Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 13 Dec 1984

Vol. 354 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Na Nuachtaín Ghaeilge.

18. D'fhrafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén tsuim airgid atá leagtha amach aige le cúiteamh a dhéanamh le foireann agus le bainistíocht Inniu, de bharr an tseirbhís iontach a thug siad do phobal na tíre le dhá fhichead bliain.

Tá suim £42,223 íoctha ag mo Roinnse ar mhaithe le ceathrar a bhí ag obair ar Inniu le breis agus 27 mbliana. Ar ndóigh, tugadh íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla sa ghnáthshlí chomh maith.

An bhfuil an tAire ag caint faoi dhaoine a bhí ag obair go lánaimsearach?

Táim. Sea, ceathrar a bhí i gceist san íocaíocht sin.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil daoine a bhí ag obair i gCathair na Máirt le Foilsiúcháin Náisiúnta Teo i gceist san íocaíocht sin?

Níl. Bhí siad ag obair le Inniu amháin mar pháipéar.

An bhfuil an tAire sásta sa bhfigiúr atá luaite aige go bhfuil a gcearta faighte ag daoine a thug seirbhís ar feadh 40 bliain chun an páipéar Gaeilge seo a chur amach, gan aon bhrabach, gan aon airgead dóibh féin, mar a déarfá? An bhfuil sé sásta gur leor an méid atá déanta aige do na daoine sin?

Bhí fadhb leis seo. Comhlacht príobháideach a bhí i gceist anseo. Má táimid ag caint faoi cheartanna, ní raibh ceartanna dlithiúnach acu ach glacaim leis go raibh seirbhís fhada tugtha acu agus sin é an fáth go bhfuil an tsuim seo, suim speisialta agus rud speisialta, á cur ar fáil do na daoine a thug an tseirbhís fhada sin.

Anois an n-ínseoidh an tAire dúinn an raibh daoine ar bith ag caint leis a bhí ag plé le cúis na Gaeilge le blianta? Ar labhair siad thar ceann na ndaoine seo agus an bhfuil an tAire féin sásta gur tugadh a gceartanna iomlán do na daoine seo?

Rinne mise mo dhícheall dóibh. Bhí teagmháil liom faoin chás seo ag iarraidh orm breis airgid a chur ar fáil.

19. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén tsuim airgid atá á tabhairt don pháipéar Anois agus cén t-eolas atá aige ar uimhreacha an pháipéir atá dhá gceannach gach seachtain ó cuireadh tús leis an bpáipéar.

Tá deontas £2,400 in aghaidh an eagráin á íoc leis an nuachtán Anois. Ní bheidh eolas cruinn faoi cheannach an nuachtáin ar fáil go ceann tamaill eile.

An féidir leis an Aire figiúir ar bith a thabhairt dúinn faoi Mheán Fómhair, Deireadh Fómhair nó Samhain?

Is é an figiúr is deireannaí atá agam ná 17,500 in aghaidh an eagráin. Nuair a bhí an cheist díolacháin á plé leis an gcomhlacht seo ceapadh ag an am go mbeadh sé sásúil dá bhféadfaí díolacháin de 10,000 in aghaidh an eagráin a fháil. Tá sé i bhfad thairis sin ag an bpointe seo agus gan an páipear ar díol acu ar feadh cúpla mí. Tá sé an-sásúil faoi láthair. Tá súil agam go n-éireoidh leis agus go mbeidh an díolachán ag dul ar aghaidh an t-am ar fad.

An bhfuil an tAire sásta go bhfuil dáiliú ceart ann anois chun an páipéar a chur os comhair an phobail? An bhfuil a fhios aige go bhfuil áiteanna ar fud na tíre nach bhfuil sé ar chumas léitheoirí Gaeilge an páipéar a cheannach? Ar an dtaobh eile, an bhfuil a fhios aige go bhfuil siopaí in áiteanna eile ina bhfuil an páipéar caite thart agus gan duine ar bith á n-iarraidh? An bhfuil sé sin sásúil ó tharla go bhfuil airgead ó Roinn na Gaeltachta á n-íoc leis an bpáipéar seo?

Níl baint agamsa leis an scéim dháiliúcháin ach tá a fhios agam go bhfuil comhlacht anseo i mBaile Átha Cliath ag láimhseáil pháipéirí nuachta Domhnaigh eile chomh maith agus is é an tseirbhís céanna atá ag gabháil le dáiliúcháin an pháipeir seo. Má tá a fhios ag an Teachta faoi áiteanna nach bhfuil an páipéar á dhíol ba mhaith liom eolas a fháil uaidh faoí na háiteanna sin.

Os rud é go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag tabhairt deontais don pháipéar seo, an nglacfaidh sé go bhfuil áiteanna éagsúla sna Gaeltachtaí ina bhfuil daoine nach bhfuil in ann an Ghaeilge sa pháipéar a léamh, mar is Gaeilge na Mumhan agus Gaeilge Chonnachta atá sa pháipéar agus ní Gaeilge Thír Chonaill? Mar sin, tá sé an-deacair é a dhíol i nDún na nGall agus beidh sé níos deacra.

Sin ceist eile.

B'fhéidir go bhfuil fadhb ag muintir Thír Chonaill mar gheall ar chanúint agus mar sin ba mhaith liom dá ndéanfadh an Teachta teagmháil leis an eagarthóir, mar is as Tír Chonaill dí, agus labhairt léi siúd faoin gcanúint.

An bhfuil an tAire ag iarraidh orm dul go dtí an páipéar agus labhairt leo faoin chanúint?

Nuair a bhí an páipéar seo á lánsáil dúirt mé nach mbeadh baint dá laghad agam leis, mar cuireadh i mo leith os rud é go raibh mo Roinn ag íocadh deontais leis an bpáipéar, go mbeadh tionchar agam leis an bpáipéar agus len a raibh ann. Thug mé geallúint nach mbeadh aon bhaint agam leis na rudaí a fhoilseofaí sa pháipéar sin fhad is a choinneodh siad taobh istigh de theorainn áirithe.

Top
Share