Tá áthas ormsa duine de na baill a briseadh as a phost aréir a fheiceáil anseo anocht ar an áiléar. Tá an-aiféala orm go mbeadh air a theacht go dtí an Teach seo ar ócáid den tsórt seo, fear a bhfuil a shaol caite aige ag obair ar leas oibrithe ar fud na tíre seo, síos agus soir agus thuas agus theas ag plé le ceardchumannachas sa tír seo. Luaigh an Teachta De Rossa go mba chúis liathróid peile í cúis an Udaráis anois agus deirimse leis an Teachta sin más liathróid í bhí sí breá bán nuair a bhí sí nua. D'imir an Comhrialtas cluiche salach agus salaíodh an liathróid sin dá bharr ach nuair a bhéas an Comhrialtas atá anois againn réidh léi beidh dath breá gorm ar an liathróid sin.
Is údar mór imní dúinn ar fad an chaoi ina láimhseáileadh cúrsaí Údarás na Gaeltachta ó 20 Iúil 1981 i leith. Fógraíodh go hoifigiúil — mar atá fhois agat a Cheann Comhairle — i Mí Eanáir 1982 go raibh fiosrúchán, mar adúirt an fógra Rialtais ag an am, "into the constitution and operation of Údarás na Gaeltachta" le cur ar bun ag an Rialtas, dar le hAire na Gaeltachta ag an am. 'Sé an scéal atá anseo anocht nach raibh aon bhaint aige féin leis an gcinneadh Rialtais sin ach cuimhnimís, a Cheann Comhairle, gur ball den Rialtas a bhí ann ag an am agus dá bharr sin nach bhféadfaí cinneadh den tsórt sin a dhéanamh gan treoir agus comhairle a ghlacadh ón Aire a bhfuil príomh-fhreagracht an Údaráis air. Ní fhéadfaí a shoiléiriú ag an am cén cineál fiosrúcháin a bheadh ann nó cé bheadh ina bhun nó cé na téarmaí tagartha a leagfaí síos dó. Tá fhios againn céard atá ar bun ó shin. Ceist mhór í ceist seo na polaitíochta.
Tá sé ráite go minic sa Teach seo ag Teachta amháin áirithe a labhair anseo anocht, an Teachta Begley, gur Údarás de chuid Fhianna Fáil a bhí san Údarás. Cuimhnímís freisin nach mbeadh Údarás ar bith againn murach Rialtas Fhianna Fáil. Caithimís súil anois ar bhord an Údaráis. Tá 13 bhall ar an mBord sin, nó bhí aréir. Thogh pobal na Gaeltachta mórsheisear. Ní raibh sé de chead ag aon duine de na hiarrthóirí sin ainm a bpáirtí polaitíochta fiú a bheith i ndiaidh a n-ainm ar an bpáipéar toghcháin agus rinne an Teachta Gallagher agus Rialtas Fhianna Fáil é sin d'aonghnó sa gcaoi nach bhféadfadh aon duine a rá go raibh cúrsaí polaitíochta i gceist. Creidimse, a Cheann Comhairle, go láidir go raibh a gcúrsaí gnó déanta ag Bord an Údaráis ar bhonn neamh-pholaitiúil go dtí 1981 — go dtí gur tháinig beirt bhall tofa de chuid Fhine Gael a chuir a gcosa uathu. B'shin athrú bunúsach ar fheidhmiú Bhord an Údaráis.
Tá seachtar ball tofa, mar adúirt mé, beirt acu sin is baill iad de chuid Pháirtí Fhianna Fáil. Ainmníodh seisear ball eile. Breathnaimís anois orthu siúd go bhfeicimíd cé acu gur baill iad de Pháirtí Fhianna Fáil. Duine amháin acu — a cheap an tAire féin — is ball é de Pháirtí Fhine Gael sa deisceart é. Fear eile, ainmníodh é thar cheann an Údaráis. Mise a d'ainmnigh é agus caithfidh mé a rá go fírinneach nár chuir mise aon cheist ar an bhfear uasal sin cén páirtí polaitíochta lenar bhain sé nuair a cheap mé é mar bhall den Bhord.
Tá Rúnaí Roinn na Gaeltachta mar bhall — tá sé i láthair anseo anocht. Ní fhéadfadh aon duine a rá gur fear é an Rúnaí a chaithfeadh am ar bith ag plé le polaitíocht de chineál ar bith. Agus anois tá triúr fágtha, an triúr a sheas ar a bprionsabal, mar atá de bheart acu a dhéanamh, agus a briseadh as a bpost dá bharr. Fear amháin a ainmníodh thar ceann an ITGWU — ní fhéadfadh aon duine a rá gur ball de Pháirtí Fhianna Fáil é an tUasal Ó Néill. Bean as Tír Chonaill nach bhfuil, gurb eol domsa ná do éinne den taobh seo nó den taobh eile den Teach, aon bhaint aici ariamh le Fianna Fáil agus an tríú duine an t-iar-Chathaoirleach, Bainisteoir Chontae Mhaigh Eó, an tUasal Mícheál Ó Máille. Tá mé cinnte go n-aontódh an tAire liom nach dtéann an tUasal Ó Máille i mbun a chuid cúrsaí bainistíochta contae ar bhun pholaitíochta ar bith.
Níl i mbriseadh na ndaoine seo as a bpostanna ach sampla eile de na Boird Stáit ar fad a bhfuil sceannairt déanta orthu ag an gComhrialtas — An Bord Pleanála agus Bord na gCapall, mar shampla.
Sa gceist seo ar fad cé tá cúisithe? Ar dtús tá comhaltaí Bhord an Údaráis cúisithe — tá pobal na Gaeltachta féin cúisithe mar gur thogh siad san mórsheisear don Bhord. Tá príomh-fheidhmeannach na heagraíochta cúisithe, a bhfuil freagracht air polasaí an Bhoird a chur chun cinn taobh istigh den eagraíocht féin. Ar deireadh tá siad siúd ar fad atá ag obair istigh san Údarás i gCeannaras na bhForbacha cúisithe. Go hindíreach a Cheann Comhairle tá tionsclóirí a bhfuil 4,000 curtha ar fáil acu sna Gaeltachtaí cúisithe ag an Aire agus ag an Rialtas.
Cén toradh atá leis an útamáil seo uilig? Tá lagmhisneach orthu siúd atá ag obair san Udarás. Tá baill den Bhord briste as a bpostanna ó aréir. Seans — más fíor na ráflaí — go mbrisfear an príomh-fheidhmeannach ag an gcéad chruinniú eile. Ansin cá stopfaidh an Rialtas: feidhmeannaigh, an mbrisfear iad sin? Cléirigh, tionsclóirí, gnáthoibrithe, fiú amháin? B'fhéidir go bhféadfaí a chreidiúint go dtriailfí Bainisteoir Chontae Maigh Eó a bhriseadh as a phost mar Bhainisteoir Contae. B'fhéidir go dtriailfí muintir na Gaeltachta féin a bhriseadh. Triaileadh é cheana agus ní mholfainn d'aon duine é a thriail arís.
Tá sé suimiúil go bhfuil iar-Aire Gaeltachta amháin nach bhfuil i láthair anocht. D'fhan sé, mar a dúirt an Teachta Gallagher, ceithre bliana agus é ag impí ar an Rialtas Údarás daonlathach Gaeltachta a thabhairt isteach agus dhiúltaigh siad cead a thabhairt dó. Tháinig Fianna Fáil — mar adúirt mé — agus tugadh isteach an tÚdarás taobh istigh de bhliain. Tá fhios agamsa agus tá fhios ag na Teachtaí ar an taobh eile den Teach nach n-aontaíonn an t-iar-Aire sin leis an rud atá ar siúl anseo anocht nó leis an rud a tharla aréir agus gurb shin é an fáth nach bhfuil sé anseo linn anocht. Ar dtús creidimse, agus creidim go gcreideann an tAire freisin é, go bhfuil an t-uafás dochair déanta don chomhoibriú agus don bhá atá idir Údarás na Gaeltachta agus pobal na Gaeltachta go ginearálta ag an gcineál seafóide atá ar siúl le dhá bhliain. Tá dochar déanta aige do na tograí fiúntacha a bhfuil ag éirí leo agus a bhfuil beagnach 4,000 duine fostaithe iontu ar fud na nGaeltachtaí. Níos measa ná sin tá amhras cothaithe in intinn na dtionsclóirí atá faoi láthair i mbun comhráití nó atá ag plé leis an Údarás faoi láthair le tionscail a bhunú sa nGaeltacht amach anseo agus fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta.
Tá amhras freisin cothaithe i measc an lucht airgeadais a chuireann ar fáil airgead i bhfoirm iasachtaí ó na bainc mhóra nó aon fhoinse airgeadais eile sa tír seo. Nuair a bhí mise mar Aire Gaeltachta shocraigh an Bord ag an am go ndéanfadh muid athbhreithiniú ar an gcomórtas forbartha pobail. Labhair mise agus príomhfheidhmeannach an Údaráis le tionsclóirí móra na tíre seo agus d'iarr muid orthu ag an am tacú le hUdarás na Gaeltachta; tacú le dul chun cinn pobail bheaga Gaeltachta anseo agus ansiúd ar fud Gaeltachtaí na tíre agus níl dabht ná iad siúd atá ag cur airgid ar fáil don chomórtas forbartha pobail sin, ná gurb iad sin tionsclóirí móra na tíre. An bhfuil an tAire in ann a rá linn anois go leanfaidh siad den chineál céanna airgeadú an chéad bhliain eile nó amach anseo? Ní chreidimse go bhféadfadh aon tionsclóir mór geallúint a thabhairt anois go bhféadfaidh seisean leanúint ar aghaidh nuair atá amhras cothaithe ag an Rialtas ins an eagraíocht lena bhfuil sé ag tabhairt tacú.
Tá sé ráite ag polaiteoirí ar an dtaobh thall den Teach gur cuireadh airgead an Údaráis amú i mblianta a chuaigh thart. Tá sé ráite gur cuireadh airgead isteach i bpoll. Aontódh chuile dhuine gur cuireadh airgead i dtionscail nár éirigh leo ar chúis amháin nó ar chúis eile. Ach creidimse má rinne an tÚdarás tada ó tháinig siad i gcumhacht gur thógadar cinneadh láidir, cinneadh misniúil dhá bhliain go leith ó shin nó mar sin nuair a shocraíodar deireadh a chur leis an gcineál sin tionscal, tionscail nach raibh aon tsúil go deo go n-éireodh leo amach anseo. Is dóigh liom go mba cinneadh misniúil é sin go háirithe do dhaoine a bhí tofa go daonlathach ag pobal Gaeltachta agus cinneadh a chuir isteach go mór orthu féin go pearsanta b'fhéidir ina gceantair féin. Nuair a thógadar cinneadh misniúil den tsórt sin sílimse gur cheart go dtabharfadh an Rialtas seans dóibh dul i mbun gnótha agus má bhí tuilleadh de na tionscail seo ar fud na Gaeltachta anseo is ansúd go mbeadh deis ag an Údarás deileáil ar an gcaoi céanna leis na tionscail siúd.
Ach tá damáiste i bhfad níos measa ná sin déanta ag an gcaint ar fad le dhá bhliain. Tá an damáiste seo déanta, go bhfuil lámha an Údaráis, feidhmeannaigh an Udaráis agus baill bhord an Udaráis ceangailte nach féidir leo aon obair a bhéanamh, nach féidir aon fhorbairt tionsclaíochta a dhéanamh sa Ghaeltacht, go bhfuil an infheistíocht a bheadh ann imithe beagnach ar fad mar nach bhfuil comhlachtaí nó tionsclóirí taobh amuigh den Ghaeltacht, taobh amuigh den tír nó fiú amháin sa tír féin sásta airgead a infheistiú san Údarás nó i gcomhlachtaí leis an Údarás mar go gcreideann siad go bhfuil airgead curtha i bpócaí ag feidhmeannaigh taobh istigh den Údarás. Nílimid i bhFianna Fáil ag cur an t-amhrais sin i gcroíthe nó i gcloign na dtionsclóirí ach na páirtithe ar an dtaobh thall, Fine Gael agus an Lucht Oibre, an Comhrialtas.
Creidimse go bhfuil rud i bhfad níos measa fós déanta ag an gcaint seo ar fad. Tá deireadh curtha le postanna nua nó a bheadh le cur ar fáil sna Gaeltachtaí ar fad. Tá amhras cothaithe i gcloigne na bhfear airgid sa tír seo, na bainc, comhlachtaí árachais agus an comhlachtaí a mbeadh airgead acu le cur isteach mar infheistíocht sa Ghaeltacht le postanna a chothú. Creideann chuile dhuine go bhfuil an scamall seo os cionn an Údaráis le dhá bhliain agus go bhfuil bunús de shaghas éigin leis. Cuireann sé iontas agus alltacht orm nach bhfeicim duine ar bith de Pháirtí an Lucht Oibre istigh sa Teach seo anocht. Creidim gur scanall den chéad scoth é, an Páirtí a deireann go bhfuil siad ar thaobh oibrithe na tíre seo, go gcuireann siad postanna ar fáil dóibh agus go seasann siad dóibh agus go labhraíonn siad dóibh sa Teach seo, nár bhfiú le duine amháin acu a bheith istigh anseo anocht le tacaíocht a thabhairt do oibrithe na Gaeltachta a bhfuil a gcuid postanna i mbaol. Labhair an Teachta McGinley faoi vóta muiníne a bheith curtha ag Bord an Údaráis sa phriómhfheidhmeannach, an tUasal Flynn, agus dúirt sé gur cuireadh an vóta muiníne sin ann agus gan an príomh-fheidhmeannach sásta eolas a thabhairt. Chreid mise ón méid a léigh mé sná páipéir agus on méid a chuala mé iar-chathaoirleach an bhoird ag rá ar an raidio tamall ó shin ann gur thug príomhfheidhmeannach an bhoird an t-eolas ar fad dó taobh amuigh cé is moite den bheirt tionsclóir sa Tuaisceart agus gur mhínigh sé go láidir an chúis a bhí aige le nach dtabharfaí ainm na beirte sin. Cén fáth nach bhféadfadh Bord an Údaráis vóta muiníne a chur ann agus é taréis an t-eolas a bhí aige a thabhairt agus a mhíniú cén fáth nach bhféadfadh sé an chuid eile a thabhairt. An n-inseoidh an tAire duinn fáth na moille ar fad sna chúrsaí seo thuas. Caithfidh sé go raibh eolas faighte le go mbeadh sé anois in ann triúr bhall den bhord a bhriseadh as a bpostanna.