Tairgim: "Go léifear an Bill an Dara hUair."
Ar dtús ba mhaith liom leithscéal a ghabháil libh toisc nach bhfuil ar chumas an Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta, an Teachta Pat the Cope Gallagher bheith i láthair anseo inniu. Is amhlaidh go raibh air imeacht gan choinne agus ní raibh neart aige air.
Is é cuspóir an Bhille ghairid seo ná an uasteorainn £60 milliún atá leagtha síos san Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987, do na hairleacain as an Phríomh-Chiste chun Údarás na Gaeltachta a mhéadú go dtí £80 milliún. Tá an uasteorainn do £60 milliún sroiste ó mhí an Mheithimh seo caite agus tá sé fíor-thábhachtach mar sin go n-ardófar í gan mhoill le go bhféadfar tuilleadh airleacan a chur ar fáil don Údarás. Léiríonn an Bille seo cé chomh dáiríre is atá an Rialtas maidir le tacaíocht a thabhairt don Údarás ina gcuid iarrachtaí chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn agus caighdeán maireachtála a muintire a fheabhsú.
Cuirtear soláthar caipitil ar fáil don Údarás ar dhá bhealach: deontas-i-gcabhair trí Vóta Roinn na Gaeltachta — caipiteal vótáilte a ghlaotar air sin; agus airleacain inaisíoctha ón Phríomh-Chiste — caipiteal neamh-vótáilte a ghlaotar air sin.
Úsáidtear caipiteal vótáilte chun deontais a íoc mar chabhair chun tionscail nó scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht. Caitear airleacain ar mhon-archana a thógáil, ar scaireanna a cheannach i bhfochuideachtaí agus i gcomhchuideachtaí agus chun maoin a cheannach. Sa bhliain reatha tá suimeanna caipitil mar seo a leanas údaraithe don Údarás: caipiteal vótailte £4.8 milliún; agus airleacain £3.3 milliún.
Bhí deacrachtaí áirithe ag an Údarás i 1988 maidir le íocaíochtaí a dhéanamh i leith iarratas ar dheontais a tháinig chun aibíochta le haghaidh íocaíochta, ach leis an £3 mhilliún breise a cuireach ar fáil don eagraíocht anuraidh réitíodh an fhadhb sin. Leis an teacht isteach méadaithe a bheidh ag an Údarás i mbliana ó shócmhainní a dhíol le cur leis an teacht isteach ón Stát agus ó fhoinsí eile, mar shampla, ó Chiste Sóisialta an Chomhphobail Eorpaigh, tá mé sásta nach mbeidh fadhb ar bith mar sin ann i mbliana.
Maidir le poist a chruthú, tháinig méadú arís eile — don 7ú bliain as a chéile — ar líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis ag deireadh 1988. Ar 31 Nollaig 1988 bhí 5,134 dhuine fostaithe go lánaimseartha sna tionscail sin i gcomparáid le 4,946 dhuine ag deireadh 1987, i.e., méadú de 188 bpost. Ar ndóigh, theip ar roinnt tionscal i rith 1988 agus cailleadh 825 phost, rud a chuir as go mór ní amháin don Údarás ach do na pobail áitiúla inar tharla na teipeanna sin. Ar an taobh eile den scéal, áfach, cruthaíodh breis agus míle post nua agus is ábhar dóchais agus tógáil chroí dúinn uilig é sin. Tá moladh tuillte ag an Údarás dá bharr agus tá mé dóchasach go leanfaidh an dul chun cinn sin sna blianta atá romhainn. Léiríonn na torthaí atá bainte amach ag an Údarás maidir le poist a chruthú go bhfuil an borradh agus an fhorbairt atá le feiceáil ar fud na tíre anois le haithint sa Ghaeltacht fosta.
Le go leanfaí le tairbhe a bhaint as an bhorradh seo chinn an Rialtas cúpla mí ó shin cead a thabhairt don Údarás méid na ndeontas a cheadófaí i mbliana a dhú-bailt ón tsuim £4.5 mhilliún a bhí aontaithe go dtí £9 milliún. Is cinnte go gcuideoidh sé sin go mór leis an Údarás chun tograí a thiocfaidh chun tosaigh a cheadú ach caithfidh an eagraíocht féachaint chuige, oiread agus is féidir, trí fheidhm a bhaint as dianchritéir roghnaithe, gur tograí fiúntacha a chuirfidh fostaíocht shochrach ar fáil a cheadófar. Is beag is fiú don Ghaeltacht agus don tír tionscnaimh a bhunú nach mairfidh ró-fhada.
Tá an tÚdarás ag brú ar aghaidh leis an obair cheannródaíochta atá ar siúl acu le blianta beaga anuas i dtaca le hacmhainní nádúrtha na gceantar Gaeltachta a fhorbairt. Tá torthaí an tsaothair sin le feiceáil anois go háirithe i gcás an tionscal fheirmeoireacht éisc. Tagann céatadán mór de tháirgeadh náisiúnta bradán na tíre seo ó fheirmeacha ar chósta na Gaeltachta. I 1988 táirgeadh 2,182 tonna bradán ó na feirmeacha sin i gcomparáid le 1,109 tonna i 1987 agus 776 tonna i 1986. Meastar go méadóidh an táirgeadh ó na feirmeacha Gaeltachta go dtí 7,000 tonna faoin bhliain 1992, i.e., 50 faoin gcéad den táirgeadh measta náisiúnta.
In éineacht le tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoireacht bhradán féin, tá cuidiú nach beag á chur ar fáil ag an Údarás leis an tionscal phróiseáil bradán, i.e., pacáil, grádáil agus deatú, a fhorbairt sa Ghaeltacht. De réir a chéile, beidh táirgí breisluacha á gcur chun cinn de réir mar a bheidh an táirgeadh bradán ag dul i méid agus muinín ag fás sa tionscal. Ciallóidh sé sin, ar ndóigh, go gcuirfear deiseanna fostaíochta breise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.
Tá straitéis fhorbartha don tionscal sliogéisc sa Ghaeltacht ullmhaithe ag an Údarás. Is é príomh-bhunaidhm na straitéise sin ná tionscal inmharthana ar scála idirnáisiúnta a fhorbairt ar mhaithe le fostaíocht a chruthú agus cúrsaí geilleagair sa Ghaeltacht a chur chun cinn. Beidh deacrachtaí móra le sárú leis an aidhm sin a bhaint amach agus caithfear cur chuige ar mhodh eagraithe. Tá mé cinnte nach dteipfidh ar an Údarás ón taobh sin de.
Le tamall anuas tá an tÚdarás ag díriú go speisialta ar thionscnaimh straitéiseacha a bhunú sa Ghaeltacht. Is mian leis an eagraíocht agus liomsa, mar Aire Stáit na Gaeltachta, go mbeidh páirt iomlán ag pobal na Gaeltachta i gcur chun cinn tograí nua-aimseartha a rachaidh i gcion ar thodhchaí na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is ceart go mbeidh an Ghaeltacht ar chomhchéim iomaíochta le ceantair eile sa tír i réimsí infheistíochta nua-theicneolaíochta. Chomh maith leis sin, tá an tÚdarás ag cur béime nach beag ar thograí ceadúnais agus aistriú teicneolaíochta go háirithe i gcás cuideachtaí ó na Stáit Aontaithe a bheidh ag díriú ar 1992 agus ar mhargaí chomhaontaithe na hEorpa. Fáiltím roimh na tionscnaimh sin go léir agus roimh chinn eile nach iad a léiríonn fuinneamh agus díogras Údarás na Gaeltachta ina gcuid iarrachtaí chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn.
Molaim don Dáil glacadh leis an mBille gairid seo.