Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Nov 1985

Vol. 361 No. 8

Written Answers. - Meath Gaeltacht.

101.

asked the Minister for the Gaeltacht if his Department or Údarás na Gaeltachta will make any financial contribution towards Gaeltacht Rathcairn's housing scheme.

Phléigh mé an cheist sin le Comharchumann Ráth Cairn Teo le déanaí agus cé go dtuigim na fadhbanna atá acu ní fhéadfadh mo Roinnse ná Údarás na Gaeltachta cabhair airgid a thabhairt ar mhaithe le scéim thithíochta den chineál atá i gceist.

Bheadh cúnamh le fáil sa ghnáthshlí ag iarratasóirí cáilithe i nGaeltacht Ráth Cairn faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun tithe príobháideacha a thógáil.

102.

asked the Minister for the Gaeltacht the financial contribution which was made towards Gaeltacht Rathcairn's golden jubilee year in County Meath.

Tuigim go bhfuil suimeanna £1,000 agus £500 íoctha ag Údarás na Gaeltachta agus Bord na Gaeilge faoi seach le Comharchumann Ráth Cairn i leith na hócáide a luaitear.

Déanfaidh mo Roinnse cinneadh maidir le hiarratas ar chabhair a fuarthas ón gComharchumann nuair a gheofar sonraí riachtanacha a lorgaíodh uathu.

Top
Share