nach bhfuil sásúil don aidhm seo an Ghaeilge a leathnú agus a neartú, mar shampla, an chaoi inar cuireadh chomh-nascadh na scoileanna le chéile, ní raibh sé in oiriúint do bhunchoinníollacha na nGaeltachtaí, don Ghaeilge ná do na heagrais a bhí ag plé leis an Ghaeilge. Tógadh scoileanna le chéile agus go minic i dtimpeallacht na scoileanna céanna bhí an scoil nua ag tógáil iadsan nach raibh Gaeilge acu, a raibh Béarla acu, isteach san scoil chéanna. Ba é an toradh a bhí leis ná gur tháinig meath ar úsáid na Gaeilge agus ar chaighdeán na Gaeilge a bhí ag na páistí agus ní raibh an spreagadh ná an dóchas céanna ag na múinteoirí a bhí "commitment" acu chun an Gaeilge a chur ar aghaidh.

Dar ndóigh an sórt slat tomhais atá acu, an cheist a chuireann siad ar an Údarás agus ar Ghaeltarra Éireann nár éirigh leo an leibhéal daonra a choinneáil, nó ar éirigh leo deireadh a chur leis an ráta imirce. Sin criterion amháin. An cheist eile gur minic a chuir siad ar Ghaeltarra Éireann agus a chuireann siad ar an Údarás inniu ná an bhfuil ag éirigh leis an Údarás na postanna atá ag teastáil a chur ar fáil sna Gaeltachtaí. Más rud é go bhfuilimid i ndáiríre faoi na ceisteanna sin, an bhfuil ag éirigh linn ar leibhéal náisiúnta an daonra a choinneáil san háiteanna ceart? An bhfuil ag éirigh linn an líon fostaíochta a shroichint atá ag teastáil chun postanna a thabhairt do na daoine óga atá ag fágáil na bhfeir-meacha, atá ag teacht amach as na scoileanna agus mar sin de? Chun an fhírinne a rá, níl ag éirigh linn, mar níl córas pleanála eacnamaíochta ceart againn. Dá bharr sin tá sé beagáinín ciniciúil bheith ag féachaint ar na Gaeltachtaí agus ar mhuintir na Gaeltachta agus ag iarraidh ar na heagrais atá ag plé lena ndeac-rachtaí rud éigin a bhaint amach nach bhfuilimid féin sásta glacadh mar aidhm náisiúnta ar leibhéal náisiúnta.

I dtuarascáil an Fhorais Fhorbartha 1971, dúirt siad go mbeadh gá le 1,200 postanna nua chun an daonra a choinneáil agus chun an Ghaeilge a chaomhnú sna Gaeltachtaí. Níor éirigh le Gaeltarra Éireann nuair a bhí an cúram acusan ach amháin sa mhéid postanna a chur siad ar fáil. Níor shroich siad aon sprioc ach amháin an tuarascáil 1965. Nílim ag cur milleáin ar Ghaeltarra Éireann faoi sin. Is féidir sin a dhéanamh má tá tú sásta na foinsí airgid a chur ar fáil, an t-eagras a chur ar fáil agus tabhairt faoi i gceart le pleanáil ceart. Sé mo thuairim phearsanta go rabhaimid ag brath an iomarca ar thionsclaíocht phríobháideach, agus má tá dóchas ar bith ann, caithfimid brath ar infheistíocht Stáit chun an tionsclaíocht a chur ar fáil sna Gaeltachtaí, chun an daonra a choinneáil ann, chun an Ghaeilge a choinneáil in úsáid sna Gaeltachtaí éagsúla. Is féidir sin a dhéanamh.

Tá sé tábhachtach, agus is deacair é a dhéanamh sa tír seo, go mbeadh daoine sásta admháil go raibh siad mícheart faoi thuaraimí a bhí acu i gcúrsaí polaitíochta nó eacnamaíochta nó cúrsaí tionscail nó mar sin de. Glacaim go bhfuil tuairim nua ag an Údarás anois i leith a bpolasaí tionsclaíochta. Tá siad ag cur an bhéim na laethanta seo ar achmhainn nadúrtha. Tá an ceart acu, agus b'fhéidir mar thoradh leis nach mbeidh sé ar a gcumas an méid céanna postanna a chur ar fáil. Ceapaim gur rud maith é nach mbeidh siad sásta glacadh le haon sórt tionsclaíocht atá sásta dul síos go dtí na Gaeltachtaí. Aontaím le sin, mar ceann de na rudaí is measa sna Gaeltachtaí ná na fadhbanna a tharlaíonn nuair a dhúnfar na doirse i monarchana éagsúla. Bíonn easpa dóchais ann agus déanann sé a lán dochair do na comhluadair éagsúla ar fud na nGaeltachtaí. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh an ráta tionsclaíochta níos moille ach é a bheith ar a laghad i bhfad níos seasta ná mar a bhí. Tá acmhainn nádúrtha ann. Go minic bím ag éisteacht le daoine ag caint, mar shampla, i dtaobh an tábhachta atá ag baint le tionscal na hiascaireachta sna Gaeltachtaí éagsúla. Chun an fhírinne a rá, má tá tú ag caint faoi thionscal na hiascaireachta den sean-saol, ar an leibhéil traidisiúnta, tá na buntáistí is mó in iarthar na hÉireann ag baint leis na limistéir nach bhfuil Gaeltachtaí iontu. Tá na céibheanna níos fearr. Ní raibh a lán buntáistí ag baint leis an sean-nós iascaireachta agus bhí deac-rachtaí ann i gcónaí maidir le céibheanna sna limistéir Ghaeltachta, ach tá seans iontach againn i leith feilméireachta éisc mar shampla, agus molaim go mór agus go tréan ar an Aire go dtabharfaidh sé aon chabhair atá ag teacht chun sin a chur ar aghaidh sna limistéir Ghaeltachta. Sé mo mheas phearsanta gur féidir, taobh istigh de 20 bliain, níos mó ná 3,000 jobanna a chur ar fáil sna contaethe san iarthar ina bhfuil Gaeltachtaí iontu, jobanna seasta a chur ar fáil ach an chabhair cheart a thabhairt do feilméireachta éisc.

Is cuimhin liom go maith nuair a bhí mé ag déanamh iarracht an Ghaeilge a fhoghlam sna seascaidí — níl sé foghlamtha i gceart agam fós agus tá súil agam go mbeidh Gaeilge níos fearr agus níos líofa ag mo chlann féin ná tá agam — nuair a bhí mé ag dul go dtí an Ghaeltacht don chéad uair is minic a chuala mé daoine ag rá nach raibh seans ar bith ag for-aoiseacht sna limistéir Ghaeltachta. Tharla sé gur theip ar cúpla scéimeanna bheaga in 1890 agus bhí long memory ag na daoine i gcónaí nach mbeadh brabach ar bith ag baint le crainn sna limistéir Ghaeltachta. Tá an chontúirt ann go mbeidh na tuairimí céanna ag daoine faoi fheilméireacht éisc muna dtabharfar an t-airgead ceart don obair seo. Iarraim ar an Aire chomh maith cúram speisialta a thabhairt faoin gcaoi ina bhfuil feilméireachta éisc eagraithe taobh istigh des na comhlachtaí a bhfuil cúram fúthu ag an Údarás faoi láthair.

Nuair atá tú ag cur tús le rud nua ní féidir leat bheith ag féachaint ar an infheistíocht agus an cheist a chur ort fhéin: an féidir liom toradh a fháil ón infheistíocht seo taobh istigh de bhliain nó dhó? Tá deacrachtaí speisialta ann, mar shampla, sna limistéir Ghaeltachta i leith feilméireacht éisc. Níl aon plean ceart againn maidir le céibheanna. Mar shampla, tá deacrachtaí ann faoin mBunreacht: Cé acu a bhfuil úinearacht an chósta? An iad daoine atá teagmháil leis an fharraige acu agus suim acu i bhfeilméireacht éisc agus mar sin de? Aon duine óg nó dream beag a mbeadh suim acu i bhfeilméireacht éisc, caithfidh siad plé le timpeall ocht dreamanna éagsúla chun eolas a fháil amach conas ar féidir leo tús a chur le scéim bheag nó scéim mhór a bheadh ar a n-intinn.

Tá díchéillí ann agus ba ceart dúinn gach cúram a bhaineann leis an fharraige a bhailiú le chéile faoi chúram Roinn amháin a bheadh cúram na farraige agus cúrsaí iascaireachta ag baint leo. Chomh maith leis sin, caithfidh mé iarraidh ar an Aire an féidir leis a rá nach bhfuil meath ag teacht ar úsáid na Gaeilge? Go minic tá se an-éasca ar fad óráid a thabhairt faoin tábhacht atá ag baint leis an Ghaeilge mar mheán cumarsáide ach má thógann tú na staidrimh in áireamh, tá laghdú uafásach ó na dachadaí go dtí na seachtóidí in úsáid na Gaeilge ar fud na tíre. Tá laghdú ó 40 faoin gcéad — figiúr garbh atá agam — go timpeall níos lú na cúig faoin gcéad — táim ag glacadh anois leis na figiúirí a bhí i dtuarascáil an Fhorais Forbartha 1971. Tá contúirt níos mó ann, sé sin, go bhfuil laghdú ann ag teacht in úsáid na Gaeilge sna Gaeltachtaí féin. Bhí an chontúirt sin ann i gcónaí ó na tionscail a bhí ag teacht isteach iontu: tháinig siad i gcoinne úsáid na Gaeilge. Tá an fhianaise againn go bhfuil laghdú ag teacht ar úsáid na Gaeilge agus caithfimid rud éigean fiúntach a dhéanamh faoi.

Is mian liom moltaí a thabhairt don Aire faoi sin. Chuir sé díomá orm nach raibh Comharchumann Chois Fharraige in ann dul ar aghaidh le téacsleabhair a chur i gcló. Tá gá ann fós le téacsleabhair nua-aimsire do na múinteoirí agus na scoláirí sna limistéir Ghaeltachta. Tá gá chomh maith le modhanna teagaisc nua-aimsire a thabhairt isteach sna scoileanna, agus ba cheart go mbeadh an t-airgead le fáil chun sin a dhéanamh. Tá gá ann freisin go gcuirfí deireadh leis na deacrachtaí atá ann ag na heagraisí éagsúla atá ag déanamh iarracht rud éigean fiúntach a dhéanamh sna Gaeltachtaí chun go mbeadh sé ar chumas tuismitheoirí oideachas trí Ghaeilge a fháil sna scoileanna. Iarraim ar an Aire aird speisialta a thabhairt ar an iarratas atá curtha isteach don Roinn ar chúnamh a thabhairt do scoileanna Ghaeilge atá ag déanamh iarracht maith oideachas a chur ar fáil i nGaeilge mar mheán-theagasc sna Gaeltachtaí agus áiteanna eile. Tá mé sásta glacadh leis na moltaí atá acu. Tuigim go bhfuair siad cabhair ón Aire Seán Mac Liam i 1978 agus 1979, agus glacaim leis sin, ach is ceart dúinn an credit a thabhairt do dhaoine atá sásta rud éigean a dhéanamh i leith na Gaeilge. Tá a lán le déanamh fós agus tá curtha os comhair na Roinne acu na deacrachtaí speisialta atá acu i nDún na nGall. Iarraim ar an Aire teacht i gcabhair acu chun deireadh a chur leis na deacrachtaí sin.

Luaigh mé cheana na deacrachtaí atá ag daoine sna Gaeltachtaí ó Rannaí nach bhfuil an céad-chúram orthu cursaí Ghaeilge agus Ghaeltachtaí, agus ba cheart go gcuirfí deireadh leis na botúin stát-seirbhíseach san.

Ba chóir dúinn, a bheimid ag plé Mheastachán Roinn na Gaeltachta, an cheist a chur orainn féin chomh maith: an bhfuil ár ndóthain á dhéanamh againn féin an Ghaeilge a chur i ngnáth-úsáid sa tír seo? Tá an dátheangachas mar pholasaí ag mo pháirtí, Páirtí an Lucht Oibre, ach caithim a rá go bhfuil mo reservations ar leibhéal pearsanta i dtaobh an dátheangachais chéanna. Ní cóir dom iad sin a lua anseo inniu, ach tá leagan den dátheangachas ann agus nílim sásta go gcabhraíonn siad don Ghaeilge, don Bhéarla nó d'aon rud eile — beidh seans agam caint faoi sin ar ócáid eile agus tá ar intinn agam é sin a dhéanamh.

Ceist go mba cheart dúinn cur orainn anseo ná an bhfuil an comhoibriú is cóir idir Bord na Gaeilge agus na heagraisí Ghaeilge eile? Tá airgead Stáit ag dul go Bord na Gaeilge, agus suimeanna beaga do eagraíochtaí eile, ach ba cheart go mbeadh comhoibriú níos dhlúithe eatarthu. Tá deacrachtaí eile ann, ar ndóigh, ceann acu go bhfuil easpa chreidiúint i measc pobail na Gaeltachta, an dream, go háirithe, atá ag múineadh Béarla do ghasúir, an bhfuil Rialtas ar bith sa tír atá i ndáiríre faoin Ghaeltacht nó faoin Ghaeilge? Caithfimid deireadh a chur leis an easpa muiníne sin.

Agus muidne ag plé cúrsaí na nGaeltachtaí agus na Gaeilge, caithfimid ceist eile a chur orainn féin: an bhfuil an dualgas ar mhuintir na Gaeltachta amháin an Ghaeilge a choinneáil beo? Sin dualgas a chaithfidh an pobal iomlán a chur orainn féin. Mar shampla, céard atá dhá dhéanamh ag Gaeilgeoirí na gcathracha eagsúla? Tá súil agam go bhfuil an Ghaeilge níos láidre anois i nGaillimh ná mar a bhí sí riamh. Sílim go bhfuil sé ag teacht ar aghaidh. Táim im' Mhaoir i nGaillimh faoi láthair, ach le fada, seachas tréimhse ina raibh Mícheál Ó hUigin, ball Fhianna Fáil, ina Mhaor, ní raibh sé de nós ag Maoir na Gaillimhe úsáid a dhéanamh den Ghaeilge ar ócáidí Stáit. Chuir sé náire ormsa, agus rinne mé iarracht an Ghaeilge a thabhairt ar ais agus muidne ag déanamh teangbháil le daoine éagsúla agus iad ag teacht go Gaillimh ón chuid eile den tír agus ó thíortha that lear.

Má táimid i ndáiríre faoin Ghaeilge, ba cheart dúinn úsáid a dhéanamh di ar ócáidí mar sin. Táim im bhall de Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá daoine ann as áiteanna mar Charna agus Litir Mór. Bhí sé de nós acu, nuair a tháinig siad isteach den chéad uair, an Ghaeilge a úsáid go minic. Ach ní raibh aon chóras aistriúcháin ann, agus cuireadh brú orthu ó na comhairleoirí eile nach raibh Gaeilge acu, daoine a bhí leisciúil feabhas a chur ar an bheagáinín a bhí acu, agus anois tá sé de nós ag na Gaeilgeoirí sa chomhairle tosú i nGaeilge agus ansin leanann siad ar aghaidh as Béarla. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh translation service ann. Bheadh Bord na Gaeilge ag caitheamh an airgid i gceart dá dtiocfadh siad i gcabhair Chomhairle Chontae na Gaillimhe an córas sin a chur ar fáil. Tá sé uafásach i gcomhairle chontae mar sin ina bhfuil daoine a bhfuil an Ghaeilge mar chéad-teanga acu, nach bhfuil an ceart acu an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-mheánchumarsáide. Bheadh tairbhe ag baint leis do na comhairleoirí eile.

Iarraim ar an Aire iniúchaint a dhéanamh ar an scéim deontais deisiú. Mar shampla, go minic tagann daoine isteach chugam agus bíonn deacrachtaí acu i dtaobh deontais tithíochta, nó rudaí mar sin. Deireann siad liom: "Tháinig an cigire isteach, bhí an cailín beag cúlántach, ní raibh sí in ann an Ghaeilge a úsáid, agus mar sin, agus chailleamar an deontas dá bharr". In ainm Dé, má tá daoine sásta filleadh don Ghaeltacht, tithe a thógaint agus cur fúthu san Ghaeltacht, jobanna a fháil agus mar sin de, an bhfuil aon chiall ag baint le bheith ag slat-tomhas mar sin nuair atá daoine ag iarraidh tithe a fháil dóibh fhéin? Tá sé in am dúinn airgead le haghaidh tithe a chur ar fáil sna Gaeltachtaí agus gan a bheith ag meascadh chuile rud le chéile. Bíodh mise ag cur milleáin ar na cigirí éagsúla, ach is deacair rudaí mar sin a thomhas. Go minic filleann daoine ó Shasana, agus molaim go mór iad, ach ba cheart go mbeimid ag cabhrú leo seachas bheith ag cur deacrachtaí rompu. Iarraim ar an Aire rud éigin a dhéanamh faoi sin.

Maidir leis na scéimeanna feabhsú atá sa Mheastachán, tá obair mhór le déanamh ar chéibheanna, muir-oib-reacha, scéimeanna uisce agus struchtúir eile chun leas na nGaeltachtaí mar réigiún a chur ar aghaidh. Tá ardú sa Mheastachán 31 faoin gcéad i dtaobh seo agus is féidir úsáid mhaith a dhéanamh dó. Maidir le cúrsaí tithíochta, an méadú atá ann ní mór é chun caiteachas ar leibhéal na bliana seo a choinneáil. Tá gá le airgead breise. Tá gá le airgead breise freisin ar son feabhsúcháin tithíochta agus tá súil agam go mbeidh an tAire in ann é sin a fháil.

Rud eile a chuireann amhras orm féin ná an chaoi ina bhfuil laghdú ag teacht ar líon na scoláirí atá ag teacht go dtí na coláistí samhraidh. Caithim ceist a chur orm féin cén fáth? An ceist airgid é, an bhfuil laghdú ar an méid Ghaeilge atá dá teagasc ins na scoileanna, an bhfuil laghdú ag teacht i suim na ndaoine sa chuid eile den tír san Ghaeilge? Iarraim ar an Aire athbhreithniú a dhéanamh ar an chaoi a bhfuil an scéal i dtaobh teagasc trí mheán na Gaeilge. Dá mbeadh breis airgid le fáil ag an Regional Technical College i nGaillimh bheadh sé ar a chumas cúrsaí a chur ar fáil i mbainistístíocht agus gnó trí mheán na Gaeilge. Aon phunt a chaithfear sa choláiste sin i gcúrsaí teicniúla den tsort sin beidh maitheas leis, go háirithe beidh maitheas ann don Ghaeltacht in iarthar na Gaillimhe. Chomh maith leis sin, in Acht a chuir Ollscoil na Gaillimhe ar bun cuireadh dualgas ar leith ar an choláiste céanna maidir le teagasc na teanga. Tá an chontúirt ann i gcónaí, má tá suim agat sa rud sean-aimseartha a phlé le cúrsaí na Gaeilge agus a phlé teagasc tré mheán na Gaeilge.

Táim sásta iarraidh ar an Aire breith-niú a dhéanamh ar an méid pointí atá déanta agam, go h-áirithe maidir leis na cumhachtaí nach bhfuil ag an Údarás fós; an tábhacht atá ag baint le cúrsaí pleanála, an gá atá ann go háirithe cabhair a thabhairt do nithe ar nós feilméireacht éisc agus scéimeanna forbartha eile; an gá atá ann go háirithe cabhair a thabhairt do na heagraisí atá ag plé le cúrsaí Gaeilge, iad sin atá ag déanamh iarracht an Ghaeilge a chur ar aghaidh mar ghnás teagaisc sna scoileanna éagsúla ar leibhéal éagsúil. Beidh mé sásta cabhrú leis in aon iarracht airgead breise a fháil dá Roinn.

Ba mhaith liom deireadh a chur mar sin leis an bhfáth gur luaigh mé go cruinn an léirmheas a rinne mé féin ar Údarás na Gaeltachta. Tá sé tábhachtach go gcuirfí deireadh leis an scamall atá mór-thimpeall an Údaráis. Tá súil agam go mbeidh deireadh leis ag deireadh na díospóireachta seo, mar tá obair le déanamh ag an Údarás agus an dualgas atá orainne agus aon duine atá dáiríre faoi na Gaeltachtaí agus an Ghaeilge ná an méid cabhair agus is féidir a thabhairt don eagras atá ag déanamh iarracht fostaíocht a chur ar aghaidh sa nGaeltacht. B'fhéidir go bhfuil sé ag teastáil go ndéanfaidh muid athbhreithniú ar an mbunreacht atá ag baint leis an Údarás, an chaoi atá sé curtha le chéile, an chaoi a n-oibríonn sé, na deacrachtaí speisialta atá ann, an ganntanas airgid atá ann agus, dar ndóigh, tá botúin ann agus ba cheart go mbeadh siad á gcíoradh go poiblí, ach tá súil agam ag deireadh na diospóireachta seo go mbeidh gach rud soiléir agus go mbeidh muid ag cur tús nua leis na scéimeanna a bheidh ag teacht chun cinn chun cúrsaí na Gaeltachta a shlánú.

Maidir leis sin, tá sé an-tábhachtach ar fad dóibh sin, mar shampla, atá ag déanamh cláir — agus rinneadh clár teilifíse le déanaí: cuirim féin go láidir i gcoinne iad sin a chuir isteach ar chúrsaí príobháideacha fear bocht a bhí tar éis bás a fháil, an chaoi a cuireadh isteach ar a chlann, agus ní maith liom iriseoireacht den sórt sin, ní raibh sé ag teastáil, agus ceapaim féin go raibh sé náireach. Rud eile, iad sin atá i ndáiríre faoin Údarás agus a bhfuil sé ar a n-intinn acu léarmheas a dhéanamh ar na heagraisí éagsúla, iarraim orthu sin féachaint siar go dtí na tuarascálacha éagsúla atá i gcló ó 1926 ar aghaidh, agus táim i ndáiríre faoi seo, a choinneáil ina n-aigne i gcónaí na deac-rachtaí speisialta atá ann ins na limistéir Ghaeltachta, mar caithfidh tú na deac-rachtaí sin a choimeád san áireamh i gcónaí. Bheadh sé an-éasca ar fad an cás a dhéanamh, mar shampla, dá mba rud é go raibh suim agat i dtionsclaíocht amháin, dá mba rud é go raibh sé ar intinn agat tionscail "to get the country on industrialisation" a chur ar fáil san tír seo san méid ama sparáilte, is féidir a bheith sásta glacadh le comhlucht ar bith sa tír seo. Ach beidh tú ag cur deireadh leis an seans atá ag muintir na Gaeltachta aon rud ceart a dhéanamh, aon dóchas atá acu lena gcomhluadair a shlánú.

Mar shampla, ceapaim féin go bhfuil rud ciniciúil ar bun idir iad sin atá sásta comparáid a dhéanamh idir an IDA agus an tÚdarás agus nach bhfuil sásta ag an am céanna comparáid a dhéanamh idir na coinníollacha éagsúla atá ann. Níl na coinníollacha céanna ann don IDA agus do Ghaeltarra. Luaigh mé na deacrachtaí speisialta atá ann. Chomh maith leis sin, níl an t-ábhar céanna ar fáil do na heag-raisí éagsúla agus tá sé thar a bheith in am go mbeadh an roinnt idir an IDA agus an tÚdarás soiléir.

Mar shampla, san tuarascáil deiridh a chur an IDA i gcló, an tagairt atá ann do na dualgaisí atá acu i leith na limistéar Gaeltachta, níl sé ró-chruinn agus ba mhaith liom féin go mbeadh an teangmháil idir an IDA agus an tÚdarás níos soiléire ná mar atá sé faoi láthair. Iad san atá sásta, agus táim féin san áireamh chomh maith, glacadh leis an obair mhaith atá á dhéanamh ag an IDA — agus tá botúin á ndéanamh acu chomh maith ach is féidir léirmheas a dhéanamh agus beidh seans againn caint ar an bpolasaí tionsclaíochta atá acu — iad sin atá sásta glacadh leis go bhfuil deacrachtaí ag an IDA and nach bhfuil sásta glacadh leis go bhfuil na deacrachtaí céanna agus deacrachtaí níos mó ag an Údarás, ba cheart dóibh cuimhniú go bhfuil sé an-éasca ar fad a bheith ag caitheamh síos ar an méid atá á dhéanamh ag na hoifigigh éagsúla san Údarás, agus cuirim i gcló nach bhfuil mise san áireamh ina measc mar táim anseo chun caint ar son na Gaeilge, ar son mhuintir na Gaeltachta agus ar son Pháirtí an Lucht Oibre. Sé an plean atá romham féin ná aon rud is féidir liom a dhéanamh cabhrú leis an Údarás a dhéanamh. B'fhéidir go gcaithimid ath-struchtúr a dhéanamh ar an Údarás. Táim sásta tabhairt faoi sin, ach caithfimid i gcónaí a choinneáil san áireamh na fadhbanna atá ann agus cén chaoi is féidir linn rud fiúntach a dhéanamh, agus tá sin i bhfad níos fearr ná bheith ag maslú daoine bochta agus clann duine bocht áirithe a fuair bás.

Tá gá le cláracha radio agus teilifíse a dhéanfadh iniúchadh ceart ar pholasaí tionsclaíochta na tíre seo, ar easpa pleanála, ar easpa pleanála réigiúnda, ar easpa pleanála do na háiteacha iargúlta, agus nílim sásta gur chabhraigh an clár sin le aon cheann de na cuspóirí sin.

Ní ghlacfaidh mise uair a chloig, ach ar an gcéad dul amach fáiltím roimh an Meastachán seo. Sé an t-aon locht atá air, "i mBéarla sé a locht a laghad". Ba mhaith liom comhgháirdeas a dhéanamh leis an Aire Pádraig Ó Floinn ins an bpost tábhachtach seo atá aige. Failtím roimh an ócáid cúpla focal a rá leis, agus go deimhin lena mhacasamhail ar an taobh eile den Teach, Enda Kenny. Tá Gaeltachtaí faoina gcúram agus mar adúirt an tUasal O hUiginn, Gaeltachtaí nach bhfuil na seirbhísí agus na háiseanna acu ba chóir a bheith, agus tá job an-mhór le déanamh acu agus ba mhaith liom, ar dóigh amháin nó ar dhóigh eile cibé cabhair agus tacaíocht a d'fhéadfainn a thabhairt dóibh a thabhairt.

Is suimiúil an rud é go bhfuil an bheirt acu, an tAire agus an T'eachta Kenny ó gContae Mhaigh Eo. Cuireann sé i gcuimhne dom an t-amhrán sin "Má mholtar le scéal is le hamhráin na fir a bhí tréan agus fíor". Ta súil agam go bhfaighfidh siad lorg ar mo Ghaeltachtsa nuair a bheas deireadh a saothair le feiceáil. Tuigim agus creidim go bhfuil suim ar leith ag an bheirt acu i gcúrsaí na Gaeltachta agus go speisialta ins an teanga. I ndeireadh na dála, nach í an teanga an t-aon rud go fírinneach a dhein na Gaeltachtaí. Caithfear grá agus bród ionraic a mhúscailt agus a chothú do páistí na Gaeltachta agus go háirithe ar nós na Gaeltachta agus labhairt na Gaelige i measc an aosa óig. Muna ndéanfar é sin, ní mhairfidh an Ghaeltacht agus go cinnte tiocfaidh meath íontach sciobtha ar labhairt na Gaeilge fiú amháin sa Ghaeltacht féin.

Mar gheall air sin, éiríonn an cheist i m'aigne féin — agus níl mé ach ag caint ar mo shon féin anseo — nár chóir go mbeadh freagracht b'fhéidir, agus cúram iomlán bunscoileanna agus b'fhéidir meánscoileanna na Gaeltachta faoi Aire na Gaeltachta, agus níos mó "input" aige i gcúrsaí na scoileanna sin. Mar atá sé faoi láthair, tá an iomarca Ranna Stáit ag plé le eagraíocht agus forbairt na Gaeltachta. Tá daoine ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht, b'fhéidir ar imeall na Gaeltachta, agus tá suim an-láidir acu ins an teanga agus i bhforbairt na Gaeilge. Cloisfidh tú uathu an cineál gearán go bhfuil airgead breise á thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus nach bhfuil suim níos mó acusan sa Ghaeilge ná atá ag na daoine seo atá, mar a déarfá, ar imeall na Gaeltachta.

Nuair a labhair mise sa Teach don chéad uair riamh rinne mé tagairt faoi leith do chuid de na rudaí sin. Fáiltím roimh an ócáid seo cúpla focal a rá ar na pointí céanna sin. Nílim ag dul a thagairt mórán do na cúrsaí tionsclaíochta agus rudaí mar sin, mar chomh fada agus is eol dúinn tá Teachtaí Dála eile de mo chuid féin le teacht isteach níos déanaí sa lá agus beidh siad ag déanamh tagairt do na rudaí sin.

Tá a fhios agamsa go n-íoctar tuarastail ar chéim níos airde do stát seirbhísigh áirithe sna Ghaeltachtaí ná mar a íoctar dá macasamhail sna Galltachtaí. Go deimhin, tá a fhios agam féin go bhfuil múinteoirí i scoileanna áirithe ag fáil íocaíochtaí speisialta nach bhfuil ar fáil ag múinteoirí eile ar na foirne múinteoireachta sna scoileanna chéanna. Níl sé ceart ná cóir ná ionraic go dtárlódh a leithéid. Tá eolas agamsa, eolas cruinn, ar scoileanna ina bhfuil sé ag tarlú. Luaigh mé é seo nuair a labhair mé roimhe seo sa Teach, ach níl a fhios agam an ndearnadh fiosrú ar bith faoin scéal. Tá mé ag iarraidh ar an Aire fiosrú iomlán a dhéanamh ar an gceist seo. Más é mian an Rialtais seo, agus go deimhin más é mian cibé Rialtas amach anseo, go n-íocfar airgead breise do stát seirbhísigh, is cuma más múinteoirí scoile nó garda síochána nó cigirí, nó duine ar bith eile, más mian leis an Rialtas go n-íocfar tuarastail bhreise sna Ghaeltachtaí do dhaoine mar iad, bíodh an méadar tomhais chéanna ag gach duine, nó éirigh as na híocaíochtaí seo ar fad. Sé an rud a dhéanann sé ná tús a chur le éad idir dhaoine, agus an rud a thagann as i ndeireadh na dála ná go dtagann cineál masla ar an teanga.

Tá an rud céanna ag baint le teorainn na nGaeltachtaí. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire cén uair a deineadh ath-bhreith-niú ar na teorainneacha sin ó cuireadh i bhfeidhm iad? Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do mo cheantar féin faoi choinne nóiméad nó dhó agus tagairt a dhéanamh faoi dhá bhaile bheag, Baile na nGleanntaí agus Ardara. Tá an bheirt acu i bhfoisceacht 12 mhíle domsa. Tagann an Ghaeltacht i bhfoisceacht dhá mhíle ó mo theach féin. Tagann sé chomh fada le Mínte an Choill agus Mín an Chatháin ar an mbóthar idir Na Fassa agus Na Gleanntaí. Tagann an Ghaeltacht chomh fada le Carraig Cleimhear ar an mbóthar idir mé fhéin agus Ardara, agus an rud is íontaí faoi, níl Ardara ná Na Gleanntaí san Ghaeltacht. Níl a fhios agam cé rinne na teorainneacha seo ach cuireann sé mise i bponc i gcónaí cibé fáth a bhí leis a thuiscint. An té a leag amach an teorainn sin caithfidh sé gur chaith sé tamall i nDoire mar sé an t-aon rud go bhféadfainn comparáid a dhéanamh leis ó thaoibh líntí a tharraingt.

Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire an ndearnadh athbhreithniú riamh ar na líntí. D'fhéadfainn líntí cama do-thuigthe a thabhairt orthu. Ba mhaith liom a fháil amach uaidh freisin cad iad na riachtanaisí a bhíonn ag teastáil ón Roinn le go dtabharfaí ceantar isteach sa Ghaeltacht. Sé mo dhearcadh pearsanta féin, má tá áiteanna mar sin go bhfuil suim acu cloí leis an nGaeilge agus dul isteach sa Ghaeltacht níor chóir don Rialtas ná don Roinn bac a chur orthu. A ghlanmhalairt ba chóir a bheith ann — sé sin, fáilte fíor a chur rompu agus gach cuidiú agus cabhair a thabhairt dóibh le teacht isteach sa Ghaeltacht.

Sé an rud atá ag tárlú leis na rialacha atá i bhfeidhm i láthair na huaire ná go bhfuil meath ag teacht in áit leathnú. Ba mhaith liomsa an leathnú sin a fheiceáil, agus ar eagla na heagla go mbeadh duine ar bith a cheapann go bhfuil mise in éadan pá nó tuarastal breise a thabhairt do dhaoine de chuid an Rialtais nó den stát-seirbhís go bhfuil obair acu sa Ghaeltacht, níl mé; ach, ó thaobh na Gaeilge féin de, má fhéachann tú air objectively, mar a déarfá, ní éacht ar bith é do mhúinteoir go bhfuil cónaí air sa Ghaeltacht atá ag plé le páistí na Gaeltachta an Ghaeilge a mhúineadh dóibh; is do na múinteoirí atá taobh amuigh den Ghaeltacht go bhfuil an t-éacht le déanamh acu an Ghaeilge a chur chun cinn. Scoil ar bith taobh amuigh den Ghaeltacht go bhfuil múinteoir ann go bhfuil suim aige an Ghaeilge a chur ar aghaidh agus a dhéanann formhór nó b'fhéidir an chuid is mó dá chuid oibre tríd an Ghaeilge, sé mo bharúil gur chóir aitheantas a thabhairt don scoil sin agus do na páistí sin agus na múinteoirí sin ar an leibhéal céanna agus a dhéantar taobh istigh de na Gaeltachtaí.

Muna n-athraítear intinn na Roinne ó thaobh forbairt na Gaeilge féin, meath a thiocfas air in áit a mhalairt agus mar a dúirt an Teachta Ó hUiginn ní dhéanfaidh sé maitheas ar bith dúinn teacht isteach anseo lá go mbeadh Meastacháin ann agus óráid mhór fhada a dhéanamh agus gan beart a dhéanamh de réir ár mbriathar. Anois thar rud ar bith eile inniu ba mhaith liom tagairt ar feadh tamaill a dhéanamh do mhúineadh na Gaeilge agus go deimhin ní amháin múineadh na Gaeilge sna scoileanna ach ceist a chur ar an Rialtas, ceist a chur ar an Aire, cén dearcadh a bheadh aigesan ar an rud atá ag tarlú sa Choláiste Oiliúna i láthair na huaire, Coláiste Phádraig, cuir i gcás ansin, nach bhfuil ábhar ar bith á mhúineadh trí Ghaeilge ann ach an Ghaeilge féin. Anois tá fhios agamsa agus ag gach aon duine eile atá istigh anseo go bhfuil scoileanna sa bhfíor-Ghaeltacht agus níl na hábhar léinn á múineadh trín Ghaeilge. Tá fhios agam go bhfuil deac-rachtaí ag baint leis sin. Tá fhios agam go dtáinig daoine chun an bhaile ó Shasana agus níos faide i gcéin agus gur chuir siad a gcuid páistí chuig na scoileanna sin. Agus níl fhios agam cén fáth ar tharla sé ach tá fhios agam scoil amháin agus ní raibh ag teacht chun an bhaile ann ach b'fhéidir céatadán an-bheag agus deineadh athrú ar an gcúrsa teagaisc sa scoil agus chaill siad a status scoil fíor-Ghaeltachta i ngeall air sin.

Mar a dúirt mé ansin i leith Choláiste Phádraig tá mé féin den bharúil go bhfuil job le déanamh, gan trácht ar Aire na Gaeltachta, an Rialtas, ná b'fhéidir an Roinn, go bhfuil dream daoine ar féidir leofa feabhas a chur ar staid na Gaeilge sa tír seo agus siad sin na múinteoirí scoile, go háirithe na múinteoirí bunscoile. Tá mé féin i mo bhall den Choiste Gairmoideachais i nDún na nGall agus bíonn sé de dhualgas orm corruair suí isteach ar agallaimh go mbíonn ceap-acháin le déanamh, agus go deimhin ní mórán díobh a bhíonn le déanamh, ach corruair bíonn múinteoir go mbeadh air Gaeilge a mhúineadh i gceardscoil agus go mbíonn orainne suí síos agus iarrthóirí a roghnú do na scoileanna sin agus gan tagairt do dhuine ar bith chuir sé iontas ormsa an oiread daoine a tháinig chuig na hagallaimh sin go raibh céimeanna acu i gcúrsaí na Gaeilge agus nach raibh sé de chumas acu comhrá simplí a dhéanamh linne sa Ghaeilge. Agus tá sé fíor agus chonaic mé go minic é agus bhí laethanta ann go raibh mé ag iarraidh ar an CEO gan ceapachán ar bith a dhéanamh go bhfaighimis duine a bhí ábalta fiú amháin an Ghaeilge a labhairt ach níl fhios agam faoin rí an dtig leis na muinteoirí sin cur i gcás onóracha na hArd-Teistiméireachta a mhúineadh do pháistí meánscoile. Anois muna gcuirtear tús le feabhas a chur ar an scéal seo níl maitheas ar bith againne a bheith ag caint air istigh anseo. Caithfear tús a chur leis sin sna coláistí oiliúna.

Anois fuair mé féin mo chuid oideachais ar bhunscoil Ghaoth Dobhair agus bhí múinteoir ansin, múinteoir bunscoile agus caithfidh mé a rá gur ceann de na múinteorí bunscoile is fearr agus is díograisí agus is ionraice i gcúrsaí na Gaeilge a casadh ormsa riamh é. Ní bhfuair sé morán aitheantais i ngeall air go deimhin, mar ghlac an INTO dearcadh ar leith mar gheall ar a chuid imeachtaí sa scoil. Ach tá fhios agam gur ag an leibhéal sin a chuirfear tús le, nó a leagfar an bhunchloch i ngeall ar pháistí óga, agus muna mbíonn suim agus meas ag an múinteoir ins an Ghaeilge mar ábhar sa scoil ní bheidh sé ag na páistí nuair a fhásfaidh siad suas. Rud eile faoin Ghaeilge agus faoi chúrsaí na Gaeilge sna scoileanna, ní leor cineál eolais ghinearálta i gcúrsaí teanga. Caithfidh tú eolas cruinn a bheith agat i gcúrsaí teanga agus cuireann sé an pointe seo i gcuimhne dom. Má théann lead óg nó cailín óg chun na scoile in aois a ceithre bliana nó mar sinagus go ndéanann siad an Ard-Teistiméreacht ag aois a hocht déag nó mar sin, tá ceithre bliana déag caite acu ar scoil agus chuirfeadh sé iontas ort dá dtógfá ó bhaile ar bith sa Ghaeltacht, bhuel ní sa Ghaeltacht ach taobh amuigh den Ghaeltacht, cuir i gcás fiche scoláirí go raibh an ard-teistiméireacht déanta acu agus suí síos leofa agus tosaigh comhrá simplí leofa i nGaeilge agus gheofá amach nach raibh eolas ar bith acu ar an nGaeilge. Ní thig leo comhrá a dhéanamh leat agus tá ceithre bliana déag caite acu ag foghlaim na Gaeilge. In aimn Dé dá dtabharfaí deontas do dhuine éigin ceithre bliana déag a chaitheamh ag foghlaim Fraincise bheadh sé ina shaineolaí. Mhothaigh sibh an Teachta Higgins ag rá gur thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i 1961 agus ní gá domsa a insint daoibhse go bhfuil togha agus rogha na Gaeilge aige agus í cruinn agus beacht aige chomh maith.

Tá an scéal sin fíor. Tá sé ag teacht suas gach lá i mo cheantar féin agus ó tharla go raibh baint agam b'fhéidir le bunscoileanna nó múinteoireacht scoile ar feadh tamaill chuir mé suim sa rud seo agus ní amháin go bhfuil locht ar an chóras curriculum a théann leis an chúrsa nua sin — níor aontaigh mé leis riamh agus ní aontóidh mé leis an fhad is atá sé mar atá sé — ach tá sé ró-scaipthe agus tá sé ró-chúng agus go fiú i gcúrsaí staire agus tíreolaíochta, nuair a dhéantar an cúrsa leis na páistí óga sna bunscoileanna bíonn sé fite fuaite tríd a chéile acu agus meascaithe suas agus ní bhíonn leanúnachas ar bith ag baint leis. Anois easpa mar a dúirt mé, easpa cruinnis atá de dhíobháil air agus an locht atá ar an chúrsa Gaeilge mar atá sé sna scoileanna faoi láthair agus go fiú d'fhéadfá tagairt a dhéanamh don litir. Anois faighimse corrlitir ó dhaoine óga chomh maith le gach Teachta eile agus ní gá domsa a insint daoibh go bhfuil difear an-mhór idir litir a gheofá inniu ó dhuine éigin thart ar sé bliana déag agus litir a gheofá ó sheanduine b'fhéidir ochtó bliain d'aois nó seachtó. Níl leagan amach ar an litir, níl an litriú é féin rómhaith agus muna bhfuil sé soléir do gach Teachta Dála istigh anseo go bhfuil rud éigin cearr bhuel níl se ag iarraidh a bheith ionraic faoi. Tá an scéal olc go leor i mBéarla ach i gcúrsaí Gaeilge tá se millteanach amach is amach. Rud eile, tá cineál náire ar mhuintir na Gaeltachta faoi, agus b'fhéidir ní muintir na Gaeltachta ach lucht labhartha na Gaeilge, tá cineál náire orthu go gcloisfidh duine ar bith iad ag labhairt i nGaeilge. Má théann tú isteach i dteach tabhairne agus go mbíonn cúpla Gearmánach istigh ansin nó dream éigin mar sin, cloisfidh tú iad-san thar gach duine eile atá istigh ann. Ach má tá cúpla lead ón Ghaeltacht istigh beidh siad ag cogarnaíl taobh thiar den doras. Níl fhios agam cén fáth ar tharla sé sin ach tá cineál náire orainn an Ghaeilge a labhairt go fiú muna bhfuil sí go rómhaith againn. Caithfimid iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar an scéal sin. Tá sé de bharúil agam gur cóir go mbeadh níos mó cúraim faoi na rudaí sin ag Aire na Gaeltachta ná ag an Aire Oideachais mar is sa Ghaeltacht is mó atá lucht na Gaeilge agus mar sin de.

Ba mhaith liom tagairt a dheanamh freisin do rud eile atá thiar san Ghaeltacht agus nach bhfuil sna cathracha, agus sin go bhfuil sonas agus flaithiúlacht ins an Ghaeltacht nach bhfuil ar fáil in áit ar bith eile san tír. Mo léan, tá chuid mhór de na daoine ins an Ghaeltacht ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile cineál soineanta agus ghlac siad le fada leis na crumbs, mar a déarfá, ach ní chuirfidh siad suas le sin níos mó. Caithfidh mé tagairt a dhéanamh do rud eile. Le gairid gach duine ins an Teach seo bhí baint aige ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile leis an chorrthoghchán deireannach sin; rud amháin a d'fhoghlaim mise, taobh amuigh den toradh a bhí leis ná sna trí seachtainí a chaith mé ag dul thart tríd an cheantar sin, ní dóigh liom gur tugadh cuireadh isteach i dteach amháin go ndearnamar canvasáil air, agus ní tharlódh sé sin i nGaeltacht ar bith.

Rud eile, an chuid is mó de na daoine nó céatadán measartha mór de na daoine a raibh mé féin ag caint leo, tá eagla orthu dul taobh amuigh den teach. Anois, sna Gaeltachtaí, tá saol socair, suaimh-neach acu ó thaobh cúrsaí dlí agus cirt agus gach rud mar sin. Níl na seirbhísí mar a luaigh an Teachta Higgins cúpla nóiméad ó shin ach níor mhaith liomsa ariamh go dtiocfadh meath ar an saol sin. Níl mórán de mo dháilcheantar, mo electoral division, ins an Ghaeltacht, ach taobh thuaidh de mo dháilcheantar tá sé uilig san Ghaeltacht agus ba mhaith liomsa go mbeadh an saol sin seasmhach i gcónaí ins an taobh sin tíre.

Mar a dúirt mé cúpla nóiméad ó shin, sílim gur cóir go mbeadh cúram níos mó ag Aire na Gaeltachta sna heagrais Stáit agus sna córais oideachais go bhfuil ceangal díreach acu leis an Ghaeltacht.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh ar feadh cúpla nóiméad do chúrsaí tithíochta. Nílim ag dul siar ar an méid atá ráite ag an Teachta Higgins ach caithfidh mé aontú leis faoin deontas £10 sin nó cibé rud gur fearr a thabhairt air. Tá fhios agam, agus bím ag scríobh go minic chuig an Aire agus chuig an Roinn faoi dhaoine nach bhfuair an deontas de thairbhe nach raibh Gaeilge iontach maith b'fhéidir ag na páistí beaga. Ní ar an líon tí ná ar an teaghlach an locht sin. Caithfear gur an meath seo a tháinig ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna is cúis leis. Má tá an teaghlach, má tá an t-athair nó an mháthair as an Ghaeltacht agus go bhfuil cónaí orthu ann, caithfear bheith cinnte go mbeidh an Ghaeilge acu i gcónaí. Is leor sin, im thuairimse, go bhfuil siadsan sa teach agus go bhfuil an teach féin suite ins an Ghaeltacht le go n-iocfaí an deontas. An cigire seo ag rith thart sna scoileanna ag tarraingt amach cailín ar bith de cheithre bliana d'aois agus ag tosú ag cur ceisteanna uirthi, níl sé ceart go mbeadh deontas ceadaithe ar thoradh an agallaimh sin. Má tá Gaeilge ag fear an tí nó bean an tí ba chóir go nglacfadh an cigire é sin agus má tá an Ghaeilge acu san, is leor sin.

Ba mhaith liom freisin tagairt a dhéanamh — agus tá mé cinnte go ndéanfaidh an Teachta McGinley tagairt air nuair a bheidh sé ag cur síos ar chúrsaí séarachais inár gceantar féin — do Ghaoth Dobhair agus a insint don Aire nach bhfuil cúrsaí séarachais ceart ins an taobh sin tíre. Tá an oiread sin septic tanks ann go mb'fhéidir go mbeidh deacracht amach anseo ó thaobh cúrsaí sláinte mar gheall air sin. Níl an t-airgead ag Comhairle Chontae Dhún na nGall an scéim iomlán a dhéanamh, agus bhí caint agus comhrá fada againn le gairid ag cruinniú de chuid na comhairle contae i dtaobh na scéime seo a chur chun cinn agus bhí daoine den bharúil gur chóir go ndeanfaí an job i gcéimeanna. Ach cibé dóigh a dhéanfar é, tá súil agam go gcuirfidh an Roinn an t-airgead sin ar fáil.

Ba mhaith liom tagairt freisin do dhá bhaile beag atá i mo cheantar féin, is é sin, An Charraig agus Cill Charthaigh nach bhfuil cúrsaí séarachais acu. Níl sé a rá a dhóthain ó bhí ceist thíos ag an Teachta Séamus de Faoite inar chuir sé in iúl don Aire Comhshaoil an staid a bhí ar chúrsaí séarachais mBaile Chill Charthaigh. Níl fhios agam cén chaoi atá ar an scéal taobh istigh den Roinn ná cén priority atá acu anois, ach tá sé chomh dona sin go bhfuil tithe san bhliain 1982 san mbaile sin gur fiú níl septic tanks acu, agus tá súil agam, nuair atá roinnt le déanamh ar airgead na Roinne sin, nach ndéanfaidh an tAire dearmad ar Ghaeltacht Thír Chonaill.

Rinneadh tagairt anseo le gairid do Raidio na Gaeltachta agus ba mhaith liomsa an ócáid seo a ghlacadh le tacaíocht a thabhairt do Raidio na Gaeltachta agus don obair atá ar siúl acu. Glacaim aon seans a fhaighim le éisteacht le Raidio na Gaeltachta fiú amháin ar maidin agus arís sa tráthnóna agus, mar atá fhios ag an Aire agus ag an Roinn, tuilleadh airgid atá de dhíth orthu, agus airgead ar bith a gheobhaidh siad, is é mo bharúil gur airgead well spent ar do shon.

Ba mhaith liom dá mheadh clár no dhó b'fhéidir á chraoladh acu do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge, daoine nach bhfuil an Ghaeilge go ró-mhaith acu. Anois thart orainne inár bparóiste féin, tá chuid mhaith daoine go bhfuil cúpla focail Gaeilge acu, mar blianta roimhe seo bhí breac-Ghaeltacht san cheantair agus éisteann siad le Raidio na Gaeltachta mar faigheann siad nuacht i bhfad níos fearr ar Raidio na Gaeltachta ná a fhaigheann siad áit ar bith eile gach tráthnóna. Tá suim ag i bhfad níos mó daoine i Raidio na Gaeltachta agus imeachtaí na gcláracha sin ná atá taobh istigh den Ghaeltacht, agus duine ar bith a chreidfeadh go bhfuil Raidio na Gaeltachta díreach do muintir na Gaeltachta tá dul amú orthu, mar tá a fhios agamsa go bhfuil suim an-mhór ag i bhfad níos mo daoine ins na cláracha atá acu.

Sé bhí mé ag iarraidh a rá, go gcuirfí clár speisialta ar fáil. Níl rud ar bith níos measa do dhuine atá ag iarraidh an Gaeilge a fhoghlaim ná é a chur isteach le cúpla cainteoir dúchais, mar an chuid is mó díobh sin, tá siad chomh cruinn agus chomh sciopaí sin go n-éireoidh sé nó sí as an fhoghlaim le daoine mar sin. Caithfear clár éasca, simplí, agus, mar a dearfá, "get down to their level" a chur amach. Tá fhios agam go mbeadh sé fiúntach agus go mbeadh suim ag cuid mhór daoine ann agus d'fhéadfaí é a dhéanamh am éigin i rith an lae nach mbeadh ag cur isteach ar na cláracha eile atá acu. Mar a dúirt mé, daoine a bheadh ag plé leis, daoine a mbeadh suim acu Gaeilge a choinneál simplí, mar a bhí ar siúl ar an teilifís ins an clár sin ag Liam O Murchú — bhí cineál meascán Gaeilge agus Béarla. B'fhéidir go bhfuil fáth éigin leis, ach chloisfeá amhráin agus ceol ar na cláracha seo ach ní chuirtear amhráin ar bith iontu fiú amháin na hamhráin atá againn sa tír seo. B'fhéidir go bhfuil bac ar rud mar sin. Thug mé sin faoi deara go minic.

Ba maith liom tagairt a dhéanamh do chúpla rud cé go bhfuil suim agam iontu agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Roinn agus na daoine a bhí ag plé leis na hoibreacha a rinneadh in aice le Glencolmcille. Rinneadh job iontach maith ansin agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Roinn i ngeall ar na háiseanna a cuireadh ar fáil do na hiascairí. Tá cúpla rudaí beaga le déanamh go fóill agus ní chosnódh siad an iomarca airgid. D'iarr mé ar an chomhairle chontae le gairid na hoibreacha sin a chur i bhfeidhm, ach dúirt siad go raibh siad ag fanacht le scéal ó Roinn na Gaeltachta. Tá súil agam go mbeidh ar chumas an Aire an tsuim bheag airgid sin atá ag teastáil a chur ar fáil leis an job a chríochnú.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh chomh maith ar ché an Mhalainn Bhig. Tá géar-ghá le obair ar an gcé sin. Tá sé chomh cúng agus chomh plódaithe nach feídir ach bád amháin a cur isteach ag an gcé ag an am céanna. Tá droch-bhóthar isteach ann chomh maith. Tá a fhios agam go bhfuil fiosrú á dhéanamh ag an Roinn faoi seo agus tá súil agam go mbeidh sé ar a gcumas tús a chur leis an obair sin sar i bhfad.

Ba mhaith liom freisin tagairt a dhéanamh dón ché ag Ros na gCaorach. Tá an struchtúr ansin i láthair na huaire dáinséarach, cineál struchtúir adhmaid is mó atá ann agus tá formhór de na beams lofa. Bhí mé féin thíos ann sé mhí ó shin agus bhí droch-bhail air. Bhí sé ar intinn agam gur fiú iarraidh ar an chomhairle chontae cineál fógra, nó rud ceart a chur suas ansin a chuirfeadh cosc ar dhaoine úsáid a bhaint as ar chor ar bith. Níl a fhios agam an bhfuil sé fíor, ach fuair mise scéal le gairid ón Roinn go raibh an oiread sin oibre idir lámha ag an Board of Works nach bhféadfadh siad tús a chur leis an job sin. Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire conas mar atá an scéal ansin.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh freisin do bhóithre san taobh sin tíre go bhfuil baint díreach agam féin leo. Sé sin an chuid den Ghaeltacht atá in aice An Charraig agus Glencolumcille agus Cill Charthaigh agus isteach chomh fada le hArd an Rátha agus an Ghaeltacht Láir. Níl mé ag baint ón nGaeltacht atá i Gweedore agus na Rosanna, ach tá na figiúirí ansin lena chruthú go bhfuair said níos mó airgid ins an taobh sin tíre ná fuair mo cheantairse le blianta anuas. Níl mé ag iarraidh go ndéanfaí laghdú ar bith ar an airgead a chuirfear isteach i nGweedore agus na Rosanna ach ba mhaith liom go bhfaigheadh An Charraig agus Glencolumcille agus na ceantair sin cothrom na féinne ar a laghad. Tá a fhios agam go mbeidh an Roinn ag cur airgead ar fáil i mbliana do bhóithre áise agus mar sin, agus tá súil agam go mbeidh cuid den airgead sin caite ins na ceantair a luaigh mé.

Bhí cuid mhór cainte le gairid faoi Údarás na Gaeltachta, agus chonaic mé an chlár sin ar an teilifís le gairid agus chuir sé brón orm go dteaspánfaí a leithéid ar an ócáid a tharla sé. Níl a fhios agam an bhfuil na ráflaí agus na scéalta fíor nó nach bhfuil ach tá súil agam go mbeidh deireadh leis sin as seo amach go dtabharfaimid uilig as gach aird sa Teach seo tacaíocht iomlán do Udarás na Gaeltachta lena gcuid projects. Tá a fhios agam nach bhfuil siad ar a mbóthar le ró-fhada agus go mbeidh teething problems acu. Ní dhéanfaidh sé maitheas ar bith don Údarás nó don Ghaeltacht nó do na daoine go bhfuil plé leo sin a leithéid de chlár a chur amach ar an aer mar chineál supposition.

Tá súil agam go ndéanfaidh an tÚdarás amach anseo iarracht tionscail bheaga a chothú sna Gaeltachtaí. Tharla sé go minic roimhe seo go dtáinig tionsclóirí isteach agus go raibh projects iontacha acu. Pie in the sky a bhí i gcuid mhaith de, ach bhí siad ró-mhór agus ní raibh sé éasca súil ceart cruinn a choinneáil orthu. Tá a fhios agam fhéin, agus cloisim go minic é ó dhaoine i mo cheantar, daoine beaga go raibh fonn orthu tús a chur le tionscal. Chuir siad isteach iarratais ach ní bhfuair siad an cineál toradh fábhrach chun tosú a dhéanamh. Deireann siad leat: "Oh dá mbeadh Germans no dream éigin mar sin ag teacht bheadh chuile rud le fáil acu".

Teastaoínn uatha an fhírinne anois, ní amháin san Ghaeltacht ach san Ghalltacht. Tá, mar a dúirt an Teachta Higgins, deacrachtaí agus bhí deacrachtaí ag baint le tionscail ar cuireadh tús leo agus is é mo bharúil féin nach cóir, má tá tionscail i ndeacracht agus mar tá sé soiléir go bhfuil deacrachtaí uafásacha ag baint leis an tionscal sin agus nach bhfuil leigheas le fáil air, tá sé de dhualgas ar an Údarás críoch a chur leis an tionscal sin ar an bpointe agus iarracht a dhéanamh rud éigin eile níos simplí a chur suas. Ba mhaith liom mo thacaíocht a thabhairt don Údarás san méid sin agus níl mé ag fáil locht ar an obair atá déanta acusan go dtí seo. Tá siad ag déanamh sár-obair. Tá siad ag obair i gceantair nach bhfuil na háiseanna acu atá in áiteacha eile agus déanann sé sin an job níos deacra dóibh. Chuir mé an-suim san mhéid a bhí le rá ag an Teachta Higgins nuair a bhí sé ag caint agus aontaím leis i gcuid mhór de na rudaí a dúirt sé. Nuair a bhí sé ag caint ansin faoi easpa pleanála, faoi cineál plean ollmhór do na Gaeltachtaí uilig, sílim gur dheas an rud dá mbeadh sé ar fáil ach tá na ceantair sin chomh scaipthe agus chomh difriúil óna chéile nach mbeadh sé ró-éasca a leithéid sin a dhéanamh.

Labhair sé freisin faoin deacracht a bhain le meath ar chaighdeán na Gaeilge a tháinig de bharr cónas-cadh scoileanna agus tharla sé sin agus b'fhéidir ag an am a ndearnadh nó ar tosaíodh ar an cónascadh sin gur amharc sé gur polasaí maith a bhí ann ach tá barúil agam féin nach ndearna sé maitheas ar bith fiú amháin taobh amuigh den Ghaeltacht san méid de na scoileanna beaga a chur siad le chéile.

Tagaim anois go dtí an príomh-rud ba mhaith liom tagairt a dhéanamh dó sa mhéid atá le rá agam inniu agus is é sin labhairt na Gaeilge agus labhairt na teanga a fhorbairt. Ba mhaith liom go mbeadh an fhorbairt sin á dhéanamh i measc páistí scoile sa dóigh is go mbeadh cineál dearcadh bródúil agus bá acu i leith na Gaeilge. Agus caithfear tacaíocht iomlán na múinteoirí a fháil chuige sin go mór mhór múinteoirí bunscoile. Nuair atá na páistí óg, sin an t-am is cóir an job a dhéanamh. Mar a deir siad, "an tslat nuair a chruann le haois is deacair a sníomh ina ghad".

Ar dtús ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh agus comhgháirdeas a dhéanamh le Aire úr na Gaeltachta, an Teachta Flynn agus fosta lenár n-urlabhraí féin ar chúrsaí Ghaeltachta, an Teachta Kenny. Tá an bheirt acu as Contae Mhaigh Eo agus beidh mise mar dhuine de na Teachtaí ó Dháilcheantar iar-Dheisceart Thír Chonaill — an áit is dócha a bhfuil an ceantar Ghaeltachta is mó agus an líon cainteoirí dhúchais is mó sa tír i láthair na huaire — ag cuidiú leis an bheirt acu fá choinne gan dearmad a dhéanamh ar Thír Chonaill. Tá súil agam fosta gur gairid go raibh an Teachta Kenny ar an taobh eile den Teach ag gníomhú mar Aire Ghaeltachta.

Sílim go bhfuil an tAire ag glacadh cúraimí na Gaeltachta air féin ag am ana-thábhachtach ar fad i saol agus i stair na Gaeltachta, mar is é mo thuairimse go bhfuil a lán ag brath ar mar a oibríonn an tAire agus an Rialtas, is cuma cén tAire nó cén Rialtas, ar cad atá i ndán don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. D'fhéadfadh sé tarlú ag deireadh an chéid seo, sa bhliain 2000 nach mbeadh Gaeltacht ar bith sa tír má thagann an meath céanna ar an Ghaeltacht agus ar mhuintir na Gaeltachta sna fiche bliain atá romhainn agus a tháinig sna fiche bliain atá imithe thart. Tá brú ag teacht ar an Ghaeltacht ó gach uile thaobh. Fiú amháin má ghlacann tú na meáin chumarsáide — na páipéir nuachta, an raidio, an teilifís, agus mar sin de — tá an Béarla ag brú isteach ar aos óg na Gaeltachta agus ceanglaíonn siad an saol maith, saol pleisiúrtha agus an saol is fearr leis an Bhéarla. Mar sin is eagal liom a rá go bhfuil an chontúirt ann go bhféadfadh siad cúl a tahbhairt ar an Ghaeilge sa ghlúin atá romhainn. Múinteoir scoile mé féin agus rugadh agus tógadh san Ghaeltacht mé agus feicim an meath seo ag teacht fiú amháin in mo chuid ama féin. Feicim na páistí ag teacht isteach sna scoileanna anois agus go minic bíonn oiread Béarla acu agus a bhíonn de Ghaeilge, cé nuair a chuaigh mé féin agus mo comh-arsana ar scoil thuigeamar uilig cad é an rud madra nó gadhar, is cuma cibé cén pháirt den tír ar as sinn agus bhí go leor againn nar thuig an focal "dog". Is fíor-bheagán atá ann anois nach dtuigfeadh an focal sin sa Ghaeltacht.

Tháinig athrú mór ar saol na Gaeltachta fiú amháin le mo linn féin. Nuair a bhí mise níos óige ná mar atá mé inniu agus ag dul chun na scoile d'fhéadfá a rá go raibh dhá bhealach ealú amach as an Gaeltacht: an chéad bhealach ná ealú trí oideachas agus ceann de na scrúduithe móra a bhí ann ag an uair sin ná scrúdú scoláireachta na Cásca, scrúdú na gcoláistí ullmhúcháin, agus ba é sin an príomh-bhealach éalaithe a bhí ag aos óg na Gaeltachta le dul ar aghaidh sa saol. Bhí an Teachta Coughlan, mo chomh-leacaí as lar-Dheisceart Thír Chonaill ag caint ar mhúineadh na Gaeilge agus caighdeán mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna faoi láthair agus sílim go ndúirt sé go bhfuil sé den bharúil nach bhfuil sé chomh hard anois agus a bhí nuair a bhí seisean ina mhac léinn in mo pharóiste féin, Gaoth Dobhair, agus sílim féin go bhfuil fhios agam cén fáth a tharla sé sin. Téann sé siar go dtí na seascaidí nuair a ghlac an Rialtas a bhí i gceannas an uair sin orthu féin deireadh a chur leis na coláistí ullmhúcháin a bhí ar bun beagnach ó bunaíodh an Stát. Chomh fada agus is eol dom ba é fear de mo dhream ón taobh seo, Earnán de Blaghd, beann-acht Dé lena anam, a bhí gníomhnach leis na coláistí ullmhúcháin sin a chur ar bun agus gach Teachta a shuíonn anseo i láthair inniu sílim go raibh ceann de coláistí ullmhúcháin sin ina nDáilceantair. I mo cheantar féin i dTír Chonaill bhí coláiste ullmhúcháin do cháilíní ar an Fhál Carrach, ceann de na Gaeltachtaí is láidre agus is bríomhaire a bhí ins an tír san uair sin, agus tá áthas orm a rá go bhfuil an rud céanna fíor go dtí an lá atá inniu sin. Agus bhí cáilíní ag teacht as gach uile pháirt den tír ó Chúige Uladh agus áiteacha eile ó Bhaile Átha Cliath agus chuaigh siad go Fhal Carrach rinne siad cúrsa iar-bhunoideachais ansin. Chuaigh siad isteach sna coláistí oiliúna agus tháinig siad amach mar mhúinteoirí foirfe agus mar mhúinteoirí a raibh an Ghaeilge go líofa agus ar a dtoil acu. Agus ba chuma an ón Ghaeltacht ná ón Ghalltacht, bhí sé sin fíor. Tá fhios ag mo chomhleacaí an Teachta Kenny go raibh ceann de na coláistí ullmhúcháin seo ina Dháilceantair féin i nGaeltacht Thuarmhicéide agus tá mé cinnte go mbeadh an moladh céanna aigesean ar an choláiste sin agus atá agamsa ar choláiste Bríde.

Tá áthas orm a rá go raibh de dheis agus de phríbhléidh agus de onóir agam féin ceithre bliana de mo shaol a chaitheamh ag freastal ar Choláiste Iosagáin, Baile Mhúirne. Ceithre bliana a mhair an cúrsa, agus bhí timpeall fiche nó fiche cúig i ngach bliain; bhí céad scoláirí sa choláiste sin ar fad. Ní shílim go raibh an ceathrú nó an tríú cuid acu ón Ghaeltacht. Bhí an chuid eile ó áiteacha cosúil le Contae an Chláir, Contae Luimnigh, Tiobrad Árann, Cill Chainnigh, áiteacha i gCiarraí taobh amuigh den Ghaeltacht agus laistigh den Ghaeltacht.

Ach bhí rud amháin fíor faoin iomlán. Ón lá a chuamar isteach i gColáiste Iosagáin go dtí an lá ar fhágamar é, níor labhair aon duine againn Béarla. Labhraíomar i nGaeilge agus sílim gur teist bhrea sin. Agus d'éirigh leis na coláistí sin — Coláiste Éanna i nGaillimh ina measc, Coláiste Mhóibhí anseo i mBaile Átha Cliath — d'éirigh leo corps múinteoirí a chur ar fáil sa tír seo a chuaigh amach go dtí na bunscoileanna ar fud na tíre a bhí cinnte dena líofacht fhéin i nGaeilge, a raibh meas acu ar an nGaeilge agus ar éirigh leo é sin a chur trasna chuig na dáltaí a bhí faoina gcúram. Mar a dúirt an Teachta Coughlan, is mór an t-athrú sin ón rud atá ag tarlú inniu. Ar na mallaibh thug mé cuairt ar Choláiste Phádraig i nDromchonrach — agus níl mé ag ainmniú an choláiste sin taobh amuigh de aon choláiste eile — agus nuair a bhí mise ansin bhí morán de na léachtaí trí Ghaeilge agus ba í an Ghaeilge an ghnáth-theanga a bhí ag céatadán áirithe de na mic léinn ansin ach is eagal liom go bhfuil athrú iomlán tar éis teacht ar an scéal sin agus go bhfuil na múinteoirí ag teacht amach anois, is dóiche, nach bhfuil an caighdeán Gaeilge chomh hard acu. Sílim go bhfuil sé sin le feiceáil ins an ísliú a aithnímid uilig atá tar éis teacht ar mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna. Céim chun cúl mór ó thaobh na Gaeilge deireadh a chur leis an coláistí ullmhúcháin ag an uair sin. Is mór an trua é gur tharla sé. Níl a fhios agam cad é an dearcadh a bhí ag na heagraíochta oifigiúla Gaeilge. Ní cuimhin liom go raibh mórshiúlta ar na sráideanna agus anseo go dtí geataí na Dála mar a fheicimid anois is arís ar ár mbealach isteach. Is mór an trua é nach raibh agus ba mhaith liom iarraidh ar Aire na Gaeltachta — múinteoir é féin — agus ar an Aire Oideachais i gcomhar leis b'fhéidir, teacht aníos le scéim éigin a dhéanfadh cinnte go mbeadh céatadán áirithe de na múinteoirí ag teacht amach agus go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil acu.

An dara bealach éalaithe a bhí againn as an Ghaeltacht an uair sin ná an bád imirce. Tá a fhios ag na Teachtaí atá anseo i láthair na huaire cad dó a bhfuil mé ag tagairt. Bhí ar morán de mhuintir na Gaeltachta, de na Gaeilgeoirí óga agus na daoine bríomhara a bhí sa Ghaeltacht an uair sin as mo cheantar féin, aghaidh a thabhairt ar Albain agus ar Shasana. Is minic a chuala mé é ráite, agus is dóiche go bhfuil sé fíor agus cruinn, go mb'fhéidir go bhfuil níos mó den ár gcuid cainteoirí dúchais agus de mhuintir agus de bhunadh na Gaeltachta le fáil i Glasgow agus i Londain agus i Manchester agus áiteacha eile ná mar atá le fáil san Ghaeltacht féin.

Mar sin féin d'éirigh an aimsir, b'fhéidir, rud beag níos fearr i lár na seachtóidí agus is dócha gur thug an Rialtas agus na heagraíochtaí eile a raibh aidhm na hathbeochana acu faoi deara dá gcoinneodh rudaí ag dul mar a bhí gur dócha nach mbeadh Gaeltacht ar bith agus nach mbeadh aon duine fágtha leis an Ghaeilge a labhairt, mar conas a thig leat an teanga a choimeád beo munar féidir leat na daoine a bheith ansin faoi choinne an teanga a labhairt?

O lár na seachtóidí cuireadh tús le forbairt eacnamaíochta sa Ghaeltacht. Cuireadh monarchana ar bun anseo agus ansiúd. Cuireadh postanna ar fáil do dhaoine óga na Gaeltachta agus an rud is tábhachtaí ar fad cuireadh scoileanna ar fáil sa Ghaeltacht. Cuireadh iar-bhun scoileanna a bhí ábalta oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do aos óg na Gaeltachta ina gceantair féin. Tá áthas orm a rá gur cheann dena chéad scoileanna a cuireadh ar bun faoin scéim sin ná Coláiste Mhuire i mo pharóiste féin i nGaoth Dobhair. Bhí an tAire Oideachais ansin cúpla seachtain ó shin agus d'oscail sé foirgneamh breá úr go hoif-igiúil faoi choinne oideachas a chur ar fáil do mhuintir an cheantair sin trí Ghaeilge. Scoil is ea í a mhúineann gach ábhar trí Ghaeilge. Níl mórán acusan fágtha sa tír. Sin figiúr eile a tháinig laghdú mór air i rith na mblianta ach tá an ceann sin oscailte agus sílim gur dul chun cinn mór atá ansin.

Lena háis sin, mar a dúirt mé, rinneadh forbairt mhór tionsclaíochta agus ní fhéadfainnse an deis a ligint tharam gan focal molta a thabhairt do Aire na Gaeltachta — is dócha an chéad Aire le b'fhéidir deich mbliana a raibh cúram iomlán Gaeltachta air — an Teachta O'Donnell. Tháinig se isteach mar Aire Ghaeltachta agus na ceithre bliana a bhí sé ansin d'oibrigh sé go dícheallach agus thaisteal sé ar fud na Gaeltachta, chuir se aithne ar na daoine agus ar na fadhbanna agus nuair a ghlac sé ceannas na Roinne air féin bhí timpeall 1,800 duine fostaithe go lán-aimseartha i dtionscail faoi choim-irce agus faoi scáth Ghaeltarra Eireann. Nuair a d'fhág Tomás Ó Domhnaill an Roinn sin i 1977 bhi an figiúr sin imithe in airde ó 1,700 nó 1,800 go beagnach 3,500 duine. Tá me cinnte muna bhfuil an fhírinne agam go ndéarfaidh an tAire nach bhfuil.

Beimid ag caint faoi na figiúirí sin sar i bhfad.

Sin an record a bhí ag an Teachtá O'Donnell. Thuig se go raibh na ceantair Ghaeltachta sa tir seo iargúlta go maith, is é sin sa chiall go raibh siad imeallach, go raibh siad ar imeall na tíre agus i bhfad ón lár-phointe — más mian leat lár-phointe a thabhairt air — Baile Átha Cliath. Ceann de na rudaí móra a rinne sé nuair a bhí se in a Aire chomh maith le sin gur chuir sé sraith de aerstráicí ar fáil ar fud an iarthair. Chuir sé iad ar fáil sna Rossa, aerstráice na Carraige Finne. Chuir sé ceann eile ar fáil, sílim, in iarthar Chiarraí agus chomh fada agus is eol tá ceann, fiú amháin, in Oileán Arann ar chósta na Gaillimhe. Thuig se an tábhacht a bhí le cumarsáid agus an tábhacht a bhí le tionsclóiri móra as Meiriceá, nó tíortha eile a thabhairt anseo go hÉirinn, le tathant orthu tionscail a chur ar bun sa Ghaeltacht, go raibh buntáiste ag baint le iad a thabhairt síos in eitleán in ionad a bheith ag iomrascáil — agus sin an focal a chaithfidh mé a úsáid — leis na bóithre ó Lifford go Gaoth Dobhair nó ón nGaillimh siar nó ón Daingean siar. Tá iomrá air go fóill agus sílim go bhfuil meas agus buíochas mhuintir na Gaeltachta tuillte aige.

Ach le cúpla bliain anuas sílim gur baineadh an uas-phointe ó thaobh fostaíochta amach sa Ghaeltacht thar ceithre nó cúig déag bliana ó shin nuair a chuaigh an líon daoine a bhí ag obair faoi Údarás na Gaeltachta nó faoi Ghaeltarra Éireann suas go dtí 4,500. Le cúpla bliain caithfidh mé a rá go bhfuil laghdú ar an uimhir sin, agus i láthair na huaire sílim go bhfuil an laghdú ó 4,500 go timpeall 4,000, agus tá eolas againn uilig, muidine as na ceantair Gaeltachta, cad atá tar éis tarlú. Má thógann muid mo dháilcheantar féin, an ceann is mó a bhfuil aithne agam air, le cúpla bliain tá cuid de na monarchana, iad siúd a chur Tomás Ó Domhnaill ar bun, agus daoine a tháinig roimhe, tar éis dúnadh. Mar shampla, ceann de na monarchana ba cháiliúla a bhí againn i dTír Chonaill, a raibh cáil idirnáisiúnta bainte amach aige dó féin, an monarcha bábóg Crolly — bhí sé ar bun le timpeall 40 bliain agus ní shílim go raibh cailín óg de bhunadh na Gaeltachta in Eirinn nó i gcéin nach raibh bábóg de chuid Crolly aici, agus go leor nach de bunadh na Gaeltachta in aon chor iad — agus dúnadh an mhonarcha sin.

Ceann mór eile a dúnadh i mo pharóiste féin i nGaoth Dobhair nó monarcha cairpéidí GT, áit a raibh 120 duine ag obair. Dúnadh é timpeall dhá bhliain ó shin agus níor cuireadh aon obair nó aon tionscnaimh eile isteach ansin fá choinne na daoine sin a chur ag obair. Tá sé ansin i nGaoth Dobhair, an mhonarcha is mó, is dócha, ar an eastát, agus tá sé folamh, agus tá súil agam roimh dheireadh na bliana go ndéanfaidh an tAire a dhícheall rud éigin a chur ar fáil sa mhonarcha sin. Thug mé cuairt ar an eastát coicís ó shin, agus thug mé cuairt ar oifig an Údaráis agus tig liom a rá nach bhfuil ganntanas oibrithe ar bith sa cheantar. Tá timpeall 1,600 duine ar liosta in oifigí an Udaráis i nGaoth Dobhair agus mná a bhfuil a gcuid ainmneacha istigh acu, an mhórchuid ina gcónaí i bparóiste Chloich Chinn Fhaoilidh, i bparóiste Ghaoth Dobhair, i bparóiste na Rossa, mar tá an eastát ansin chun freastal agus obair a chur ar fáil do na ceantair Ghaeltachta ar fad. Ní bhaineann sé le pobal Ghaoth Dobhair amháin: baineann sé leis an ceantar Ghaeltachta sin ar fad.

Mar a dúirt mé, tá 1,600 duine ar an liosta ag cuartú oibre. Is mór an méid sin. Tá an chuid is mó óg, timpeall, déarfainn, 75 faoin gcéad acu faoi 25 bliana d'aois, agus is iad sin an dream a gcaithfidh muidine obair agus slí maireachtála a chur ar fáil dóibh ina gceantar fhéin má táimid dáiríre mar gheall ar an Ghaeltacht agus an Ghaeilge a choinneáil beo.

Níor mhaith liom ligean don deis seo gan tagairt a dhéanamh do chúpla tionscail eile agus cúpla ceantar eile i dTír Chonaill a bhfuil an géarchéim céanna le fostaíocht a chur ar fáil ionntu. Timpeall sé seachtainí ó shin, ar a laghad dá mhí, bhí mé ar thoscaireacht chun Aire na Gaeltachta. Chuir sé fearadh na fáilte rómhainn ina oifig. Rinneamar tagairt do mhonarcha bailiú móna i nGaeltacht iar-dheisceart Thír Chonaill, ag Cill Charthaigh. Monarcha eile, ar droch ábhar ó fosclaíodh é, tá sé ansin cosúil le monarcha GT i nGaoth Dobhair, é fuar folamh, gan rud ar bith ag dul ar aghaidh i láthair na huaire ach cúpla garraíodóir ag obair taobh amuigh ag cur bláthanna agus rudaí mar sin thart air. Tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad go mbeidh cúpla scór duine ag obair taobh istigh ag cur earraí ar fáil, agus muid ábalta easpórtáil agus airgead a thuilleamh don tír agus do Chill Charthaigh.

Ar ndóigh d'fhéadfainn liosta fada a thabhairt — long-chlós Mealy i nGaeltacht na nDúnaibh agus mar sin de, ach anois tiocfaidh mé go Údarás na Gaeltachta. Na cainteoirí uilig a labhair anseo inniu bhí cúpla focail acu le rá faoin Údarás, ach níl sé ar intinn agamsa mórán a rá faoin fhiosrúchain atá a dhéanamh ins an Údarás faoi láthair. Ach tá súil agam nuair a bheas an fiosrúchán déanta go mbeidh an tUdarás ag rith agus in ann dul ar aghaidh leis an obair atá le déanamh acu, fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht. De réir mar a thuigim, d'éirigh leis an Údarás níos mó airgid a fháil ón Státchiste anuraidh ná mar atá siad ag fáil i mbliana. Chomh fada agus is eol dom, sílim go bhfuil laghdú tagtha ar an méid airgid atá á thabhairt don Údarás i mbliana, agus sílim gur olc an cás sin. Ba chóir go mbeadh méadú maith ar an méid airgid atá siad ag fáil. Níl a fhios agam an fíor go bhfuil an méid airgid atá á thabhairt dóibh laghdaithe ó timpeall £17 milliún anuraidh go £13 nó £14 mhilliún i mbliana. Má tá an cás sin fíor is olc é mar ní hé seo an dóigh leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge a chaomhnú.

Tá a fhios agam féin ó dhul ar fud na Gaeltachta i dTír Chonaill go bhfuil go leor daoine ag cur tionscnaimh isteach chun an Údaráis, "projects". Níl siad iontach mór. B'fhéidir go gcuirfeadh siad fostaíocht ar fáil do triúr nó ceathrar nó cúigear, agus chomh fada agus is eol dom tá a fhios agam go bhfuil dosaen nó b'fhéidir scór tionscnamh leis an Údarás i dTír Chonaill. D'fhéadfainn ainmneacha a chur ar chuid acu, tá siad ag cuartú deontais, tá deontais geallta dóibh le beagnach bliain, ach níl pingin amháin airgid ag teacht. Tá a fhios agam go bhfuil postanna ag braith ar na tionscnaimh seo agus ba mhaith liom iarraidh ar an Aire anseo anois chomh tapaidh agus a thig leis airgead a chur ar fáil don Údarás sa dóigh go mbeidh siad ábalta deis a thabhairt do na tionscnaimh seo dul ar aghaidh, mar tá timpeall 100 poist ag brath ar seo. Is luaithe a dhéanfaidh sé é is fearr dúinne i dTír Chonaill.

Sílim go bhfuil an rud céanna amhlaidh i nGaeltachtaí eile ar fud na tíre — gur chuir daoine de bhunadh na Gaeltachta tionscnaimh beaga i láthair an Údaráis, go bhfuil an tÚdarás tar éis cinneadh a dhéanamh agus go bhfuil siad sásta deontais a thabhairt, ach sé an scéal a fuair mise mar freagra ar litir a chuir mé isteach — sílim go bhfuil an scéal amhlaidh ar fud na tíre —"Gheobhaidh sibh an t-airgead nuar a chuirfear ar fáil dúinne é". Sílim gurb é dualgas an Aire agus an Rialtais an t-airgead a chur ar fáil gan mhoill, agus tá súil agam go ndéanfaidh sé é sin.

Bhí an dualgas céanna ann i dtús na bliana nuair a bhí an t-iar-Aire ag cur na Meastachán os comhair na Dála.

Tá an tAire i láthair na huaire freagrach as an Údarás. Tá súil agam go nglacfaidh sé an cúram sin air féin agus nach mbeidh sé ag cur ar an iar-Aire é, mar nuair a rachas an t-iar-Aire i mbun dualgaisí arís, nó cibé duine a bhéas ina áit, muna ndéanann sé a chuid don Údarás beidh an rud ceanainn céanna le rá agamsa ina thaobh.

Sílim go gcaithfidh muid dearcadh úr a bheith againn ar thionscail san Ghaeltacht, go gcaithfidh muid béim níos mó a chur ar acmhainní nádúrtha na Gaeltachta agus ceann de na hacmhainní nádúrtha is saibhre, agus sílim is fiúntaí, sa Ghaeltacht ná tionscal na hiascair-eachta. Bhí mé féin agus an Teachtá Ó Gallchóir sa Teach mí nó sé seachtainí ó shin in áit a bhfuairimid deis labhairt ar an iascaireacht, ach sílim go gcaithfimid béim a chur air sin agus sílim gur fearr tionscal mar sin a fhorbairt ná a bheith ag brath ar thionscail a theacht ón taobh amuigh, ón Ghearmáin agus ó áiteacha mar sin, agus b'fhéidir nach bhfuil an smacht chéanna againn orthu. Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire cúram speisialta a ghlacadh i dtaobh muintir na Gaeltachta a bhfuil fonn orthu báid iascair-eachta a cheannach, agus cuidiú airgid a thabhairt dóibh. Tá a fhios agam go bhfuil sé sin ar fáil faoi láthair — sílim go bhfuil timpeall £4,000 de dheontas le fáil i láthair na huaire faoi choinne daoine óga ón nGaeltacht a bhfuil fonn orthu a saoil a chaitheamh le hiascaireacht — ach tá costais báid agus mar sin ag dul suas in aghaidh na bliana agus bfhéidir go bhfuil sé ar intinn ag an Aire é sin a ardú. Is beag a gheobhaidh tú ar £4,000 sa lá atá inniu ann: fiú amháin, ní chuirfeadh sé líonta nó eangacha ar fáil faoi choinne dul amach ar thóir bradán.

An dara rud ba mhaith liom, agus thagair an Teachta Coughlan dó, ná deontais le deisiú ar chéanna agus mar sin, bail a chur orthu. Thug an Teachta Coughlan liosta fada de na céanna a bhfuil droch-bhail agus drochchaoi orthu i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá eolas agam ar na céanna céanna, shiúil mé iad le cúpla mí ó rinneadh Teachta Dála dom agus roimhe sin ag dul thart, agus ceann de na céanna ba mhaith liom tagairt speisialta a dhéanamh air, i mo cheantair féin, an Bun Beag. Nuair a bhí Tomás Ó Domhnaill ina Aire thug sé dhá dheontas chun fad agus fairsinge a chur le cé an Bhun Bhig. Tá dhá chéim den obair déanta táimid ag súil go mbeidh an tAire ábalta airgead a thabhairt dúinn faoí choinne an tríu céim a cur i gcrích. Dá mbeifeá ar an Bhun Bheag inniu chifeá timpeall 25 nó 30 báid ag teacht isteach agus go leor bradán leo agus sílim go bhfuil sé i dteideal ag na hiascairí sin áis cheart a chur ar fáil ansin agus séard atá de dhíth ná £100,000 nó £200,000 agus déanfaidh sé job ar dóigh den Bhun Beag. Chomh maith leis sin tá cé Mhachaire Rabhar-taigh agus céanna eile agus comh fada agus is eol dom tá Bord na nOibreacha Poiblí ar obair ar cheann acu i láthair. Tá súil agam go ndéanfaidh siad job ceart agus nach bhfágfaidh siad é mar a d'fhág siad an Bun Beag.

Comh maith leis sin thagair an Teachta Coughlan do ché Chladach na Gaora i gCill Charthaigh. Shiúil mé an ché seo. déanta de adhmad. Tá sé ag titim as a chéile agus tá súil agam nach gcaithfidh taisme a tharlú sula gcuirfear deis ar an gcé sin. Tá ceann eile ar an Mhálainn Big, agus inné tá mé taréis litir a chur chuig an Aire fá dtaobh de agus níor mhaith liom an deis seo a dul thart gan é a rá leis istigh anseo i nDáil Éireann. Níl na hiascairí sa cheantar sin sásta leis an ché agus b'fhéidir go gcuirfidh sé roinnt dá chuid oifigigh thíos ansin le scrúdú a dhéanamh air agus roinnt airgid a chaitheamh air, agus caithfimid gach cuidiú a thabhairt do na hiascairí má táimid fá choinne an tionscal seo a fhorbairt.

Comh maith leis sin ní shílim gur féidir linn dearmad a dhéanamh de na hiascairí intíre, na lochanna breátha atá sa Ghaeltacht agus na haibhneacha breátha agus go bhféadfaí iad seo a úsáid le hiasc a chur orthu agus b'fhéidir go ndéanfadh siad turasóirí a mhealladh go dtí an ceantar agus beidh sé sin mar chineál ioncaim do mhuintir na Gaeltachta fosta.

Maidir le turasóireacht, sílim go bhféadfaí níos mó a dhéanamh faoi na cúrsaí sin sa Ghaeltacht. Tá radharcanna breátha ann, na lochanna, na sléibhte, na tránna breátha fairsinge, agus go minic gan éinne ansin. Níl plódadh ar bith iontu mar a bhíonn ar thránna eile agus ceann des na foinsí ioncaim ón turasóireacht is mó san am i láthair i gceantair Ghaeltachta ná na coláistí samhraidh, nuair a théann na mílte ó thuaidh agus siar agus ó dheas i rith an tSamhraidh le feabhas agus blas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá súil agam go mbeidh tacaíocht an Aire agus na Roinne le fáil ag na coláistí seo, ach sílim féin mar dhuine a raibh baint agam le coláistí Gaeilge ar feadh cúpla bliain b'fhéidir go bhféadfaí forbairt a dhéanamh ar an scéim, mar tá sraith bhreá de choláistí a fuair deontais ó Thír Conaill go Ciarraí agus go minic bíonn siad i n-usáid ar feadh dhá mhí nó trí mhí sa bhliain agus an chuid eile den am go minic bíonn siad ansin agus iad folamh. Sílimse gur cóir dúinn ár gcuid intinn a chur le chéile agus b'fhéidir teacht suas le scéim éigin go bhféadfadh daoine, ní gá gur páistí scoile iad ach daoine fásta, stát-seirbhísigh agus mar sin ag dul go dtí an Ghaeltacht i rith na bliana agus go bhféadfaí úsáid a bhaint as na foirgnimh seo ann agus gan iad a bheith ina luí ansin folamh. Tá fhios agam ar ndóigh go bhfuil scéim ag an státseirbhís, faoi choimirce Ghaeleagrais a chuireann státseirbhísigh agus mar sin ag dul go Gaeltachta anois agus arís i rith na bliana, ach chomh fada agus is eol dom tá an scéim sin teoranta go dtí tráthanna áirithe den bhliain, b'fhéidir ón Cháisc go dtí an fómhar, an uair is mó a bhíonn turasóirí san Ghaeltacht, agus an chuid eile den bhliain, na sé mhí eile, b'fhéidir go bhfeadfaí teacht ar scéim eile sa dóigh go dtiocfadh le daoine dul an tráth sin den bhliain faoi coinne úsáid a bhaint as na foirgnimh seo, agus na mná tí a bhíonn ag coinneáil páistí agus dáltaí i rith an tsamhraidh go bhféadfadh siad foghlaim-eoirí a choimeád i rith an gheimhridh agus go mbeadh ioncam beag eile acu as. Anois is fíor a rá sna ceantair Ghaeltachta ar fad go bhfuil cuid des na tithe is breátha agus is compórdaí sa tír. Tá cúpla ceann i mo pharóiste féin i nGaoth Dobhair agus in iarthar Thír Chonaill, agus sna Gaeltachtaí eile. Nuair a thagann turasóirí ón tír seo agus ó thíortha eile agus nuair a fheiceann siad an talamh agus nuair a fheiceann siad na tithe breátha ansin scaipthe ar gach áird agus radharc breá acu bíonn siad ag déanamh iontais de na tithe. Ceann des na rudaí a deirimid ná go raibh deontas fiúntach ó Roinn na Gaeltachta faoi choinne tithe sa Ghaeltacht. Deirim go raibh sé de nós againn é sin a rá mar tá an deontas faoi choinne teach úr sa Ghaeltacht ag £2,000 inniu mar a bhí bliain agus an lá inniu agus dhá bhliain agus an lá inniu. Tá sé mar an gcéanna le cúpla bliain agus tá mé cinnte gur chuala an tAire agus na daoine eile atá i gceannas iomrá ar an rud seo ar a dtugann siad boilsciú air, go bhfuil costas tithe agus costas maireachtála agus costas a bheith beo ag dul in áirde gach bliain. Ní rún ar bith é ná go bhfuil costas tógáil tithe ag dul in áirde ach tá an deontas mar a bhí sé le cúpla bliain, agus ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire féachaint isteach sa scéal agus ardú fiúntach a thabhairt do na daoine atá ag dul a thógáil tithe sa Ghaeltacht. Sílim go bhfuil sé tuillte acu.

Ceann des na deacrachtaí móra a fheicimse maidir le cur an deontas sin i réim an rud nua atá ag tarlú sa Ghaeltacht go bhfuil na daoine a ndearna mé tagairt dóibh ó chianaibh go mb'éigean dóibh imeacht go hAlbain agus go Sasana — níl locht ar bith orthu a dhein sin, orainne a bhí an locht nach raibh slí maireachtála ar fáil dóibh sa bhaile — d'imigh siad, shocraigh siad síos ansin, phós siad, go minic ní raibh na céilí ón nGaeltacht — b'fhéidir go raibh siad ó Shasana, ó pháirteanna eile d'Éirinn. Ach leis an fhorbairt a tharla san Ghaeltacht le beagán blianta tá a lán des na daoine seo ag teacht ar ais lena dteaghlaigh óga agus lena gcéilí agus fonn orthu socrú síos ins an bhaile, postanna a fháil i gceann des na monarchana, agus a dteaghlaigh a thógáil anseo in Éirinn, mar tá siad den bharúil agus an ceart acu, gur fearr agus gur folláine agus gur sabhálta an Ghaeltacht le clann óg a thogáil ná cathracha móra na Breataine.

Sílim gur chóir dúinn fáilte a chur roimh na daoine sin ag teacht ar ais, ach feicimse nach bhfuil an oiread sin fáilte rompu, mar in ionad cuidiú leo na tithe a chur ar bun agus aitheantas a thabhairt dos na deacrachtaí speisialta atá acu nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu de thairbhe nach cainteoir ó dhúchas b'fhéidir duine den teaghlach, cuirimid constaicí ina mbealach agus tá liosta comh hárd sin agamsa im' oifig agus bím ag teagmháil leis an Aire agus le ranna eile ag cur ceist cén fáth nár tugadh an deontas Ghaeltachta don duine seo nó don duine eile, agus deirtear i gcónaí "mar nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag an teaghlach seo."

Ba chóir dúinn smaoineamh ar an cheist speisialta atá anseo. Tá fhios agam go bhfuil job iontach deacair le déanamh ag na cigirí atá i mbun na hoibre seo. Caithfidh siadsan dul thart agus cloí leis an dlí agus leis an reacht atá i réim. B'fhéidir gurbh fhiú dearcadh isteach ins an scéal agus cás ar leith a dhéanamh de na daoine seo a thagann ar ais ó Albain, ó Shasana, ó Mheiriceá agus ó thíortha eile. Is cúis mhór achrainn sa Ghaeltacht an dóigh ina bhfuil an scéim seo á riarú faoi láthair. Ní haon mhaith bheith ag caint ar na cigirí, nach bhfuil siad ag déanamh a gcuid oibre. Tá na cigirí ag déanamh a gcuid oibre go han-mhaith. Tá siad ag cloí leis an dlí agus sílim gurbh fhiú don Roinn agus cuid againn — táimid uilig sásta dul i gcomhairle le chéile — teacht aníos le scéim éigin eile a dhéanfaidh freastal ar na daoine seo a thagann ar ais. Tá scéim ann faoi láthair agus is le déanaí a fuair mé féin amach mar gheall ar an scéim seo, an scéim spreagadh na Gaeilge. Níl a fhios agam a bhfuil foirm speisialta iarratais don scéim seo, nó caidé mar a dháiltear é. Níl a fhios agam a bhfuil mórán daoine ag fáil na scéime seo, ach is dócha gur iarracht é, ar aon chuma, faoi choinne freastal a dhéanamh ar an dream seo a bhfuil mé i ndhiaidh tagairt a dhéanamh dóibh. Bhí mé féin ag smaointiú, b'fhéidir má dhiúltaítear duine: is cuma cén gné sa tsaol lena mbaineann tú, má cuireann tú isteach ar rud éigin agus má dhiúltaítear thú, beidh tú in ann dul chuig duine éigin eile. Má dhiúltaítear deontas Gaeltachta a thabhairt duit, an bhfuil sé de cheart agat dul chuig duine éigin eile agus duine éigin eile ina dhiaidh? Má chuireann tú isteach ar iarratas pleanála agus mura bhfuil an chomhairle chontae sásta iarratas pleanála a thabhairt duit, tig leat dul go dtí an Bord Pleanála. Má chuireann tú isteach ar liúntas leasa shóisialaigh agus mura bhfuil sé sin le fáil agat, tig leat dul agus ath-chuairt a iarraidh, agus ba mhaith liom fáil amach má chuireann tú isteach ar dheontas Gaeltachta agus má dhiúltaítear tú, cén áit a rachaidh tú, an gcaithfidh tú glacadh leis an diultú sin?

Ba mhaith liom tagairt ghearr a dhéanamh do dheacracht a fheicim féin ins an Ghaeltacht i láthair na h-uaire, ceann a bhfuil eolas maith agam féin air, sé sin, oideachas sa Ghaeltacht, ag cur oideachas ar fáil trí Ghaeilge do aos óg na Gaeltachta. Dúirt an Teachta Coughlan go bhfuil níos mó trua aigesan do na daoine atá ag iarraidh Gaeilge a chur á theagasc ins an Ghalltacht ná ins na Ghaeltacht. Bhí mise ag teagasc i scoil Gaeltachta ar feadh seacht mbliana agus caithfidh mé a rá ó cuireadh an curricilum nua seo agus nuair atá níos mó béime ar iarracht an dálta féin ná mar a bhí go dtí seo, go bhfeicim deacrachtaí suntasacha le oideachas ins an Ghaeltacht. Ceann de na deacrachtaí is mó nuair a chaitheas an páiste nó an dálta scoile a dhul agus taighde a dhéanamh, go bhfuil easpa mhór leabhra tagartha Gaeilge leis an taighde sin a dhéanamh, agus i ndeireadh an scéil go gcaithfidh an páiste a dhul agus síniú faoi choinne leabhar tagartha sa Bhéarla.

Mar gheall ar na téacsleabhra Gaeilge, tá roinnt comhlachtaí san tír a bhí ag déanamh a ndícheall. Chuir Foilseacháin Rialtais roinnt téacsleabhra úsáideacha ar fáil. Chuir Comharchumann Chois Fharraige aistriúchán ar roinnt téacsleabhra fosta, ach sílim go bhfuil laige amháin, agus aon mhúinteoir a bhí ag plé le hoideachas tré Ghaeilge sa Ghaeltacht go dtuigeann sé go bhfuil deac-rachtaí leis na téacsleabhra Gaeilge seo. Má dhéanann tú comparáid agus má thógann tu an gnáth-théacsleabhar Gaeilge a bhí le léamh ag an dálta, tá caighdeán áirithe Gaeilge ins an téacsleabhar sin, agus is cuma cé as an dálta, as Tír Chonaill, as an larthar nó as an Deisceart é, tá sé in ann an téacsleabhar sin a léamh agus sult agus taitneamh a bhaint as. Tá an Ghaeilge taitneamhach, tá sí simplí agus tuigeann sé í gan aon stró. Ach ar an láimh eile, na téacsleabhra a chuireann An Gúm nó Foilseacháin an Rialtais ar fáil, tá an Ghaeilge iontu sin casta agus go minic do-thuigthe, go speisialta ag an dálta, agus, tá mé cinnte, corruair ag na múinteoirí féin.

Caithfidh muid a gceart a thabhairt do Foilseacháin an Rialtais, tá siad ag déanamh a ndícheall. Tá foilseacháin Gaeilge ar fáil ach tá siad an-chasta agus beagnach do-thuigthe. Bhí mé ag mach-namh air seo agus phléigh mé le múinteoirí é agus sílim b'fhéidir gurb é an rud atá mí-cheart ná daoine atá i mbun na dtéacsleabhra seo gur ard-scoláirí Gaeilge iad; go minic go bhfuil ard-cháilíochtaí bainte amach acu ins an Ghaeilge; go minic go bhfuil céimeanna onóracha acu ó cheann de na cúig ollscoileanna, ach go mion minic b'fhéidir nach bhfuil cleachtadh nó taithí acu ag plé le páistí scoile, agus cé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh caighdeán maith Gaeilge ins na téacsleabhra, sílim féin gurbh fhiú cuimh-neamh air, agus ba mhaith liom iarraidh ar an Aire má thig leis aon rud a dhéanamh faoi go ndéanfaidh sé é, gurbh b'fhiú cuimh-niú ar mhúinteoirí náisiúnta, múinteoirí a bhfuil cleachtadh agus taithí acu ó bheith ag déileáil le páistí go dtí seo, go bhféadfaí tamall saor a thabhairt dóibh, bliain nó dhó, agus iad a chur isteach in oifig agus iarraidh orthu leabhra taitneamhacha a bheadh ar chaighdeán ceart do pháistí scoile a chur ar fáil. Sílim dá ndéanfaí sin go mbeadh gaisce mhór déanta faoi choinne oideachais trí Ghaeilge.

Agus mé ag caint ar oideachas trí Ghaeilge, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do cheantar amháin i dTír Chonaill, Gaeltacht Láir, ceann de Ghaeltachtaí beaga na tíre, an ceantar sin thart ar An Dúchairí, Baile na Finne, isteach i nGleann Finne. Ceantar iargúlta atá ann. Tá sé istigh ansin ins na sléibhte. Níl ceangal díreach aige leis na mór-Ghaeltachtaí i dTír Chonaill. Tá sé, mar adeirimid, scaipthe amach ón chuid eile, agus na páistí atá ag freastal ar scoileanna ins an cheantar sin, ar na bunscoileanna, níonn siad a gcuid oideachas tré Ghaeilge cosúil leis na dáltaí as an gcuid eile de Ghaeltacht Thír Chonaill.

Sé an áit a bhfuil an deacracht ná nuair a fhágann siad an bunscoil nach bhfuil iar-bhunscoil ar bith ar fáil dóibh a chuireann oideachas ar fáil trí Ghaeilge. Sílim go bhfuil teagmháil déanta acu cheana féin leis na Ranna éagsúla Stáit a bhfuil baint acu leis an gceist sin, agus ba mhaith liom iarraidh ar an Aire go ndéanfaidh sé iniúchadh ar an scéal agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé córas éigin ar fáil don Ghaeltacht Láir le go bhféadfaí iar-bhunoid-eachas a chur ar fáil do na dáltaí bochta scoile ansin. Is dócha gurb í an iar-bhunscoil lán-Ghaelach is deise dóibh, ná b'fhéidir Pobal-Scoil Ghaoth Dobhair. Tá Pobal-Scoil na Rosann ansin freisin. B'fhéidir go bhfuil sort Gaeilge ansin, níl mé cinnte, ach b'fhéidir gurab é an réiteach ceart ar an scéal ná an t-éileamh atá acu féin faoi láthair, go gcuirfí scoil ar fáil dóibh féin ins an Ghaeltacht Láir; go gcuirfí oideachas ar fáil do na dáltaí ins an cheantar sin óna n-ait féin agus b'fhéidir gurb é sin an réiteach is fearr.

Thagair an Teachta Coughlan, agus níl sé ar intinn agam an oiread sin a rá mar gheall air, don deontas a thugtar do státseirbhísigh, múinteoirí ina measc, a bhíonn ag teagasc ins an Ghaeltacht tré mheán na Gaeilge. Ar na mallaibh cuireadh in iúl dom féin go bhfuil scoil amháin ar a laghad ins an Ghaeltacht agus go bhfuil leath de na múinteoirí ar lorg deontais agus an leath eile a bhí ag fáil an deontais go dtí i mbliana go bhfuil-tear tar éis é tharraingt siar uathu. Más fíor sin, sílim gur droch-chás atá ann agus níl a fhios agam cé leis a rachaidh sé chun tairbhe ná chun sochair. Ach tá a fhios agam rud amháin: ní chun tairbhe ná chun sochair na Gaeilge a rachaidh sé go bhfuil leath ag fáil an deontais agus nach mbeidh an leath eile. Ba mhaith liom iarraidh ar Aire na Gaeltachta, beidh suim aige sa gcúram sin, chomh maith leis an Aire Oideachais, iniúchadh a dhéanamh ar an cheist sin agus a fháil amach an féidir réiteach ceart a dhéanamh.

I nGaeltacht Thír Chonaill ar fad níl ach gairmscoil amháin, chomh fada agus is eol dom. Bhí cúpla gairmscoil nó ceárdscoil eile, ach tá siad measctha i láthair na h-uaire mar phobal-scoileanna nó mar scoileanna cuimsitheach. Sé an ghairmscoil sin ná gairmscoil na Carraige, agus ins an scoil sin tá oideachas ar fáil do na dáltaí ó iar-Dheisceart Thír Chonaill, ó Mhalainn Beag idir Gleann Cholm Cille isteach tríd An Charraig féin, isteach go dtí Gaeltacht Chill Charthaigh, na dáltaí go léir ins an cheantar sin atá ag fáil iar-bhunoideachas, téann siad isteach go dtí Gairmscoil na Carraige agus ní thuigim cén fáth nach bhfuil na múinteoirí i nGairmscoil na Carraige ag fáil aitheantas as an tseirbhís atá siad á tabhairt don Ghaeilge — nach dtugtar an deontas speisialta seo díobh mar ghairmscoil lán-Ghaelach.

Scríobh mé chuig Airí cheana féin faoin cheist seo agus ní bhfuair mé freagra soiléir, agus ba mhaith liom iarraidh ar Aire na Gaeltachta go speisialta anois go bhféachfaidh sé isteach ins an cheist seo agus go ndéanfaidh sé iniúchadh ar an scéal ionnas go bhféadfaidh sé insint dúinn an bhfuil aon seans go bhfaigheadh an fhoireann teagaisc an deontas Gaeltachta. Mar a dúirt mé, tá siad ag cur oideachas ar fáil do pháistí i gceantar Ghaeltachta.

Ba mhaith liom tagairt beag a dhéanamh do dheontas eile. San polasaí a bhí againn i 1981, bhí sé mar phointe againn an deontas scoile £10 a ardú go £20. Nuair a bhí mise ag dul ar scoil bhímid ag fáil £5. Cúpla bliain ina dhiaidh sin chuaigh sé suas go dtí £10 agus tá sé mar an gcéanna go dtí an lá atá inniu ann. B'fhéidir go ndéanfaidh an tAire dearcadh ar an scéal sin agus go bhféadfaidh an deontas sin a ardú.

Chomh maith leis sin, i dTir Chonaill tá na hoileáin againn ó Thóraí agus Inis Bó Finne siar go hArainn Mhór. Oileáin Ghaeltachta iad seo agus is beag forbairt a rinneadh orthu taobh amuigh den mhéid a rinne Tomás Ó Domhnaill é féin nuair a bhí sé ina Aire. Chuir sé monarachan ar bun ar Oileán Arainn Mór agus chomh maith leis sin chuir se bád farantóireachta, nó ferryboat, ar fáil do Arann Mór. Sin cúig nó sé blianta ó shin. Tá ferryboat Arainn Mhóir ón lá sin go dtí an lá inniu ar ancaire sna Cealla Beaga. Ta ceist os comhair na Dála agam le cúpla mí — sé ceann des na deacrachtaí go mbíonn ceisteanna thíos do Aire na Gaeltachta ach seo an chéad uair a bhfuaireamar deis labhairt anseo ins an Dáil——

(Cur isteach.)

Tá sé ag ealú go breá óna chuid dualgaisí. Tá ceist síos agam le cúpla mí faoi bhád farantóireachta do Arainn Mhór, agus b'fhéidir go bhféadfaidh sé freagra a thabhairt dúinn inniu nuair a bheidh sé ag freagrú ag insint dúinn cad é a bharúil cén uair a mbeidh an bád seo ag dul i mbun seirbhíse. Sílim go bhfuil cé nó áit spesialta curtha ar fáil in Ailt an Chorráin. Nuair a bhí an forthoghachán i dTír Chonaill dá bhliain go leith ó shoin, rinneadh iarracht áis do chur ar fáil in Arann Mór. Níl fhios agam an méid atá déanta ó shoin. Nuair a bhí mise in Arainn Mór sé seachtainí o shoin ní raibh an oiread sin déanta le bliain. B'fhéidir go bhféadfaí luas níos mó a chur faoin obair. Is mór an trua é bád farantóireachta breá bheith curtha ar fáil, a chuir Tomás Ó Domhnaill ar fáil, agus é ina luí ansin. Tá áthas orm go bhfuil sé sa Teach chun é sin a chloisteáil.

(Cur isteach.)

Ceann de na hoileáin, agus is dócha nach bhfuil focal Béarla dá labhairt air, Inis Bó Finne — tá ceann acu ar chósta na Gaillimhe agus ceann againn fosta in aice le Tóraigh — ceann de na hoileáin ar Chósta na hÉireann nach bhfuil sruth ceart aibhléise ar fáil ann go fóill. Tá na daoine ansin, chomh fada agus is eol dom, ag braith ar ola agus lampaí agus treallamh a chuireann siad féin ar fáil. Sa saol atá romhainn sílim gurbh fhiú córas éigin aibhléise a chur ar fáil dóibh mar cuireadh ar fáil do mhuintir Thoraí.

An tríú pointe go mba mhaith liom a dhéanamh ná tagairt do rudaí éagsúla agus rudaí logánta. Caithimid úsáid a bhaint as an deis seo a bhíonn againn ar ócáidí den tsórt seo, chomh le bheith ag caint ar pholasaí náisiúnta i leith na Gaeilge agus i leith na Gaeltachta: tá sé de dhualgas orainn úsáid a bhaint as an deis seo chun tagairt a dhéanamh do nithe atá le déanamh inár ndáilcheantair féin. Ceann acu sea aerstráice na Carraige Finne. Thug mé cúpla cuairt ar an áit seo agus chonaic mé ón aer é, agus sílim, ós rud é go bhfuil na daoine chomh scaipthe amach ón gcuid eile de Thír Chonaill, ba mhaith liom iarraidh ar an Aire go ndéanfaidh sé iniúchadh ar an aerstráice seo. Dá bhféadfadh céad nó dá chéad slat eile a chuir leis an méid a chuir Tomás Ó Domhnaill ansin sé bliana ó shin bheadh muid ábalta tionsclóirí agus tur-asóirí a thabhairt isteach a chabhródh go mór leis an áit. Tá sé rí-thábhachtach go ndéanfaí é seo. Tháinig cúpla Gearmánaigh cúpla mí ó shin. Bhí fonn orthu tionscal a bhunú i monarchan éigin san cheantar. Tháinig siad isteach go Baile Átha Cliath agus fuair siad eitleán beag le iad a thabhairt síos go dtí na Rosa. Ach bhí na daoine ar an talamh ansin ag éisteacht leis an eitleán sin taobh thuas de na néalta agus b'éigean do na tionsclóirí imeacht ar ais, agus b'fhéidir gur cailleadh roinnt postanna de thairbhe sin. Níl mé ag rá gur féidir leis an Aire na scamaill a scaipeadh — nílimid ag súil leis an oiread sin uaidh.

Míorúilt eile.

Is dócha go dtarlaíonn míorúiltí níos mó in áiteacha mar Cnoc Mhuire; ach tuigim go bhfuil gléas a cuirtear ar fáil ar an talamh agus má tá an gléas sin curtha ar fáil — cosnaíonn sé cúpla míle punt — b'fhéidir leis na heit-láin teacht isteach, agus d'fhéadfaí na heitláin a thabhairt anuas ar rud mar beacon cibé acu má bhíonn an aimsir maith nó dona.

Níor mhaith liom dearmad a dhéanamh ar Raidio na Gaeltachta. Cuireadh ar bun é deich mbliana agus an tam seo. Ceann de na rudaí atá Raidio na Gaeltachta tar éis déanamh ná na ceantair Ghaeltachta uilig a thabhairt le chéile. Cuireann muintir Thír Chonaill aithne ar muintir Chiarraí agus muintir Chonamara. Na huaireanta a bhfuil sé ag craoladh gach lá tá siad measartha teoranta agus b'fhéidir go bhféadfaí fad a chur leis na huaireanta craolta. Agus ó tharla mé ag caint ar oideachas, b'fhéidir go bhféadfaí úsáid a bhaint as Raidio na Gaeltachta le cláracha a chur ar fáil do na bunscoileanna.

Timpeall cúig nó sé bliana ó shoin chuir Raidio na Gaeltachta cláracha ar fáil do na scoileanna agus d'éirigh thar barr leo. Ceann de na cláracha a cuireadh ar fáil an uair sim ná clár ceoil. Tá cuimhne agam féin ar na páistí ag tnú agus ag fanacht leis an ceathrú uaire sin dhá uair sa tseachtain faoi choinne an clár ceoil a chloisint. Bhí clár staire chomh maith le sin agus eolas an tsaoil. Is mór an trua gur ligeadh na rudaí sin i léig. B'fhéidir go ndéanfar iarracht sa bhliain atá romhainn tosnú a dhéanamh iad a chur ar fáil arís.

Ba mhaith liom arís comhgháirdeachas a dhéanamh leis an Aire. Tá uair na cinniúna buailte leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht. Tá meath mór tar éis tarlú le deich mbliana agus mura n-éiríonn linn beart fiúntach a dhéanamh sna blianta beaga atá romhainn is é mo bharúil féin nach mbeidh Gaeltacht ar bith fágtha. Ceann de na príomh-rudaí a chaithfimid a dhéanamh ná obair a chur ar fáil do na daoine sna Gaeltachtaí, agus na deiseanna a chur ar fáil le saol taitneamhach a thabhairt dóibh ansin.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom focal amháin a rá faoina bóithre san Ghaeltacht, na bóithre is measa sa tír. Luaigh chaitear ar bóithre sa Ghaeltacht. Anu-caithtear ar bóithre sa Ghaeltacht. Anuraidh, ní bhfuair Tír Chonaill cothrom na féinne. Nuair a tugadh amach airgead do bhóithre Ghaeltachta anuraidh fuair muintir Ghaeltacht Thír Chonaill timpeall £20,000 nó £25,000, ach ar chúis éigin tugadh £250,000 do Ghaeltacht an larthair, go speisialta Gaeltacht Chonamara. Níl locht ar bith agamsa ar Ghaeltacht Chonamara é sin a fháil, ach fágadh muidine gan ár gcuid anuraidh agus tá súil agam i mbliana go mbeidh sciar cothrom agus sciar réasúnta den bheartán sin ag dul go dtí Gaeltacht Thír Chonaill chun na bóithre sin a choineáil, go speisialta na bóithre portaigh. Le blianta anuas, ó chuaigh luach na hola i méid, tá níos mó daoine ag baint úsáid as an mhóin. Má bhíonn píosa portach acu anois tá siad ag déanamh a ndícheall fuinneamh a chur ar fáil dóibh féin trí úsaid a bhaint as acmhainí nadúrtha. Ach cad é an mhaith bheith ag iarraidh sin a dhéanamh muna bhfuil bóithre cearta isteach go dtí na portaigh. Ba mhaith liom go dtabh-arfaí aire speisialta dó sin sa bhliain atá romhainn.

(Donegal South-West): Ba mhaith liom ag an am seo traoslú a dhéanamh le Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Floinn. Ba mhaith liom freisin comhgháirdeas a dhéanamh leis an Teachta Ó Chionnaigh atá anois againn mar urlabhraí ag an bhFreasúra. Guíom toradh maith ar an bheirt acu ina bpost nua, agus ná bíodh aon imní orthu.

Ó thaobh eacnamaoícht, tá an Ghaeltacht cosúil le gach cuid eile den tír agus gach cuid eile den domhan. Tá go leor fadhbanna móra le sárú againn sa Ghaeltacht. Tá mé cinnte de go ndéanfaidh an tAire na fadhbanna seo a shárú agus saol níos fearr a thabhairt dúinne sa Ghaeltacht agus do phobail na Gaeltachta. Caithfidh sé a chinntiú go mairfidh an Gaeltacht agus an teanga agus an cultúir atá againn ansin. Ach caithfear a rá go bhfuil an Ghaeilge ag meath, agus caithfidh muidne agus caithfidh an tAire agus an Roinn agus gach Teachta sa Dáil seo dícheall a dhéanamh deireadh a chur leis an meath seo. Caithfear oideachas a thabhairt do na daoine sa Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge.

Labhair na Teachtaí eile maidir le seo agus sin an méid atá le rá agamsa ag an bpointe seo. Luaigh siad na fadhbanna a bhí ann agus caithfear déanamh cinnte de go dtabharfar seans an Ghaeilge a fhoglaim gan chose. Go deimhin tá fhois agam go bhfuil sibh uilig ábalta an Ghaeilge a fhoghlaim tar éis an scoil a fhágáil. Caith fear a dhéanamh cinnte de go mbeidh siad á mhúineadh sna meánscoileanna agus go háirithe sna meánscoileanna atá san Ghaeltacht. Ní sin amháin, ach caithfimid postanna agus fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht ionas go mbeidh muintir na Gaeltachta in ann mair-eachtáil i gceart.

Tá sé deacar, tá fhios agam, cúnamh eacnamaíochta, tá sé deacar breis jobanna a chur ar fáil, ach caithfimid ár ndícheall a dhéanamh do mhuintir na Gaeltachta agus níos mó jobanna agus fostaíochta a chur ar fáil do na daoine nach bhfuil obair ar bith acu, agus do muintir na Gaeltachta atá thar sáile agus ar mhaith leo teacht ar ais agus postanna a fháil sa bhaile.

Maidir le cúrsaí fostaíochta, tá mé féin den bharúil, agus tá an bharúil chéanna ag go leor agaibh, go bhfuil níos mó tairbhe sna monarchana beaga ná cuid de na cinn móra a tógadh go dtí seo. Tá go leor cleachtadh agam sa Ghaeltacht, agus deirim go bhfuil sé i bhfad níos fearr go mbéadh dachad nó tríocha jobanna buana i monarchan amháin ná céad jobanna míbhuana i monarchan mór. Mar a dúirt an Teachta McGinley, GT an ceann is mó san eastát tionscail sna Doirí Beaga. Nuair a dúnadh an cheann sin bhí go leor stuif le díol. Ní raibh siad ábalta na carpéidí a dhíol, bhí cúlú eacnamaíochta ann agus nuair a dúnadh an ceann sin bhí sé deacair tionscal mór a fháil chun dul isteach sa monarchan sin. Tá sé i bhfad níos fearr cinn bheaga a bheith againn ná na cinn mhóra.

Braitheann slánú ár dteanga ar fhostaíocht, mar a dúirt mé, agus ar oideachas a bheith ar fáil ag an aos óg amach anseo, chun seans jobanna a thabairt. Ba cheart go mbeadh go leor tostaiocht ansin, go mbeadh an t-athair nó an mháthair, nó an bheirt acu, ábalta dul amach ag obair i monarchana agus na páistí ábalta dul ar scoil agus oideachas a fháil sa Ghaeltacht. Ach tá an chuid is mó de na monarchana sa Ghaeltacht ag brath go mór ar chomhlachtaí a thagann isteach ó cheantair lasmuigh, ní amháin den Ghaeltacht, ach ó thíortha eile. Déanann sé seo costas an-mhór, costas breise, do na comhlachtaí, agus b'fhéidir gur cheart dúinn dearcadh ar feadh tamaill agus labhairt faoi deontais breise a chur ar fáil mar gheall ar an chostas atá againn an bun-ábhar a thabhairt isteach chun na gcalafoirt in oirthear na tíre go dtí na heastáit thionscail ar iarthar na tíre. Tá mé den bharúil gur féidir i bhfad níos mó a dhéanamh faoi tionscail na hiascaireachta, go mba cheart dúinn níos mó luach a chur ar na hiasc agus iarracht a dhéanamh margaidh éisc a bhaint amach. Tá an bun-ábhar ansin. Ba cheart don Roinn Iascaigh níos mó a dhéanamh maidir leis an scéal sin.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir le cúrsaí tithíochta. Ar dtús b'fhéidir gur cheart dúinn breathnú siar deich mbliana nó níos mó. Ag an am sin bhí deontas le fáil mar atá deontas le fáil inniu ach tá difríocht mhór ann. Ag an am sin bhí na daoine ábalta an bun-ábhar a cheannach ar an deontas sin agus le saothar an duine féin, le saothar a theaghlaigh agus le saothar a chomharsana, bhí siad ábalta an teach sin a thógáil gan mórán stró, ach anois níl siad ábalta sin a dhéanamh agus tá níos mó brú ar na daoine sin cur isteach ar an chomhairle chontae le haghaidh cuidiú ón gcomhairle chontae.

Tá an chomhairle chontae ag cur brú ar an Rialtas agus ag deireadh an lae níl na daoine ag tógáil na dtithe mar a bhí siad. B'fhéidir go mba cheart fiosrú a dhéanamh maidir leis an scéal seo. B'fhéidir go smaoineodh an tAire agus an Roinn ar níos mó airgid a chur ar fáil, an deontas seo a ardú agus go mbeadh na daoine ábalta an bun-ábhar seo a cheannach agus bheadh níos lú brú ar na comhairlí contae agus ar an Rialtas.

Faoi lathair — agus caithfimid é seo a rá—i bparóiste cosúil le paróiste Ghaoth Dobhair níl mórán tithe tógtha ag an gcomhairle chontae ansin. Níl scéim ar bith san pharóiste sin agus is é an chúis atá leis sin go bhfuil siad ábalta a scíth a thógáil le na deontais sin, ach taobh istigh de cúpla bliana beidh Comhairle Chontae Dhún na nGall ag tógáil níos mó tithe san pharóiste sin. Tá mé cinnte de dá mbeadh deontas níos fearr agus deontas níos fla-thúla againn nach mbeadh trioblóid ar bith againn.

Maidir le scrúdú teangan le haghaidh daoine a bhfuil suim acu san deontas seo. Tá deacracht mór leis an deontas Ghaeltachta seo, is é sin an scrúdú teangan, mar a dúirt mé, a chuirtear ar dhaoine ar mian leo deontas a fháil ón Rialtas. Faoi láthair de réir na rialacha caithfear Gaeilge a bheith ag an teaghlach go léir chun an deontas seo a fháil. Tá sé seo ceart go leor do na teaghlaigh a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht. Beidh siad ábalta an deontas seo a fháil agus tá siad i dteideal an deontas seo ach tá go leor daoine sa Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge go líofa ag an teaghlach go léir. Níl na páistí ag fáil an deontais £10 agus níl siadsan ábalta an deontas seo a fháil. Tá na daoine céanna seo ag déanamh a ndíchill an teanga a fhoghlaim agus níl deis acu an deontas seo a fháil. Tá fhios agam go bhfuil scéim spreagtha ann ach ní dóigh liom gur leor é seo. Caithfidh na daoine cur isteach chuig an Roinn Comhshaoil le haghaidh an míle punt agus caithfidh siad fanacht cúpla bliain nó trí bliana ansin chun an ocht gcéad punt a fháil. Níl maitheas ar bith ansin. Caithfear an t-airgead seo a fháil nuair a bhíonn na daoine ag tógáil na dtithe sin. Ní doigh liom go bhfuil sé féaráilte cur i gcoinne daoine atá ag déanamh a ndíhill. Ní hé amháin nach spreagtar na daoine sin ach tiontaítear na teaghlaigh ar fad i gcoinne na teanga agus níl sé sin ag cuidiú lena dteanga dhúchais.

Ba mhaith liom labhairt go gairid maidir le fadhb eile is é sin nuair atá airgead á dheol ar dhaoine chun teach nua a thógáil agus bíonn orthu dul thar sáile ar feadh cúpla bliain chun sé nó seacht míle punt a fháil. Nuair a chuireann na daoine sin isteach le haghaidh an deontais seo agus má tá siad thar sáile nuair a thosnaítear ar an teach seo ní bhfaighidh siad an deontas. Ní dóigh liom go bhfuil se sin féaráilte ach an oiread agus ba cheart athscrúdú a dhéanamh ar seo. Ba cheart athscrudú a dhéanamh ar cheist iomlán seo an deontais, agus maidir le tithíocht, na cáilíochtaí agus na coinníollacha atá riachtanach.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir leis na bóithre portaigh agus bóithre eile san Ghaeltacht, mar tá siad i ndroch-staid faoi láthair. Tá fhios agam go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag déanamh a ndíchill agus go bhfuilimid ag fáil airgid ó Roinn na Gaeltachta le roinnt blianta anuas. Tá súil agam go mbeidh airgead na bliana seo ag teacht amach go luath chun go mbeimid ábalta na bóithre seo a chóiriú agus a riaradh. Tá dualgais ní amhaín ar Roinn na Gaeltachta ach ar an Roinn Comhsaoil agus fiú amháin ar an Roinn Tionscail agus Fuinnimh cuidiú a thabhairt do Roinn na Gaeltachta chun amharc i ndiaidh a cuid portaigh, go háirithe anois mar gheall ar an ghéar-chéim fuinnimh atá againn sa tír seo. Ag caint maidir le bóithre ba mhaith liom ag an am seo buíochas a ghabháil le Aire na Gaeltachta, an Teachta Ó Floinn, agus buíochas muintir Árainn Mhór a ghabháil leis mar gheall ar an deontas ceithre mhíle punt a chuir sé ar fáil ag deireadh na seachtaine chun bóthar a dheisiú go dtí Cé Pholl an Mhada. Bhíomar ag fanacht ar an airgead seo ar feadh sé nó seacht mí. Bhí mise ag suí ansin seachtain ó shin agus d'iarr duine amháin orm breathnú ina dhiadh seo. Bhí mé ag obair anseo agus dúirt sé liom nach raibh siad ábalta dul trasna an bhóthair seo ó Mhí Mheán Fómhair ach caithfear a rá—agus bhí an Teachta McGinley ag caint faoi Airí éagsúla — nach raibh an tAire Ó Floinn mar Aire na Gaeltachta ag an am sin agus tá droch staid ar an mbóthar sin ó Mhí Mheán Fómhair. Cuirim an cheist a Leas-Cheann Comhairle, cé a bhí ina Aire Ghaeltachta ag an am sin, Aire nár thug céim sna Rosa, i nGaoth Dobhair, i gCloch Cheann Fhaolaidh nó fiú amháin in iarthar na hÉireann. Tá meas mór agus bhí meas mór ag muintir na Gaeltachta ar iar-Aire na Gaeltachta, an Teachta O'Donnell, ach caithfear a rá freisin go raibh meas mór agam féin air nuair a bhí sé ansin agus meas mór agam air go fóill, ach bhí go leor Airí na Gaeltachta idir an dá linn ag éisteacht leis an Teachta McGinley; ní raibh an Teachta Gallagher ann; ní raibh an Teachta Máire Geoghegan-Quinn ann agus ní raibh an Teachta Flynn ann, agus níor luaigh siad faic faoi Aire na Gaeltachta, an Teachta O'Toole agus bhí sé ansin ar feadh seacht mí. Bhíothas ag caint faoin bhád seo ar feadh seacht mí. Ní dóigh liom go raibh a fhios ag muintir na Gaeltachta go raibh Aire na Gaeltachta againn an am sin. Caithfimid an fhírinne a insint. Labhair muid faoi bhád atá ag dul go dtí Arainn Mór. Tá a fhios agam go raibh an-suim ag an Uasal Ó Domhnaill san bhád sin, ach tá mise cinnte de gurb iad Fianna Fáil a chuir an t-airgead ar fáil le haghaidh an bháid sin. Cé go raibh suim ag an iar-Aire ann, is iad Fianna Fáil a chuir an t-airgead ar fáil agus is féidir liom é sin a cruthú.

Bhí sé ag caint faoin bád seo agus cén uair a bheadh sé críochnaithe. Chuir mé féin ceist síos faoi agus fuair mé amach go mbeidh na céanna críochnaithe roimh dheireadh na bliana. Is dóigh go mbeidh an bád ag obair roimh dheireadh na bliana. Tá súil agam go bhfuil freagra ar an cheist sin tugtha anois.

Chuidigh gach iar-Aire maidir le Arainn Mór nuair a chuir siad 50 faoin gcéad den airgead a bhí riachtanach le haghaidh na mbóithre san oileán. Tá drochstaid ar na bóithre anois agus cuireann Roinn na Gaeltachta 50 faoin gcéad ar fáil agus cuireann an chomhairle chontae 50 faoin gcéad ar fáil. Tá "five year plan" acu maidir le na bóithre sin agus tá súil agam go mbeidh airgead ag teacht i mbliana freisin ón Aire seo maidir leo.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir le traidisiúin agus cultúr na Gaeltachta. Tá sé an-riachtanach go gcaithfear trad-isiúin agus cultúr na Gaeltachta a chaomhnú, agus le seo a dhéanamh caithfear níos mó áiseanna a chur ar fáil don phobal lena gcuid cluichí, a gcuid damhsaí, ceol agus an teanga féin a chleachtadh. Tá mé féin sásta go gcuirfidh an tAire seo agus an Roinn cuid den airgead sin ar fáil do na háiseanna seo agus caithfidh na daoine iad féinbheith toilteanach agus tús a chur leis an obair. Tá súil agam go mbeidh an tAire, an Roinn agus an Rialtas sásta, agus tá dualgas orthu, cuidiú a thabhairt don phobal ansin. Tá sampla an-mhaith le fáil anseo in iar-thuaisceart Thír Chonaill áit a thóg Cumann Lúthchleas Ghaeil Ghaoth Dobhair club nua a chosain beagnach £40,000. Tá na háiseanna go léir ansin san fhoirgneamh seo chun cluichí, damhsaí, ceol agus teanga a chaomhnú agus a chleachtadh.

Caithfidh mé ag an am seo mo bhuíochas a gabháil don iar-Aire, Máire Geoghegan-Quinn, agus an Aire atá againn faoi láthair a thug £20,000. Bhí an foirgneamh sin ann nuair a bhí an Comh-Rialtas i gcumhacht ach níor thug an Comh-Rialtas pingin don fhoirgneamh. Caithfidh mé an cheist a chur: an raibh suim ar bith acu i dtraidisiúin agus cultúr na tíre seo? Ní raibh siad ábalta pingin a thabhairt do na daoine sin atá ag déanamh sár-obair. Chonaic muid toradh an obair sin nuair a bhí Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Floinn ansin Dé Luain agus bhí iar-Aire na Gaeltachta agus an tAire Spóirt, Máire Geoghegan-Quinn, ansin ar an lá céanna. Taispeánann sé sin an tsuim atá ag na daoine sin in iarthar na hEireann agus san Ghaeltacht.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir leis na hoileáin. Ta an-suim agam féin sna hoileáin. Toraí, Inis Bó Finne agus Arann Mór. Labhair mé maidir le Arann Mór agus an t-airgead atá curtha ar fáil, agus tá súil agam go mbeidh níos mó airgid curtha ar fáil maidir leis na bóithre as seo amach. Maidir le Oileán Thóraí, chuir Fianna Fáil airgead ar fáil chun seirbhís uisce a chur ar fáil do na daoine seo. Maidir le Inis Bó Finne, scríobh mé féin chuig an Aire Fuinnimh, Albert Reynolds, agus d'iarr mé air cuidiú le seirbhís aibhléise a chur ar fáil, mar ba cheart go mbeadh an tseirbhís chéanna ag na daoine ansin is atá ag na daoine ar an mór thír. Tá a fhios agam go ndéanfaidh an tAire agus an Roinn a ndícheall chun cuidiú leis na daoine ar na hoileáin. Déanfaidh mise cinnte de, mar Theachta Dála ó dháilcheantar ina bhfuil na hoileáin seo, agus cuirfidh mé brú ar an Aire, ar an Roinn agus ar an Rialtas, agus labharfaidh mé am ar bith san Teach seo maidir leis na hoileáin, aus tá mé ag rá anseo inniu go dtabharfaidh mé gach cuidiú do na daoine sin. Tá go leor sheirbhísí riachtanach istigh sna oileáin agus déanfaidh mé mo dhícheall go mbeidh na seirbhísí céanna ag na daoine sin is atá ag na daoine ar an mór-thír.

Labhair mé faoin mbád farantóireachta a bheidh ag obair ag deireadh na bliana idir Ailt a Choráin agus Arann Mór. Tá súil agam go mbeidh go leor daoine ag baint úsáid as an mbád sin. Ní hé amháin go gcuideoidh sé le muintir na n-oileán ach cuideoidh sé chun níos mó daoine a thabhairt go dtí an t-oileán go háirithe i rith an tsamh-raidh. Tá oileán Arann Mór ag brath go mór ar dhaoine ag teacht isteach i rith an tsamhraidh agus airgead a chaitheamh ansin. Cuideoidh sé freisin le muintir an oileáin san gheimhridh nuair a bhíonn an aimsir garbh ann agus nuair nach mbíonn siad ábalta dul isteach is amach gach lá.

Tá an scéal céanna ann maidir le Toraí. Níl bád ag dul isteach is amach don oileán sin gach uile lá, ach tá heli-copter ar fáil gach uair a mbíonn sé riachtanach. Leanfaidh mé ar aghaidh chun brú a chur ar an Aire chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh na seirbhísí céanna ar fáil do mhuintir Toraí agus do mhuintir Inis Bó Finne.

Maidir le Údarás na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann, nuair a thosaigh Gaeltarra Éireann ní raibh ball tofa ar bith ar an mbord sin ón Ghaeltacht. Ag deireadh 1979 thug Fianna Fáil seans do mhuintir na Gaeltachta a mbaill féin a thoghadh. Tá baill againn anois ar Údarás na Gaeltachta agus tá a fhios againn go rí-mhaith na rudaí atá riachtanach don Ghaeltacht. Tá a fhios i bhfad níos fearr againn ná a raibh ag na daoine a bhí ar an mbord nach as an Ghaeltacht iad nach raibh a fhios acu na rudaí a bhí ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta. Tá job an-deacair le déanamh ag Údarás na Gaeltachta fostaíocht a chur ar fáil don Ghaeltacht, agus tá na ráflaí seo agus an pholaitíocht faoin Údarás ag cur isteach go mór ar an obair atá le déanamh ag an Údarás. Tá sé ag cur isteach ar aidhm-eanna an Údarás. Tá sé ag cur isteach ar an aidhm tionsclóirí a mhealladh chuig an Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh deireadh leis seo go luath agus go mbeimid ábalta brú ar aghaidh le níos mó fostaíocht a chur ar fáil san Ghaeltacht.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir le Raidio na Gaeltachta. Tá seirbhís fíor-riachtanach á chur ar fáil ag Raidio na Gaeltachta. Ní hé amháin go bhfuil pobal na Gaeltachta ag éisteacht agus ag baint úsáid as Raidio na Gaeltachta ach tá go leor daoine ar fud na tíre go léir, sna Sé Contae agus sna Sé Contae Fichid ag éisteacht leis freisin. Ach caithfear an t-seirbhís seo a leathnú agus tá mé cinnte nuair a bheidh deireadh leis an cúlú eacnamaíochta go ndéanfaidh an tAire agus an Roinn é seo. Tá trí stiúideo ag Radio na Gaeltachta agus tá súil agam go mbeidh ceann eile i gCaisleán an Bharraigh agus áit é sin a bhfuil Aire na Gaeltachta agus urblabhraí ón bhFreasúra ar an Ghaeltacht ina gcónaí. Cuideoidh sé sin le Gaeltacht Chontae Mhaigh Eo. Ansin beidh ceann againn i nDún na nGall, ceann i Maigh Eo, ceann i gConamara agus ceann thíos i gCiarraí. Tá an-eolas agam ar an cheann atá againn i mo Dháilcheantar féin, agus ta mise lán-sásta go bhfuil siad sin ag déanamh job iontach ansin cé nach bhfuil na háiseanna acu san stiúideo sin. Ta fhios agam go bhfuil stiúideo eile beagnach críochnaithe anseo i nDún na nGall agus go mbeidh na háiseanna atá riachtanach acu san áit sin.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir leis na céanna agus go háirithe an ceann is mó í nDáilcheantar Iar-dheisceart Dhún na nGall. Is é sin Cé Ailt an Chorráin. Iarraim ar an Aire a dhícheall a dhéanamh chun an obair a thosnú chun an cé seo a glanadh agus a fheabhsú. Tá sé riachtanach go mbeadh an ché seo glanta chomh luath agus is féidir. Ní féidir le báid mhóra teacht isteach ansin gach uile uair den lá. Tar éis an job seo a dhéanamh beidh siad ábalta teacht isteach. Beidh siad ábalta níos mó éisc a thabhairt isteach agus beimid ábalta níos mó jobanna a chur ar fáil ar an mór-thír. Chomh maith leis sin tá go leor céanna eile i mo Dháilcheantar thíos ins an mBun Beag, i Machaire Rabhartaigh, i bPort Uí Churráin, i gCeann Caslach, i mBaile an Easa agus ceann atá san Ghaeltacht ach taobh amuigh de mo Dháilcheantar, is é sin an ceann thíos sna Dúnaibh. Tá súil agam go dtabharfaidh Roinn na Gaeltachta gach cuidiú do na daoine seo.

Bhí an-áthas orm nuair a léigh mé ráiteas an Aire nuair a dúirt sé go bhfuil an Rialtas sásta níos mó airgid a thabhairt do Údarás na Gaeltachta ná mar a thug siad san cháinfhaisnéis ar an 25 lá de Mhí Mhárta, Ta fhios agam nach Aire na Gaeltachta, gurb é an t-iar Aire a d'fhoilsigh Leabhar na Meastachán don bhliain seo agus tá mé sásta go mbeidh níos mó airgid curtha ar fáil do Údarás na Gaeltachta, agus cuideoidh sé seo linn go léir. Cuideoidh sé le níos mó fostaíochta, postanna a chur ar fáil san Ghaeltacht. Labhair duine éigin maidir le scoil — go bhfuil a lán daoine ann, go bhfuil leath de na múinteoirí ag fáil deontas ós rud é go bhfuil siad ag múineadh trí Ghaeilge. Níl fhios agam cén scoil a bhí sé ag caint faoi ach tá fhios agam ceann amháin a bhfuil deacrachtaí ann, agus ar maidin inniu bhí me féin istigh leis an Aire Oideachais le ceithre múinteoirí as scoil áirithe i nDún na nGall agus labhraíomar le Aire na Gaeltachta agus leis an Aire Oideachais, agus tá an-suim aige san chás seo. Níl fhios agam an í an scoil chéanna í, ach tá fhios ag an Aire Oideachais agus ag Aire na Gaeltachta fúithi. Tá mé cinnte de nach ndéanfaidh Aire na Gaeltachta nó an tAire Oideachais rud ar bith i gcoinne na Gaeltachta ná i gcoinne na teanga.

Maidir leis an Ghaeltacht í féin ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir leis na teorainneacha agus b'fhéidir go ndéanfadh an tAire scrúdu maidir le Ard an Rátha agus na Gleanntaí. Labhair an Teachta Coughlan maidir leis na háiteacha seo. Tá an ceantar go léir thart ar na Gleanntaí agus thart ar Ard an Rátha san Ghaeltacht ach níl baile mór Ard an Rátha nó na Gleanntaí san Ghaeltacht. B'fhéidir go ndéanfaidh Roinn na Gaeltachta scrúdú maidir leis seo.

Tá díomá orm nach féidir liom cúrsaí na Gaeltachta a phlé níos mine ach tá mé cinnte go ndéanfaidh an tAire agus an Roinn gach rud is féidir chun an teanga a chaomhnú agus a fheabhsú agus breis fostaíochta a chur ar fáil ionas go mbeidh saol níos fearr ag pobal na Gaeltachta agus iad ag saothrú a dteanga dúchais.

Cuireann sé áthas faoi leith orm go bhfuil an deis seo agam cúpla focail a rá ar ócáid díospóireachta ar Meastachán Roinn na Gaeltachta. Ar an gcéad dul síos is cúis áthais domsa mo comhgháirdeas a léiriú leis an Aire nua. Tá súil agam go n-éireoidh go hana-mhaith leis agus guím rath Dé air agus ar an obair thábhachtach atá faoina lámha mar Aire na Gaeltachta. Chomh maith leis sin ba mhaith liom mo chomhgháirdeas a dhéanamh le mo fíor-chara agus comh-Theachta Enda Kenny as ucht a cheapacháin mar urlabhraí Fhine Gael do chúrsaí Ghaeltachta. Tugann an díospóireacht seo ar ócáid Mheastachán Roinn na Gaeltachta deis don Teach cúrsaí Ghaeltachta a phlé. Is é seo an taon deis mór amháin a thugtar don Teach seo cúrsaí Ghaeltachta a phlé. Cé go ndéanaim comhgháirdeas leis an Aire, agus go léirím mo dhea-mhéin is cúis mhór bhróin domsa nár ghlac an tAire leis an ócáid seo chun ráiteas realaíoch forleathan agus iomlán a thabhairt don Teach chun a chur in iúl dúinn cad tá i gceist aige mar Aire na Gaeltachta; cad iad na tuairimí atá aige faoi fhorbairt na Gaeltachta; cad tá in aigne aige faoi Údarás na Gaeltachta sa todh-chaí; cad iad na pleananna atá aige. Bhí brón ormsa a chloisint ón Aire conas a fheiceann sé an Ghaeltacht san todhchaí.

Ní cuimhin liomsa ar feadh 20 bliain sa Teach seo ráiteas chomh gairid leis an ráiteas a thug an tAire anseo inniu, ceithre leathanach — ceithre leathanach de ráiteas ó Aire na Gaeltachta ar ócáid Mheastachán Roinn na Gaeltachta. Is náireach an scéal é agus tá brón mór ormsa faoi mar a rinne an tAire a ráiteas inniu. Tá súil agam go nglacfaidh an tAire leis an deis a bheidh aige ag tabhairt freagra don díospóireacht seo chun a chur in iúl dúinn na pleananna atá aige chun forbairt na Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Aithním nach bhfuil sé ina oifig ach ar feadh trí mhí, ach is cuimhin liom go maith, a Leas-Cheann Comhairle, an Teachta Mícheál Kitt, ar dheis Dé go raibh a anam dílis, is cuimhin liom go maith an chéad lá a bhuail me leis tar éis mé bheith ceaptha mar Aire na Gaeltachta agus dúirt se liom, "tabharfaidh mé trí mhí duit agus ansin tosnóidh mé ag cur ceisteanna ort. Tá trí mhí caite ag an Aire agus tá súil agam go mbeidh fhios againne roimh dheireadh na díospóireachta seo cén saghas polasaí atá leagtha amach aige don Ghaeltacht.

Mar sin féin cé gur ráiteas gairid é, aontaím go hiomlán leis an méid atá ráite aige. Aontaím go háirithe leis an méid a dúirt sé faoi fhorbairt tionscail sa Ghaeltacht, faoin méid a dúirt sé faoi na tionscail ar theip orthu agus a dúnadh. Léimid agus cloisimíd mórán ó am go ham faoi na tionscail a theipeann. Cinnte, mar a dúirt an tAire agus aontaím leis, teipeann tionscail ó am go ham, ní amháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre. Na daoine atá ag gearán faoi na jobanna atá caillte i monarchana Ghaeltachta ba mhaith liom a chur i gcuimhne dóibh gur cailleadh níos mó jobanna i monarcha Ferenka i mo dháilcheantar cúpla bliain ó shin ná mar cailleadh sa Ghaeltacht ar feadh deich mbliana. Agus sin mar a tharlaíonn nuair a bhíonn deacrachtaí eacnamaíochta an domhain ag brú isteach orainne sa tír seo. Éiríonn deac-rachtaí an-mhór do chuid tionscal, ní amháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre, ach tagann deacrachtaí ar leith i dtaobh tionscal sa Ghaeltacht os rud é go bhfuil na ceantair Ghaeltachta scaipthe nó gur ceantair iargúlta cois farraige iad atá scaipthe, ó Oileán Thoraigh go dtí Oileán Cléire. Tá sé an-deacair ar fad tionscail a bhunú sa Ghaeltacht agus dúirt an tAire i leathanach a 2 ina ráiteas dá ngéillfí don dearcadh diúltach i gcónaí ní fhéadfaí dul chun cinn ar bith a dhéanamh. Aontaím leis agus dúirt mé an rud céanna i rith na gceithre bliana a raibh mise mar Aire na Gaeltachta. Dob é an tuairim a bhí agamsa i gcónaí má bhunaimíd deich dtionscail agus má éiríonn le sé cinn is dul chun cinn é sin. Tarlaíonn sé go dtugtar i bhfad níos mó poiblíochta do na dearmaid a dhéantar ó am go ham agus an té nach ndéanann dearmad nó an Rialtas nach ndéaneann dearmad nó an tAire nach dhéaneann dearmad riamh, ní dhéanann sé aon dul chun cinn. Sin í an tuairim atá agamsa agus a bhí i gcónaí. Tá sé an-deacair ar fad tioscail a bhunú sa Ghaeltacht. Tá sé an-deacair ar fad infheistíocht agus tionsclóirí a mhealladh isteach chuig an nGaeltacht, chuig na ceantair Ghaeltachta. Ó thaobh nadúrtha de ní oireann na ceantair Ghaeltachta do fhorbairt tionsclaíochta agus dá bhrí sin caithfidh Aire na Gaeltachta agus an tÚdarás, agus is cuma an Gaeltarra Éireann nó Údarás na Gaeltachta atá i gceist, caithfidh siad siúd iarracht tréan láidir a dhéanamh chun tionscail a bhunú ann, chun infheistíocht a mhealladh isteach ann, agus chun tionsclóirí a mhealladh isteach go dtí an Ghaeltacht. Tuigim gur theip ar mhonarchana agus gur theip ar thionscail agus ní dea-scéal é chor ar bith nuair a fheicimid go bhfuil monarcha dúnta. Léimid sna páipéir go bhfuil tionscal mór i Contae Chill Chainnigh le dúnadh. Cuireann sé díomá orainn go léir agus is cúis bróin é dúinn.

Ach ar an taobh eile cé gur theip tionscail sa Ghaeltacht d'éirigh le cuid mhaith tionscal. Tá níos mó daoine ag obair ann anois ná mar a bhí ann nuair a thosnaigh na tionscail sin. Deirimse leis an Aire, ná bac leis an droch-phoiblíocht atá ann ó am go ham. Caithfidh an tAire leanúint ar aghaidh leis an obair is tábhachtaí atá os a chomhair. Is í a aidhm fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus go háirithe do aos óg na Gaeltachta. Muna gcuirimid fostaíocht ar fáil do aos óg na Gaeltachta agus caighdeán mair-eachtála a chur ar fáil dóibh, ní fhanfaidh na daoine óga sa Ghaeltacht agus mar a dúirt mé go minic i rith na mblianta, gan daoine ní bheidh aon Ghaeltacht ann. Gan Ghaeltacht ní bheidh an teanga againn. Sin é an fhírinne agus táim cinnte go n-aontóidh an tAire liomsa faoin méid sin.

Deirimse leis gurb é an obair is tábhachtaí atá os comhair an Aire ná fostaíocht a chur ar fáil. Níl sé sin simplí. Bhí mé ag éisteacht ó am go ham go mba cóir an dualgas a thabhairt don IDA chun tionscail a fhorbairt sa Ghaeltacht. Ní aontaím leis an nós sin ar chor ar bith. Chun fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht is "different ball game é" go mór mhór i gcomparáid leis an taobh eile den tír, agus maidir leis an IDA, tá baint ag an IDA faoi láthair le forbairt tionsclaíochta sa Ghaeltacht, agus is cuimhin liom go maith i dtosach mo thréimhse mar Aire na Gaeltachta gur chuir mé Ard-Oifigeach as an IDA ar Bhord Gaeltarra Éireann. Rinne an fear sin obair iontach agus bhí caidreamh an-mhaith idir Gaeltarra Éireann agus an IDA ag an am sin ó thaobh forbairt na Gaeltachta de — ní amháin forbairt tionsclaíochta atá i gceist ach forbairt na hacmhainní nádúrtha, forbairt talmhaíochta, forbairt iascair-ceachta, forbairt turasóireachta agus forbairt na hacmhainní nádúrtha. Ní féidir leis an IDA gach rud a dhéanamh i dtaobh forbartha den saghas sin.

Más mian linne an Ghaeltacht a fhorbairt agus a chur chun cinn ba chóir go mbeadh údarás ar leith don cheantar sin. Is mar sin atá sé ar fud na hEorpa. Aontaíonn an Coimisinéir ar pholasaí réigiúnach san EEC leis sin. Caithfimidne plean forleathan cumasach a leagan amach ar an gcéad dul síos agus ar an dtaobh eile "there must be a development agency". Pointe an-tábhachtach é sin agus chomh maith leis sin an tréimhse a chaith mise mar Aire na Gaeltachta agus tusa mar úrlabhraí anseo agus úrlabhraí an Fhreasúra is cuimhin liom go maith le pléisiúr na díospóireachtaí a bhí againn ag an am sin. While I have slipped into speaking a few words of English there, it is no harm to remind ourselves that the development of the Gaeltacht and the future of our language and the preservation of the wonderfully rich cultural heritage to which we are heir are not matters which should be exclusively of interest to those Deputies who represent Gaeltacht constituencies or to those Deputies go bhfuil an t-adh leo go bhfuil líofacht nádúrtha acu. Táimid ag caint faoi rúdaí teicniúla agus tá sé deacair é a mhíniú go soiléir, ach déanfaidh mé mo dhícheall.

The point I was trying to make is that suggestions have been made that the development of the Gaeltacht should be taken over by the Industrial Development Authority. I totally reject this suggestion. It is unrealistic and shows a lack of appreciation of what Gaeltacht development means. Gaeltacht development is not just industrial development. This is only one small aspect of Gaeltacht development. What we are talking about is the economic, social and cultural development of the Gaeltacht. If we are to succeed, there is only one formula that will enable the Minister to generate the necessary economic activity that will, in turn, provide job opportunities for the young people who are about to leave school. If we do not provide job opportunities, giving them an opportunity to live there and enjoy a certain standard of living, then we might as well forget the Gaeltacht.

In the context of my membership of the European Parliament and my involvement in the Regional Policy Committee of that Parliament over the last number of years, I want to tell the House that recently there was a very interesting development in the EEC's attitude towards regional development: it has undergone a dramatic change. Instead of grant-aiding individual projects in the peripheral maritime regions of which the Gaeltacht is a typical example, on an ad hoc basis, as has been the position in relation to the regional fund up to now, it has been proposed by the Commission, endorsed by the Parliamentary Committee on Development and by the full plenary session of the Parliament in Strasbourg, that the correct way to approach this development is to formulate a comprehensive overall development plan — a four year programme — involving industry, agriculture, fisheries, tourism, transport, communication, education and training, the whole spectrum of development, on a multiannual basis. The commission now propose to grant aid the preparation of such a plan and to grant aid annually each stage of the plan. They have gone further and are prepared to give advance payments based on the indications of the progress of the plan. This is a golden opportunity for the Minister for the Gaeltacht. I have already tabled a Private Members' motion drawing the Minister's attention to this and next week I will be tabling a similar motion in the European Parliament in Strasbourg.

I want to see the Government and all parties in this House make one final, determined effort to save our Gaeltacht. Let us be honest and face facts. The Gaeltacht is dying. The will to speak the language has almost gone. I say that in all sincerity, but regretfully. If we want the Gaeltacht to survive we must develop it. If we are serious about preserving our language we must ensure that our cultural heritage can be passed on to future generations — na gluainte atá rómhain.

The Minister should issue a directive to Údarás na Gaeltachta to consult with the Regional Commission of the EEC with a view to seeking assistance from the Commission in formulating a four-year comprehensive development programme covering all aspects of development, and this programme should be jointly financed by the Government and the EEC.

It is now recognised within the EEC that if the best way of approaching the development of a peripheral disadvantaged region is by means of comprehensive development planning, to be successful there must be an authority with specific responsibility for implementing that programme. In the Gaeltacht we have Údarás na Gaeltachta. Despite any criticism that might be made of them, I am sure they could be given the additional powers by the Minister necessary to implement this plan. It is also recognised that if we are to be successful in the development of a peripheral disadvantaged region, there must be maximum involvement by the local community in the plans and programmes imposed from the top, whether from Government or EEC level.

Is cuimhin liom go maith nuair a bhí mise in oifig Aire na Gaeltachta bhí gluaiseacht na comharaíochta ag dul ar aghaidh go han-mhaith. Bhí breis is 20 comharchumann sa Ghaeltacht. Tá súil agam go bhfuil siad ann fos. Tuigim go bhfuil deacrachtaí ag na comharchumainn sin. Sé an moladh is láidre is féidir liomsa a thabhairt don Aire nua ná ba chóir dó béim agus cúram i leith a thabhairt do na comharchumainn sna Gaeltachtaí. Ins an bplean forleathan atá molta agam don Aire ba chóir go mbeadh páirt tábhachtach ag na comharchumainn Gaeltachta.

The co-operative movement, and particularly some of the co-operatives in the Gaeltacht areas, have had difficulties. Some co-operatives have performed miracles in promoting development. I hope that in any plans for the future, Gaeltacht co-operatives will have a key part to play.

Rud eile atá le rá agamsa, sé sin, níl aon chomparáid idir fhorbairt na Gaeltachta agus forbairt reigiún eile sa tír seo. In aon phlean atá leagtha amach chun forbairt eacnamíochta nó sóisialach na Gaeltachta a chur chun chinn, caithimid forbairt cultúra a chur san áireamh chom maith.

There is an important linguistic and cultural dimension to Gaeltacht development which is often overlooked by those who advocate that the IDA or other organisations take over the development of the Gaeltacht. When I was Minister for the Gaeltacht I availed of the opportunity of studying regional development organisations — the Highland and Islands Development Board in Scotland, that of the Mezzogiorno in Southern Italy and other continental regional development organisations. It is recognised that because of this cultural dimension — this widely important cultural and linguistic dimension in Gaeltacht development — the task of formulating appropriate overall development strategy is very difficult. I recall one of the top executives of the Highland and Islands Development Board saying to me in 1973, when I was first there, that you cannot develop economically a disadvantaged peripheral region if you have cultural responsibility as well, but we must if the Gaeltacht is to survive.

Rud eile, sa chéad leathanach rinne an tAire tagairt do fhiosruchán ginearálta ar imeachtaí Údarás na Gaeltachta. Cé go mbím thar lear an chuid is mo den am, léim na páipéir ó am go ham — scéalta, poiblíocht agus rudaí eile a bhaineann leis an nGaeltacht.

The Gaeltacht is unpopular. It happened in my time, too. It has always been a subject of controversy. That, in itself, is not a bad thing. Unfortunately, it has always been subjected to controversy, which is generated by mischiefmakers, people of evil intent or those with chips on their shoulders. It also can be generated through lack of understanding of what Gaeltacht development is all about. I have suffered from this controversy during my term as Minister. Much bad publicity can be generated by half-truths, innuendoes and rumours of all kinds.

If something is wrong, there is a normal procedure available for investigating it. It is doing no good to the Gaeltacht. It certainly will not induce people to come into the Gaeltacht and invest their money and time in creating employment there if they are continuously subjected — firms and development authorities — to all sorts of half-baked propaganda and rumours.

I agree entirely with what the Minister said, and I said myself on numerous occasions when I got the anonymous letters and phone calls, or when I was met by people who had what they thought were serious tales to tell: "Write it and put your name to it." Not once during my four years as Minister for the Gaeltacht did that ever happen. If there are problems, they must be cleared up. If things go wrong, they must be investigated and there is a correct procedure for doing so.

Maidir le forbairt na Gaeltachta, iarraim ar an Aire an seans atá aige anois chun plean forleathan forbartha a bhunú sa Ghaeltacht, agus go rachfadh sé i gcomhairle le Coimisinéir Réigiúnach na hIodála — fear a thug cuairt don Ghaeltacht cúpla uair agus a thuigeann fadhbanna na Gaeltachta.

Sé mo thuairimse go dtabharfadh plean mar sin dóchas nua do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na hEireann maidir le slánú na Gaeltachta.

Baineann obair Aire na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta le forbairt na Gaeltachta ar thaobh amháin agus le forbairt na teanga agus an cultúir ar an dtaobh eile. Rinne an tAire tagairt do Bhord na Gaeilge. Tá suim i leith agamsa i mBord na Gaeilge mar bhí sé de phribhléid agamsa an Bord sin a bhunú ar an gcéad dul síos ar bonn ad hoc. Ó am go ham buailim le oifigigh ó Bhord na Gaeilge. Tuigim go bhfuil cuid mhaith oibre déanta ag an mBord sin, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu maidir leis an obair thábhachtach atá faoi chúram an Bhoird, sé sin, leis an nGaeilge a chur chun cinn, agus caithfimid é sin a chur i gcuimhne dúinne féin ó am go ham.

Rinne an Teachta Higgins tagairt do na tuarascálacha éagsúla a cuireadh le chéile maidir leis an Ghaeltacht i rith na mblianta

We must recognise that the most significant report of any survey ever undertaken in this country into the attitudes of the Irish people towards their own language was undertaken in the early seventies. It was commissioned by my predecessor in office Deputy Colley. It was a scientific survey which should form the foundations and basis of any coherent realistic policy for the future of our language and our culture. In that survey, the most significant answer to the most significant question asked confirmed that 75 per cent, if my memory serves me correctly, d'aontaigh 75 faoin gcéad, formhór muintir na hEireann, le haon bheart chun leas na Gaeilge a chur chun cinn. Tá súil agam go n-éireoidh go han-mhaith le Bord na Gaeilge. I was greatly impressed, in the course of last year, when I was invited to an exhibition of Bord na Gaeilge in my constituency. I saw the video and modern methods they were using to promote the language and the literature and booklets handed out were absolutely superb. Ba mhaith liomsa mo chomhgáirdeas a dhéanamh le Bord na Gaeilge as ucht an dea-obair atá á dhéanamh acu.

Mar fhocal scoir, rinne mé tagairt, nuair a bhí mé ag caint ar fhorbairt na Gaeltachta, do chúrsaí an Comhphobail maidir le forbairt réigiúnach agus mar sin de. Ach le déanaí chomh maith, cúpla mí ó shin, bhí díospóireacht an-suimiúil ag Parlaimint na hEorpa faoi "minority languages and cultures". Ghlac an chuid is mó de bhaill na Parlaiminte ón tír seo páirt sa díospoireacht seo.

There is a new emphasis now, new recognition being given, within the context of the European Economic Community to minority languages and cultures, mara tugtar ortha. There is a strong body of opinion in the European Parliament which believes that not by bread alone does man live. It believes that these minority cultures and languages, as they are called, are part of the rich, diverse cultures of these areas and lands.

In the context of the EEC there is perhaps now new scope, new opportunity, for a Minister and a Government to begin a dynamic, comprehensive, integrated development programme for the Gaeltacht and at the same time, because of the new emphasis being given by the EEC to what they call minority languages and cultures, perhaps the work of Bord na Gaeilge might be assisted in a practical way from EEC sources.

Sé mo thuairimse go bhfuil an Ghaeltacht i dtrioblóid cheart anois. Muna bhfuilimid sásta ar gach taobh den Teach seo, muna bhfuil muintir na hÉireann sásta iarracht tréan laidir deireanach a dhéanamh chun leas na Gaelthachta agus leas na Gaeilge a chur chun cinn, ní mhairfidh an Ghaeltacht agus ní mhairfidh an Ghaeilge, agus ba thrua an scéal sin dá dtarlódh sé. Tá súil agam nach dtarlóidh sé agus tá mé ag iarraidh ag an Aire a chinntiú nach dtarlóidh sé.

Go raibh míle maith agat. An Teachta Proinsias De Rossa.

On a point of order, serious allegations were made in the Minister's official script against me personally I intimated to the Leas-Cheann Comhairle that I intended to speak next and if I do not get in now I fail to see what opportunity I shall get to refute the serious allegations against me made in the Minister's speech this morning. It was a personal attack, quite a serious one, and I cannot see where I shall get an opportunity to refute this. If I do not speak I shall be accused of avoiding the issue. That I am not doing. I am prepared to speak at length and in detail on every issue raised and defend myself to the last, with justification, I hope.

I understand that Deputy De Rossa will speak for 15 minutes at the most. That will give Deputy O'Toole an opportunity then.

It is not a question of whether Deputy De Rossa finishes or not. He has a perfect right to speak as long as he wishes. The point is that I indicated that I was available to speak before the Deputy arrived in the House and before the Ceann Comhairle arrived ——

You did not indicate to me.

I indicated to the Leas-Cheann Comhairle that I was here to speak in this debate. I understand that he also told you before leaving the Chair that I wanted to speak. Is that not correct?

I am not aware of that. It is not usual to call two Fine Gael speakers one after the other.

There was no one else in the House and I indicated that I wished to speak, because of the serious allegations made against me personally.

I recognise this fact, but Deputy De Rossa has indicated that he would like to speak for 15 minutes. That will give you, Deputy O'Toole, an opportunity to refute the charges levelled against you.

On a point of order, the length at which Deputy De Rossa will speak is a matter for himself and indeed for you——

No, it is not a matter for me. He has one hour——

It has nothing to do with me, if he wished to speak for only five minutes. It is a matter of my having indicated to the Leas-Cheann Comhairle that I was here and prepared to speak. He also intimated to you before leaving the House that I was next to speak to refute the allegations made in the Minister's speech.

I must be losing my senses because I do not remember him saying that to me. He may have said it to me——

He pointed to me before you sat in that chair.

He did, but you would not be the next speaker — a speaker, but not the next speaker. You would be the next Fine Gael speaker.

Deputy Begley was here and he did not point to him.

This wrangling does not help the situation.

It may not help you, but I must not leave this House this evening without having made some effort to refute the allegations made against me by the Minister.

The debate does not conclude this evening.

Could you tell me when I will have an opportunity to refute these allegations?

If you had permitted me to call Deputy De Rossa——

There is no point in telling me that Deputy De Rossa will speak for ten or 15 minutes. That is not the point at issue.

You will get your opportunity. You are not being deprived of it.

When will I get the opportunity?

I would hope this afternoon. The Dáil adjourns at 4 o'clock.

If, for example, a Member of the Government party comes in in ten minutes' time, is he not to be called?

It is a matter for the Chair.

Now we are coming down to it.

Yes, it is a matter for the Chair.

The Chair indicated to me ten or 20 minutes ago that I was next to speak.

It is the procedure of this House to take a Fine Gael speaker and then go to one of the other parties. Once you have intimated to me your desire to refute charges that have been made against you, I will see to it that you will get an opportunity.

Are you denying to me now that you were told by the Leas-Cheann Comhairle before he left the House that I was next?

He told me you would be a Fine Gael speaker and you are the next Fine Gael speaker, but that does not mean that you are necessarily the next speaker.

I was the only one in the House at the time.

I try to have a balance between speakers and that has been the procedure for many years.

As far as I am concerned the balance concerns myself and the Minister——

It does not concern me.

It concerns me very much.

I shall see to it that you are protected.

The Leas-Cheann Comhairle told you before leaving the House that I was to be called next and this red herring of the time taken by Deputy De Rossa is nothing but a red herring.

I will decide who is called and I will see that there is a balance. Is this a point of order, Deputy Begley?

How can you tell Deputy De Rossa to sit down after 15 minutes when under Standing Orders he is entitled to one hour for this debate? You have no control over Deputy De Rossa ——

No. I have not any control but Deputy De Rossa has said to me that he would like to speak——

You cannot tell him to shut up.

No, I cannot tell him to shut up and I will not do so.

Serious allegations have been made against the former Minister for the Gaeltacht, Deputy O'Toole. Surely he is entitled to refute those allegations.

Of course he is, but I want——

You are denying him that right.

(Interruptions.)

I am in charge of the House. You are not going to tell me what I should do or should not do. I have called Deputy De Rossa. Deputy O'Toole is the next Fine Gael speaker, but he must not claim a right to which he is not entitled. I have the greatest sympathy with him over his problem and he will be——

He is entitled to defend himself in this House.

Deputy Begley must understand that I am not denying him this right. The debate does not conclude this afternoon.

Is there a guarantee that the debate will be ordered next week by the Government?

It is on again. You have now taken up seven minutes of the time and I think Deputy De Rossa——

On a point of order, may I submit that you made two conflicting statements: you said that the procedure in the House was that after a Fine Gael speaker a speaker from another party would be called. You then said it was up to you to decide the order of speakers. These two statements are in conflict.

They are not in conflict. That is not a point of order. That is questioning the Chair.

Before the Leas-Cheann Comhairle left the House he intimated to you, and in doing so pointed to me to ensure you knew what he was talking about, that I was to be called on next.

No, he did not say that.

You, as Deputy Begley said, cannot guarantee me the opportunity before 4 o'clock, because Deputy De Rossa has a perfect right to go on. Far be it from me to try to take his time. I have no intention of doing so and the fact is that you, Cheann Comhairle, have taken it on yourself to deny me——

Which I have a right to do. If you do not like that — sorry Deputy, I am not denying you any opportunity or denying you your rights.

You were told by the Leas-Cheann Comhairle that I was to be the next speaker.

The next Fine Gael speaker.

In the interest of justice, when can you afford me an opportunity of refuting these serious allegations made by the Minister? You have made the point that this debate will not be completed by 4 o'clock.

No, it will not.

When thereafter can you afford me an opportunity of refuting the allegations?

I am now stating that I will call you after Deputy De Rossa.

The Chair is saying now that in breach of Standing Orders he will control the time.

The Deputy will not try to tell me what I said. What I have said is that I will call the Deputy after Deputy De Rossa has finished. If it transpires that Deputy De Rossa concludes at 4 p.m., Deputy O'Toole will be called on the next occasion on which the Estimate is before the House.

On a point of order, the Chair has accepted that there has been serious allegations made against me.

I have not accepted that. I said that I have sympathy with you if allegations have been made against you but that is totally different. I am not being the judge as to whether there were allegations made against you. I do not know of the allegations.

Time will tell that.

The Deputy must not start dictating to the Chair.

I want to know when I will be given the opportunity to raise these issues if Deputy De Rossa continues to 4 p.m. or what will be the situation if I am called at 3.50 or 3.55 p.m.?

It is the rule of this House that two speakers from the same party are not called in succession when another person is offering.

The Chair should check with the Leas-Cheann Comhairle on that.

When the Leas-Cheann Comhairle indicated to me that I would be the next speaker, there was nobody else in the House.

I am not bound by anything like that. The Deputy may be annoyed about allegations that may have been made against him but he must not vent that annoyance on me. He will not intimidate the Chair. I have called Deputy De Rossa and I am not changing that decision for Deputy O'Toole or for anyone else.

I am not venting my annoyance on the Chair.

But neither will I be subjected to any kind of threat from the Chair. I am standing for my rights here.

I am calling Deputy De Rossa and if Deputy O'Toole does not like that arrangement he had better take whatever measure he sees fit, but I am not calling him at this point.

(Interruptions.)

If the Deputy continues in this manner I will have to ask him to leave the House. He is obstructing the business.

I will not leave the House. I have the right to defend myself.

I will not listen further to the Deputy.

I was told by the Leas-Cheann Comhairle that I would be the next speaker. Are you denying me the right to speak now?

You were told that you would be the next Fine Gael speaker.

There was no one else in the House at that time.

No one can anticipate who will be here at any time. Your colleague had not finished when that was indicated to you.

So the Chair is accepting that it was said.

I said that you would be the next Fine Gael speaker but not the next speaker. There is a difference.

On a point of order, in the interests of balance as between speakers, what will be the position if, after Deputy De Rossa concludes, a Fianna Fàil Member indicates his wish to speak?

The ruling is that the Chair endeavours to ensure that there is balance so far as speakers are concerned.

But the reality is that the Chair decides who may defend himself and who may not.

The Deputy is determined to be obstructive. I am very surprised at him because he is never like this.

This is the first time that allegations have been made against him.

In the light of the very serious allegations made against me, I am seeking the right to defend myself.

What the Deputy is doing is very dangerous. He is challenging the authority of the Chair.

I am asking the Chair to be consistent.

I am being consistent. I have called Deputy De Rossa.

But you agreed to call me.

I am sure that Deputy De Rossa would be prepared to be very accommodating.

Do not drag him into this.

Deputy O'Toole is interfering with the right of Deputy De Rossa to speak.

That is a red herring. The time a speaker may take during this debate is one hour.

I am calling on Deputy De Rossa.

On a point of order, can you guarantee me the right to defend myself here?

By what means?

The Deputy will be called next by me on this Estimate.

But when?

It may be today but perhaps if the Deputy would be a little patient, he would get his opportunity.

Can the Chair guarantee me that it will be next week?

I cannot give that guarantee.

Can the Chair guarantee that it will be even this year?

Therefore, the Chair cannot guarantee me the right to defend myself. The Chair is very vocal and vociferous on the subjects of justice and balance but he cannot guarantee me anything.

The Deputy is allowing this problem to get the better of him to the extent that it is upsetting his sense of judgment.

I can refute every allegation made against me and I can justify my stance on every issue concerned. I am looking for justice, balance and fair play but I am not succeeding.

The Deputy is challenging the authority of the Chair. If he continues in this manner I will have no alternative but to adjourn the House.

I am asking the Chair to be consistent. The Leas-Ceann Comhairle indicated to me that I would be called after Deputy O'Donnell and that was intimated to you

It is very wrong of the Deputy to challenge the authority of the Chair. It is totally irresponsible of the Deputy to do so having regard to his responsible position. I am very surprised at this. The Deputy is denying another Deputy, who has been called, the right to speak.

This is not my day. There have been allegations made against me from the Government side and the Chair is holding me responsible. In what respect am I responsible for what is happening?

There are a lot of forces arraigned against this place but the Deputy is not helping the situation. For the past 17 minutes he has been challenging the authority of the Chair.

On what other occasion have I ever challenged the authority of the Chair?

The Deputy is doing so now.

Is the Chair alleging that I am doing this as part of a scheme against him? I have not consulted with anyone on this issue. I came here to speak in the normal way.

The Deputy may have a grievance against someone but he must not vent that grievance on the Chair.

I am not venting any grievance on anyone.

On a point of order, the Chair called me about 12 minutes ago——

It was 17 minutes ago.

——and I should like to continue.

I should hope that the Deputy would continue.

I wish to call a quorum.

On a point of order, we have had discussions — I will not put it stronger than that — before in this House arising from apparent inconsistencies in the rulings of yourself and of the Leas-Cheann Comhairle. This has been a cause of acrimony for some time. I must ask the Chair to take account of the fact that those of us sitting on the benches here are guided by the person who happens to occupy the Chair at any time and we must accept that when the Chair tells us that a certain Deputy is to be the next speaker, that will be the case.

For the edification of Deputy Dukes, the Leas-Cheann Comhairle told me that Deputy O'Toole was to be the next Fine Gael speaker. There is a big difference between him being the next Fine Gael speaker and the next speaker.

As there was no one else in the House Deputy O'Toole was told he would be the next speaker.

Deputy Dukes, too, is challenging the Chair. The ruling is that Deputy O'Toole is to be the next Fine Gael speaker. If Deputy O'Donnell had finished speaking when that was indicated Deputy O'Toole would have been called then but that was not the case. When Deputy O'Donnell concluded, Deputy de Rossa was in the House and offered. The Chair makes the decision to call a Deputy on the basis of who is in the House when another Deputy concludes. That is the situation.

I am adjourning the House now.

The Dáil adjourned at 3.30 p.m. until 2.30 p.m. on Tuesday, 15 June 1982.

Top
Share