asked the Minister for the Gaeltacht the number of (a) males and (b) females who are listed as unemployed with Údarás na Gaeltachta, in County Donegal.
Ceisteanna—Questions Oral Answers - County Donegal Unemployed.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil timpeall 2,000 iarratas — fir agus mná le chéile — ar lámha acu do phoist i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá poist cheana féin ag roinnt de na daoine sin i gceantair eile Ghaeltachta nó lasmuigh den Ghaeltacht; níl cónaí ar chuid de na daoine nach bhfuil poist acu i nGaeltacht Dhún na nGall.
An dtig leis an Aire a insint duinn cé an bhfuil méadú nó laghdú ag teacht ar na uimhreacha sin?
Níl athrú mór síos ná suas. Athruíonn siad ó thráth go chéile ach chomh fada is atá anseo agam níl méadú ann. Tá thart ar 2,000 cláraithe faoi láthair.
Os rud é go bhfuil méadaithe i ngach áit eile sa tír is dócha go gcaithfimid glacadh leis go bhfuil méadú anseo. An dtig leis an Aire a rá an bhfuil aon rud leagtha amach ag Údarás na Gaeltachta le freastal ar an líon seo atá ag iarraidh oibre i láthair na huaire.
Tá iarrachtaí a ndéanamh i gcónaí ag an Údarás leathnú ar an bhfostaíocht atá acu sna Gaeltachtaí ar fad, agus go deimhin tháinig ardú i gcás Dhún na nGall. Beidh mé ag trácht ar sin sa chéad cheist eile.
Ins an eolas a thug an tAire inné, sílim go ndúirt sé go raibh 5 acra áirithe de thalamh i nGaoth Dobhair nach raibh monarcha ar bith tógtha air. An bhfuil sé i gceist ag an Aire nó ag an Údarás réamh-mhonarcha a thógáil anseo le freastal ar fostaíocht a chur ar fáil do na daoine seo atá as obair i láthair na huaire?
Tá trí réamh-mhonarchana tógtha i bparóiste na Rosann. Tógadh iad anuraidh agus tá siad folamh go fóill. Dá bhrí sin níl sé ar intinn agam réamh-mhonarcha a thógáil go dtí go mbeidh a fhios againn cen chaoi a bhfuil ag éirigh leis na cinn atá againn folamh faoi láthair.
An bhfuil aon iarratais á bhfáil ag an Aire ó thionsclaíthe le fostaíocht a chur ar fáil sna réamhmhonarchana seo atá luaite aige?
Níl faoi láthair.
Cé mhéad monarchana i Stát tionsclaíocht i nGaoth Dobhair nach bhfuil aon obair ar siúl iontu faoi láthair, atá dúnta nó nach féidir aon tionscal a fháil dóibh?
Níl an t-eolas sin agam faoi láthair. Cuirfidh mé chuig an Teachta é.
An bhfuil a fhios aige faoi mhonarchana nach bhfuil aon obair ar siúl iontu.
Tá ceann ar a laghad. Níl a fhios agam an bhfuil níol mó ná ceann.
An bhfuil aon iarrachtaí éifeachtúla a ndéanamh ag an Údarás chun tionscail a chur ar fáil iontu siúd?
Tá agus bíonn i gcónaí agus tá mé cinnte ar a bpointe seo go bhfuil iarracht á déanamh acu daoine a fháil le dul isteach sna monarchana folamha seo.