Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 30 Oct 1985

Vol. 361 No. 3

Written Answers. - Céanna Oileán Árainn.

58. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an gcuirfidh sé deontais ar fáil le haghaidh obair fheabhsúcháin ag cé Inis Oírr, cé Inis Mheáin, agus ag cé Chill Mhuirbhigh, Inis Mór, Arainn.

Tá suimeanna £643,000 ar Inis Mór, £81,000 ar Inis Meáin agus £31,000 ar Inis Oírr caite ag mo Roinnse le tamall de bhlianta anuas ar mhaithe le feabhsú saoráidí calaíochta ar na hoileáin sin.

Tá ceist feabhsú saoráidí calaíochta ag an gCaladh Mór, Inis Meáin, ag an bpiara in Inis Oírr agus i gCill Mhuirbhí á bhreithniú ag mo Roinnse; déanfar cinneadh maidir le cabhair airgid sna cásanna sin a luaithe is féidir.

Top
Share