d'Aire na Gaeltachta céard iad na comharchumainn a fuair an deontas reachtála i 1983; agus cé mhéad a íocadh le gach comharchumann.
60. D'fhiafraigh
Vol. 352 No. 5
d'Aire na Gaeltachta céard iad na comharchumainn a fuair an deontas reachtála i 1983; agus cé mhéad a íocadh le gach comharchumann.
60. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta céard iad na comharchumainn a gheobhaidh deontais reachtála i 1984; agus cé mhéad a gheobhaidh gach comharchumann.
61. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon mhéadú a dhéanamh ar an deontas reachtála do chomharchumainn i 1985.
Tógfaidh mé Ceisteanna 59, 60 agus 61 le chéile. Is i bhfoirm tábla atá sonraí na ndeontas reachtála a íocadh le 15 chomharchumann i 1983 agus cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é. Seo a leanas an tábla:
Comharchumann |
An deontas reachtála a íocadh i 1983 |
£ |
|
Thoraí |
11,000* |
na Rosann |
7,875* |
Árainn Mhóir |
12,000 |
Forbartha Acla |
5,000 |
Dhúiche Sheoigheach |
15,000 |
Forbartha na nOileán |
18,750* |
Chois Fharraige |
15,000 |
Árann (Inis Mór) |
17,000 |
Inis Meáin |
17,000 |
Caomhán (Inis Oírr) |
8,500 |
Leith Thriúigh |
3,750 |
Forbartha Chorca Dhuibhne |
15,000 |
Naomh Fhionáin |
14,000 |
Chléire |
16,000 |
Ráth Cairn |
15,000 |
An tIomlán |
£190,875 |
* Riaráistí a bhain le 1982 san áireamh.
Maidir le deontais reachtála don bhliain 1984
—ní bheidh ceann iníoctha le Comharchumann Chois Fharraige ná le Comharchumann Forbartha na nOileán atá éirithe as gnó,
—níl ceann ceadaithe do Chomharchumann Forbartha Acla,
—beidh coinníollacha a ghabh le cúnamh speisialta do chomharchumainn áirithe le comhlíonadh sula n-íocfar deontais leo, agus
—deontais ar aon dul le gnáthdheontais na bliana 1983 atá á n-íoc i gcásanna eile.
Braithfidh deontais reachtála na bliana 1985 ar an soláthar airgid a bheidh ar fáil i Vóta mo Roinne don bhliain seo chugainn.
62. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag an Roinn deontas reachtála a cheadú do Chomharchumann Chonamara Thiar má cheapann siad bainisteoir lánaimseartha.
Más trádáil go príomha a bhíonn ar siúl ag comharchumann ní gnách deontas reachtála a íoc leo ná a mholadh go gceapfaidís bainisteoir lánaimseartha mura léir dóibh roimh ré go mbeadh ar a gcumas féin na costais a bhainfeadh leis a ghlanadh.
63. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta céard iad na hathruithe atá curtha i gcrích i scéimeanna na Roinne agus an Údaráis i leith na gcomharchumann i ngeall ar obair an Choiste Eadar-Rannaigh.
64. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid tarrthála a bheidh á íoc ag Roinn na Gaeltachta leis na comharchumainn i 1984 de thoradh an Choiste Eadar-Rannaigh.
65. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cé mhéad a mheasann an tÚdarás a chaithfidh siad ar scéimeanna comharchumainn i mbliana.
Tógfaidh mé Ceisteanna 63, 64 agus 65 le chéile. Is amhlaidh a bhunaigh mé coiste chun moltaí cuí a chur ar fáil tar éis scrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna móra a bhí ag comharchumainn Ghaeltachta: ní athruithe ar scéimeanna ginearálta a bhí i gceist mar ní fhéadfaí na fadhbanna a réiteach ar an mbealach sin. Ceadaíodh cúnamh speisialta i gcásanna áirithe don aon uair amháin mar chuid de "phacáistí tarrthála". Tá na codanna éagsúla de na pacáistí sin ag brath ar a chéile agus níl siad uile i bhfeidhm go fóill: mar shampla, beidh deontais áirithe ag brath ar scaireanna a bhailiú. Dá réir sin ní féidir a rá ag an bpointe seo cé mhéad a bheidh le híoc ag an Roinn ná ag an Údarás i mbliana.