Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 Jun 1984

Vol. 351 No. 8

Written Answers. - Eastáit Tionscail.

469. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad duine atá fostaithe sna heastáit i gCasla agus ar an gCeathrú Rua, faoi seach, agus cé mhéad deontas nó caiteachais san iomlán a bhí ann i dtaca le tionscail a bhí ag feidhmiú, atá ag feidhmiú, nó a bheidh ag feidhmiú iontu agus iad briste síos mar seo: tógáil foirgneamh, deontais chaipitil, deontais eile, caiteachas eile.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur mar seo a leanas an t-eolas ar féidir teacht go tapaidh air do nó heastáit tionscail atá i gceist:

An Cheathrú Rua

Casla

Líon na bhfostaithe lánaimsire ar 31.12.83

71

122

Caiteachas Ghaeltarra Éireann/an Údaráis go 31.12.83:

— Foirgnimh agus seirbhísí

£ 888,096

£ 2,752,178

— Scaireanna

£ 4,383,174

£ 276,048

— Deontais

£ 1,944,377

£ 1,089,481

Tuigfear, ar ndóigh, nach leis an bhfostaíocht atá luaite amháin a bhaineann an caiteachas ach le fostaíocht eile chomh maith i dtionscail a d'imigh as gnó agus a bheidh le bunú.

Top
Share