den Taoiseach (a) cé mhéid airgid san iomlán atá ceadaithe do Ghlasraí Órga i gCiarraí Thiar, ón Údarás agus ó FEOGA; (b) cé mhéid airgid atá díolta; (c) an dtabharfadh sé briseadh síos ar na deontaisí, taighde, traenála, caipitiúla agus, (d) cé mhéid a chosain sé an mhonarcha a thógaint.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscal Glasraí i gCiarraí.
Os i bhfoirm tábla atá an t-eolas cuirfear timpeall é sa Tuairisc Oifigiúil:
Seo a leanas an t-eolas:
Foilsítear sonraí faoi dheontais a cheadaíonn agus a íocann Údarás na Gaeltachta le tionscail i dTuarascálacha agus i gCuntais na heagraíochta sin. Tuigtear ón Údarás gur mar seo a leanas an cúnamh atá ceadaitheíoctha aige agus ag FEOGA leis an tionscal i gceist:
An tÚdarás |
Ceadaithe |
Íoctha |
£ |
£ |
|
Deontas caipitil (25%) |
151,157 |
71,356 |
Deontas oiliúna (100%) |
19,500 |
— |
Deontas taighde agus forbartha (60%) |
33,444 |
33,444 |
Deontas úis |
6,000 |
— |
An tIomlán |
210,101 |
104,800 |
FEOGA |
||
Deontas caipitil |
235,641 |
— |
Mor-Iomlán |
445,742 |
104,800 |
Tuigtear freisin ón Údarás gur bhain costas £45,000 leis an bhfoirgneamh ina bhfuil an tionscal lonnaithe sular bunaíodh an tionscal sin, gur caitheadh £25,500 air ó shin i leith agus go bhfuil obair ar siúl faoi láthair a mheastar a chosnóidh £15,000.
An mbeadh sé sa Tuairisc Oifigiúil an méid acraí atá curtha faoi ghlasraí, an méid acraí a díoladh, an mó acra atá ag fás le bliain go leith? Cá bhfuil na hinnill phróiseála imithe? Cathain a d'imigh siad? Níl an tAire Stáit ag tabhairt an fhreagra don Teach seo.
Tá an freagra mar a dúirt mé, i bhfoirm tábla, agus tá an t-eolas ar fad ansin, agus go deimhin, cuid de na ceisteanna atá curtha ag an Teachta ó tharla go bhfuil sé ina chónaí san áit sin, cheapfaí go mbeadh an t-eolas aige agus nach mbeadh sé á lorg anseo sa Dáil. Ach tá 83 hacra curtha agus tá sé i gceist go mbainfí an méid sin nuair a bheas sé feiliúnach agus nuair a bheas sé réidh le próiseáil, agus beidh sé i gceist dhá dhuine dhéag a bhfostú nuair a bheas an obair sin ar siúl.
An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil na hinnill phróiseála imithe as Corca Dhuibhne le cúpla mí anuas agus go bhfuil cuid de na feirmeoirí ag feitheamh le hairgead nár tháinig, go bhfuil cuid de na glasraí ag fás le bliain go leith? They are the hairiest carrots ever. An bhféadfadh an tAire Stáit fiosrú sa scéal go léir mar ní bhfuair sé an scéal ceart ón Údarás, is oth liom a rá?
An t-eolas atá agamsa, tá sé i gceist an barr seo a bhaint de 83 hacra agus iad a phróiseáil, agus beidh dhá dhuine dhéag fostaithe nuair a tharlóidh sé sin.
A Cheann Comhairle, I would like to raise this matter on the Adjournment.
I will communicate with the Deputy.