Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 Jul 1989

Vol. 391 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teilifís Trí Ghaeilge.

15. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil an tuairisc faoi Theilifís na Gaeltachta curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta; agus an bhfuil aon socrú déanta ag an Rialtas maidir leis an tseirbhís a bhunú.

Níl tuarascáil iomlán faighte agam fós ón Údarás maidir le ceist na teilifíse trí Ghaeilge. Tuigim, áfach, go mbeidh sí ar fáil go luath agus déanfar cibé moltaí atá ann a mheas go cúramach ansin d'fhonn teacht ar chinneadh faoin gceist.

An bhféadfadh an Taoiseach a chur in iúl don Teach cad iad go díreach na téarmaí tagartha a tugadh don Údarás nuair a hiarradh orthu an tuairisc a ullmhú? Ar tugadh treoir de aon chineál dóibh? Ar dúradh leo an Teilifís Ghaeltachta a bhí i gceist nó Teilifís Ghaeilge nó cad é go díreach atá ar intinn ag an Rialtas?

Teilifís Ghaeltachta.

Tuigim go ndearna an Taoiseach é féin ráiteas le linn an fheachtais toghcháin go raibh sé ar intinn ag an Rialtas seirbhís teilifíse Ghaeltachta a chur ar fáil. An bhféadfadh sé a insint duinn cén uair a chuirfear sin ar fáil? Agus, a dó, cuireadh leathmhilliún punt ar fáil ón chrannchur náisiúnta maidir le cláracha Gaeilge nó Teilifís Ghaeltachta.

An bhfuil an t-airgead sin caite go fóill, nó cad a tharla?

Tá sé ann fós.

Cathain a bheidh sé a chaitheamh?

Chomh luath agus is féidir. Tá roinnt mhaith ceisteanna teic-neolaíochta ag baint leis.

Tá sé ró-chasta leathmhilliún a chur ar fáil le linn toghcháin.

Ní dhearna mé é le linn toghcháin. Mar is eol don Teachta anseo, bhí an leathmhilliún curtha ar fáil bliain ó shin.

Cá bhfuil an t-airgead anois? An bhfuil sé i Roinn na Gaeltachta, ag Údarás na Gaeltachta, nó an bhfuil sé ag an Roinn Airgeadais?

Tá sé in áit éigin faoi chúraim an Stáit. Tá sé i dtaisce, agus tá súil agam go bhfuil ús faighte air ag an bpointe seo.

Top
Share